Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 17

XVII.

Do ghabh Conchubhar mac Donnchadha mic Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Caoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna déag. Is i bhflaitheas an Chonchubhair-se ar Éirinn fuair Ceannfaolaidh easpog Átha Truim bás, is Eochaidh Ó Tuathail easpog Lughmhaigh; agus do hairgeadh Inis Daimhlí is Corcach lé Lochlonnaibh; agus do cuireadh cíos Phádraig ar an Mumhain lé Feidhlimidh mac Criomhthainn is lé h-Airtre mac Conchubhair, is do cuireadh cíos Phádraig ar Chonnachtaibh leis an Airtre-se; agus do hairgeadh Bheannchair is Dún Leathghlaise lé Lochlonnaibh; agus do loisceadh Magh Bile go n-a déirthighibh leo. Is fán am-so do bhí Muireadhach mac Eochach 'n-a rígh Uladh agus tug Conchubhar mac Donnchadha rí Éireann maidhm Aonaigh Tailltean ar Ghaileangaibh, áit ar thuit iomad díobh ann, agus tugadar Lochlonnaigh maidhm mór ar Laighnibh i n-Druim Chonnla, áit ar thuit Conuing mac Con Choingiolt rí na bh-Forthuath agus mórán maille ris. Da éis sin do hairgeadh Ard Macha lé Lochlonnaibh; agus i gcionn míosa 'n-a dhiaidh sin do hairgeadh Lughmhagh is Fine Chiannachta is Lios Mór go n-a gceallaibh uile leo.

Do bhádar iomorro gus an am-so cheitre príomhscola i n-Éirinn, .i. scol i n-Ard Macha mar a rabhadar seacht míle mac léighinn do réir sheanrolla fríoth i n-Oxford, is scol i g-Caiseal, scol i n-Dún dá Leathghlais, agus scol i Lios Mór mar aon ré hiomad coláisteadh ó shoin amach. Gidheadh


p.164

do cuireadh ar gcúl an tráth-so iad. Dá éis sin fuair Conchubhair mac Donnchadha rí Éireann bhás.

Do ghabh Niall Caille mic Aodha Oirndighe mic Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag. Meadhbh inghean Innreachtaig mic Muireadhaigh rí Connacht máthair an Néill-se. Agus is uime ghairthear Niall Caille dhe, .i. lá n-aon da dtáinig Niall marcshluagh mór d'ionnsuighe na habhann darab ainm Callann, agus do bhí tuile mór san abhainn an tan soin; téid trá giolla óg do muinntir an ríogh rompa d'fhios na habhann is do báthadh é. Do ráidh an rí ré cách dul da fhortacht is ní bhfuair ó neach dul ann. Do chuaidh an rí féin ar a each da fhóirithin, agus mar do bhean cosa an eich ré bruach na habhann do bhris an bruach is rug an abhann an rí léi gur bháthadh é, óir do thairrngireadh dó gurab é a bháthadh i g-Callainn do-ghéabhadh; gonadh aire sin adeirthear Niall Caille ris.

Is i bhflaitheas an Néill-se fuair Diarmaid mac Tomaltaigh rí Connacht bás; is do hairgeadh Loch Bricirnne ar Chonghalach mac nEachach is do marbhadh é féin lé Lochlonnaibh; agus do chuaidh Niall Caille rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris i Laighnibh ag cur ríogh orra, .i. Bran mac Faoláin. Da éis sin do hairgeadh Fearna Mhaodhóg lé Lochlonnaibh, is do loisceadh Mungairid is iomad ceall i n-Urmhumhain leo; agus do hairgeadh Cill Dara mar an gcéadna lé Lochlonnaibh. Is fán am-so táinig lucht trí fichid long ón Nórmandie ar Bóinn, agus dá fhichid long ar abhainn Lithfe, gur airgsiod an loingeas soin Magh Lithfe, .i. Conntae Átha Cliath, agus Magh Breagh, .i. Fine Ghall, idir chealla is dúna is treabha. Da éis sin tugadar


p.166

Lochlonnaigh cath ar Uíbh Néill ag Innbhear na mBárc ó Shionainn go muir, áit ar thuit iomad nach áirmhighthear acht a bpríomhthaoisigh; agus do loisceadh Inis Cealltra is Cluain Mic Nóis is cealla Locha hÉirne uile lé Lochlonnaibh.

Is fán am-so do bhí Feidhlimidh mic Criomhthainn 'n-a rígh Mumhan is 'n-a airdeaspog Leithe Mogha, agus do chuaidh d'argain Leithe Cuinn ó Bhiorra go Teamhair Bhreagh, agus do fastódh í d-Teamhraigh é, is do marbhadh Innreachtach mac Maoiledúin lé muinntir Fheidlimidh i d-Teamhraigh; agus go grod da éis sin fuair Feidhlimidh mac Criomhthainn bás, ar mbeith seacht mbliadhna fichead 'n-a rígh Mumhan roimhe sin; agus is í teist do-bheir an Leabhar Irsi air: Do chumsanaidh an t-eagnuidh ró-mhaith agus angcaire na Scot. {Optimus sapiens et anachorita Scotorum quievit.}’’

As so is iontuighthe gur dhuine eagnuidhe cráibhtheach Feidhlimidh mac Criomhthainn 'n-a aimsir féin.

Tug an Feidhlimidh-se meadharchuairt Leithe Cuinn is do íoc riú an cíos do dhligheadar d'fhagháil ó rígh Caisil, agus an biathachas do bhí d'fhiachaibh orra-san do thabhairt 'n-a aghaidh sin, agus na tuarastail do bhíodh ó ríoghaibh Caisil do ríoghaibh Leithe Cuinn is do ríoghaibh Laighean is do na príomhfhlathaibh fearainn do bhíodh fúthaibh, amhail chuireas Beinén naomhtha mac Seiscnéin príomháidh Éireann síos é i Leabhar na gCeart san duain darab tosach: Dligheadh gach rí ó rígh Caisil. Ag so iomorro cíos is tuarastail na ríogh-so ó ríoghaibh Caisil is a chuairt-sean is a aimsear bhiadhta orra da chionn, .i. céad cloidheamh, céad corn, céad each, is céad brat do rígh Cruachan is biathadh dá ráithe ó rígh Cruachna do rígh Caisil, agus a dhul leis i d-Tír Chonaill; fiche fail nó fáinne, fiche ficheall is fiche each do


p.168

rígh Chinéil gConaill agus biathadh míosa ó rígh Chinéil Chonaill agus a dhul leis i d-Tír Eoghain; caoga corn, caoga cloidheamh do rígh Oiligh agus biathadh míosa is a dhul leis go Tulaigh nÓg. Tríochad corn, tríochad cloidheamh do fhlaith Tolcha nÓg; biathadh dá thráth dhéag uaidh do rígh Mumhan agus a dhul leis i n-Oirghiallaibh. Ocht lúireacha, trí fichid ionar is trí fichid each do rígh Oirghiall is a bhiathadh mí i n-Eamhain, agus a dhul leis i n-Ulltaibh ar chlannaibh Rudhruighe. Céad corn, céad matal, céad cloidheamh, céad each is deich longa do rígh Uladh is biathadh dá mhíos ó chlannaibh Rudhruighe dhó-san, is dul da choimhdeacht go Teamhraigh. Tríochad lúireach, tríochad fail, céad each, is tríochad ficheall do rígh Teamhrach agus biathadh míosa ó rígh Teamhrach dó: agus ceitheora fine na Teamhrach lais go h-Áth Cliath. Deich mná, deich longa, deich n-eich do rígh Átha Cliath is biathadh míosa dó ó rígh Átha Cliath, agus a dhul lais i Laighnibh. Tríochad bó, tríochad long, tríochad each, tríochad cumhal nó cailín do rígh Laighean agus biathadh dhá mhíos dó ó Laighnibh, .i. mí ó uachtar Laighean is mí ó íochtar Laighean. Tríochad each, tríochad lúireach, tríochadh cloidheamh do fhlaith íochtair Laighean ó rígh Caisil.

Meas, a léaghthóir, nach mise is ughdar ris an ní-se acht an naomh Beinén, amhail is follus a Leabhar na gCeart.


p.170