Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 29

XXIX.

Léaghthar i g- croinic Hackluite an tan do bhí Muircheartach Ó Briain i gceannas Éireann gur chuireadar lucht na n-Oiléan teachta 'n-a dháil ag a iarraidh air duine éigin da bhráithribh .i. don fhuil ríoghdha do chur i gceannas feadhna ós cionn na n-Oiléan an feadh do bhiadh OlanusAmhlaoibh mac Gothfruidh don leith istigh d'aois, an tí dar dhual bheith 'n-a rígh ar na h-Oiléanaibh; agus do chuir Muircheartach duine uasal da chine féin dar bh'ainm Domhnall mac Taidhg Uí Bhriain ós a gcionn, agus do ghabh a gceannus trí bliadhna gur ghabh ag déanamh anfhlaithis orra; agus do díbreadh tríd sin lé lucht na n-Oiléan go h-Éirinn tar a ais é.

Léaghthar ag an ughdar gcéadna gur chuir Maghnus mac Amhlaoibh mic Arailt do bhí 'n-a rígh ar an Noruaegia teachta go Muircheartach Ó mBriain is a bhróga féin leo ag a fhógradh do Mhuircheartach na bróga d'iomchar ar a ghuailnibh; agus ar dteacht do na teachtaibh do láthair, nochtaid a dtoisc dó. Gabhais Muircheartach na bróga uatha is cuiris ar a ghuailnibh iad; agus ar n-a fhaicsin sin do na huaislibh do bhí 'n-a fhochair do ghabh fearg mhór iad, is do-bheirid aithbhear dó trés an ní sin do dhéanamh. ‘Is fearr liom-sa,’ ar Muircheartach, ‘so do dhéanamh ioná Maghnus d'argain aonchúigeadh i n-Éirinn.’ Ollmhuighthear da éis sin cabhlach mór lé Maghnus, is triallais d'ionnsuighe na h-Éireann ón Noruaegia ré dochar is ré díoth do dhéanamh di, agus ar dteacht i ngar na h-Éireann dó, tig féin is beann don chabhlach i dtír tré iomad deithbhire ré díbhfeirg do dhéanamh; agus ar rochtain i dtír dhóibh tarla lucht na críche i n-oirchill rompa; agus ar rochtain i dtír do Mhaghnus go n-a shluaghbhuidhin lingid lucht na críche orra; agus marbhthar Maghnus go n-a shluagh san turas soin; agus ar n-a


p.310

chlos don chabhlach do bhí 'n-a dhiaidh gur marbhadh Maghnus fá taoiseach dóibh, tillid tar a n-ais don Noruaegia.

An Muircheartach-so Ó Briain atáimíd do luadh, iar gcaitheamh chúig mbliadhan i dtreabhluid dó, fuair bás aithrigheach i n-Ard Macha, is do hadhnaiceadh i g-Cill Dálua é san dteampull mhór.

Do ghabh Toirrdhealbhach Mór mac Ruaidhrí Uí Chonchubhair ceannas urmhóir Éireann d'éis Mhuircheartaigh Uí Bhriain ar feadh fhichead bliadhan. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so síos. Is leis an Toirrdhealbhach-so tógbhadh trí príomhdhroichid i g-Connachtaibh .i. droichead Átha Luain is droichead Átha Cróchdha ar Sionainn agus droichead Dún Leoghdha ar Succa. Sluaigheadh leis an d-Toirrdhealbhach-so don Mhumhain, gur hairgeadh Caiseal is Ard Fhionáin leis; agus ar mbeith ag dul do chreachadh Arda Fionáin dó, táinig drong don Mhumhain fá dheireadh an tsluaigh is do marbhadh leo Aodh O hEidhin rí Ó bhFiachrach is Muireadhach Ó Flaithbheartaigh rí iarthair Chonnacht is iomad do dhaoinibh uaisle oile nach áirmhighthear annso.

Da éis sin do chuaidh an Toirrdhealbhach-so go sluagh líonmhar leis ar muir is ar tír go Corcaigh, agus gabhais ag argain Mhumhan uile; agus do roinn an Mhumhain 'n-a dhá leath, agus tug an leath theas do Dhonnchadh mac Carrthaigh is an leath thuaidh do Chonchubhar Ó mBriain, agus rug tríochad i ngiall leis uatha araon. Is fán am-so do beannuigheadh teampull Cormaic i g-Caiseal maille ré hiomad do chléircibh is d'uaislibh na h-Éireann do bheith ann, aois an Tighearna an tan soin 1134. Da éis sin do marbhadh Cormac mac Carrthaigh rí Mumhan i bhfeill lé Toirrdhealbhach Ó mBriain .i. a chliamhain féin is a cháirdeas Críost; agus fuair Maolmaodhóg .i. Malachias, do bhí n-a airdeaspog Éireann is Alban, bás, aois an Tighearna an tan soin 1135. Sluagheadh lé Toirrdhealbhach Ó Chonchubhair arís don Mhumhain maille ré neart Connacht, Laighean, na Midhe is Fhear


p.312

dTeabhtha is Ruarcach, go dtugsat saorchuairt na Mumhan go rángadar Gleann Maghair, go dtarla dhóibh ann sin Toirrdhealbhach Ó Briain rí Mumhan agus mac Conchubhair Uí Bhriain go bhfearaibh Mumhan maille riú. Trí catha ba headh á líon. Fearthair Cath Móna Móire eatorra, gur briseadh do Dhál gCais is d'fhearaibh Mumhan ann, go ndeachaidh tar áireamh ar thuit díobh. Do hionnarbadh Toirrdhealbhach Ó Briain go Tír Eoghain, is do roinn Toirrdhealbhach Ó Conchubhair an Mhumhain idir Thadhg Ó mBriain is Diarmaid mac Cormaic mic Carrthaigh.

Is grod da éis sin go bhfuair Toirrdhealbhach Ó Chonchubhair rí urmhóir Éireann bás, agus ocht mbliadhna is trí fichid do b'aois dó an tan soin, gur hadhnaiceadh ag altóir mhóir Chiaráin i g-Cluain Mic Nóis é, agus is mór an leagáid d'fhágaibh ag an gcléir ar a anam, mar atá dá fhichid ar chúig céad uinge d'ór, is dá fhichid marg d'airgead, is a rabhadar do sheoidibh uile aige idir chorn is chloich n-uasail, idir eachaibh is spréidh, éadach, fhithchill is bhrannuibh, bhogha is bholgán soighead, stabhall is arm; is do orduigh féin cuid gach cille do roinn do réir uird ar gach cill díobh fá seach. Is fán am-so fuair Tadhg Ó Longargáin easpog Chille Dálua bás.

Do ghabh Muircheartach mac Néill mic Lochloinn flaitheas Leithe Cuinn is urmhóir Éireann ocht mbliadhna déag, gur thuit lé fearaibh Fearnmhaighe is leis Ó mBriuin. Agus is san seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas an fhir-se do commóradh comhdháil agus comhairle choitcheann eagailse Éireann i g-Ceanannus na Midhe an tan fá haois don Tighearna 1152, ré foillsiughadh an chreidimh Chatoilice is ré n-a ghlanadh, is ré ceartughadh béas an phobail, is ré hoirneadh ceathrar n-airdeaspog, is ré cheithre pallia do dháil dóibh. Óir ní


p.314

raibhe roimhe sin i n-Éirinn acht dá airdeaspog, mar atá príomháidh Arda Macha is airdeaspog Caisil. Agus is iad fá harduachtaráin ar an gcomhairle sin ón Phápa, Giolla Críost Ó Conairce Easpog Leasa Móir is ceann manach Éireann 'n-a leagáid, is cairdionál mar aon ris dar bh'ainm Ioannes Papiron do dhéanamh riaghlaighthe is orduighthe i n-Éirinn, is do dhéanamh neithe ba measa lé h-Éirinn ioná sin, mar atá dáil cheithre pallia. Óir do ba lór lé h-Éirinn pallium i n-Ard Macha is pallium i g-Caiseal, agus go háirithe is tar sárughadh eagailse Arda Macha is Dúin dá Leathghlas tugadh amach acht pallium i n-Ard Macha is pallium i g-Caiseal, amhail nochtas seinleabhar annálach eagailse Chluana hEidhneach i Laoighis é, lé gcuirthear suim na comhairle-se síos.

Iar suidhe iomorro san chomhairle dhóibh, do rinneadh orduighthe is nóis somholta leo ar dháil na gceathra pallia-so. Ag so síos briathra an tseinleabhair iris do scríobhadh i g-Cluain Eidhneach Fionntainn i Laoighis.

M. c. l. 2 anno ab Incarnatione Domini nostri Iesu Christi, bissextili et embolismali anno, Nobile Concilium in vernali tempore ad Dominicam "Laetare Ierusalem" apud Ceanannus celebratum fuit, in quo Presidens Dominus Iohannes Cardinalis Presbiter Beati Laurentii in Damasco inter viginti duos episcopos et quinque electos et inter tot Abbates et Priores, ex parte Beatorum Apostolorum Petri et Pauli et Domini Apostolici Eugenii, simoniam et usuram omnibus modis extirpavit et damnavit, et decimas dandas Apostolica auctoritate praecepit. Quattuor pallia quattuor Archiepiscopis Hiberniae, Dublinensi Caselensi Tuamensi Armachano tradidit. Insuper Armachanum archiepiscopum in primatem super alios


p.316

prout decuit ordinavit. Qui etiam Ioannes Cardinalis protinus post peractum Concilium iter arripuit et nono Kalendas Aprilis transfretavit. Hi sunt episcopi qui huic Concilio interfuerunt .i. Giolla Críost Ó Conairce easpog Leasa Móir, leagáid an Phápa i n-Éirinn; Giolla Mac Liag comhorba Pádraig is príomháidh Éireann; Domhnall Ó Longargáin airdeaspog Mumhan; Gréine easpog Átha Cliath; Giolla na Naomh Laighneach easpog Glinne dá Loch; Dúnghal Ó Caolluidhe easpog Leithghlinne; Toistius easpog Phuirt Lairge; Domhnall Ó Foghartaigh biocáire genearálta easpuig Osruighe; Fionn mac Cianáin easpog Chille Dara; Giolla an Choimdheadh Ó hArdmhaoil, biocáire easpuig Imligh; Giolla Aodha Ó Maighin, easpog Corcaighe; Mac Rónáin comhorba Bréanainn easpog Ciarraidhe; Torgestius easpog Luimnigh; Muircheartach Ó Maoilidhir easpog Cluana mic Nóis; Maoilíosa Ó Connachtáin easpog oirthir Chonnacht; Ua Rudáin easpog Luighne; Mac Craith Ó Mugróin easpog Conmhaicne; Etras Ó Miodhcháin easpog Chluana hIoraird; Tuathal Ó Connachtaigh easpog Ó mBriuin; Muireadhach Ó Cobhthaigh easpog Chinéil nEoghain; Maolpádraig Ó Bánáin easpog Dál nAruidhe; Maoilíosa mac an Chléirigh Chuirr easpog Uladh. I bPríd Nóin Mhárta do forbadh an seanadh-so, mar ar ceartuigheadh is mar ar horduigheadh easpogóideachta Éireann.

Iar gcríochnughadh na comhairle sin fuair Domhnall Ó Longargáin, airdeaspog Mumhan bás; agus sealad aimsire da éis sin fuair Muircheartach mac Néill do bhí ag gabháil cheannais Leithe Cuinn is urmhóir Éireann an tan soin bás — a mharbhadh lé fearaibh Fearnmhaighe agus leis Ó mBriuin, amhail adubhramar thuas.


p.318