Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 23

XXIII.

Iar dtilleadh iomorro do Cheallachán don Mhumhain do mheas méid na hanbhroide do bhí ag Lochlonnaibh ar an Mumhain, agus do rinne féin is uaisle Muimhneach do chomhairle ucht do thabhairt orra da ndíbirt, agus lingid ar dtús ar Luimneach, agus marbhais Ceallachán is a shluagh cúig céad díobh, agus tug a mbraighde leis. Da éis sin airgthear Corcach leis, agus tug a mbraighde is a maoine leis. Airgthear fós Caiseal leis, agus marbhthar trí céad do Lochlonnaibh ann. Téid as sin go Port Lairge is gabhthar an baile is airgthear leis é, agus tug maidhm mór ar Shitric mac Íomhair agus marbhais cúig céad da mhuinntir, agus teithis Sitric féin 'n-a loingeas, agus fillis Ceallachán go Domhnall Ó bhFaoláin rí na n-Déise, agus tug a shiúr féin Gormfhlaith inghean Bhuadhacháin 'n-a mnaoi dhó. Is grod da éis sin go bhfuair Ceallachán bás is do ghabh


p.234

Feargráidh mac Ailghionáin mic Donnghaile flaitheas Mumhan iar mbás Cheallacháin gur mharbhadar a chine féin i bhfeall é. Gabhais Mathghamhain mac Cinnéididh da éis sin flaitheas Mumhan dá bhliadhain déag agus Echthighearn mac Cinnéididh i gceannas Tuadhmumhan ré a linn.

Is é Mathghamhain mac Cinnéididh rí Mumhan is a dhearbhráthair Brian mac Cinnéididh, do bhí 'n-a mhacaomh óg an tráth soin, tug Cath Sulchóide ar Lochlonnaibh, áit ar marbhadh Teitill Tréinmhíleadh Ruamonn is Bearnard Muiris Luimnigh is Torolbh is dá chéad déag do Lochlonnaibh mar aon riú; agus do lean Mathghamhain is Brian is Dál gCais an ruaig orra fá shráidibh Luimnigh isteach agus do marbhadh iomad díobh ar na sráidibh agus ann sna tighthibh, go dtugsad uatha iomad óir is airgid seod is maoine; do loiscsiod is do thrascairsiod a ndúinte is a ndaingne mar an gcéadna. Go grod da éis sin do fealladh ar Mhathghamhain mac Cinnéididh lé Donnabhán 'n-a thigh féin, is do thiodhlaic do mhac Brain is do Ghallaibh é tar chomairce Cholaim mic Ciaragáin comhorba Bairre, is do marbhadh Mathghamhain tar chomhairce an naoimh lé mac Brain.

Is ré linn Donnchadha mic Floinn tSionna ríogh Éireann ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, tarladar na neithe-se romhainn síos, mar atá, bás Chiaráin easpuig Tuiléin agus triall an Donnchadha céadna d'argain is do chreachadh Chonnacht. Gidheadh do marbhadh iomad da mhuinntir i n-Duibhthír Átha Luain, áit ar thuit Cionaoth mac Conchubhair rí Ó bhFáilghe. Is fán am-so do hairgeadh Cluain mic Nóis lé Lochlonnaibh agus a dteacht as sin ar Loch Ríbh gur airgsiod na tíortha da gach leith dhí. Do hairgeadh fós is do creachadh Éininse lé Lochlonnaibh, is do marbhadh dá chéad déag do Ghaedhealaibh ann. Da éis sin do báthadh dá chéad déag do


p.236

Lochlonnaibh ar Loch Rudhruighe, agus do ghabhadar Lochlonnaigh Átha Cliath Faolán mac Muireadhaigh rí Laighean is a chlann mar aon ris, agus no hairgeadh Dún SobhairceLochlonnaibh Locha Cuan is do hairgeadh Cill Dara lé Lochlonnaibh Puirt Lairge. Go grod da éis sin tugadh ár rómhór ar Lochlonnaibh lé h-Ulltaibh, áit ar thuit ocht gcéad do Lochlonnaibh ann, mar aon ré triúr taoiseach do bhí orra, mar atá Albdán Aufer is Roilt, lé Muircheartach mac Néill.

Is fán am-so do bhí an oiread soin do thrácht ceannaidheachta i n-Éirinn an tan táinig iarla Oilfinn do Lochlonnaibh go neart Luimnigh is Connacht do Lochlonnaibhaonach Rosa Cré lá Peadair is Póil, gur éirgheadar lucht an aonaigh 'n-a gcoinne, gur fearadh cath eatorra, is do marbhadh a trí nó a ceathair do mhíltibh do Lochlonnaibh ann; agus an t-iarla féin do marbhadh é mar aon riú, do réir Fhinghin mic Carrthaigh san leabhrán ro scríobh go cumair ar dhálaibh Éireann ó thús gus an am-so. Is é iomorro Tadhg mac Cathail fá rí Connacht fiche bliadhan an tan soin; agus fuair Sitric mac Íomhair rí Fionnlochlonnach is Dubhlochlonnach bás an tráth-so. Is fán am-so tugadh ár mór ar Lochlonnaibh Locha OirbseanConnachtaibh, agus tugadh deargár ar Lochlonnaibh Loch nEachach lé Conaing mac Néill, áit ar thuit dá chéad déag díobh. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh ar Loch Éirne, gur hairgeadh cealla is tuatha leo; agus do hairgeadh Ard Macha lé Gothfraidh taoiseach Locha Cuan; do hairgeadh Cill Chuilinn le h-Amhlaoibh mac Gothfradha, go dtug deich gcéad do bhraighdibh as leis. Do hairgeadh Oileach Néid lé Lochlonnaibh is do gabhadh Muircheartach mac Néill ann, gur fhuascail Dia go míorbhaileach é. Go grod da éis sin do marbhadh Aralt mac Íomhair taoiseach Lochlonnach Luimhnigh lé Connachtaibh agus fuair Amhlaoibh mac Gothfradha rí


p.238

Fionnlochlonnach is Dubhlochlonnach bás, agus do marbhadh Lorcán mac Faoláin rí Laighean lé lucht na Normandie. Is fán am-so táinig mac prionnsa na Breatan, Rodoricus a ainm, d'argain Éireann agus marbhthar lé h-Éireannchaibh é, do réir Hanmer, an tan fá haois don Tighearna 966. Is fán am-so do hairgeadh Áth Cliath lé Conghal mac Maoilmhithidh, áit ar marbhadh dá fhichid is céad do Lochlonnaibh ann, agus tugadh a seoide is a maoine uatha. Da éis sin fuair Donnchadh mac Floinn tSionna rí Éireann bás.

Do ghabh Conghalach mac Maoilmhithidh mic Flannagáin mic Ceallaigh mic Conaing mic Conghaile mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Muire inghean Chionaotha mic Ailpín ríogh Alban máthair an Chonghalaigh-se. Is 'n-a fhlaitheas do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is ann fuair Etimonn rí Sacsan bás agus Bláthchuire mac Íomhair rí na Normandie, agus tugadh Cath Muine Brógáin lé Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann ar Lochlonnaibh, áit ar thuit seacht míle dhíobh is iomad do Ghaedhealaibh don leith oile.

An ceathramhadhdh bliadhain do fhlaitheas an Chonghalaigh-se mic Maoilmhithidh do ghabh Brian Bóroimhe mac Cinnéididh ríoghacht Mhumhan; agus an dara bliadhain iar ngabháil fhlaithis Mumhan do Bhrian do fhógair Cath Bealaigh Leachta ar Mhaolmuaidh mic Brain rí Ó nEachach i ndíoghail a dhearbhráthar Mathghamhna do marbhadh i bhfeall lé muinntir mic Brain. Tionólais mac Brain mórshluagh do Ghallaibh is do Ghaedhealaibh, ionnus go rabhadar míle go leith do Lochlonnaibh aige agus cath mór do Ghaedhealaibh. Tairis sin do bhris Brian is Dál gCais díobh gur marbhadh iomad nach áirmhighthear dhíobh, agus an mhéid nachar marbhadh do


p.240

gabhadh lé Brian iad. Da éis sin do thógaibh Domhnall Ó Faoláin rí na n-Déise is Íomhar Phuirt Lairge cogadh ar Bhrian agus do hairgeadh urmhór na Mumhan leo. Gidheadh an tan rug Brian orra, is do fearadh cath eatorra i bh-Fán mic Connrach, do bhris Brian do Lochlonnaibh is do rígh na n-Déise, agus leanais Brian is Dál gCais an briseadh go Port Lairge, agus do marbhadh Domhnall Ó Faoláin is urmhór Ghall Phuirt Lairge lé Brian an tan soin. Do hairgeadh is do loisceadh an baile leis.

I gcionn ocht mbliadhan iar ngabháil fhlaithis Mumhan do Bhrian, fá héigean do Leith Mogha uile giall dó. Gidheadh iar n-éag do Dhomhnall Chlaon mac Domhnaill rí Laighean, do chuadar Lochlonnaigh is Gaedhil Laighean i n-easumhla ar Bhrian. Tionólais Brian mórshluagh Mumhan i n-aghaidh Gall is Laighean gur commóradh Cath Ghlinne Máma eatorra. Acht cheana do bhris Brian do Lochlonnaibh is do Laighnibh, gur marbhadh cheithre míle dhíobh san chath soin. Ga dtám ris do bhris Brian cúig catha fichead ar Lochlonnaibh ón gcéadchath tug orra gus an gcath ndéidheanach i n-ar marbhadh é féin .i. Cath Cluana Tarbh.

Da éis sin téid Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann d'argain is do chreachadh Mumhan gur marbhadh dá mhac Cinnédidh mic Lorcáin leis .i. Echthighearn is Donn Cuan. Do hairgeadh da éis sin Ceanannus is Domhnach Pádraig is Ard Pádraig is Cill Scire is iomad ceall oile ó shoin amach lé Gothfraidh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Atha Cliath, áit ar gabhadh trí mhíle do dhaoinibh ann mar aon ré hiomad óir is airgid is éadála do bhreith as leo. Is fán am-so fuair Eithne inghean Fhearghaile bainríoghan Éireann .i. bean Chonghalaigh mic Maoilmhithidh bás is Maolcolum mac Domhnaill rí Alban is Gaoithinne easpog Dúin


p.242

Leathghlaise is Tadhg mac Cathail rí Connacht. Is grod da éis sin gur marbhadh Conghalach mac Maoilmhithidh rí Éireann i n-Ard Macha lé Lochlonnaibh Átha Cliath is lé Laighnibh.

Do ghabh Domhnall mac Muircheartaigh mic Néill Ghlúnduibh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is i bhflaitheas an ríogh-so do hairgeadh Cill Dara lé h-Amhlaoibh mac Sitreaca is lé Lochlonnaibh Átha Cliath; agus do chuaidh Domhnall mac Muircheartaigh rí Éireann do chreachadh is d'argain Chonnacht, go dtug creacha is braighde ó Fhearghal Ó Ruairc do bhí 'n a rígh Connacht an tan soin.

Is fán am-so fós do tógbhadh teampull mhór Thuama Gréine is a chloigtheach lé Cormac Ua Cillín easpog Thuama Gréine, is do marbhadh Fearghal Ua Ruairc rí Connacht lé Domhnall mac Conghalaigh mac Maoilmhithidh, agus do hairgeadh is do loisceadh Luimneach ar Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnédidh rí Mumhan. Da éis sin do chuaidh Domhnall Ó Néill go sluagh líonmhar mar aon ris go Laighnibh gur airg an chríoch ó Bhearbha soir go fairrge, is go ndearnaidh foslongphort dá mhíos ann d'aimhdheoin Lochlonnach is Laighean; agus fuair Maoilfinnéin mac Uchtáin easpog Ceanannsa is comhorba Ulltáin bás, agus do hairgeadh Ceanannus lé h-Amhlaoibh Cuarán is lé Lochlonnaibh Laighean, go dtug creach mhór is iomad éadála as, agus tug maidhm mór adhbhal ar Uíbh Néill, áit ar thuit iomad da gach leith. Is fán am-so tugadh Cath Cille Móna lé Domhnall mac Conghalaigh is le Lochlonnaibh Átha Cliath ar Dhomhnall mac Muircheartaigh rí Éireann, áit ar thuit Ardghal mac Madagáin do bhí 'n-a rígh Uladh seacht mbliadhna déag, is Donnagán mac Maoilmhuire rí Oirghiall is iomad do dhaoinibh uaisle oile mar aon ris. Go grod


p.244

da éis sin fuair Béacán easpog Finne bás, agus Cionaoth Ó Hartagáin príomháidh Ard Macha, agus do gabhadh Ughaire mac Tuathail rí LaigheanLochlonnaibh Átha Cliath. Da éis sin do hairgeadh Inis Cathaigh ar Lochlonnaibh lé Brian mac Cinnéididh rí Mumhan, áit ar thuit ocht gcéad do Lochlonnaibh ann; agus do gabhadh triar taoiseach do Lochlonnaibh ann .i. Íomhar, Amhlaoibh is Duibhgheann; gonadh de sin adeir an file:
    1. An t-ár i n-Inis Cathaigh
      Leat tugadh, ní gníomh meathaigh,
      Dar mharbhais ríoghruidh na n-Gall
      Um Íomhar is um Dhuibgheann.

Is fán am-so tugadh Cath Biothlainne ar LaighnibhLochlonnaibh Átha Cliath, mar ar marbhadh Ughaire mac Tuathail rí Laighean. Go grod da éis sin fuair Domhnall mac Muircheartaigh rí Éireann bás i n-Ard Macha.