Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 21

XXI.

Táinig iar sin Flann Sionna rí Éireann marcshluagh mór ríoghdha do chur Dhiarmada mac Cearbhaill i righe Osruighe i ndiaidh bháis a dhearbhráthar Cheallaigh mic Cearbhaill do bhí i bhflaitheas Osruighe roimhe, gur thuit san chath-so ag congnamh lé Chormaic, ar mbeith umhal dó fá chíos do dhíol ris tré bheith 'n-a rígh Leithe Mogha dhó. Is ann sin tángadar drong i ndáil Fhloinn Sionna ríogh Éireann agus ceann Chormaic mic Cuileannáin aca, agus is ead adubhradar ré Flann: ‘Beatha is sláinte dhuit, a rí choscraigh chumhachtaigh, ag so ceann Chormaic ríogh Mumhan againne dhuit, agus amhail is béas do na ríoghaibh oile, tógaibh do shliasad agus cuir an ceann fúithe is foirdhing é dot shliasaid. Óir fá nós ag na ríoghaibh romhat an tan do marbhthaoi rí i gcath leo a cheann do bhuain de is a chur fá n-a sliasaid da fhoirdhinge.’ Gidheadh ní buidheachas tug ar an druing sin acht aithbhear an gníomha soin do thabhairt orra go rómhór, agus adubhairt gur thruaighe a cheann do bhuain don easpog naomhta agus do ráidh nach diongnadh féin a fhoirdhinge; agus do ghabh Flann an ceann 'n-a láimh is do phóg é go dtug 'n-a thimcheall fá thrí ceann coisreacdha an easpuig naomhtha.

Agus rugadh uaidh iar sin an ceann go honórach d'ionnsuighe an chuirp mar a raibhe Maonach mac Siadhail comhorba Comhghaill, agus rug sé corp Chormaic go Disirt Diarmada gur hadhnaiceadh go honórach ann sin é.

Cia tra an croidhe ris nach truagh an gníomh-so .i. marbhadh


p.212

is teascadh an duine naomhtha do ba mó eagna d'fhearaibh Éireann 'n-a chomhaimsir, saoi i nGaedhilg is i Laidin agus an t-airdeaspog lánchráibhtheach iodhan urnuightheach geanmnaidhe diadha, ceann foirceadail is fíreagna is soibhéas, agus airdrí dá chúigeadh Mumhan!

Do thill iomorro Flann Sionna rí Éireann ar bhfágbháil Diarmada mic Cearbhaill i righe Osruighe is ar ndéanamh síodha idir é féin is a bhráithribh. Tillid Laighin tar a n-ais mar an gcéadna go mbuaidh gcoscair. Táinig iar sin Cearbhall mac Muireigéin rí Laighean roimhe go Cill Dara is drong mhór d'fhearaibh Mumhan i láimh aige is Flaithbheartach mac Ionmhainéin mar aon riú. Tugadh iar sin Flaithbheartach go Cill Dara, agus gabhaid cliar Laighean ag tabhairt achmhasáin mhóir dó, óir fá dearbh leo gurab é ba ciontach ris an gcath do chur.

Ar n-éag iomorro do Chearbhall rí Laighean do léigeadh, Flaithbheartach amach, agus i gcionn bliadhna do thionnlaic Muireann banchomhorba Brighde é is do chuir sluagh mór do chléir Laighean da choimhéad go ráinig go Maigh nAirbh, agus ar rochtain na Mumhan amhlaidh sin dó, do chuaidh da mhainistir féin .i. go h-Inis Cathaigh is do chaith seal da aimsir go cráibhtheach caondúthrachtach innte go dtáinig amach a h-Inis Cathaigh arís do ghabháil ríghe Mumhan i ndiaidh bháis Dhuibh Lachtna mic Maoilghuala fá rí ar an Mumhain seacht mbliadhna d'éis Chormaic; gur chaith seal bliadhan i bhflaitheas Mumhan da éis sin, amhail adeir seinleabhar annálach Cluana hEidhneach Fionntain i Laoighis lé gcuirthear síos an cath-so Bhealaigh Mughna mar a léaghthar i laoidh seanchusa do rinne Dallán ollamh Cearbhaill ríogh Laighean mar a gcuireann éirim an chatha-so síos go cumair, is mar a luaidheann na huaisle is an líon sluagh do thuit


p.214

san chath-so. Gidheadh ní chuirfead don laoidh annso acht an céadrann di, do bhrígh gur luaidheamar na huaisle do réir a n-anmann romhainn thuas. Ag so an rann:
    1. Cormac Feimhean Foghartach,
      Colmán Ceallach cruaidh n-ughra,
      Go sé míle torchradar
      I gCath Bhealaigh muaidh Mughna.
Da éis sin fuair Flann Sionna rí Éireann bás.

Do ghabh Niall Glúndubh mac Aodha Finnléith mic Néill Chaille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhrithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Do hathnuaidheadh aonach Tailltean leis. Is é an Niall-so do chuaidh mar aon ré neart Gaedheal do thabhairt chatha do Lochlonnaibh Locha dá Chaoch i n-Ulltaibh, gur marbhadh iomad do Lochlonnaibh is do Ghaedhealaibh san chath soin. Is i bhflaitheas Néill iomorro tugadh Cath Cinn Fhuaid ar Laighnibh lé h-Íomhar taoiseach Lochlonnach, áit ar thuit sé céad do Laighnibh ann um Mhaolmórdha mac Muireigéin rí Iarthair Lithfe, um Úghaire mac Oiliolla, um Mhughrón mac Cinnéididh rí na dtrí gComann is Laoighse, agus iomad do dhaoinibh uaisle oile nach áirmhighthear annso.

Is fán am-so do chuaidh Oitir taoiseach do Lochlonnaibh go sluagh líonmhar mar aon ris ó Loch dá Chaoch go h-Albain agus tug Caus mac Aodha cath dhóibh, gur thuit Oitir is iomad do Lochlonnaibh ann. Is i bhflaitheas Néill Ghlúnduibh táinig loingeas mór do Lochlonnaibh i n-Éirinn mar aon ré Sitric is ré cloinn Íomhair gur ghabhsad baile Átha Cliath d'aimhdheoin fhear n-Éireann.

Tionólais Niall Glúndubh rí Éireann mórshluagh Leithe Cuinn go dtug cath do Lochlonnaibh ag Áth Cliath, áit ar


p.216

marbhadh é féin is Conchubhar mac Maoilsheachlainn ríoghdhamhna Éireann, is Aodh mac Eochagáin rí Uladh is Mhaolmithidh mac Flannagáin rí Breagh, Maolcraoibhe ó Duibhshionnaigh rí Oirghiall, is iomad do thaoiseachaibh is do dhaoinibh oile ó shin amach.

Do ghabh Donnchadh mac Floinn tSionna mac Maoilsheachlainn mic Maoilruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Gormfhlaith inghean Fhloinn mic Conaing máthair an Donnchadha-so agus Sadhbh inghean Donnchadha mic Ceallaigh ríogh Osruighe fá bean dó. Agus do réir Leabhair Ard Macha do chuaidh an Donnchadh-so mac Floinn rí Éireann go bhfuirinn mhóir leis do dhéanamh mhúir nó chloidh timcheall Saighre Chiaráin, ar fhoráileamh a mhná .i. Sadhbh inghean Donnchadha mic Ceallaigh; óir fá tnúthach lé múr nó cloidh timcheall gacha hairdchille i n-Éirinn agus a cill féin .i. Saighir gan mhúr; óir is i Saighir Chiaráin do bhíodh adhnacal ríoghruidhe Osruighe an ionbhaidh sin. Tángadar uime sin fir Mhidhe go tulaigh n-Donnchadha láimh ré Saighir anoir is do ghabhadar ag déanamh an chloidh gach laoi timcheall na cille; gonadh ann sin ráinig corp Dhonnchadha mic Ceallaigh .i. rí Osruighe da adhnacal go Saighir, agus i ndiaidh a adhnaicthe, iar dtigheacht dorchadais na hoidhche, tángadar naonbhar do chrosánaibh ciabhacha cíordhubha ar an uaigh gur ghabhadar ag cliaraidheacht, amhail is béas do chrosánaibh ó shoin anall; agus fá gile a súile is a bhfiacla ioná sneachta, is fá duibhe ioná gual gabhann gach ball oile dhíobh.

Is amhlaidh iomorro tángadar is duain leo do rígh Osruighe; is gach duine atchíodh iad do-níodh galar laoi go n-oidhche dhóibh. Ag so an duain:


p.218

    1. Muinntear Dhonnchadha mhóir mic Ceallaigh
      Coinnmheadh uabhair,
      Cliara binne bíd ag glaodhaigh
      Sinne ar sluaghaidh;
    2. Sluaigh ag míolradh muighe lána,
      Tighthe óla,
      Ógmhná fionna, flatha fiala,
      Maithe móra;
    3. Gáir a chliar is a cheitearn,
      Coinnmheadh deaghshluaigh,
      Sreatha sirthe ins an sáimhgréin,
      Crithle creamhnuaill;
    4. Crota cuisleanna go gcuibhde
      Filidhe Faibhle,
      La dán ndath-nglan tigdís go rígh
      Rathmhar Raighne.
    5. Dod dor dod dán a mhic ríogh Raighne
      Go rathaibh,
      Caidhe na cuirn caidhe an mhuirn
      Do bhí god athair?
    6. Rongabha greim don fhior
      Ro oirfidsiod uile,
      Álainn an rioth for a raibhe
      For bioth mbuidhe;
    7. Baptais báptain for a anmain
      Uair ro cluinntear
      Mór a luach iar ndol san alltar
      Sinne a mhuinntear.

Do cleachtadh iomorro leis an gcléir sin ó chrónadh na hoidhche go maidin bheith ag cliaraidheacht leis an duain sin ar uaigh Dhonnchadha gach n-oidhche, gur fhás tríd sin ceist ar chléircibh is ar laochaibh, óir ba hiongnadh leo deamhna go follus i gcoimhdeacht chuirp an ríogh lánchráibhthigh sin. Fá cuid iomorro do chrábhadh an ríogh sin faoisidin mhinic is glacadh Chuirp Críost is urnaighthe dhúthrachtach. Fá cuid fós da chaondúthracht crábhaidh biadh is lón do chur da thabhairt do bhochtaibh Dé i n-uilefhéiltibh na n-apstal i ngach uile airdchill i n-Osruighe. Do chuireadh fós dilleachta nó duine bocht ar altrom ar son Dé i ngach teach muinntire i


p.220

n-Osruighe timcheall, agus fós trí pheillce nó trí mhala leathair i ngach teach, mar atá mála i n-a gcuireadh gach aon don mhuinntir deachmhaidh an bhídh do hithtí leis, agus mála iona gcuireadh gach aon a mhír Míchíl, agus an treas mála iona gcuirthear tuirtín ciric do bhíodh ar ionchaibh mhná an tighe lé riar na mbocht gus ná roicheadh roinn don deachmhaidh ná don mhír Míchíl.

Dála na gcléireach do-níd tréigheanas is urnaighthe feadh trí lá go bhfoillsighthí dhóibh ciodh fár leansad na deamhna corp an ríogh; go dtáinig aingeal Dé i bhfís go céile Dé do chinéal Fhiachach mic Néill do bhí san chomhdháil sin. ‘Is maith’ ar an t-aingeal, ‘do rinneabhar an troscadh soin do dhéanamh. Naonbhar iomorro do chléir Ó gCoingheoidh iad súd, agus is é so an treas feacht tángadar i n-Éirinn a hifreann agus ó nar fhéadadar árach d'fhagháil ar an rígh úd 'n-a bheathaidh, atáid iar n-a éag ag déanamh bhuaidheartha ós cionn a chuirp; agus déantar aifreann is uisce coisreacdha amárach libh-se’ ar an t-aingeal, ‘agus croithtear ar an uaigh agus ar an roilig uile é, agus imtheochaidh na deamhna uile.’

Do rónadh sin agus tángadar cliar Ó gCoingeoidh i reachtaibh éan gcíordubh san aeoir ós a gcionn, agus níor lámhsad luighe ar úir na reilge ón gcoisreagadh do rinneadh uirre. Agus adubhradar nar bhforáil an troscadh is an coisreagadh do rónsad an chliar ar an uaigh ‘óir do bheimís-ne i ndiaidh an chuirp san saoghal ó nach fuil cumhachta againn ar a anam ar neamh.’ Agus leis sin do imthigh siad a hamharc cáich is ní fhacadar ó shoin i lé iad. Is fán am soin do bhí an crósan Fionn Ó Cionga is Mac Rionntach Ó Conoráin ann, agus is iad do mheabhruigh an duain réamhráidhte ó chléir Ó gCoingheoidh ré linn bheith ag cliaraidheacht ar uaigh Donnchadha mic Ceallaigh ríogh Osruighe dhóibh, is do leanadar an dias réamhráidhte don chrosántacht mar ealadhain go bás.


p.222