Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 24

XXIV.

Do ghabh Maoilseachlainn mac Domhnaill mic Floinn tSionna mic Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead. Dúnlaith inghean Mhuircheartaigh mic Néill máthair an Mhaoilsheachlainn-se; agus Glúiniarann rí Lochlonnach i n-Éirinn. Is i bhflaitheas an Mhaoilsheachlainn-se do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is lé Maoilseachlainn féin tugadh Cath Teamhrach ar mhacaibh Amhlaoibh agus ar Lochlonnaibh Átha Cliath, áit ar marbhadh Raghnall mac Amhlaoibh ríoghdhamhna Lochlonnach is cúig céad do Lochlonnaibh mar aon ris. Da éis sin do chuaidh Maoilseachlainn rí Eíreann is Eochaidh


p.246

mac Ardghail, do bhí 'n-a rígh Uladh cúig bliadhna déag ar fhichid, do chreachadh is d'argain Átha Cliath ar Lochlonnaibh go ndearnsad foslongphort trí lá is trí n-oidhche ann, go dtugsad an mhéid a bhí i mbroid ag Lochlonnaibh as .i. Domhnall Claon rí Laighean is urruidhe Uí Néill ar cheana, agus do bheanadar do Lochlonnaibh gan oighréir do bheith orra, is saoirse do bheith aca ó Shionainn go muir gan cíos ná cáin uatha do Lochlonnaibh. Is fán am-so do cuireadh Amhlaoibh mac Sitreaca ardtaoiseach Lochlonnach i n-Éirinn ar díbirt is ar deoraidheacht go h-Í Choluim Chille i n-Albain iar n-a ionnarbadh a h-ÉirinnGaedhealaibh.

Téid Maoilseachlainn rí Éireann d'argain is do chreachadh Dál gCais, is do teascadh bile Maighe hAdhar leis. Gidheadh féach, a léaghthóir, an ndeachaidh leis gan díoghail ó Bhrian, amhail is follus da éis so. Agus do hairgeadh Gleann dá Loch lé trí macaibh Cearbhaill mic Lorcáin. Gidheadh do marbhadh iad a dtriúr i n-aon oidhche go grod da éis sin tré fheartaibh Caoimhghin do bheannuigh san áit sin. Is fán am soin fuair Mór inghean Donnchadha mic Ceallaigh bainríoghan Éireann bás, agus Iorard mac Coise príomháidh Ard Macha; agus do hairgeadh Domhnach Pádraig lé Lochlonnaigh Átha Cliath is lé Muircheartach Ua Conghalaigh. Gidheadh do dhíoghail Dia sin orra .i. a mbás do theacht i ndeireadh an mhíosa soin féin. Da éis sin tug Maoilseachlainn rí Éireann fail nó fáinne óir ar éigin ó thaoiseach do Lochlannaibh dar bh'ainm Tomair agus cloidheamh ó thaoiseach oile dar bh'ainm Carlus.

Tairis sin ar n-a mheas d'uaislibh Leithe Mogha is urmhóir Connacht gurab é Brian mac Cinnéididh do bhí ag fagháil duaidh is doghruinge ré díbirt Lochlonnach a h-Éirinn is go dtug Maoilseachlainn do ba rí ar Éirinn an tan


p.248

soin é féin do shádhaile is do sheascaireacht is do shuaimhneas, inneall fá héadtarbhach ré cosnamh Éireann an tráth soin, uime sin, is í comhairle do cinneadh lé Brian is leis na huaislibh do bhí 'n-a fhochair teachta do chur uatha go Maoilseachlainn .i. rí Éireann, da nochtadh dhó nar bh'oircheas do neach flaitheas Éireann do ghabháil acht don tí do chreanfadh é féin ré tathfann eachtrann as an gcrích, agus ó's é Brian do bhí ag fagháil duaidh a ndíbeartha gur dhlightheach dó flaitheas Éireann d'fhagháil trés an gcrích d'fhóirithin a hanbhroid allmhurrach. Iarraid fós ar an rígh coinne do fhreagra dhóibh ag Maigh dá Chaomhóg, agus níor aontuigh sin. Da éis sin do chuir Brian mac Cinnéididh cruinniughadh is coimhthionól ar uaislibh Leithe Mogha idir Lochlonnaibh is Ghaedhealaibh go haonláthair, óir fá héigean don mhéid do Lochlonnaibh do bhí i Leith Mogha bheith umhal dó fán am soin, agus triallais Brian leo go Teamhraigh na Ríogh.

Leis sin iomorro cuiris teachta uaidh go Maoilseachlainn fa rí Éireann, da iarraidh air braighde do chur chuige fá bheith umhal urramach mar rígh Éireann dó féin, nó cath do fhreagra dhó. Gidheadh tug Brian a rogha do Mhaoilseachlainn díobh. Do b'é freagra Mhaoilsheachlainn ar na teachtaibh, dá bhfaghadh cairde míosa ó Bhrian ré coimhthionól Leithe Cuinn chuige go haonláthair go dtiubhradh cath nó géill do Bhrian; agus do ghabh comairce ag na teachtaibh gan a léigean do Bhrian an Mhidhe d'ionnradh ná d'argain acht anmhain i d-Teamhraigh ar feadh na míosa soin, agus an tan do-ghéabhadh freagra ó Leith Cuinn go dtiubhradh féin cath nó braighde dhó. Tillid na teachta tar a n-ais go Brian agus nochtaid freagra Mhaoilsheachlainn orra. ‘Maseadh’ ar Brian, ‘do-bheirim an cairde sin dóibh.’

Acht cheana is í comhairle ar ar cinneadh lé Maoilseachlainn Giolla Comhghaill Ó Sléibhín .i. a ollamh féin do chur


p.250

ar ceann Aodha Uí Néill is Eochach mic Ardghail ríogh Uladh, is Cathail Uí Chonchubhair ríogh Connacht, 'ga iarraidh orra tigheacht gan fuireach do fhreastal chatha leis féin i n-aghaidh Bhriain is Dál gCais, agus muna dtigdís sin uile do chosnamh shaoirse Teamhrach da gcine féin atá 'n-a seilbh lé cian d'aimsir go dtiubhradh féin braighde do Bhrian fá bheith umhal dó, do bhrígh nach raibhe ionchomhlainn ris, ‘agus is fíor,’ ar Maoilseachlainn, ‘nach mó do náire dhamh-sa gan Teamhair do chosnamh ioná do chlannaibh Néill is do shluagh Leithe Cuinn ar cheana.’ Triallais an t-ollamh leis na scéalaibh sin go huaislibh Leithe Cuinn, agus nochtais a thuras is a thoisc dóibh. Gidheadh is é freagra thug Aodh Ó Néill air: ‘An tan do bhí Teamhair ag Cinéal Eoghain,’ ar sé, ‘do chosnadar féin í, agus an té ag a bhfuil sí anois seasuigheadh a saoirse;’ agus adubhairt fós nach cuirfeadh féin Dál gCais i bhfala ris ag cosnamh ríghe do neach oile. Táinig an t-ollamh tar a ais go Maoilseachlainn is nochtais freagra Aodha Uí Néill dó. Acht cheana téid Maoilseachlainn féin d'ionnsuighe Aodha, is gabhais ag a ghuidhe um theacht lais do chur chatha i n-aghaidh Dál gCais, agus adubhairt ris, ‘Cosain Teamhair duit féin,’ ar sé, ‘agus do-bhéar-sa braighde dhuit fá Theamhair do léigean chugat, óir is fearr liom ionás a beith ag Brian. Taire sin muna dtigidh tusa liom caithfead umhla do Bhrian ó nach fuilim ionchomhraic ris.’

Cuiris Aodh Ó Néill cruinniughadh is comthionól ar Chinéal nEoghain go haonláthair chuige, agus nochtais dóibh turas Mhaoilsheachlainn da n-ionnsuighe agus na tairgsiona tug dó féin tré dhul leis do chur chatha i n-aghaidh Bhriain is Dál gCais. Do fhreagairsiod Cinéal Eoghain dó agus is eadh adubhradar nach raibhe acht cealg i ngealladh Mhaoilsheachlainn dó, ‘óir is dearbh lais gurab sine is gurab fearr é féin ioná thusa, agus uime sin nach iarrfá flaitheas Éireann air


p.252

féin feadh a ré. Gidheadh,’ ar siad, ‘do badh maith lais sinne is tusa do dhul lais do fhreastal chatha dhó i n-aghaidh Dál gCais.’ Tairis sin do ráidh Aodh riú dul do chinneadh chomhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus freagra maith do thabhairt ar Mhaoilseachlainn, ‘ionnus’ ar sé, ‘nach budh dortadh flaithis dúinn a thuras chugainn.’ Do chuadar iomorro Cinéal Eoghain i gcogar is i gcomhairle eatorra féin fán gcúis sin, agus is eadh do measadh leo dá dtéidís féin do chur chatha i n-aghaidh Dhál gCais, nar chosmhail a bheag díobh do thilleadh tar a n-ais ón gcathughadh soin. Ar an adhbhar soin adubhradar nar bhfuláir leo sochar d'fhagháil da gcloinn tar a n-éis. ‘Óir ní bhiadh ar súil-ne ré sochar ná ré somhaoin dar rochtain féin,’ ar siad, ‘dá ndeachmaois do chathughadh ré Dál gCais .i. an cine is cródha agus is calma i gcathláithribh, agus an cine fós nar theith ré Lochlonnaibh riamh; is deimhin nach teithfidís rómhainn-ne acht mar sin.’ Uime sin is í comhairle ar ar cinneadh leo leath na Midhe is fhearainn na Teamhrach d'fhagháil ó Mhaoilseachlainn dóibh féin is da sliocht 'n-a ndiaidh, tré theacht leis san gcomhdháil sin, agus nochtaid do Mhaoilseachlainn gurab í sin comhairle ar ar chinnsiod. Ar n-a chlos sin do Mhaoilseachlainn gabhais fearg mhór é, agus do imthigh uatha fá dhiomdaigh da thigh, agus cuiris cruinniughadh ar chloinn Cholmáin chuige, is innisis freagra Aodha Uí Néill is Chinéil Eoghain dóibh.

Acht cheana is í comhairle do rónsad uime sin, Maoilseachlainn do dhul ar a aghaidh go teach Bhriain, mar a raibhe a fhoslongphort i d-Teamhraigh ré mí roimhe sin, agus fir Mhidhe ag a bhiathadh ann. Triallais iomorro Maoilseachlainn go Teamhraigh agus dá céad is dá fichid marcach 'n-a fhochair, gur thuirling ar faithche na Teamhrach amhlaidh sin, agus téid do láthair gan chor gan chomairce go teach Bhriain ar


p.254

oineach Bhriain féin is Dál gCais, is do innis a scéala ó thús go deireadh do Bhrian, agus adubhairt dá mbeith féin ionbhuailte ré Brian go madh cath do-bhéaradh dó. Agus ó nach raibhe gur do thabhairt bhraighde is ghiall dó tháinig an tráth soin. Ar n-a chlos sin do Bhrian is eadh adubhairt, ‘Ó thángais im theach-sa gan cor gan comairce do-bheirim cairde bliadhna dhuit gan géill ná braighde d'iarraidh ort, agus rachad-sa féin d'fhios na druinge sin budh thuaidh .i. Aodh Ó Néill is Eochaidh mac Ardghail rí Uladh go bhfeasainn gá freagra do-bhéaraid orm; agus madh cath do-bhéaraid damh, ná cuir-se im aghaidh leo.’ Geallais Maoilseachlainn ná cuirfeadh, agus adubhairt nar bh'í a chomhairle féin do Bhrian dul budh thuaidh an tráth soin, acht gur bh'fhearr dó triall da thigh go ham oile, ‘óir is lór duit mise do ghiall duit don turas-so.’ Do cinneadh ar an gcomhairle sin leo, agus fá maith lé Dál gCais é, do bhrígh go rabhadar i ndeireadh a lóin do chaitheamh; agus ar mbeith ag tilleadh tar a ais do Bhrian do bhronn sé dá fhichid déag each do Mhaoilseachlainn, mar aon ré hiomad óir is airgid do dháil da mhuinntir.

I gcionn bhliadhna iar sin do cruinnigheadh is do comhthionóileadh mórshluagh Leithe Mogha uile idir Ghaedhealaibh is Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnéididh. Tángadar ann Lochlonnaigh Átha Cliath is Phuirt Lairge, Locha Garman is Ó nEachach Mumhan, Corca Luighdheach is Uíbh gCinnsealaigh; agus triallais Brian leis an mórshluagh soin go h-Áth Luain, go dtugadar uaisle Connacht braighde uatha fá bheith umhal mar airdrígh dhó.

Cuiris iomorro Brian teachta go Maoilseachlainn da iarraidh air braighde do chur chuige go h-Áth Luain is táinig Maoilseachlainn féin do thabhairt ghiall is bhraighde dhó. Is ann sin cheana do rónadh mórshluagh fhear Mumhan is Connacht


p.256

is Laighean is fear Midhe lé Brian, agus téid leo go Dún Dealgan, gur gabhadh gialla is braighde Uladh uile leis. Agus is mar sin do ghabh Brian Bóraimhe ríoghacht Éireann lé calmacht is lé cródhacht a ghníomh goile is gaiscidh, ag ionnarbadh eachtrann is Danar as an gcrích, agus ní go cealgach amhail adeirid drong oile. Óir ní hé an mac i n-áit an athar fá gnáth ag gabháil fhlaitheasa Éireann, mar is follus as an stair anuas go ró so, acht an tí fá mó oirbheart is arrachtas gníomh, is dó do léigthí flaitheas Éireann. Agus do bhrígh gurab é Brian fá mó oirbheart 'n-a aimsir féin d'Éireannchaibh do thoghadar urmhór uaisle Éireann ré ceannas na críche do ghabháil é, agus an mhéid díobh nar aontuigh flaitheas Éireann da rochtainn, fá héigean dóibh giall da n-aimhdheoin dó, agus fá héigean do Mhaoilseachlainn flaitheas Éireann do thréigean is a léigean do Bhrian, amhail adubhramar.