Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 27

XXVII.

Do ghabh Donnchadh mac Briain Bhóraimhe ríoghacht Leithe Mogha is urmhóir Éireann uile caogad bliadhan do réir Fhínghin Mic Carrthaigh, san leabhrán ro scríobh do Stair na h-Éireann, is dhruinge oile ré seanchus; agus is mó mheasaim an chéadfaidh-se do bheith fírinneach ioná céadfaidh na druinge adeir nach raibhe Donnchadh i bhflaitheas acht dá bhliadhain déag. Óir tig céadfaidh Fhinghin leis an áireamh bliadhan atá ó bhás Bhriain go Gabháltas Gall; agus ní thig an chéadfaidh dhéidheanach. Uime sin measaim gurab í céadfaidh Fhinghin atá fírinneach, adeir gurab caogat bliadhan fad flaitheasa Dhonnchaidh. Is i bhflaitheas Dhonnchaidh táinig Harolt Conan prionnsa na Breatan ar teitheadh i n-Éirinn, mar a bhfuair cumhdach an tan fá haois don Tighearna 1050. Is ré linn Donnchadha do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is ann do gabhadh Amhlaoibh mac Sitreaca taoiseach Lochlonn i n-Éirinn lé Mathghamhain Ó Riagáin rí Breagh, go bhfuair dhá chéad déag bó is sé fichid each d'fhuascladh as.

Is fán am-so fós do chuaidh Flaithbheartach Ó Néill da oilithre don Róimh, aois an Tighearna an tan soin 1073. Dá éis sin fuair Tadhg mac Lorcáin rí Ua gCinnsealaigh bás i n-Gleann dá Loch, agus é ag déanamh aithrighe ann, agus fuair Gormfhlaith inghean Mhurchadha mic Floinn, rí Laighean, máthair Shitreaca mic Amhlaoibh, taoiseach Lochlonn i n-Éirinn, bás, agus fa hí máthair Dhonnchaidh mic Briain Bhóraimhe í. Is fán am-so do hairgeadh Cluain Fearta Bréanainn lé h-Art Coileach Ó Ruairc rí Bréithfne; agus tarla Donnchadh mac Briain an lá céadna ris, go dtug deargár mhuinntire Airt i ndíoghail na ceallairgthe sin do rónsat. Is grod 'n-a dhiaidh sin go ndeachaidh Cathal mac Ruaidhrí, rí iarthair


p.292

Chonnacht, da oilthre go h-Ard Macha. Da éis sin do hairgeadh is do loisceadh Port Lairge lé Diarmaid mac Maoil na mBó rí Laighean, agus do hairgeadh Cluain mic Nóis lé Conmhaicnibh, gur dhíoghail Dia is Ciarán sin orra .i. urmhór a ndaoine is a n-áirnéise d'éag go grod da éis sin.

Is fán am-so do loisceadh Carrthach mac Saoirbhreathaigh rí Eoghanachta Caisil i dtigh theineadh lé mac Longargáin mic Duinn Cuan maille ré hiomad do dhaoinibh uaisle oile mar aon ris. Da éis sin do cuireadh Donnchadh mac Briain a ríoghacht agus do chuaidh da oilithre don Róimh go bhfuair bás ann i mainistir Steapháin. Agus an ní adeirid a lán gurab do shliocht Donnchadha Puéraigh Eustásaigh is Pluingcéadaigh, ní bhfuaras laoidh ná leitir da dhearbhughadh gurab do shliocht Donnchadha ceachtar dhíobh, acht aon rann amháin atá san duain darab tosach: Cuirfead commaoin ar chloinn Táil, do rinne Maoilín Óg Mac Bruaideadha, fear comhaimsire dhúinn féin. An beoloideas fós atá ag a lán do thuatadhaibh, mar a n-abraid iar ndul do Dhonnchadh ar eachtra don Róimh da oilithre gur chumaisc ar inghin an impire do bhí ann an tráth soin, go rug mac dhó, agus gurab ón mac soin tiocfaidís na trí chineadha do luaidheamar; gidheadh ní héidir an scéal-so do bheith fírinneach; óir ré ndul ar an eachtra soin dhó, do ba seanóir críonna cianaosta ós cionn a cheithre fichid bliadhan é, agus níor chosmhail d'inghin impire dúil do thabairt do luighe ré n-a shamhailt d'athlaoch, agus fós níor bh'oircheas dó-san do chuaidh ar eachtra ar leirg oilithre is aithrighe dúil do chur i mnaoi san bhioth.

Agus do réir a ndubhramar measaim nar chumaisc Donnchadh ar inghin an impire is nach rug mac dó ó dtiocfaidís an drong adubhramar.


p.294

Is córaide fírinne an neithe-se do mheas mar léaghthar i seinleabhar annálach do scríobhadh a Leabhar Bhreac Mic Aodhagáin tuairim trí chéad bliadhan ó shin go ndeachaidh Donnchadh iar gcríochnughadh thurais na Rómha i mainistir S. Stiabhna san Róimh do chomhnuidhe, agus gur ghabh cuing chrábhaidh ré a ais ann, gur chaith a raibhe roimhe da ré go haithrigheach san áit chéadna go bás.

Léaghthar fós i gcroinicibh Gall, mar a n-áirmhighthear na huaisle táinig do Ghallaibh i n-Éirinn ar dtús, gurab i dtús Ghabháltais Gall táinig Robert le Power ór chinsiod Puéraigh is Eustásaigh i n-Éirinn, agus adeirid na hughdair chéadna gurab do Lochlonnaibh Pluingcéadaigh.

Do ghabh Toirrdhealbhach mac Taidhg mic Briain Bhóraimhe ríoghacht Mhumhan is urmhóir Éireann uile dá bhliadhain déag. Mór inghean Ghiolla Bhrighde Uí Mhaoilmhuaidh rí Chinéil Fhiachaidh is Fhear gCeall máthair an Toirrdhealbhaigh-se Uí Bhriain. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is ann do marbhadh Conchubhar mac Maoilsheachlainn rí Midhe lé mac a dhearbhráthar féin .i. Murchadh mac Floinn tré mheabhail, agus rugadh a cheann as a adhnacal ar éigin ó Chluain Mic Nóis go Ceann Choradh lé Toirrdhealbhach Ó mBriain dia hAoine iar gCáisc, agus rugadh an ceann céadna ba thuaidh tar a ais go Cluain Mic Nóis san Domhnach ba neasa dhóibh, agus sin do thigheacht do mhíorbhailibh Chiaráin.

Is i bhflaitheas an Toirrdhealbhaigh-se do chuir Uilliam Rufus rí Sacsan fios i n-Éirinn i gcoinne adhmaid do chead Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain ríogh n-Éireann ré n-a chur ar cheann Halla Westminster Anno Domini 1098; agus an


p.296

bhliadhain roimhe sin do hoirneadh an céideaspog i b-Port Lairge, Malcus a ainm, ré Anselmus airdeaspóg Canterburie. Is fán am-so fuair Dearbhforgaill inghean Taidhg mic Giolla Phádraig bean Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain ríogh urmhóir Éireann bás. Da éis sin fuair Toirrdhealbhách Ó Briain ríogh urmhóir Éireann uile bás iar gcaitheamh dá bhliadhain déag i bhflaitheas dó.

Do ghabh Muircheartach mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhg mic Briain Bhóraimhe ríoghacht Leithe Mogha is urmhóir Éireann uile fiche bliadhan. Cailleach Dhé inghean Uí Éidhne máthair Mhuircheartaigh Uí Bhriain agus máthair Ruaidhrí Uí Chonchubhair. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so síos. Ar dtús is é do bhronn Caiseal don Eaglais mar iodhbairt do Dhia is do Phádraig an chéidbhliadhain da fhlaitheas, an tan fá haois don Tighearna 1106; agus is fán am soin do bhí comhdháil choitcheann fhear n-Éireann idir laoch is chléireach mar aon ré Muircheartach Ó Briain rí Leithe Mogha i bh-Fiadh Mic nAonghusa. Ag so an líon do chléircibh do bhí san gcomhdháil sin, .i. Maolmuire Ó Dúnáin airdeaspog Mumhan is Ceallach mac Aodha comhorba Pádraig .i. biocáire genearálta an phríomáidh, is ochtar easpog, trí chéad is trí fichid sagart is seacht bhfichid deochan is iomad do chléircibh nach áirmhighthear ann so. Do horduigheadh cheana reachta is dlighthe is nóis leo i gcill is i dtuaith. Da éis sin fuair Maolmuire Ó Dúnáin airdeaspog na Mumhan bás.


p.298