Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 19

XIX.

Do ghabh Maoilseachlainn mac Maolruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Meinn mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Aróg inghean Chathail mic Fiachrach rí bh-Fear gCúl máthair an Mhaoilsheachlainn-se.

Ar mbeith do Lochlonnaibh ar a ndíbirt lé Maoilseachlainn, amhail adubhramar, is le huaislibh Éireann, do cinneadh comhairle san Noruaegia lé Fionnlochlonnaibh cionnus nó créad an modh 'n-a bhféadfadaois cos do chur i n-Éirinn, i ndóigh ré hurlamhas Éireann da rochtain arís. Is é ní ar a dtángadar triúr taoiseach do ba dearbhráithre dha chéile d'fholaibh uaisle na Noruaegia d'ollmhughadh ré a gcur i n-Éirinn mar aon ré cabhlach leo ar seilbh ceannaidheachta is iomad do ghréithibh geanamhla is do sheoidibh uaisle ré a mbronnadh is ré a reic ré fearaibh Éireann, do shúil ré cáirdeas is ré siothcháin fhear n-Éireann do ghreamughadh; agus leis sin go bhféadfadaois go cealgach clipe do chor san chrích da hathbhuaidhreadh arís. Ag so mar adeir Policronicon ar an ní-se: I ndiaidh bháis Thuirgéis tángadar a hoirear na Noruaegia ar leirg síothchána is ar scáth ceannaidheachta triúr dearbhráthar, Amhlaoibh, Sitric, is Íomhar, don oiléan-so go na bhfuirinn leo agus d'aonta na n-Éireannach, ag a raibhe dúil i ndíomhaoineas, do orduigheadar nó do thógbhadar trí bhaile chuain ré n-a n-áitiughadh dhóibh féin, mar atá i Port Lairge, Áth Cliath is Luimneach. Agus da éis sin ar bhfás do na drongaibh táinig leo do lingdís go minic ar áitightheoiribh na críche. {Post obitum Turgesii de Noruaegiae partibus, quasi sub pacis intuitu et mercaturae exercendae praetextu, tres fratres Amelanus, Cyracus et Iuarus cum sua sequela in hanc insulam appulerunt, et de consensu Ibernorum otio deditorum, maritima loca occupantes, tres civitates, viz., Waterfordiam, Dubliniam et Limericum construxerunt; qui tamen numero succrescentes contra indigenas frequenter insultabant.}’’


p.186

As na briathraibh-se is iontuigthe gurab lé ceilg an triair taoiseach-so fuaradar Fionnlochlonnaigh ón Noruaegia árach ar bheith ag aithmhilleadh Éireann. Agus is tré dhá adhbhar do chuadar i neart an athuair i n-Éirinn. An céadadhbhar díobh tré n-a líonmhaire thigeadh congnamh sluaigh is loingis ón Noruaegia chuca ó aimsir go haimsir agus an dara hadhbhar trés an easaonta is trés an siosma síor do bhíodh idir na Gaedhealaibh féin fán am soin gur traothadh a chéile go mór leo. Agus fós fá gnáth leo congbháil buannachta do thabhairt do Lochlonnaibh leath ar leath, go dtáinig dhe sin gur ghabhadar arrachtas an athuair i n-Éirinn, is go rabhadar Gaedhil fá athbhroid aca ón am-so go bás Bhriain, amhail fhoillseocham a hannálaibh Éireann san trácht-so romhainn síos.

Ar mbeith iomorro d'Fhionnlochlonnaibh ag buaidhreadh Éireann ar an ordughadh soin táinig loingeas mór Dubhlochlonnach ón Dania .i. Denmarke, go h-Áth Cliath, agus airgthear imeall na críche is marbhthar iomad do dhaoinibh leo; agus leis sin cruinnighid Fionnlochlonnaigh 'n-a n-aghaidh, gur fearadh cath eathorra leath ar leath ag Linn Duachuill, mar ar briseadh d'Fhionnlochlonnaibh is mar ar marbhadh míle dhíobh; gur ghabhadar Dubhlochlonnaigh neart mór i n-Éirinn da bhíthin sin. Agus go grod da éis sin táinig Amhlaoibh mac ríogh Lochlonn i n-Éirinn do ghabháil bharántais DainfhearDubhlochlonnach, agus do chuir mórán d'fhearaibh Éireann fá chíoscháin dó.

Is fán am-so fuair Olchobhar mac Cionaotha rí Mumhan bás, is Flaithnia easpog Biorair is Chormaic easpog Lathraigh Briuin is Niall mac Giolláin, ar mbeith tríochad bliadhan 'n-a bheathaidh don fhior-so gan bhiadh gan digh. Is fán am-so do bhí ríoghdháil nó cóimhthionól fhear n-Éireann ag Ráith Aodha


p.188

mic Bric um Mhaoilseachlainn rí Teamhrach is um Etgna comhorba Pádraig ag déanamh síodha idir fhearaibh Éireann, agus is ann sin tug Cearbhall rí Osruighe óighréir do chomhorba Pádraig.

Is ann fós do rinne Maolguala mac Donnghaile ríMumhan is Cearbhall rí Osruighe ceangal síodha ré Leith Cuinn. Da éis sin do mharbhadar lucht na Normandie Maolguala rí Mumhan lé clochaibh. Is fán am-so tug Maoilseachlainn rí Éireann Cath Droma Dámhuighe, áit i dtug ár mór ar Lochlonnaibh Átha Cliath; is fuair Domhnall mac Ailpín rí na b-Pict bás. Go grod da éis sin fuair Maoilseachlainn rí Éireann bás.

Do ghabh Aodh Finnliath mac Néill Chaille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Gormfhlaith inghean Donnchadha mic Domhnaill máthair Aodha Finnléith is Maolmuire, inghean Chionaotha mic Ailpín rí Alban, a bhean, máthair Néill Ghlúnduibh.

Is i bhflaitheas Aodha Finnléith do rinneadh na gníomha-so síos .i. Conchubhar mac Donnchadha leithrí Midhe do marbhadh lé h-Amlaoibh mac ríogh Lochlonn i g-Cluain Ioraird. Da éis sin do chuaidh an t-Amhlaoibh-se go sluagh líonmhar do Lochlonnaibh leis i bh-Foirthrén i n-Albain, gur chreach is gur airg na Pictí agus go dtug a ngéill uatha. Is fán am-so tug Aodh Finnliath rí Éireann cath mór ar Lochlonnaibh Locha Feabhail go dtug dá fhichid ceann taoisigh gan cholainn díobh leis, iar marbhadh dá mhíle dhéag díobh; agus ro chreach is ro airg an longphort idir chradh is ionnmhus. Is grod 'n-a dhiaidh sin go bhfuair Conall easpog Chille Scire bás; is gur


p.190

loisceadh dún Amhlaoibh ríogh Lochlonn i g-Cluain Dolcáin lé mac Gaoithín is lé mac Ciaráin mic Rónáin; gur marbhadh céad taoiseach do Lochlonnaibh leo. Da éis sin do hairgeadh is do creachadh Ard Macha lé h-Amhlaoibh, is do marbhadh míle do Ghaedhealaibh leis, is tug iomad maoine is mórchánach as. Is fán am-so fuair Ceannfaolaidh mac Moichthighearn do bhí trí bliadhna déag bás, agus do ghabh Donnchadh mac Duibh dha Bhuireann ríoghacht Mumhan cheithre bliadhna déag, agus tugadh cath idir na Picti is Dubhlochlonnaigh, áit ar marbhadh iomad do na Pictibh ann. Da éis sin táinig Rudhruighe mac Moirmhinn rí Breatan ar teitheadh ré Dubhlochlonnaibh go h-Éirinn, agus tugadh taise Cholum Cille a h-Albain i n-Éirinn ar teitheadh rés an druing chéadna.

Is fán am-so do réir Chormaic mic Cuileannáin do bhí Lorcán mac Lachtna 'n-a rígh Tuadhmhumhan; is an tan do bhídís Dál gCais taoibh ré Tuadhmhumhain is aca do bhíodh an slios tuaidh do ríghtheach Caisil ó chúil go doras; agus do bhíodh dá thriúcha déag do roinn aca mar atá ó Léim Chon gCulainn go Bealach Mór i n-Osruighe agus ó Shliabh Echtghe go Sliabh Eibhlinne; agus is aca do bhíodh tosach shluagh Muimhneach ag dul i gcoinne námhad, agus deireadh ag dealughadh riú, amhail adeir Cormac mac Cuileannáin san rann-so:

    1. Tosach ag dul i dtír námhad,
      Is deireadh leo ag teacht tar ais,
      Ré méid a n-ágh fri gach ndoilgheas,
      Is ní do ruidhleas Dál gCais.
Fuair Aodh Finnliath rí Éireann bás i n-Druim Ionascluinn i g-crích Chonaill; is fuair Tighearnach mac Muireadhaigh easpog Droma Ionasclainn bás an tráth soin.

Dho ghabh Flann Sionna mac Maoilsheachlainn mic Maolruanuidh mic Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic


p.192

Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne Mheinn do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag ar fhichid. Lann inghean Dúnghail mic Fearghaile rí Osruighe máthair Fhloinn mic Maoilsheachlainn.

Is i bhflaitheas Fhloinn Sionna ríogh Éireann do rinneadh na gníomha-so síos. Óir do hairgeadh is do creachadh an Mhumha uile leis an rígh-se is tug braighde uatha. Is 'n-a fhlaitheas fós do marbhadh Domhnall mac Muireigéin le 'n-a chompánaibh féin, is fuair Fiachna mac Ainbhiotha mic Aodha Róin do bhí 'n-a rígh Uladh aoin bhliadhain amháin bás, agus Donnchadh mac Duibh dhá Bhuireann rí Mumhan. Is fán am-so do hairgeadh Cill Dara is Cluain Ioraird lé Lochlonnaibh; agus do rinne Flann Sionna rí Éireann aonach Tailltean do chommóradh; is fuair Dubhlachtna mac Maolghuala mic Donnghaile do bhí 'n-a rígh Mumhan seacht mbliadhna bás, is do marbhadh Sitric mac Íomhair lé druing don Normandie; is do marbhadh Aidheit mic Laighnigh do bhí 'n-a rígh Uladh, i bhfeall le 'n-a chompánaibh féin; is do hairgeadh Ard Macha lé Lochlonnaibh Locha Feabhail; gur ghabhsad Cumuscach rí Uladh ann, agus Aodh mic Cumuscaigh a mhac; is fuair Domhnall mac Constaintín rí Alban bás.


p.194