Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 26

XXVI.

Ar dtabhairt iomorro Chatha Chluana Tarbh agus ar marbhadh Bhriain is Mhurchadha is iomad do Ghaedhealaibh mar aon riú, agus iar mbriseadh do Lochlonnaibh is do Laighnibh is ar marbhadh a n-urmhóir san chath soin, is ar dtriall do Dhál gCais is do shliocht Fhiachach Muilleathain, an mhéid do mhair tar éis an chatha soin, tar a n-ais go Mullach Maistean, is ann sin do rónsad sliocht Fhíachach sluagh ar leith dhíobh féin, is do scarsad ré Dál gCais, is do cinneadh comhairle aca, ó fríoth Dál gCais i n-uathadh sluagh is sochuidhe, teachta do chur go Donnchadh mac Briain, agus géill d'iarraidh air, agus a nochtadh dhó go rabhadar géill uatha-san ag a athair is ag bráthair a athar, agus adubhradar gurab dóibh féin budh chóir ríghe Mumhan gach ré bhfeacht. ‘Ní da bhar ndeoin do bhí sibh ag athair ná ag bráthair damh-sa,’ ar Donnchadh, ‘acht iad féin do bhean umhla da bhar n-aimhdheoin díbh is d'fhearaibh Éireann maille ribh.’ Agus adubhairt Donnchadh nach tiubhradh géill ná urruidhe dhóibh-sean ná do neach oile, agus do ráidh dá mbeith coimhlíonadh catha dóibh-sean aige, nach léigfeadh uaidh iad gan géill ré bheith umhal dó féin amhail do bhádar da athair.

Ar gclos an sceoil sin do shluagh Deasmhumhan do éirgheadar go hathlámh obann is do ghabhsad a n-arma is tángadar do thabhairt chatha do Dhál gCais. Do ráidh Donnchadh mac Briain an tan soin ré a mhuinntir a n-othair do chur isteach i Ráith Maistean agus trian an tsluaigh da gcoimhéad, ‘agus freagradh,’ ar sé, ‘an dá dtrian oile cath don lucht úd.’ Gidheadh ní rabhadar Dál gCais acht aoin mhíle amháin d'fhuigheall áir an tan soin; agus do bhádar Deasmhumhain trí mhíle do shluagh. Ód chualadar


p.280

na hothair an comhrádh soin Donnchadha, do éirgheadar go héascaidh is do chuirsiod caonnach 'n-a gcneadhaibh is 'n-a gcréachtaibh, is do ghabhsad a n-arma 'n-a lámhaibh is do b'í a gcomhairle an cath do thabairt. Ód chonncadar sliocht Fhiachach Muilleathain an meisneach soin do ghabh Dál gCais idir shlán is easlán, do sochtadh leo fán gcath do thabairt, agus triallaid rompa da dtighthibh gan géill d'fhagháil ó Dhál gCais.

Iomthúsa Dhál gCais triallaid rompa as sin go h-Áth Í ar brú Bearbha, is cromaid ar uisce d'ól ann. Do bhí Donnchadh mac Giolla Phádraig rí Osruighe ar a gcionn ann sin go líon a shluagh is a thionóil .i. Laighin is Osruighe ar Maigh Chloinne Ceallaigh is coimhéad uaidh ar Dhál gCais gá slighe a ngéabhdaois ar mhéad a fhala riú. Óir is é Brian do cheangail is do chuibhrigh athair Dhonnchaidh, agus do bhí bliadhain i gcuibhreach aige, agus do creachadh is do fásuigheadh Osruighe uile is do marbhadh iomad da ndaoinibh leis. Uime sin do chuimhnigh Mac Giolla Phádraig an fhala do Dhál gCais, is do chuir teachta uaidh go h-Áth Í da n-ionnsaighe 'ga iarraidh orra braighde do chur chuige tré n-a léigean as an áit sin tairis. Gidheadh fá hé freagra Dhonnchadha mic Briain ar na teachtaibh nach tiubhradh braighde dhóibh. ‘Maseadh,’ ar na teachta, ‘caithfidhe cath do fhreagra do Mhac Giolla Phádraig.’ ‘Do-ghéabhaidh sé cath,’ ar Donnchadh, ‘agus is truagh nach é an bás fuair ar n-athair fuaramar-ne sul ráinig do léan orainn iad-san d'iarraidh giall orainn.’ Adubhradar na teachta ris gan fearg do bheith air, agus nach raibhe líon catha do thabairt do Mhac Giolla Phádraig. ‘Acht dá madh gnáth aithbhear a dteachtaireachta do thabairt ar theachtaibh ar bith,’ ar Donnchadh, ‘do beanfaidhe bhar dteanga as bhar gceannaibh agam-sa; óir gion go mbeinn-se acht aoin ghiolla amháin do shochraide ní thiubhrainn obadh comhraic do Mhac Giolla Phádraig is d'Osruighibh.’


p.282

Is ann sin do chuir Donnchadh mac Briain trian an tsluaigh do choimhéad a n-othar agus an dá dtrian oile do fhreastal an chatha. Ód chualadar na hothair sin do éirgheadar go hobann, gur briseadh ar a gcneadhaibh is ar a gcréachtaibh, gur líonsad do chaonnach iad, is do ghabhsad a sleagha is a gcloidhmhe, is tángadar i measc cháich amhlaidh sin, agus adubhradar ré mac Briain daoine do chur fá choill is cuailleadha coimhneartamhra do thabairt leo agus a sáthadh san talmhain, ‘agus ceangailtear sinn ré a n-ais,’ ar siad, ‘agus tugthar ar n-airm i n-ar lámhaibh is cuirthear ar mic is ar mbráithre mar aon rinn .i. dís d'fhearaibh slána timcheall an fhir ghonta againn, ionnus gurab díochraide ar bhfeidhm lé chéile sin. Óir ní léigfe an náire don fhior shlán gluasacht nó go ngluaise an fear gonta ceangailte againn.’ Do rónadh amhlaidh leo, agus ba machtnadh meanman is ba hiongantas adhbhalmhór an t-ordughadh soin do chuireadar Dál gCais orra féin.

Ód chonncadar Laighin is Osruighe an meisneach móradhbhal soin ag éirghe i n-Dál gCais do ghabh gráin is eagla iad rompa agus is eadh adubhradar, ‘Ní triall teithidh, ní scaoileadh ná scannradh fhobruid Dál gCais do dhéanamh’ ar siad, ‘acht cath dlúith daingean do dhéanamh dóibh féin. Ar an adhbhar soin ní thiubhraim-ne cath dhóibh, óir is coimhdheas ré bás nó ré beatha d'fhulang iad.’ Adubhairt Mac Giolla Phádraig: ‘Is tláith dhaoibh-se sin do rádh, óir atáthaoi líon a n-ithte súd dá madh biadh ollamh iad.’ ‘Is fíor sin,’ ar iad-san, ‘agus giodh fíor ní muirbhfidhear aonduine dhíobh súd gan cúigear nó seisear do thuitim leis, is gá feirrde dúinne ar gcomhmharbhadh riú.’ ‘Ó nach áil libh cath do thabairt dóibh,’ ar Mac Giolla Phádraig, ‘déinidh tóraidheacht orra.’ Agus fá measa lé Dál gCais sin ioná cath do thabairt dóibh. Triallaid iomorro Dál


p.284

gCais dá ndúthaigh féin iar sin go heasbadhach éagcruaidh, agus ní ráinig don bhaile i n-aoinfheacht ré mac Briain díobh acht ocht gcéad go leith, óir do chaillsiod céad go leith san iomruagadh soin ag Osruighibh ar locadh catha orra.

Ag so iomorro an tuarasgbháil do-bheir Maoilseachlainn mac Domhnaill rí Midhe ar Chath Chluana Tarbh i gcionn mhíosa d'éis an chatha do chur; óir do ghabhadar clann Cholmáin ag fiafruighe scéil an chatha soin de. Is ann sin adubhairt Maoilseachlainn nach facaidh féin riamh a shamhailt do chath ná baramhail dó. ‘Óir dá mbeith,’ ar sé, ‘aingeal Dé do nimh ag tabhairt a thuarasgbhála dhuit ba díchreidmheach uaidh é. Do bhádhusa cheana is mo shluagh da bhféachain agus gan d'agaidh eadrainn acht gort branair is cloidh. Gidheadh an tan tugadar na catha soin a n-ochta is a n-urbhruinne ar a chéile, do ghabhadar ag sústadh is ag slatbhualadh ar oile, is ba samhalta lé troimealtain fhaoilean ngeal ós cionn trágha, ag teacht tuile i dtír, ceatha cailcidhe na sciath ós a gceannaibh; agus dá madh mian linne dul do chongnamh do cheachtar don dá thaobh, ní raibh ré ar cumas dúinn, óir do ceangladh is do cuibhreadh ar sleagha is ar n-arma ór ar gceannaibh do na dlaoithibh dioghainne dianscaoilte do sheoladh an ghaoth chugainn d'fholtaibh is d'ulchadhaibh na laoch ar n-a leadairt is ar n-a láinteascadh d'fhaobhraibh lann is lútharm da gach leith, ionnus gur bha lánmhór ar bhfeidhm ag réidheachadh is ag taithmhioch ar gcrannghaile ó chéile. Óir ba dóigh linn nar mhó d'ulc don lucht do bhí san chath ioná dúinne fulang a bhfaicseana gan dul ar féanscor is ar foluamhain.’

Féach, a léaghthóir, bíodh gurab ar sluagh Briain do bhí Maoilseachlainn is fir Mhidhe ag teacht go láthair an chatha, maseadh dó bhí do cheilg idir sé féin is Lochlonnaigh nach táinig san ordughadh i measc shluagh Briain, acht is eadh do


p.286

rinne é féin is a shluagh d'anmhain do leathtaoibh an chatha, amhail ro orduigheadar Lochlonnaigh dó.

Ní rabhadar Cinéal Eoghainsíol gConaill san chath, gidheadh ní hiad nar thairg teacht ann acht Brian adubhairt. Tré mhéid meanman gurb 'n-a n-éagmais do rinne féin gach áitheas da ndearnaidh riamh, ‘agus is eadh do-dhéan anois,’ ar sé.

Do ghabh Maoilseachlainn aris d'éis Bhriain ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so síos. Téid Maoilseachlainn rí Éireann, sluagh líonmhar, is Ó Néill is Ó Maoldoraidh mar aon ris, go h-Áth Cliath, gur hairgeadh is gur loisceadh an baile leo ar an iarmhar do Lochlonnaibh do mhair an tráth soin gan tuitim i gCath Chluana Tarbh lé Brian. Triallaid as sin i n-Uíbh Cinnsealaigh gur creachadh is gur loisceadh an tír uile leo, is gur marbhadh iomad do dhaoinibh ann. Dá éis sin do chuaidh Maoilseachlainn i n-Ulltaibh go dtug iomad do bhraighdibh as. Is fán am-so do marbhadh Donnagán rí Laighean is Tadhg Ó Riain rí Ó nDróna is iomad do dhaoinibh oile lé Donnchadh Mac Giolla Phádraig ar lár Leithghlinne, agus fuair Mac Liag ardollamh Éireann bás. Sluaghadh lé Maoilseachlainn rí Éireann i n-Osruighibh gur marbhadh Dúnghal Mac Giolla Phádraig mac Donnchaidh, is iomad do dhaoinibh oile mar aon ris ann.

Is é an Maoilseachlainn-se ar a bhfuilmíd ag trácht do rinne fundation ar mhainistir Mhuire i m-Baile Átha Cliath, aois an Tighearna an tan soin 1039. Agus do ba duine cráibhtheach an Maoilseachlainn-se san aimsir dhéidheanaigh; óir an tan do turnadh neart Lochlonnach i gCath Cluana Tarbh ionnus nach bíodh aca acht bardacht i mbailtibh cuain agus iad ar uairibh ag tabhairt ruag fán gcrích amach ag déanamh creach is ruathar, do bhrígh nach rabhadar líon catha do fhreastal do Ghaedhealaibh, do thionnscain Maoilseachlainn scola d'athnuadhadh is cealla do chumhdach


p.288

is do chórughadh ar aithris Bhriain. Léaghthar fós go dtugadh cothughadh do thrí chéad mic léighinn ar a chostas féin.

Is i bhflaitheas an Mhaoilsheachlainn-se do dalladh Brian mac Maoilmhórdha mic Murchadha, do bhí 'n-a rígh Laighean dá bhliadhain, lé Sitric mac Amhlaoibh i n-Áth Cliath tré mheabhail. Do hairgeadh is do creachadh Ceanannus leis an Sitric gcéadna gur mharbhsad iomad do dhaoinibh ann is go dtugsad iomad do bhraighdibh as. Is fán am-so tugadh maidhm mór lé Ughaire mac Dúnlaing mic Tuathail mic Ughaire mic Oiliolla mic Dúnlaing, do bhí 'n-a rígh Laighean trí bliadhna, ar Shitric mac Amhlaoibh is ar Lochlonnaibh Átha Cliath, go dtugadh deargár Lochlonnach ann; agus Donn Sléibhe mac Maoilmhórdha mic Muireigéin do loisc teach Ughaire, gur loisceadh Ughaire ann ag Dubhloch Leasa Cuile. Da éis sin do marbhadh Sitric mac Íomhair, taoiseach Lochlonnach Phuirt Lairge lé rígh Osruighe, agus fuair Maoilseachlainn rí Éireann bás i g-Cró Inis Locha hAinninn.

Bíodh go n-áirmhid na seanchaidhe airdríogha do bheith ar Éirinn i ndiaidh Mhaoilsheachlainn, ní mheasaim go dtáinig rí gan fhreasabhra uirre go Gabháltas Gall, acht cia do ghabhadar drong dhíobh ceannas feadhna Éireann ré a n-ais. Ag so dearbhadh an tseanchaidh ar sin san rann-so:

    1. Tar éis Mhaoilsheachlainn shona,
      Mic Domhnaill mic Donnchodha,
      Do scar caoimhrí ris gach cloinn
      'S nochar ghabh aoinrí Éirinn.


p.290