Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 25

XXV.

Do ghabh Brian Bóraimhe mac Cinnéididh mic Lorcáin mic Lachtna mic Cuirc mic Annluain mic Mathghamhna mic Toirrdhealbhaigh mic Cathail mic Aodha Caoimh mic Conaill mic Eochach Bailldeirg mic Carrthainn Fhinn mic Bloid mic Cais mic Conaill Eachluaith mic Luighdheach Meinn mic Aonghusa Tírigh mic Fir Chuirb mic Mogha Corb mic Cormaic Cais mic Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag. Béibhionn inghean Archadha mic Murchadha mic Maonaigh, rí iarthair Chonnacht, máthair Bhriain. Ag so mar tháinig Béibhionn. Cianóg inghean Chiocharáin do Chonnachtaibh rug mac is inghean do thaoiseach do Laighnibh dar bh'ainm Criachán


p.258

tré ghuidhe Chairill abbadh is seacht gcéad manach mar aon ris, ag comhghuidhe Dé d'iarraidh sleachta don lánamhain sin do bhí seasc i bhfad da n-aimsir, gur éist Dia guidhe Chairill is a chomhthionóil, go rug Cianóg mac is inghean do Chriachán. Maoilmitheadh ainm an mhic is Osnadh ainm na hinghine; agus do pósadh an inghean lé h-Archaidh mac Murchadha mic Maonaigh rí iarthair Chonnacht, agus rug sí Béibhionn dó .i. máthair Bhriain Bhóraimhe mic Cinnéididh.

Is i bhflaitheas Bhriain do rinneadh na gníomha-so síos .i. Sitric mac Amhlaoibh do dhul do dhéanamh creach i n-Ulltaibh i luingeas mór, gur hairgeadh leis Cill Chleite is Inis Cumhscraigh, go dtug iomad braighde is maoine asta. Da éis sin fuair Naomhán mac Maoilchiaráin prímhcheard Éireann bás agus Raghnall mac Gothfradha mic Arailt rí na nInseadh do Lochlonnaibh. Is fán am-so do chuaidh Brian Bóraimhe mac Cinnéididh rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris go Cinéal Eoghain i n-Ulltaibh, agus as sin don Mhidhe, go rabhadar oidhche i d-Tailltin, as sin go h-Ard Macha, go rabhadar seachtmhain ann, gur fhágaibh Brian fiche uinge d'ór ar altóir Ard Macha.

Triallaid as sin i n-Dál nAruidhe go bhfuair Brian urruidhe ré comhall síodha ó Chúigeadh Uladh uile. Go grod da éis sin do chuaidh Brian mórshluagh oile i g-Cinéal nEoghain is i d-Tír Chonaill go dtug iomad braighde uatha i ngeall ré comhall síodha.

Is fán am-so fuair Maolruanuidh mac Ardghail rí Uladh bás, agus Clothna mac Aonghusa prímhfhile Éireann is Cathal mac Conchubhair do bhí 'n-a rígh Connacht fiche bliadhan go bhfuair bás i n-Iorras Domhnann. Da éis sin do chuaidh Murchadh mac Briain go bhfearaibh Mumhan is


p.260

Laighean is Uíbh Néill an deisceirt agus Flaithbheartach mac Muireadhaigh go n-ógaibh an Fhochla mar aon ris d'argain is do chreachadh Chinéil Luighdheach go dtugsad trí chéad i mbraighdeanas as.

Sluaghadh lé Brian mac Cinnéididh rí Éireann go Magh Corainn go dtug leis Maolruanuidh Ó Maoildoraidh rí Chinéil gConaill i mbraighdeanas go Ceann Choradh. Do creachadh is do loisceadh Cúigeadh Laighean go Gleann dá Loch, agus as sin go Cill Mhaighnionn, lé Murchadh mac Briain. Is fán am-so do chuadar Lochlonnaigh cabhlach mór don Mhumhain gur hairgeadh is gur loisceadh Corcach leo; agus do dhíoghail Dia sin orra, óir do marbhadh Amhlaoibh mac Sitreaca, rí na Lochlonnach, is Mathghamhain mac Dubhghaill mic Amhlaoibh lé Cathal mac Domhnaill mic Duibh dá Bhuireann i bhfeall go grod 'n-a dhiaidh sin. Da éis sin do chuadar Lochlonnaigh is Laighin i Midhe, gur hairgeadh Tearmonn Feichín leo, agus go rugsad iomad do bhraighdibh as, go ndearna Dia díoghaltas orra go grod da éis sin, mar is follus romhainn as an ruaig tug Murchadh mac Briain fá Laighnibh mar ar loiteadh Laighin is Lochlonnaigh leis, amhail adubhramar.

Dála Bhriain mic Cinnéididh, ar mbeith 'n-a rígh Éireann dó, is iar dtraothadh Lochlonnach leis, is lánmhór na commaoine do chuir ar Éirinn, amhail léaghthar i leabhraibh an tseanchusa. Ag so síos go cumair cuid do na commaoinibh céadna:

Ar dtús do hathnuaidheadh is do tógbhadh eagailse leis, agus tug a chill féin da gach cléireach do réir a chéime is a cheirt uirre. Do thógaibh is do orduigh scola coitcheanna ré múnadh léighinn is na n-ealadhan ar cheana; agus fós tug luach leabhar is costas da gach aon, ag nach raibhe costas, do thogradh leanmhain ar léigheann. Tug fós saoirse dá


p.262

dtighearnaibh is da bhflathaibh fearainn; is gach éadáil ráinig ó Lochlonnaibh é, do bhronn do Ghaedhealaibh í; agus gach daoirse da raibhe ar Ghaedhealaibh ag Lochlonnaibh, do thógaibh Brian díobh uile í; agus gach fearann dar bhean Brian amach do Lochlonnaibh lé neart a láimhe, ní d'aon da chine féin tug é, acht tug gach críoch da gach cine dar dhual í i n-Éirinn.

Is é Brian fós tug sloinnte fá seach ar fhearaibh Éireann as a n-aitheantar gach síltreabh fá seach dhíobh. Is lé Brian mar an gcéadna do tógbhadh teampull Chille Dálua is teampull Inse Cealltrach agus do hathnuaidheadh cloictheach Thuama Gréine. Do tógbhadh iomorro lé Brian iomad droichead is tóchar is slighthe móra, is do cumhduigheadh is do cóirigheadh dúinte is daingne is inseadha is oiléin leis. Do cumhduigheadh leis fós Caiseal na Ríogh, is Ceann Abhrad, Inis Locha Cé is Inis Locha Gair, Dún Eochair Mháighe, Dún Iasc, is Dún Trí Liag, Dún gCrot is Dún Cliach, Inse an Ghaill Duibh, is Inis Locha Saighlionn, Ros na Ríogh, Ceann Choradh an Bhóraimhe, is ríoghphuirt Mumhan ar cheana. Is i bhflaitheas Briain iomorro táinig aoinbhean 'n-a haonar ó Thuinn Tuaidhe go Tuinn Cliodhna theas, agus fail nó fáinne óir ar slait ré a hais aice; agus ní bhfuair a slad ná a sárughadh tré ghéire smachta Briain ar Éirinn; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:

    1. Ó Toruidh go Cliodhna chais,
      Is fail óir aice ré a hais,
      I bhflaith Bhriain thaoibhghil nar thim,
      Do thimchil aoinbhean Éirinn.
Do bhí Éire amhlaidh sin go saidhbhir sona síothchánta ar feadh an dá bhliadhan déag do bhí Brian 'n-a rígh uirre; gonadh dó ro chan an file an rann-so:
    1. Fiuchadh fairrge, tuile tric,
      Brian Breagh ós Banba bhláithbhric,
      Gan chiamhair gan bhéd gan bhrath,
      Da bhliadhain déag a dheagh-rath.


p.264

Is urusa a aithne ar an dteist-se do-bheirid na seanchaidhe ar Bhrian nar dhlightheach anfhlaith do ghairm dhe, óir ní do réir a thoile nó a neirt do rinne follamhnughadh na críche ré linn bheith i bhflaitheas dó, acht do réir reachta is dlighidh na críche. Óir is é is anfhlaith ann an tí do-ní follamhnughadh nó riaghlughadh do réir neirt is ní do réir cheirt; agus ó nach mar sin do rinne Brian, acht do réir cheirt is reachta, ní hiontugtha anfhlaith air.

Nó ma's tré theacht fá bhrághaid Maoilsheachlainn i bhflaitheas na críche ar thogha urmhóir uaisle Éireann do gairfidhe anfhlaith dhe, féachadh an léaghthóir cia córa anfhlaith do ghairm dhe ionáid anfhlaithe do ghairm d'urmhór a dtáinig do ríoghaibh Éireann do chlannaibh Míleadh. Óir ní tháinig an seachtmhadh fear díobh nach é marbhadh an ríogh roimhe do dhéanadh; agus ó nach gairmthear anfhlaithe dhíobh, do bhrígh go dtángadar don fhuil ríoghdha, tré mharbhadh na ríogh táinig rompa, mar an gcéadna, ar mbeith do Bhrian don fhuil ríoghdha, ní hiontugtha anfhlaith air tré theacht fá bhrághaid Mhaoilsheachlainn, is nachar mharbh é, agus é ar a chumas, amhail do-nídís cách ris na ríoghaibh do bhíodh rompa i bhflaitheas Éireann, amhail adubhramar.

Ag so síos an chíoscháin is an ceart do bhíodh ag Brian Bhóraimhe ar chúigeadhaibh Éireann leath amuigh don Mumhain ré cothughadh thighe Chinn Choradh, amhail chuirthear síos lé Mac Liag ardollamh Éireann san duain darab tosach: Bóraimhe baile na ríogh. Ar dtús do-gheibheadh ó Chúigeadh Chonnacht ocht gcéad bó is ocht gcéad torc. Do-gheibheadh ó Thír Chonaill cúig céad brat is cúig céad bó; do-gheibheadh ó Thír Eoghain trí fichid bó is trí fichid muc is trí fichid tinne iarainn; do-gheibheadh ó chlannaibh Rudhruighe Uladh trí chaoga bó is trí chaogat torc; do-gheibheadh ocht gcéad bó


p.266

a h-Oirghiallaibh; trí chéad torc, trí chéad mart is trí chéad tinne iarainn ó Chúigeadh Laighean; trí fichid bó, trí fichid muc is trí fichid tinne iarainn ó Osruighibh; do-gheibheadh ó Lochlonnaibh Átha Cliath trí chaoga dabhach fhíona; is do-gheibheadh ó Lochlonnaibh Luimnigh tonna d'fhíon dearg gach aon lá san mbliadhain. Agus an tan do shuidheadh Brian n-a shuidhe ríogh is é rí Mumhan do shuidheadh ar a dheasláimh, amhail fá gnáth ris gach rígh d'fhuil Éireamhóin ríogha Uladh do chur ar a ndeasláimh. Ní lámhadh neach d'fhearaibh Éireann arm d'iomchar i dteach Briain acht Dál gCais amháin, amhail adeir an duain réamhráidhte san rann-so:
    1. Gan aoinfhear d'fhearaibh Éireann,
      Acht Dál gCais na gcaithréimeann,
      Do lámhachtain a n-airm ann
      I n-éintigh ré rígh Éireann.
Is iontuigthe ar mhéid an fheolmhaigh is an fhíona do bhí d'áirithe ré cothughadh theaghlaigh thighe Chinn Choradh, leath amuigh do Chormac mac Airt is do Chonaire Mór mac Eideirsceoil, nach raibhe do ríoghaibh Éireann aoinrí do ba mó muirear is muinntear is ba flaitheamhla do thigheasach ioná Brian.

Ar mbeith do Bhrian Bhóraimhe gan imreasan gan easaonta 'n-a chomhnuidhe i g-Ceann Choradh athchuinghis ar rígh Laighean .i. Maolmórdha mac Murchadha trí seolchrainn d'fhiodhbhadh áluinn a Fiodh Gaibhle do chur chuige. Do beanadh na trí seolchrainn lé rígh Laighean is triallais féin leo go Ceann Choradh, mar a raibhe Brian an tráth soin; is tug fá deara ar Uíbh Fáilghe seolchrann díobh d'iomchar agus seolchrann oile ar Uíbh Faoláin agus an treas seolchrann ar Uíbh Muireadhaigh, go dtarla iomarbháidh chainnte eatorra ag dul i n-aghaidh Shléibhe an Bhogaigh; agus leis sin téid rí Laighean féin fá sheolchrann Ó bhFaoláin agus ionar sróill


p.268

tug Brian dó roimhe sin uime, agus corrthair óir 'n-a thimcheall, agus cnaipe airgid ann. Agus lé méid an fheadhma do chuireadh rí Laighean air féin fán seolchrann, do bhris an cnaipe do bhí 'n-a bhrat; agus ar rochtain dóibh go Ceann Choradh, cuiris rí Laighean a ionar dhe is tug da shiair, do Ghormfhlaith inghin Mhurchadha, .i. bainchéile Bhriain, an t-ionar do chur chnaipe ann. Do ghlac an ríoghan an t-ionar is tug urchor de san teinidh do bhí 'n-a fiadhnaise, is do ghabh ag iomcháineadh ar a dearbhráthair tré bheith fá mhoghsaine ná fá dhaoirse do neach san domhan, ‘an ní’ ar sí, ‘nar fhaomh th'athair ná do sheanathair’; is do ráidh go sirfeadh mac Briain ar a mhac an ní céadna. Acht cheana fá cuimhin lé Maolmórdha comhrádh na ríoghna; agus tarla do Mhurchadh mac Briain is do Chonaing mac Duinn Cuan bheith ag imirt fithchle ar n-a mhárach, nó do réir dhruinge oile is é comhorba Caoimhghin Ghlinne dá Loch do bhí ag imirt ré Murchadh. Gabhais Maolmórdha .i. rí Laighean ag teagasc ar Mhurchadh is do theagaisc beart dia rugadh cluiche air. ‘Is tú thug comhairle do Lochlonnaibh dar briseadh dhíobh i gCath Ghlinne Máma’, ar Murchadh. ‘Ma thugas comhairle dhóibh dar briseadh dhíobh ann sin,’ ar Maolmórdha, ‘do-bhéarad comhairle oile dhóibh ré mbrisfid siad díot-sa arís.’ ‘A shlán soin fúthaibh,’ ar Murchadh.

Fá feargach Maolmórdha dhe sin, agus téid da thigh leaptha, go nach fríoth uaidh dul san teach n-ola an oidhche sin, is do imthigh i mocha na maidne ar n-a mhárach gan cheileabhradh do Bhrian.

Ar n-a chlos iomorro do Bhrian gur fhágaibh rí Laighean an longphort gan cheileabhradh dó féin, cuiris giolla grádha da mhuinntir da fhastódh go dtugadh féin tuarastal is tabhartas dó. Is ann rug an giolla air i gcionn chláir Chille Dálua don leith thoir don t-Sionainn agus é ag


p.270

dul ar a each; is nochtais an giolla a theachtaireacht ó Bhrian dó. Iompuidhis Maolmórdha .i. rí Laighean ar an ngiolla is buailis trí bhuille don tslait iobhair do bhí 'n-a láimh air, gur bhris cnámha a chloiginn, gurab ar iomchar rugadh go teach Briain é. Cogarán ainm an ghiolla, agus is uaidh atáid Uí Chogaráin san Mumhain.

Do sanntuigheadh lé fuirinn do theaghlach Chinn Choradh rí Laighean do leanmhain, is gan a léigean go Laighnibh go madh riarach do Bhrian é. Acht cheana do ráidh Brian nach lámhthaoi feall do dhéanamh 'n-a thigh féin air. ‘Gidheadh’ ar sé, ‘is do cholbha a thighe féin iarrfaidhear cóir air.’

Triallais Maolmórdha rí Laighean da dhúthaigh féin is cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar mhaithibh Laighean chuige, agus innisis dóibh míochádhas is aithis bhréithre d'fhagháil dó féin is da chúigeadh uile i g-Ceann Coradh. Uime sin is í comhairle ar ar cinneadh aca iompódh ar Brian iad féin is neart Lochlonnach gur commóradh Cath Chluana Tarbh eatorra; agus do bhrígh nar fhágaibh Brian líon catha do chur do Lochlonnaibh i n-Éirinn, acht an dream da dtug fulong bheith ar seilbh ceannaidheachta i n-Áth Cliath, i Loch Garman, i b-Port Lairge, i g-Corcaigh is i Luimneach, ré trácht ceannaidheachta do tharraing ó thíribh oile i n-Éirinn, is í comhairle ar ar cinneadh lé rígh Laighean is lé Lochlonnaibh fios do chur go rígh Lochlonn d'iarraidh neirt sluagh air ré freastal catha do Bhrian ar Magh nEalta i g-Cluain Tarbh. Agus ar rochtain scéal go rígh Lochlonn cuiris a dhias mac Carolus Cnutus agus Andreas mar aon ré dhá mhíle dhéag do shluagh Lochlonnach do chongnamh ré rígh Laighean, do chur Chatha Chluana Tarbh, agus ar rochtain i dtír i n-Áth Cliath dhóibh, do chuir rí Laighean


p.272

scéala go Brian d'fhógra catha do chur ris i g-Cluain Tarbh.

Dála Bhriain mic Cinnéididh ríogh Éireann, do choimhthionóileadh neart Mumhan is Chonnacht leis, agus triallais go h-Áth Cliath ré cur Chatha Chluana Tarbh, amhail adubhramar. Tángadar ann iomorro mar aon ris sliocht Fhiachach Muilleathain go n-a ngabhlaibh geinealaigh, tromshluagh tairpeach toicheastlach. Tángadar ann fós clann Chais mic Conaill Eachluaith .i. Uí Bhloid is Uí Chaisín, is clann Aonghusa Chinn nAthrach, is Cinéal mBaoith is Cinéal gCuallachtaigh, Cinéal Failbhe, is clann Eachach um Cheallach mac Duibhghinn, is clann Choiléin um Mheanman mic Eisíodha mic Síodha mic Maoilchluiche, is Cinéal Fearmhaic um Mhaolmeadha mac Baodáin. Tángadar ann fós mic Cinnéididh mic Lorcáin, Annluan, Lachtna, Coscrach, Lorcán, Seanchán, Ógán, Maolruanuidh, is Aingidh, Murchadh mac Briain is a mhac Toirrdhealbhach is cúigear dearbhráthar Murchadha .i. Tadhg, Donnchadh, Domhnall, Conchubhar is Flann. Tángadar ann mar an gcéadna clann Duinn Cuan mic Cinnéididh .i. Longargán Céileachair Cinnéide Fianghalach Innreachtach Eochaidh mac Innreachtaigh is Duibhgheann mac Eochach is Beollán, is ar lean díobh-so da n-aos gráidh is da lucht leanamhna. Táinig ann fós sluagh mór d'fhearaibh Connacht um Thadhg mac Murchadha Uí Ceallaigh rí Ua Maine agus um Mhaolruanuidh na Paidre Ó Eidhin rí Eidhne, mar aon ré mórán d'uaislibh Connacht tré bháidh bhráithreachais ré Brian, ar mbeith do Bhéibhionn fá máthair dhó 'n-a mnaoi Chonnachtaigh. Tig mar an gcéadna Maoilseachlainn mac Domhnaill go neart na Midhe uime i ndáil Bhriain do chongnamh lais.

Agus ar rochtain ar aonláthair go Maigh nEalta dhóibh cuirid inneall is ordughadh catha orra féin leath ar leath;


p.274

Laighean is Lochlonnaigh do leith, agus dá mhac ríogh Lochlonn, mar atá Carolus Cnutus is Andreas 'n-a dtaoiseachaibh orra; Brian go maithibh Muimhneach, Chonnacht is Mhidhe don leith oile, agus Murchadh mac Briain 'n-a thaoiseach orra, acht amháin nar bh'áil lé Maoilseachlainn congnamh leo.

Fearthair an cath go cródha eatorra, is bristear do Lochlonnaibh is do Laighnibh, gur thuiteadar dá mhac ríogh Lochlonn is uaisle an chabhlaigh táinig leo ann, mar aon ré sé mhíle is seacht gcéad do Lochlonnaibh. Do thuit ann fós lucht Átha Cliath is drong oile do Lochlonnaibh an chabhlaigh tuairim cheithre mhíle ann. Do thuit mar an gcéadna rí Laighean is urmhór uaisle Laighean is trí mhíle is céad do Laighnibh mar aon riú.

Do thuit cheana don leith oile Murchadh mac Briain ríoghdhamhna Éireann is urmhór uaisle Muimhneach is Chonnacht 'n-a thimcheall mar aon ré cheithre míle fear. Agus drong do Lochlonnaibh da raibhe ag teitheadh ón árbhach fán dtír, tarla puball Bhriain dóibh agus tug drong díobh aithne gurab é Brian do bhí ann, agus triallais Bruadar a dtaoiseach do bhí ar an mbuidhin sin i ndáil Bhriain is marbhthar leo é; agus marbhthar eisean is a mhuinntear lé muinntir Bhriain. Ag so fós drong oile do mhuinntir Bhriain do marbhadh san chath soin, mar atá Toirrdhealbhach mic Murchadha mic Briain is Conaing mac Duinn Cuan mic Cinnéididh is Mothla mac Domhnaill mic Faoláin rí na n-Déise Mumhan, Eochaidh mac Dúnadhaigh flaith chloinne Scannláin is Niall Ua Cuinn is Cú Doiligh mac Cinnéididh, trí caomhthaigh Bhriain, is Tadhg mac Murchadha Uí Cheallaigh rí Ua Maine, is Maolruanuidh na Paidre Ó hEidhin rí Eidhne, is Géibheannach mac Dubhagáin rí bh-Fear Muighe, is Mac Beathaidh mic Muireadhaigh Chlaoin rí Ciarraidhe Luachra,


p.276

Domhnall mac Diarmada rí Corca Bhaiscinn, Scannlán mac Cathail rí Eoghanachta Locha Léin, is Domhnall mac Éimhin mic Cainnigh is Mórmhaor Marr .i. Muireadhach Mór na h-Alban is iomad d'uaislibh oile nach áirmhighthear annso. Aois an Tighearna an tan tugadh an cath-so Chluana Tarbh 1034 bliadhna, an aoine ria gCáisc. Ag so dearbhadh an tseanchaidh ar an áireamh bliadhan do bhí ó ghein Chríost go bás Bhriain:
    1. Cheithre bliadhna tríochad,
      Ar mhíle gan mheabhail,
      Ó do fhás liaigh dar gcabhair
      Go bás Bhriain i m-Breaghaibh.
Agus ocht mbliadhna is cheithre fichid fá haois do Bhrian an tan soin, amhail adeir an file san rann-so:
    1. Saoghal Bhrain go mbuadhaibh,
      Gus an ngliadh go ngáiribh,
      Cheithre fichid bliadhan
      'Sa hocht iar n-a n-áireamh.
Do bhí fós Murchadh mac Briain trí bliadhna ar thrí fhichid an tan do thuit san chath-so.


p.278