Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 30

XXX.

Do ghabh Ruaidhrí Ó Conchubhair ceannas Connacht is urmhóir Leithe Cuinn, do bhrígh gur ghiall rí Oirghiall rí Midhe is rí Bréithfne dhó, agus fós gairmthear rí Éireann uile dhe san seanchus. Gidheadh ní raibhe acht rí go bhfreasabhra ann, mar atá rí ag a raibhe mórán d'uaislibh Éireann ag cur 'n-a aghaidh fá fhlaitheas Éireann do bheith 'n-a sheilbh. Agus is ré linn Ruaidhrí Uí Chonchubhair do bheith i gceannas mar sin do chuir bean Tighearnáin Chaoich Uí Ruairc (Dearbhforgaill fá hainm dhi is fá hinghean do Mhurchadh mac Floinn rí Midhe í, agus nochar bh'í bean ríogh Midhe í, amhail adeir Cambrens) teachta ós íseal go Dhiarmaid Mac Murchadha aga iarraidh air teacht 'n-a coinne féin da breith leis ó Thighearnán mar mhnaoi dhó féin, agus adubhairt ris na teachtaibh a nochtadh do Dhiarmaid go ndeachaidh Tighearnán ar turas go huaimh Purgadóra Pádraig, agus mar sin go bhfuighbheadh seisean uain is uaigneas ar í féin do bhreith leis i Laighnibh. Do bhí iomorro cumann mímhéine eatorra ré cian do bhliadhnaibh roimhe sin.

Dála Dhiarmada ar rochtain na scéal soin chuige, triallais go héascaidh d'fhios na mná go sluaghbhuidhin mharcach 'n-a fhochair; agus ar rochtain mar a raibhe an bhean dó, tug fá deara a tógbháil ar cúlaibh marcaigh; agus leis sin guilis is screadais an bhean go cealgach, mar gurab ar éigin do-bhéaradh Dhiarmaid leis í; agus tillis lé mar sin go Laighnibh tar a ais. Iomthúsa Tighearnáin, iar dtigheacht tar ais don Bréithfne dhó, is iar n-a chlos gurab dá haimhdheoin rugadh a bhean uaidh, éagcaoinis an ainbheart soin lé Ruaidhrí Ó Conchubhair is lé n-a cháirdibh ar cheana.


p.320

Chuiris Ruaidhrí leis sin cruinniughadh ar fhearaibh Chonnacht, Bhréithfne Oirghialla is Midhe, agus triallais do lot Laighean go sluagh líonmhar maille ris i ndíoghail an mhíghníomha soin do rinne Diarmaid.

Ar n-a chlos do Dhiarmaid Ruaidhrí do bheith ag teacht do lot Laighean, cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar uaislibh Laighean as gach leith, agus ar rochtain go haonláthair dhóibh, do b'é a bhfreagra ar Dhiarmaid nach rachdaois do sheasamh an mhíghníomha do rinne seisean; agus leis sin do thréigeadar mórán díobh é, agus do chuadar ar chomairce Ruaidhrí, is nochtaid dó gurab iomdha éagcóir is aindlighe do rinne Diarmaid roimhe sin orra.

Mar nach raibhe Diarmaid líon cathuighthe ré Ruaidhrí leis sin tug Ruaidhrí ucht ar an mhéid do ghabh lé Diarmaid do Laighnibh do lot is téid roimhe go Fearna gur threascair teach Diarmada, is gur bhris a dhún is gur dhíbir a h-Éirinn uile é. Agus triallais Diarmaid gus an dara Henrí rí Sacsan, do bhí san bh-Fraingc an tráth soin; agus ar rochtain do láthair an ríogh dhó, fáiltighis an rí roimhe is do rinne iomad muinnteardhais ris; agus an tan do nocht fáth a thurais don rígh, scríobhais an rí leitreacha cáirdheamhla leis i Sacsaibh mar a dtug cead do gach aon lér bh'fheirrde teacht do neartughadh leis i n-Éirinn do bhuain a chríche féin amach. Ceileabhrais Diarmaid leis sin don rígh, is triallais i Sacsaibh go ráinig Briostoe, is tug fá deara a leitre do léaghadh go puiblidhe ann sin, agus do gheall tairgsiona móra don druing do thiocfadh leis i n-Éirinn do bhuain a chríche féin amach.

Is annsin tarla Risteard Mac Gilbeirt mic Iarla Stranguell air, is do cheangail connradh ris, mar atá a inghean féin .i. Aoife inghean Diarmada do thabairt 'n-a mnaoi dhó, is oighreacht Laighean ris an inghin i ndiaidh a bháis féin, agus d'fhiachaibh ar Risteard teacht 'n-a dhiaidh i


p.322

Éirinn do bhuain a chríche amach dhó. Ar gceangal ar na heachtaibh sin dóibh, triallais Diarmaid go Breatain go prionnsa do bhí ann dar bh'ainm Raph Griffin do bhí i gceannas na críche fán rígh Henrí, is nochtais a dháil dó. Tarla an uair sin duine uasal arrachtach oirbheartach dar bh'ainm Roibeard mac Stiabhna i bpríosún ag an bprionnsa soin tré mhíréir an ríogh do dhéanamh, is ní raibhe dáil chabhra 'n-a chionn acht muna ngabhadh ré a ais triall i n-Éirinn do thabairt neirt a láimhe lé Mac Murchadha ré buain a chríche amach dó. Agus ar n-a chlos d'easpog S. Dáibhídh is do Mhuiris Mac Gearailt go dtáinig Mac Murchadha d'fhios an phrionnsa soin ré hiarraidh Roibeird mic Stiabhna as an mbraighdeanas 'n-a raibhe, tángadar féin do chur impidhe mar an gcéadna air fá scaoileadh do Roibeard, is fá n-a léigean lé Mac Murchadha i n-Éirinn. Clann aonmháthar iomorro an t-easpog soin is Riobeard Mac Stiabhna is Muiris Mac Gearailt.

Léigis trá an prionnsa Roibeard amach ar eacht go leanfadh Mac Murchadha i n-Éirinn an samhradh ba neasa dhó. Geallais Diarmaid don leith oile Loch Garman is an dá thriúcha céad fá goire dhi, mar dhúthaigh dhílis go bráth do Roibeard Mac Stiabhna tré theacht do chongnamh leis i n-aghaidh a eascarad; agus i ndiaidh an cheangail sin do dhéanamh, ceileabhrais Diarmaid don druing sin is triallais taoibh ré beagán buidhne go h-Éirinn. Ar rochtain i dtír dhó, mar a raibhe iomad eascarad is teirce carad aige, tig ós íseal go Fearna Mhóir Mhaodhóg ar dhídean cléire is coimhthionóil Fearna; agus do bhí go dubhach dearóil 'n-a bhfochair feadh na haimsire sin go teacht don tsamhradh.

Dála Roibeird mic Stiabhna táinig do chomhall a gheallaidh do Mhac Murchadha, agus is é líon sluagh tháinig leis i n-Éirinn tríochad ridireadh is trí fichid scuibhéir is trí céad troightheach; agus is é áit ar ghabhadar tír i g-Cuan an Bhainbh i n-imeall Chonntae Locha Garman theas, san áit ré


p.324

ráidhtear Beag An Bun, agus fá hí aois an Tighearna an tan soin 1170, agus an seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas Ruaidhrí Uí Chonchubhair. Do bhí fós ridire prionnsapálta i bhfochair Roibeird mic Stiabhna an tan soin, mar atá Herimont Morti ridire do mhuinntir iarla o' Stranguell do chuir roimhe i n-Éirinn do mheas na tíre; agus ar rochtain i dtír dhóibh ann sin, cuiris Roibeard scéala go Diarmaid da nochtadh dhó é féin do theacht i n-Éirinn.

Ar n-a chlos sin do Dhiarmaid, do ghabh lúthgháir é, agus téid cúig céad laoch 'n-a gcoinne, agus ar rochtain i gcomhdháil a chéile dhóibh, triallaid d'aonchomhairle d'ionnsuighe Locha Garman da bhuain amach; agus ar dtigheacht i ngar don bhaile dhóibh, is í comhairle ar ar cinneadh leis na buirghéisibh gialladh do Dhiarmaid is ceathrar d'uaislibh an bhaile do thabairt i ngiall ré comhall síodha dhó agus díol cíosa is cánachais, is ré bheith umhal mar thighearna dhó. Is ann sin iomorro do bhronn Diarmaid Loch Garman is an dá thriúcha céad do b'fhoigse dhó do Roibeard mac Stiabhna, agus do bhronn fós an dá thriúcha céad do b'fhoigse dhóibh sin arís do Herimont Morti do réir an gheallaimh tug dhóibh i m-Breatain; agus iar gcoimhlíonadh an gheallaimh sin, do chuir Diarmaid cruinniughadh ar a mhuinntir féin is ar na Gallaibh go haonláthair; agus is é líon sluagh do bhádar ann trí mhíle fear idir Ghaedheal is Ghall, agus triallaid d'aoinmhéin as sin d'argain is do chreachadh Osruighe; agus is é fá rí ar Osruighibh an tan soin Donnchadh mac Domhnaill Reamhair, bíodhbhaidh bhunaidh do Dhiarmaid, agus mar rángadar do lot Osruighe is gan cosnamh ag Donnchadh air féin, is í comhairle ar ar chinn féin is maithe a dhúithche géill do thabairt dó ré díol airdchíosa ris; agus mar sin do coisceadh Diarmaid ó lot na críche.

Mar do chualadar trá uaisle Éireann tigheacht Diarmada is na n-Gall soin, is gach áitheas dar éirigh leo, do


p.326

chuadar do chinneadh chomhairle ré Ruaidhri Ó Conchubhar rí Connacht do ghabh barántas Éireann ré a ais an tráth soin; agus is eadh do commóradh leo congnamh sluaigh do thabairt as gach cúigeadh i n-Éirinn dó; agus ar gcruinniughadh na sluagh soin ar aonláthair, triallais Ruaidhrí leo go h-Uíbh gCinnsealaigh, i ndóigh ré tathfann Dhiarmada is na n-Gall a h-Éirinn; agus mar ráinig Ruaidhrí go Laighnibh, do chuaidh Dhiarmaid is na Gaill is an mhéid do lean do Laighnibh é, i gcoilltibh daingne diamhaire láimh ré Fearna Mhóir Maodhóg da ndídean féin ar antrom shluagh Ruaidhrí. Mar do chonnairc iomorro Ruaidhrí nach rabhadar ar tí catha do fhreastal dó, do chuir teachta go Roibeard mac Stiabhna 'ga iarraidh air an tír do fhágbháil agus nach raibhe ceart ná dúthchas aige ar bheith innte. Adubhairt Roibeard ag freagradh do na teachtaibh, nach tréigfeadh an tighearna lé a dtáinig i n-Éirinn. Tillid trá na teachta leis na scéalaibh sin go Ruaidhrí, agus ar n-a gclos dó, is fós ar n-a chlos dó nach tréigfeadh Mac Murchadha na Gaill ar aonchor, do chuir roimhe lingeadh líon sluaigh is sochaidhe ar Dhiarmaid is ar na Gallaibh do bhí 'n-a fhochair da milleadh is da míochórughadh.

Mar do chonncadar cliar Laighean an chríoch i mbaoghal a millte is a míochóirighthe ón spairn sin do-níd dicheall ar síoth do tharraing idir Ruaidhrí is Dhiarmaid. Agus is amhlaidh do críochnuigheadh an tsíoth soin eatorra .i. Cúigeadh Laighin do léigeadh do Dhiarmaid, amhail fá dúthchas dó: agus d'fhiachaibh ar Dhiarmaid umhla is dísle do choimhéad do Ruaidhrí amhail fá dual do gach rígh da mbíodh ar Laighnibh do dhéanamh do ríoghaibh Éireann; agus i ngeall ré comhall na síothchána soin, tug Diarmaid mac dó féin dar bh'ainm Art 'n-a ghiall do Ruaidhrí. Do gheall fós Ruaidhrí a shiúr féin do thabairt 'n-a mnaoi do Dhiarmaid; agus ar na


p.328

heachtaibh sin do scarsad go síodhach ré chéile: acht amháin gur gheall Diarmaid do Ruaidhrí gan ní ba mhó do na Gallaibh do thabairt i n-Éirinn. Agus go grod da éis sin táinig Muiris mac Gearailt i dtús an tsamhraidh go h-Éirinn do réir an gheallaimh tug do Mhac Murchadha, agus fós do chionn na cumha do gheall Mac Murchadha dhó féin is do Roibeard mac Stiabhna an fóghmhar roimhe sin tré theacht do chongnamh leis i n-Éirinn do bhuain a chríche féin amach. Agus is é líon sluaigh táinig lé Muiris i n-Éirinn an tan soin, deichneabhar ridireadh tríochad scuibhéir is céad troightheach. Agus is é ionadh ar ghabhadar cuan ag Loch Garman.