Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 22

XXII.

Is i bhflaitheas Donnchadha mic Floinn tSionna rí Éireann do rinneadh na gníomha-so síos. Óir is i dtosach a fhlaithis do ghabh Ceallachán mac Buadhacháin ré ráidhtear Ceallachán Caisil ceannas dá chóigeadh Mumhan ar feadh deich mbliadhan. Féach mar tháinig Cinnéide mac Lorcáin go Gleannamhain i gcomhdháil uaisle Mumhan sul do ríoghadh Ceallachán agus do mheas Cinnéide teacht idir Cheallachán is ríoghacht Mhumhan. Gidheadh táinig máthair Cheallacháin a Caiseal, óir is ann do chomhnuigh sí i bhfochair a hoideadha comhorba Pádraig, agus ar dteacht san gcomhdháil di adubhairt ré Cinnéide cuimhniughadh ar an dáil do bhí idir Fhiachaidh Muilleathan is Chormac Cas fá oighreacht Mhumhan do bheith fá seach idir an dá shliocht thiocfadh uatha leath ar leath; gonadh da fhaisnéis sin atá an rann-so ar bhriathraibh na mná:

    1. Cuimhnigh a Chinnéide chais,
      Dáil Fhiachach is Chormaic Cais,
      Gur fhágsad Mumhain do roinn
      Go ceart idir a gcaomhchloinn.

Agus táinig d'aitheasc na mná gur léig Cinnéide flaitheas Mumhan do Cheallachán.

Da éis sin do ghabhadar Lochlannaigh Ceallachán i gceilg, gur bheanadar síol nEoghain is Dál gCais amach da n-aimhdheoin é. Iar mbriseadh iomorro iomad cath do Cheallachán is d'uaislibh Muimhneach ar Lochlonnaibh, agus iar n-a n-ionnarbadh as an Mumhain, is í comhairle ar ar chinn Sitric mac Tuirgéis fá h-ardtaoiseach orra cleamhnas do luadh ré Ceallachán, mar atá a shiúr féin Béibhionn inghean Tuirgéis do thabhairt mar bhainchéile dó, agus saoirse dá Chúigeadh Mumhan do bheith aige ó Lochlonnaibh gan agra gan


p.224

éiliughadh 'n-a diaidh air, ionnus an tan do rachadh Ceallachán ar a ionchaibh féin do phósadh a sheathrach go muirbhfidhe é féin is an mhéid d'uaislibh Muimhneach do bhiadh mar aon ris; agus do léig cogar na ceilge sin le Donnchadh mac Floinn rí Teamhrach ar mbeith i bhfaltanas ré Ceallachán dó tré gan cíos Mhumhan do dhíol ris, agus uime sin aontuighis do Shitric an chealg d'imirt ar Ceallachán is ar uaislibh Muimhneach. Leis sin cuiris Sitric teachta do luadh an chleamhnasa ré Ceallachán agus ar rochtain do na teachtaibh do lathair Cheallacháin is eadh do thogair mórshluagh do thabhairt leis do phósadh na mná. ‘Ní hamhlaidh is cóir,’ ar Cinnéide mac Lorcáin, ‘óir ní dleaghair an Mhumha d'fhágbháil gan chosnamh; agus is eadh is indéanta dhuit neart sluagh d'fhágbháil ag coimhéad na Mumhan agus cheithre fichid mac tighearna do bhreith leat do phósadh na mná.’

Agus is í sin comhairle ar ar cinneadh leo; agus ar dtriall san turas soin do Cheallachán an oidhche sul ráinig go h-Áth Cliath, fiafruighis Mór, inghean Aodha mic Eachach inghean ríogh Inse Fionnghall do ba bean do Shitric, créad fá raibhe ag déanamh cleamhnasa ré Ceallachán i ndiaidh ar thuit d'uaislibh Lochlonnach leis? ‘Ní ar a leas luaidhtear an cleamhnas liom,’ ar sé, ‘acht ar tí ceilge d'imirt air.’

Beadhgais an bhean leis na briathraibh sin, ar mbeith dhi i ngrádh folaightheach ré Ceallachán ré cian d'aimsir roimhe sin, ón tráth do chonnairc i b-Port Lairge é, agus do-ní moichéirghe ar maidin ar n-a mhárach is téid ós íseal ar an raon 'n-ar shaoil Ceallachán do bheith ag teacht; agus mar ráinig Ceallachán do láthair beiris sise i bhfód fá leith é agus nochtais dó an chealg do bhí ar n-a hollmhughadh ag Sitric 'n-a chomhair ré a mharbhadh; agus mar do mheas Ceallachán tilleadh ní raibhe sé ar cumas dó óir do bhádar na maighe ar gach leith don ród lán do scoraibh Lochlonnach i n-oirchill ar a ghabháil. Mar do thogair tilleadh tar a


p.226

ais luighthear leo-san da gach leith air agus marbhthar drong do na huaislibh do bhí 'n-a fhochair, is marbhthar leo-san mar an gcéadna lucht do na Lochlonnaibh. Gidheadh lingid antrom an tsluaigh ar Cheallachán gur gabhadh é féin is Donn Cuan mac Cinnédidh ann, is rugadh go h-Áth Cliath ar láimh iad, is as sin go h-Ard Macha mar a rabhadar naoi n-iarla do Lochlonnaibh go n-a mbuidhin da gcoimhéad.

Dála na druinge do chuaidh as ón gcoinbhliocht soin d'uaislibh Muimhneach, triallaid don Mhumhain is nochtaid a scéala do Chínnéide agus leis sin ollmhuighthear dá shluagh lé Cinnéide do thóraidheacht Cheallacháin, mar atá sluagh do thír is sluagh do mhuir; agus do rinne taoiseach ar an sluagh do bhí do thír do Dhonnchadh mac Caoimh rí an dá Fhearmaighe, agus do ghabh Cinnéide ag cur mheisnigh ann aga mhaoidheamh air go rabhadar aoinrí déag da shinnsearaibh i bhflaitheas Mumhan, mar atá Airtre, Cathal mac Fionghaine, Fionghaine mac Cathail, Cú gan Mháthair, Cathal ré ráidhtí Ceann Géagáin, Aodh, Flann Cathrach, Cairbre, Criomhtann, Eochaidh, is Aonghus mac Natfraoich. Do chuir Cinnéide fós deich gcéad do Dhál gCais leis is triúr taoiseach ós a gcionn, mar atá Coscrach Longargán is Conghalach, amhail adeir an laoidh: Éirgheadh fiche céad budh thuaidh.

Ag so an rann as an laoidh chéadna ag aithfhriothal briathar Cinnédidh:

    1. Éirgheadh ann Coscrach na gcath,
      Agus Longargán laghach,
      Éirgheadh Conghalach ón linn.
      Mo thrí dearbhráithre adeirim.
Do chuir Cinnéide fós cúig céad oile do Dhál gCais lé Síoda mac Síoda ó chloinn Choiléin ann, agus cúig céad oile do Dhál gCais lé Deaghaidh mac Domhnaill i n-éagmais a ndeachaidh do shluagh ó shaorchlannaibh oile Mumhan ann. Do chuir an dara mórshluagh do mhuir ann agus Failbhe Fionn rí Deasmhumhan 'n-a thaoiseach orra.

Dála na sluagh do thír, triallaid as an Mumhain i


p.228

g-Connachtaibh is do léigeadar sceimhiolta go Muaidh is go h-Iorrus is go h-Umhall do thionól chreach go foslongphort Muimhneach; agus ní cian do bhádar an foslongphort ag fuireach ris na sceimhealtaibh an tan atchonncadar sluagh deigheagair ag teacht da n-ionnsaighe, agus fá hé a líon deich gcéad agus aonóglaoch 'n-a réamhthosach; agus mar ráinig do láthair fiafruighis Donnchadh mac Caoimh cia hiad an tsluaghbhuidhean soin. ‘Dream do Mhuimhneachaibh iad,’ ar sé, ‘mar atáid Gaileanga is Luighne do chloinn Taidhg mic Céin mic Oiliolla Óluim agus fir Dhealbhna do shliocht Dealbhaoith mic Cais mic Conaill Eachluaith atá ag tabhairt neirt a lámh libh-se tré chommbáidh bhráithreasa ré cur i n-aghaidh Dhanar agus ré buain Cheallacháin ríogh Mumhan díobh. Agus atáid trí taoisigh ághmhara i gceannas an tsluaigh-se, mar atá Aodh mac Dualghusa is Gaileanga uile uime, Diarmaid mac Fionnachta is Luighnigh uime, is Donnchadh mac Maoldomhnaigh ós fearaibh Dealbhna ann’; agus is da dhearbhadh sin atá an laoidh seanchusa darab tosach an céadrann-so:
    1. Atfuilit sonn clanna Céin,
      Agus Dealbhaoith ar aoinréim,
      Ag toigheacht is an sluaghadh,
      Is budh libh-se a n-iommbualadh.
Agus is amhlaidh do bhádar an sluagh-so .i. cúig cé.ad díobh 'n-a lucht sciath is cloidheamh agus cúig céad 'n-a saighdeoiribh. Triallaid as sin i d-Tír Chonaill an sluagh Muimhneach agus an fhuireann soin táinig do chongnamh leo mar aon, agus creachtar an tír leo. Tig Muircheartach mac an Arnalaidh d'iarraidh aisig na gcreach go háiseach ar Dhonnchadh mac Caoimh; agus adubhairt Donnchadh nach tiubhradh acht fuigheall sásuighthe na sluagh dhó don chreich. Leis sin tréigis Muircheartach an sluagh agus cuiris teachta ós íseal go cloinn Tuirgéis i n-Ard Macha 'gá fhaisnéis

p.230

dóibh an sluagh Muimhneach do bheith ag tóraidheacht Cheallacháin ar tí a bhuana amach.

Dála chloinne Tuirgéis triallaid a h-Ard Macha naonbhar iarla go n-a sluagh Lochlonnach, is Ceallachán is Donn Cuan i mbroid leo. Iomthúsa sluagh Mumhan triallaid go h-Ard Macha is marbhaid a dtarla da gcóir do Lochlonnaibh agus ar a chlos ar n-a mhárach dhóibh Sitric go n-a shluagh do dhul ré Ceallachán go Dún Dealgan triallaid 'n-a dtóraidheacht, agus mar do mhothuigh Sitric iad ag teacht i ngar don bhaile, téid féin is a shluagh 'n-a longaibh is Ceallachán is Donn Cuan leo, agus tig an sluagh Muimhneach ar imeall na trágha ar a gcomhair, agus iad ag agallmha Lochlonnach. Agus leis sin atchíd cabhlach mór ag tigheacht san chuan chuca, agus tugadar Muimhnigh aithne gurab é Failbhe Fionn go n-a chabhlach do bhí ann.

Triallais Failbhe go n-a chabhlach go réimdhireach i ndáil na Lochlonnach agus tug ucht ar an luing i n-a raibhe Sitric is Tor is Maghnus, agus lingis ar bord luinge Shitreaca isteach agus dá chloidheamh 'n-a dhá láimh; agus gabhais ag gearradh na dtéad lé raibhe Ceallachán ceangailte don tseolchrann, leis an gcloidheamh do bhí 'n-a láimh chlí, gur scaoil do Cheallachán is gur léig ar chláraibh na luinge anuas é; agus leis sin tug cloidheamh na láimhe clí do Cheallachán. Téid Ceallachán a luing Shitreaca i luing Fhailbhe agus anais Failbhe ag comhthuargain Lochlonnach gur marbhadh tré anfhorlann Lochlonnach é, is gur bheanadar a cheann de. Tig Fianghal taoiseach da mhuinntir 'n-a áit san choinbhliocht soin, is beiris go heasaontach ar bhrollach ar Shitric, is teilgis iad ar aon tar bord na luinge amach, go ndeachadar go grian, gur báthadh amhlaidh sin iad.

Tig Séaghdha is Conall dá thaoiseach oile is beirid ar dhá bhráthair Shitreaca, .i. Tor is Maghnus is beirid tar bord na luinge amach iad, gur báthadh amhlaidh sin iad a


p.232

gceathrar. Agus mar sin da gach fuireann oile do Ghaedhealaibh, lingid ar Lochlonnaibh, gur briseadh is gur bearnadh gur marbhadh is gur míochóirigheadh leo iad, go nach téarna dhíobh uatha acht beagán do chuaidh tré luas a long as, agus tigid féin is Ceallachán i dtír ar n-a fhóirithin a hanbhroid Lochlonnach amhlaidh sin lé cródhacht is lé calmacht na Muimhneach; agus triallaid as sin don Mhumhain mar aon lé Ceallachán, gur ghabh sé ceannas a chríche féin arís.

Agus ré dtriall dóibh ó Áth Cliath don Mhumhain do thogair Murchadh mac Floinn rí Laighean cath do thabhairt dóibh tré mharbhadh Lochlonnach ag buain Cheallacháin díobh. Gidheadh ar bhfaicsin chródhachta is chalmachta na Muimhneach do léigeadar tarsa iad gan cath do thabhairt dóibh.