Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 20

XX.

Is fán am-so do ghabh Cormac mac Cuileannáin mic Sealbhaigh mic Ailghionáin mic Eochach mic Breasail mic Aonghusa mic Natfraoich mic Cuirc mic Luighdheach Gaot mic Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim ríoghacht Mumhan seacht mbliadhna. Agus fá mór rath Éireann ré linn Chormaic do bheith i bhflaitheas Mumhan. Óir do líonadh Éire do rath dhiadha is do shonas shaoghalta is do shíothcháin choitchinn ré n-a linn, ionnus nach bíodh buachaill ag boin ná aodhaire ag tréid 'n-a réimheas; agus do bhíodh anacal ag reilgibh ré a linn; is do rónadh iomad teampull is mainistreach is scol gcoitcheann ré múnadh léighinn breitheamhnais is seanchusa ré a linn, is iomad treabhtha, iomad beach is beachlann, iomad troiscthe is urnuighthe is gacha crábhadh ar cheana; is iomad teach n-aoidheadh 'ga ndéanamh is leabhair da scríobhadh ré n-a linn: agus gach maith do fhoráileadh ar chách do dhéanamh, go ngníomhuigheadh féin rompa í, idir dhéirc daonnacht urnuighthe aifreann is gach deighghníomh oile ó shoin amach. Agus fós do bhí do rath air, an mhéid Lochlonnach do bhí i n-Éirinn ré foghail do dhéanamh, gur thréigeadar an chríoch an feadh do bhí seisean i bhflaitheas Mumhan.

Tarla iomorro Cormac mac Cuileannáin 'n-a chomhnuidhe i g-Caiseal ré hucht na Cásca gur chuir fógra fá na h-Eoghanachtaibh 'ga rádh riú biadh is lón do chur ré hucht na féile uaisle chuige go Caiseal, agus do éimgheadar é. Ar n-a chlos sin iomorro do Dhál gCais cuirid biadha is lóinte iomdha go Cormac ionnus go raibhe buidheach dhíobh. Cuiris Cormac teachta arís go síol nEoghain 'ga iarraidh orra seoide is maoine do chur chuige ré a mbronnadh do dheoradhaibh ó nar chuireadar biadh chuige; agus is eadh do rinneadar


p.196

síol nEoghain na hairm is na hearradha is measa do bhí aca do chur chuighe agus fá diomdhach dhíobh é tríd sin. Ar n-a chlos sin cheana do Dhál gCais cuirid rogha arm is éadaigh is seod chuige ré a mbronnadh go raibhe buidheach dhíobh is go dtug a bheannacht dóibh, amhail adeir sé féin san rann-so:
    1. Go dtugtar dhóibh ar ndúthracht,
      Do chlannaibh Táil na dtréinneart,
      Ríghe chaoin go bráth buaincheart,
      Laochtacht ordan cruth cléirceacht.

Léaghthar linn san seanchus go rabhadar cheithre rígh is dá fhichid do shíol Eoghain i bhflaitheas Mumhan ó ré Aonghusa mic Natfraoich go Mathghamhain mac Cinnéididh, is nach raibhe an feadh soin ag Dál gCais acht ríoghacht Tuadhmhumhan (acht Lorcán do bhí bliadhain go leith ann i ndiaidh Chormaic mic Cuileannáin do réir Uí Dhobhagáin go bhfuair bás i gcionn na ré sin), mar atá ó Shlighe Dhála ré a ráidhtear Bealach Mór Osruighe go Léim Chon gCulainn i n-iarthar Corca Baiscinn, agus is iad an Dál gCais chéadna do bhíodh ré freastal cogaidh i n-aghaidh Laighean is Leithe Cuinn ag ríoghaibh Caisil; gonadh uime sin adeir file éigin an rann-so:

    1. Dleaghair do shluagh shíol Luighdheach
      Sreathnughadh cath sluagh Muimhneach
      Agus bheith i luirg fá dheoidh
      A críochaibh ána aineoil.

Iar gcaitheamh iomorro sheacht mbliadhan do Chormac mac Cuileannáin i bhflaitheas Mumhan go síodhach sona amhail adubhramar, gríostar lé cuid d'uaislibh na Mumhan é, agus go háirithe lé Flaithbheartach mac Ionmhainéin abb Inse Cathaigh, do bhí don fhuil ríoghdha, d'agra airdchíosa ar Chúigeadh Laighean ar mbeith do Leith Mogha dhi. Leis sin cuiris Cormac cruinniughadh is coimhthionól ar sluaghaibh Mumhan go haonláthair. Agus ar rochtain go haoinionadh da n-uaislibh is í comhairle ar ar cinneadhdh leo dul do thabhach an airdchíosa ar Laighnibh i gceart na ronna do


p.198

rinneadh idir Mhogh Nuadhat is Chonn. Gidheadh fá leasc lé Cormac triall ar an eachtra soin, do bhrígh gur foillsigheadh dó go dtuitfeadh san turas soin. Tairis sin aontuighis dul ann, is ré hucht imtheachta dhó, do fhágaibh leagáide ar a anmain ag eagailsibh prinnsiopálta Éireann, mar ata uinge d'airgead is uinge d'ór is a earradh is a each ag Druim Abhrad .i. Ard Fhionáin; corn óir is airgid is cochall sróill ag Lios Mór; corn óir is airgid is cheithre uinge d'ór is céad uinge d'airgead ag Caiseal; trí huinge d'ór is leabhar aifrinn ag Imleach Iobhair; uinge d'ór is uinge d'airgead do Ghleann dá Loch; earradh is each uinge d'ór is brat sróill do Chill Dara; cheithre uinge fichead d'airgead is d'ór ag Ard Macha; trí huinge d'ór ag Inis Cathaigh; trí huinge d'ór is cochall sróill ag Mungairid agus beannacht Chormaic.

Is mór iomorro an teist do-bheir Cormac ar choimhthionól Mungairide, amhail léaghthar san duain darab tosach: A ghille ceangail ar lóin, mar a gcuireann síos an líon manach do bhí san choimhthionól ag freastal na sé dteampull do bhí san chill. Cathair Dheochain Neasáin ghairthear don chill sin. Ag so an líon manach do bhí innte, mar atá cúig céad manach foghlumtha ré seanmóir; sé céad psalmaire ré freastal coradh; is cheithre céad seanóir ré rinnfheitheamh nó ré contemplation.

Dála Chormaic ré hucht triallta i Laignibh dhó, do chuir fios ar Lorcán mac Lachtna rí Dál gCais agus ar rochtain go ríghtheach Chaisil dó, fáiltighis Cormac roimhe is nochtais d'uaislibh shíl nEoghain do bhí 'n-a fhochair gurab do Lorcán fá dual flaitheas Mumhan do ghabháil da éis féin do réir udhachta Oiliolla Óluim lér horduigheadh flaitheas Mumhan


p.200

do bheith gach ré nglún ag sliocht Fhiachach Muilleathain is ag sliocht Chormaic Chais. Gidheadh níor comhailleadh toil Chormaic san ní sin.

Iomthúsa Chormaic iomorro ar dtionól mhórshluagh bhfear Mumhan dó féin is do Fhlaithbheartach mac Ionmhainéin triallaid i Laighnibh d'iarraidh braighde nó cíosa orra do dhíol ré rígh Mumhan ar mbeith do Leith Mogha dhóibh. Ar mbeith do shluagh Mumhan i n-aon longphort ré triall san turas soin dóibh, do chuaidh Flaithbheartach mac Ionmhainéin abb Inse Cathaigh ar a each ar fud sráide an longphuirt, is do thuit an t-each i gclais doimhin faoi, is ba drochfháistine dó-san sin. Táinig dhe sin sochuidhe da mhuinntir is don tsluagh uile d'anmhain on turas soin, óir do ba drochthuar leo tuitim an duine naomhtha ré ndul ar eachtra dhóibh.

Tángadar trá teachta uaisle ó Laighníbh is ó Chearbhall mac Muireigéin d'ionnsuighe ar Chormac ar dtús is tagraid teachtaireacht shíodha ris o Laighnibh .i. aointsíoth amháin do bheith i n-Éirinn uile go Bealltaine ar a gcionn, óir coidhcís d'fhoghmhar an tain soin, agus braighde do thabhairt i láimh Mhaonaigh abb Disirt Diarmada .i. duine naomhtha eagnuidhe cráibhtheach an fear soin, agus iomad seod is maitheasa do thabhairt do Chormac is do Fhlaithbheartach ó Laighnibh i gcommaoin na síothchána soin. Do ba lántoil lé Cormac an tsíoth soin do dhéanamh, is táinig da fhoillsiughadh do Fhlaithbhearteach go dtángadar teachta ó rígh Laighean chuige d'iarraidh síodha go Bealltaine ar a gcionn, is do thairgsin séad is maoine dhóibh ar aon ó Laighnibh tré thilleadh don Mhumain tar a n-ais go síodhach. An tan do chualaidh Flaithbheartach sin gabhais fearg adhbhalmhór é, agus is eadh ro ráidh: ‘Is urusa a aithne ar mhaoithe do mheanman dearóile th'intinne


p.202

is th'aigeanta,’ agus tug iomad táir is tarcaisne ar Chormac an tráth soin.

Is é freagra tug Cormac air-sean: ‘Is deimhin liom-sa,’ ar Cormac, ‘an ní thiocfas de sin .i. cath do thabhairt do Laighnibh, is muirbhfidhear mise ann, agus is cosmhail do bhás-sa do thigheacht de.’ Agus an tan adubhairt Cormac na briathra soin, táinig da phuball féin is é tuirseach dobrónach, agus an tan do shuidh, tugadh soitheach ubhall chuige is gabhais ag a roinn ar a mhuinntir agus is eadh do ráidh: ‘A mhuinntir ionmhain,’ ar sé, ‘ní roinnfead-sa ubhla oraibh ón uair-se amach go bráth.’ ‘Ó a thighearna ionmhain,’ ar a mhuinntear, ‘tugais orainn-ne bheith dobrónach tuirseach is fá minic leat drochfháistine do dhéanamh duit féin.’ ‘Créad sin, a mhuinntear chroidhe,’ ar Cormac, ‘óir is beag an t-iongnadh gion go dtugainn-se ubhla as mo láimh féin daoibh go mbiadh neach éigin oile im fharradh do shínfeadh ubhla dhaoibh.’ Iar sin do iarr Cormac forfhaire do chur 'n-a thimcheall, is do iarr an duine cráibhtheach Maonach .i. comhorba Comhghaill do thabhairt chuige go ndearnadh a fhaoisidin is a thiomna 'n-a láthair; is do chaith Corp Críost 'n-a fhiadhnaise is do dhiúlt sé don tsaoghal do láthair Mhaonaigh. Óir do ba dearbh lé Cormac go muirfidhe san gcath soin é féin; gidheadh níor mhaith leis a fhios sin do bheith ag a mhuinntir.

Do orduigh iomorro a chorp do bhreith go Cluain Uama, dá mbeith ar cumas do chách a bhreith ann, is muna mbeith, a bhreith go roilig Diarmada mic Aodha Róin .i. Disirt Diarmada, áit a raibhe féin da fhoghluim i bhfad d'aimsir. Gidheadh do b'fhearr leis a adhnacal i g-Cluain Uama ag mac Léinín. Ba fearr iomorro ré Maonach a adhnacal i n-Disirt Diarmada mar a raibhe coimhthionól manach do mhuinntir Chomhghaill, is fá hé Maonach comharba Comhghaill an tan soin agus fá duine cráibhtheach eagnuidhe é, agus


p.204

is mór d'ulc is do shaothar fuair ag iarraidh síodha do tharraing idir Laighnibh is rígh Mumhan an tan soin.

Acht cheana gluaisid iomad d'fhearaibh Mumhan go neimhcheaduightheach as an gcath óir do chualadar Flann mac Maoilsheachlainn rí Éireann do bheith i longphort Laighean go sluagh líonmhar da gcois is ar marcaidheacht. Is ann sin do ráidh Maonach, ‘A dheaghdhaoine Mumhan,’ ar sé, ‘do budh críonna dhaoibh na braighde maithe thairgthear daoibh do ghabháil i n-orláimh dhaoine gcráibhtheach go Bealltaine, .i. mac Cearbhaill ríogh Laighean is mac ríogh Osruighe.’ Do bhádar fir Mhumhan uile ag a rádh d'aonghlór gurab é Flaithbheartach mac Ionmhainéin do choimhéignigh iad um thigheacht i Laighnibh.

A haithle na casaoide sin triallaid fir Mhumhain tar Sliabh Mairge soir go Droichead Léithghlinne. Do chomhnuidh iomorro Tiobraide comhorba Ailbhe is buidhean mhór do chléircibh mar aon ris i Léithghlinn, is giollaidhe an tsluaigh is a gcapaill lóin. Do sinneadh iar sin stuic is caismearta catha ag fearaibh Mumhan is tángadar rompa i Maigh nAilbhe. Do bhádar ann sin i n-ucht choille is daingin ag fuireach ris an námhaid. Do rónsad fir Mumhan trí catha comhmhóra dhíobh féin, mar atá Flaithbheartach mac Ionmhainéin is Ceallach mac Cearbhaill rí Osruighe i gceannas feadhna an chéadchatha; Cormac mac Cuilleannáin rí Mumhan ós cionn an dara catha: Cormac mac Mothla rí na n-Déise is fuireann d'uaislibh Mumhan ós cionn an treas catha. Tángadar iomorro amhlaidh sin ar Maigh nAilbhe, agus fá gearánach iad ar iomad a námhad is ar a luighead féin do shluagh. Óir is eadh scríobhaid ughdair go rabhadar Laighin cheithre uiread do shluagh ré fearaibh Mumhan. Ba thruagh iomorro an gháir do bhí san gcath-so amhail innisid eolaigh .i. gáir ag sluagh Mumhan aga marbhadh, is gáir ag sluagh Laighean ag comhmhaoidheamh an mharbhtha soin.


p.206

Dá chúis cheana fá deara briseadh go hobann d'fhearaibh Mumhan .i. Céileachair bráthair Chinn Ghéagáin ríogh Mumhan do chuaidh ar a each is mar ráinig uirre is eadh adubhairt: ‘A shaorchlanna Mumhan,’ ar sé, ‘teithidh go luath ón gcath adhuathmhar-so is léigidh do na cléircibh féin cathughadh do dhéanamh ó nar ghabhsad cumhaidh oile acht cath do thabhairt do Laighnibh.’ Triallais Céileachair is sochaidhe maille ris a láthair an chatha amhlaidh sin. Cúis oile fár briseadh d'fhearaibh Mumhan .i. Ceallach mic Cearbhaill mar do chonnairc sé a mhuinntear 'ga dtuargain go tinneasnach san chath, do ling go hobann ar a each is adubhairt ré a mhuinntir, ‘Éirghidh ar bhar n-eachaibh,’ ar sé, ‘is díbridh uaibh an lucht atá i nbhar n-aghaidh.’ Agus gé adubhairt sin ní do chathughadh adubhairt é, acht do theitheadh. Táinig don dá chúis sin gur ghabhadar fir Mhumhan briseadh chuca, i n-aoinfheacht. Uch trá ba mór an t-ár baoi ar fud Mhaighe Ailbhe an tan soin. Óir ní tugthaoi comairce do chléireach seoch laoch ann gan comhmharbhadh do thabhairt orra leath ar leath. Agus an tráth do haincidhe laoch nó cléireach leo, ní do thrócaire do-nídís sin acht do shainnt ré fuascladh d'fhagháil asta.

Triallais Cormac mac Cuilleannáin i dtosach an chéadchatha. Gidheadh do ling a each i gclais uaidh is do thuit seisean di, is do chonncadar drong da mhuinntir do bhí ag teitheadh as an maidhm é, is tángadar da fhortacht gur chuireadar ar a each é. Is ann sin do chonnairc Cormac dalta saorchlannda dó féin, Aodh a ainm, saoi eagna is breitheamhnais is seanchusa is Laidne an fear soin, agus is eadh adubhairt an rí Cormac ris: ‘A mhic ionmhain,’ ar sé, ‘ná lean díom-sa, acht beir as tú mar is fearr go dtiocfaidh riot, agus do innis mé duit go muirbhfidhe san gcath-so mé.’ Triallais Cormac roimhe agus fá iomdha fuil daoine is each ar feadh na slighe sin gur sciorrsad cosa deiridh an eich do bhí faoi, ré sléimhne na slighe ó lorg na


p.208

fola. Tuitis an t-each leis sin tar a hais go dtarla Cormac fúithe, gur briseadh a mhuinéal is a dhruim mar aon san eascar soin. Agus adubhairt ag tuitim dhó: ‘In manus tuas et relq.’ Éagais san tráth soin agus tigid an mhuinntear mhalluighthe gur ghabhadar da ngaothaibh ann, agus do beanadh a cheann de.

Adeir Doctúir Hanmer 'n-a chroinic gurab le Lochlonnaibh do thuit Cormac mac Cuileannáin is Cearbhall mac Muireigéin rí Laighean an tan fá haois don Tighearna 905. Gidheadh ní fíor do chroinic Hanmer so; óir níor thuit Cearbhall ann, agus ní hiad Lochlonnaigh do chuir an cath acht Flann Sionna rí Éireann, mar is follus as an stair ré ráidhtear Cath Bealaigh Mughna, mar ar thuit Mac Cuileannáin.

I bhfíorthosach iomorro an chatha-so do marbhadh Ceallach mac Cearbhaill rí Osruighe is a mhac. Is mór do chléircibh maithe is do ríoghaibh, do thaoiseachaibh is do laochraidh, do marbhadh san chath-so. Do marbhadh ann Foghartach mac Suibhne rí Ciarraidhe, is Oilill mac Eoghain, duine uasal óg eagnuidhe, is Colmán abb Cinn Eitigh ardollamh breitheamhnais Éireann, is sochuidhe mhór mar aon riú. Ag so na huaisle do thuit ann .i. Cormac rí na n-Déise, Dubhagán rí bh-Fear Maighe; Ceannfaolaidh rí Ua gConaill; Conn a h-Adhar, Ainéislis d'Uíbh Toirrdhealbhaigh, Eidhion rí Eidhne do bhí ar ionnarbadh san Mhumhain; Maolmuaidh, Madagán, Dubh dhá Bhuireann, Conall, Fearadhach, Aodh rí Ua Liatháin, is Domhnall rí Dúin Cearmna. Is iad trá do bhris an cath-so ar Mhuimhneachaibh .i. Flann mac Maoilsheachlainn, rí Éireann, is Cearbhall mac Muireigéin, rí Laighean, is Tadhg mac Faoláin, rí Ua gCinnsealaigh, is Teimheanain rí Ua nDeaghadh, Ceallach is Lorcán dá rígh na


p.210

g-Cineál agus Innéirghe mac Duibhghiolla rí Ó nDróna; Follamhain mac Oiliolla rí Fothorta Feadha; Tuathal mac Ughaire rí Ua Muireadhaigh; Odhran mac Cinnéididh rí Laoighse; Maolcallann mac Fearghaile rí na bh-Forthuath; is Cleircén rí Ua mBairrche.