Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 18

XVIII.

Agus d'éis Feidhlimdh mic Criomhthainn d'fhagháil bháis do ghabh Olchobhar, abb Imligh Iobhair, righe Chaisil; agus san mbliadhain sin tug Maoilseachlainn rí Midhe cath ar Lochlonnaibh i g-Casán Brige san Midhe mar ar thuit seacht gcéad díobh; agus tug Tigearnach briseadh orra i n-Doire Dhisirt dhá Chonna. Is fán am-so do marbhadh Saxolbh taoiseach na LochlonnachCiannachtaibh Ghlinne Geimhean, is tugadh ár mór ar Lochlonnaibh i g-Carn Fearadhdhaigh agus deargár oile ag Eas Ruaidh.

Da éis sin do gabhadh Áth Cliath lé Lochlonnaibh ar dtús. Is fán am-so fós rugadh Cormac mac Cuileannáin, fá rí Mumhan seacht mbliadhna is fá hairdeaspog i g-Caiseal i n-aoinfheacht; agus do marbhad easpog Teilge dar bh'ainm Exnich; is tugadar Lochlonnaigh cath ar Chonnachtaibh, áit ar thuit Maoldúin mac Muirgheasa is iomad do Chonnachtaibh mar aon ris; agus fuair Brian mac Faoláin rí Laoighse bás. Da éis sin tángadar Lochlonnaigh cabhlach mór ar Loch nEachach gur hairgeadh tuatha is cealla thuaisceirt Éireann leo, is do loisceadh Fearna is Corcach mar an gcéadna leo.

Do chuaidh Niall Caille rí Éireann an tráth-so go sluagh líonmhar leis d'argain is do chreachadh Fear gCeall is Dealbhna Eathra; is fuair Murchadh mic Aodha rí Connacht bás an tráth-so, is Ioseph easpog Cluana Uais. Is fán am-so fós do rinneadar Lochlonnaigh longphort ag Linn Duachaill as ar hairgeadh tuatha Teathbha leo. Do rinneadar Lochlonnaigh mar an gcéadna longphort oile ag Duibhlinn as ar hairgeadh Laighin is Uí Néill is a dtuatha is a gcealla go Sliabh Bladhma leo. Da éis sin iomorro


p.172

do hairgeadh Cluain Eidhneach is Cluain Ioraird is Cluain mic Nóis leo; agus fuair Fearghus mac Fothaigh rí Connacht bás; agus do tógbhadh dún is daingean lé Tuirgéis flaith Lochlonnach ar Loch Ríbh; gur airgsiod Cluain mic Nóis arís is Cluain Fearta Bréanainn is Tír dá Ghlas is Lothra is cathracha iomdha oile. Agus da éis sin fuair Gormghall mac Dín Dathaidh easpog Lainne Léire bás. Agus tug Niall Caille rí Éireann cath do Lochlonnaibh ar Maigh Íotha, mar ar thuit iomad díobh leis. Agus is grod 'n-a dhiaidh sin gur báthadh Niall Caille rí Éireann i g-Callainn, amhail adubhramar.

Do ghabh an t-anfhlaith Turgesius ón Noruaegia go n-a fhuirinn d'Fionnlochlonnaibh barántas Éireann trí bliadhna déag, tar éis mar do bhí sé ag buaidhreadh Éireann seacht mbliadhna déag; agus do bhí sé ag imirt foirneirt is foiréigin ar Éirinn ris an ré sin, iar dtigheacht do loingeas mhór ón Noruaegia do chongnamh dhó; gur ghabhadar cuan i dtuaisceart Éireann; gur hairgeadh an chríoch soin leo, agus gur gabhadh a mbraighde; agus do chuireadar báid go bhfuirinn ionnta ré foghail do dhéanamh ar an Loch nEachach is ar Loch Ríbh, amhail adubhramar do réir mar do thairrngir Colum Cille san rann romhainn.

Do thairrngir fós Bearchán na Fáistine go mbiadh rí anfhlaitheach do Lochlonnaibh ar Éirinn, agus mar an gcéadna go mbiadh abb ar gach cill i n-Éirinn do Lochlonnaibh. Ag so mar adéir san rann-so:

    1. Tiocfaid Geinnte tar muir meann,
      Meascfaid ar fhearaibh Éireann,
      Budh uathaibh Abb ar gach cill,
      Budh uathaibh rí for Éirinn.

Mar do chonncadar uaisle Éireann Tuirgéis ag coimhmheascadh na críche is ag gabháil urlamhais ós a cionn, agus é ag imirt moghsaine is daoire uirre, do ghabh meisneach meanman cródhacht is calmacht intinne na huaisle céadna, gur chuireadar duadh is dochar mór orra féin ag cathughadh


p.174

ris na hanfhlathaibh sin. Ag so síos cuid do na madhmaibh tugadar Gaedhil orra, mar atá an briseadh tugadar Cinéal Conaill orra ag Eas Ruaidh, áit ar marbhadh iomad díobh, is an briseadh tugadar Dál gCais ag Ard Breacáin dóibh, is mar do marbhadh Saxolbh iarla Lochlonnach go n-a bhuidhin lé h-Uíbh gColgan, is mar thug Olchobhar mac Cionaotha rí Mumhan, is Lorcán mac Ceallaigh rí Laighean Cath Scéithe Neachtain orra, áit ar marbhadh Iarla Tumair tánaiste ríogh Lochlonn leo, is dá chéad déag do mhaithibh Lochlonnach mar aon ris. Do bhris fós an t-Olchobhar céadna is Eoghanacht Caisil cath orra láimh ré Caiseal, áit ar thuit cúig céad díobh ag Dún Mhaoile Tuile. Do thuit trí chéad is trí fichid lé h-Uíbh bhFidhghinnte dhíobh, is dá chéad lé Ciannachtaibh, is dá fhichid déag ag Druim dá Chon lé Tighearnach rí Locha Gabhair. Do bhris iomorro mar an gcéadna Maoilseachlainn mac Maolruanuidh rí Midhe Cath Glaislinne orra, áit ar marbhadh seacht gcéad déag do Lochlonnaibh ann.

Gér bh'iomdha iomorro catha is coimhghleaca tugadh idir na Gaedhil is Turgéis go n-a Lochlonnaibh, tré líonmhaire na gcabhlach is tré iomad sluagh tigeadh do chongnamh leis ón Noruaegia is ó chríochaibh oile tuaisceirt na h-Eorpa, do chuaidh aige ar Ghaedhealaibh, gur chuir fá bhroid is fá mhoghsaine dó féin is da allmhurrchaibh iad.

Ag so síos go cumair do mhoghsaine GaedhealLochlonnaibh, is an cíos is an cháin do bhíodh orra, mar atá rí ar gach triúcha chéad i n-Éirinn do Lochlonnaibh, is taoiseach ar gach tuaith is abb ar gach cill, maor ar gach baile, suaithreach nó buanna ar gach toigh, is gan uiread eoin chirce da mhaoin féin ar chumas fhir an tighe, agus muna mbeith


p.176

acht an aonghamhnach istigh ní bhfuigheadh an naoidhin aonoidhche ná an galrach a bainne, acht a choimhéad don bhuanna; agus mun budh sásuighthe é do-bheireadh fear an tighe ris san oireachtas i ngeall ré n-a bhuannacht. Do bhíodh uinge d'ór gacha bliadhna ag Lochlonnaibh ar gach fear i n-Éirinn nó an tsrón ón cheann. Ní bhíodh iomorro brat ná éadach ar thighearna ná ar bhanfhlaith, acht éadaighe is brait athchaithte na Lochlonnach; gan neart léigheann do theagasc ioná eagailse d'aithidhe acht Lochlonnaigh 'n-a dteamplaibh is na ndúntaibh, gan sruithe gan cléirigh gan leabhair náid mionna i reighléis ná i mainistir da n-eagla, gan file gan feallsamh gan oirfideach ag leanmhain dlighidh na dúthchasa, gan inghean ríogh ná tighearna ná taoisigh ré cur síoda ná gréis, gan mac ríogh ná taoisigh ag foghluim lúith ná lámhaigh, gan fleadh ná féasta da caitheamh idir cháirdibh acht an fuigheall do bhíodh d'éis Danar da sásughadh féin di.

Do bhí do thruime na daoirse-se Lochlonnach ar Ghaedhealaibh gur ghabh tuirse mhór fir Éireann uile; is ar t-iarmhar da gcléir do mhair is do bhíodh ag a ndísliughadh féin i gcoilltibh is i n-ionadhaibh diamhaire go dearóil ag tabhairt a mbeathadh as go cráibhtheach, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach fá iad féin d'fhóirithin ó anfhlaitheas Turgesius. Do troisceadh fós leo air, agus tugadar fá deara ar gach tuatha fíréanta do bhí umhal dóibh an ní céadna do dhéanamh. Agus do éist Dia ré n-a nguidhe maille ré Turgésius do thabhairt ar chumas na n-Gaedheal, amhail chuirfeam síos do láthair annso.

Ar mbeith iomorro do Thurgesius san anfhlaitheas fhoiréigneach-so, agus Gaedhil tré umhlacht aimhdheonaigh ag gialladh dhó, do rinne longphort comhnuidhthe do féin láimh ré dúinlios Mhaoilsheachlainn mic Maoilruanuidh ríogh Midhe;


p.178

agus lá n-aon da dtáinig go teach Maoilsheachlainn, atchí inghean álainn aontumha do bhí ag Maoilseachlainn, agus ar mbeith aosta ainmhianach dó féin, iarrais an inghean ar a hathair ré luighe ria ar leannántacht. ‘A thighearna,’ ar Maoilseachlainn, ‘is dearbh liom nach anfá ar mh'inghin mar mhnaoi phósta acht go madh lór leat sealaidheacht d'fhagháil di. Gidheadh iarraim ort gan mh'inghean d'iarraidh ós ard ionnus nach cuirfidhe nuachar amugha uirre; agus ó tharla do longphort-sa i ngar don lios-so 'n-a bhfuilim-se, cuirfead mh'inghean ós íseal id dháil mar aon ris na cúig mnáibh óga déag is áilne agus is searcamhla san Midhe uile; agus is dearbh liom an tan atchífir an bantracht soin, nach biaidh seadh ná suim im inghin féin agat, ar a n-áille seoch mh'inghean féin.’ Do ba toil lé Turgéis sin, agus do cumadh oidhche chinnte leo 'n-a gcuirfidhe an inghean go n-a bantracht i ndáil Thuirgéis da longphort. Tarla fán am soin cruinninghadh is coimhthionól ar a rabhadar do thaoiseachaibh Lochlonnach i n-Éirinn go h-Áth Cliath i gcoinne Thuirgéis ré cinneadh comhairle dhóibh um cheann na críche do chosnamh is do chaomhna; agus iar mbeith ann sin dóibh, nochtais Tuirgéis do chuid do na taoiseachaibh sin an dáil do bhí idir é féin is Maoilseachlainn, is geallais mná don druing díobh-san do rachadh leis, agus triallaid leis na cúig fhir déag ba mhó meisneach is macnais do na taoiseachaibh sin, agus ní dhearnadar fos ná comhnuidhe go rochtain longphuirt Tuirgéis dóibh mar aon ré n-a dtighearna.

Dála Mhaoilsheachlainn do chuir tionól ós íseal ar chúig fhearaibh déag do na hógaibh gan fhéasóga is urramhanta do bhí san Midhe, agus tug fá deara earradha ban do chur orra is cloidheamh gearr fá choim gach aoin díobh, agus a gcur mar sin i riocht bantrachta ag coimhdeacht a inghine. Agus an tan táinig an oidhche do gealladh ise do chur i ndáil Thuirgéis,


p.180

triallais an inghean go n-a bantracht go ndeachaidh i ngar don longphort; agus cuiris scéala ós íseal go Tuirgéis da nochtadh dhó í féin go n-a bantracht do bheith i ngar don toigh ré dul da fhios; agus ar n-a chlos sin dó, tug fá deara ar na ceannaibh feadhna do bhí 'n-a fhochair dul da seomradhaibh,agus adubhairt go gcuirfeadh mná chuca amhail ro gheall. Leis sin do-níd aoin bheart amháin da n-armaibh ar an mbord do bhí ar an halla, is téid siad da seomradhaibh, gach aon díobh ar leabaidh ar leith, ag feitheamh ris an mbantracht soin do roinn orra.

Tarla fán am soin Maoilseachlainn, go sluaghbhuidhin 'n-a fhochair, i bhfochair a inghine, agus a dubhairt ré droing do na hógaibh sin do bhí i reachtaibh ban 'n-a fochair, an tan do chuirfeadh Tuirgéis lámh san inghin da fastódh aige, breith go heasaontach air is bráighe do dhéanamh de; agus drong oile do dhul i seilbh airm an tighe agus lingeadh ar na ceannaibh feadhna do bhí istigh; agus go mbiadh féin is an tsluaghbhuidhean do bhí 'n-a fhochair láimh ris an dtigh, is go lingfeadh an teagh isteach ris an gcéadgháir do chongnamh dhóibh ré marbhadh na Lochlonnach. Téid an ingean go n-a bantracht leis sin tre chúldoras do bhí ar an dteach go ráinig seomra Thuirgéis; agus ar rochtain n-a láthair dóibh, tug súil tairis ar an mnaoi uasail is ar a bantracht, is níor thaitin leis díobh acht í féin, agus leis sin cuiris lámh innte da fastódh aige. Ar n-a fhaicsin sin do na hógaibh do bhí 'n-a fochair, beirid drong díobh go heasaontach ar Thuirgéis is do-níd bráighe dhe. Do-bheirid an drong oile amus ar na harmaibh gur ghabhadar a n-urlamhas dóibh féin, is tig Maoilseachlainn leis sin go sluaghbhuidhin san teagh is lingid ar an líon Lochlonnach do bhí san longphort, gur marbhadh uile iad idir taoiseach is daoscarshluagh acht Tuirgéis amháin; agus iar lomairt a longphuirt dóibh beirid Tuirgéis i laimh go


p.182

dúinlios Maoilsheachlainn mar a raibhe sealad i ngeibheann aca.

Ar n-a chlos iomorro don mhéid Lochlonnach do bhí i n-Éirinn gur marbhadh na taoisigh do bhí orra féin, is gur gabhadh Tuirgéis an t-anfhlaith lé Maoilseachlainn rí Midhe, do ghabh meatacht is mímheisneach iad, ionnus gach fuireann díobh do bhíodh i gcrioslach na tíre istigh i gcéin ó bhailtibh cuain, go mbídís ag triall tré ealódh oidhche d'fhios a long ré h-Éirinn d'fhágbháil; agus an lucht do bhíodh i mbailtibh cuain díobh do rithidís 'n-a longaibh da ndídean féin ar iomruagadh na n-Gaedheal do bhíodh ag tóraidheacht orra, ionnus gur díbreadh Lochlonnaigh uile a h-Éirinn an tan soin, acht iarmhar beag do an fá smacht na n-Gaedheal díobh. Agus i ndiaidh a ruagtha do báthadh Tuirgéis lé Maoilseachlainn i Loch Ainninn agus táinig don ghníomh soin gur thoghadar uaisle Éireann d'aonaonta Maoilseachlainn 'n-a airdrígh ar Éirinn uile, tré mar do fóireadh an chríoch leis a hanbhroid Lochlonnach.

An tan fá haois don Tighearna 877 adeir [lt ]Buccananus go dtáinig Greaghóir rí Alban go sluagh líonmhar leis d'argain Éirinn is gur marbhadh Brian is Conchubhar da dhíonuidhtheoir ríogh Éireann leis, ar mbeith do rígh Éireann 'n-a leanbh. Gidheadh ní féidir so do bheith fírinneach, do bhrígh nach léaghthar san seanchus go raibhe aoinrí ar Éirinn riamh ó aimsir Shláinghe go Gabhaltas Gall acht rí tháinig lé togha an phobail agus lé harrachtas a ghníomh is lé neart a láimhe i gceannus Éireann. Agus fós fá hé Tuirgéis an t-anfhlaith fá rí Éireann an tráth soin.


p.184