Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 16

XVI.

Do ghabh Donnchadh Mac Domhnaill mic Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthaine mic Néill Naoighiallaigh do síol Éireamóin ríogacht Éireann seacht mbliadna ar fhichid; agus is d'éag lé hadhart do chuaidh sé.

Do ghabh Aodh Oirndighe mac Néill Fhrasaigh mic Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnall mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead. Dúnlaith inghean Fhlaithbheartaigh mic Loingsigh rí Chinéil gConaill máthair Aodha Oirndighe. Agus is uime ghairthear Aodh Oirndighe dhe .i. an tan do coisceadh do chíochaibh a bhuimighe é, do ghabh ag diúl a dhorn amhail do bheith ag diúl chíoch a bhuimighe; gonad uime sin ghairmthear Aodh Oirndighe nó Aodh Doirndighe dhe.


p.154

Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe tángadar Lochlonnaigh ar dtús i n-Éirinn Anno Domini 820. Agus i gcionn dá bhliadhan déag 'n-a dhiaidh sin táinig an t-anfhlaith Turgesius i n-Éirinn agus fá hé Olchobhar mac Cionaotha mic Conghail mic Maoiledúin mic Aodha Beannáin fá rí ar an Mumhain an tan soin, do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh adeir Policronicon, mar a dtráchtann ar Éirinn 'n-a chroinic, gurab ré linn Fheidhlimidh mic Criomhthainn do bheith i bhflaitheas Mumhan tángadar Lochlonnaigh ar dtús i n-Éirinn. Ag so mar adeir: Ó thígheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh mic Criomhthainn ríogh Mumhan do ghabhadar trí rígh déag ar fhichid flaitheas Éireann ré ré na gceithre gcéad bliadhan do bhí ó thigheacht Phádraig i n-Éirinn go gabháil fhlaithis Mumhan d'Fheidhlimidh; i n-aimsir trá Fheidhlimidh tángadar lucht na Noruaegia mar aon ré n-a dtaoiseach Turgesius do ghabháil na críche-se. {Ab adventu Sancti Patricii usque ad Feilimidii regis tempora 33 reges per quadringentos annos in Hibernia regnaverunt, Tempore autem Feilimidii Noruaegienses duce Turgesio terram hanc occuparunt.}’’

.i. Éire. Adeirid drong oile gurab ré linn Airtre mic Cathail do bheith i bhflaitheas Mumhan do thionnscnadar Lochlonnaigh teacht d'argair Éireann ar dtús. Agus is fíor doíbh sin. Gidheadh níor ghabhadar greim d'Éirinn acht ge do rinneadar buaidhreamh orra. Is fíor fós an ní adeir Policronicon mar a n-abair gurab i bhflaitheas Fheidhlimidh mic Criomhthainn ar an Mumhain táinig an t-anfhlaith Turgesius lér cuireadh anbhroid ar Éirinn. Is fíor fós don druing adeir go dtángadar Lochlonnaigh i n-Éirinn ré linn Olchobhair do bheith i bhflaitheas Mumhan, gidheadh is iad aicme táinig ann an tráth soin .i. Dainfhir ón Dania .i. Denmarke, agus is díobh ghairthear Duibhgheinnte no Dubhlochlonnaigh sna seinleabhraibh seanchusa agus Finngheinnte no Fionnlochlonnaigh do lucht na Noruaegia.

Tuig trá, a léaghthóir, nach ainm cinnte chinidh san bhioth do réir na Gaedhilge Lochlonnaigh, acht is ionann Lochlonnách ré


p.156

rádh is duine láidir ar fairrge; óir is ionann lonn is láidir agus is ionann loch is fairrge; agus do bhrígh go rabhadar lucht na gcríoch-so thuaisceirt na h-Eorpa go tréan ar Éirinn sealad aimsire, amhail chuirfeam síos da éis so, do gairthí lé fearaibh Éireann Lochlonnaigh .i. daoine láidre ar fairrge dhíobh, ar mhéad na treise do ghabhadar ar Ghaedhealaibh, amhail fhoillseocham i n-ar ndiaidh do réir an leabhair da ngairthear Cogadh Gall ré Gaedhealaibh. Ag so síos suim aithghearr na staire.

Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe ar Éirinn agus Airtre mac Cathail do bheith 'n-a rígh Mumhan tángadar Gaill i g-Caoininis Ó bhFathaidh, lucht trí fichid long a líon, agus ro hionnradh an tír leo, is do hairgeadh is do loisceadh Inis Labhrainne is Dairinis leo, agus tugsad Eoghanacht Locha Léin cath dhóibh, is do marbhadh sé fir déag is cheithre chéad do Ghallaibh ann. Táinig loingeas oile d'Fhionnlochlonnaibh .i. lucht na Noruaegia i n-Éirinn an dara bliadhain iar ngabháil ríghe Mumhan d'Fheidhlimidh mac Criomhthainn gur hionnradh is gur hairgeadh Inis Teimhin is Bheannchair is Cluain Uama is Ros Maolaidh is Sceilig Mhichíl leo. Táinig loingeas oile i dtuaisceart Éireann is do hairgeadh Bheannchair Uladh is do marbhadh a heaspog is a daoine foghlumtha is do briseadh scrín Chomhghaill leo. Táinig loingeas oile don lucht chéadna i n-Uíbh gCinnsealaigh is do hairgeadh Teach Munna is Teach Moling is Inis Tíog leo; agus tángadar iar sin i n-Osruighibh is ro hairgeadh an tír leo; is tugadar Osruighe cath dhóibh, áit ar thuit móirsheisear is seacht gcéad do Lochlonnaibh ann. Do hionnradh mar an gcéadna Dún Deargmhuighe is Inis Eoghanáin is Disirt Tiobraide is Lios Mór leo. Do loisceadh is do hairgeadh Ceall Molaise, Gleann dá Loch is Cluain Aird Mobheadhóg is Sord Choluim Chille is Daimhliag Chiaráin is Sláine is Cealla Sáile is Cluain Uama is Mungairid is urmhór cheall Éireann uile leo.


p.158

Táinig iomorro loingeas oile dhíobh i g-Cuan Luimnigh gur hionnradh agus gur hairgeadh Corca Baiscinn is Tradruidhe is Uí Chonaill Gabhra leo, agus tugsad Uí Conaill cath dhóibh ag Seannaid, gur marbhadh iomad do Lochlonnaibh ann, agus ní feas dúinn cá mhéad a líon. Da éis sin táinig Turgéis an t-anfhlaith go loingeas mór leis i dtuaisceart Éireann agus do ghabh ceannas a raibhe do Lochlannaibh i n-Éirinn fán am soin, gur hionnradh tuaisceart Éireann uile leo, agus do scaoilsiod na Danair fá Leith Cuinn uile; is do chuirsiod arthraigh uatha ar Loch nEachach is arthraigh oile i Lughmhuigh is ar Loch Ríbh, gur hairgeadh Ard Macha fá thrí i n-aonmhí amháin leo. Agus do ghabh Turgéis abdhaine Ard Macha, amhail ro thairrngir Colum Cille, amhail adeir sé féin:

    1. Loingeas so Locha Ríbh dhe,
      Budh maith do mhóradh geinnte,
      Budh uathaibh Abb Ard Macha,
      Budh forlamhas anfhlatha.

Do thairrngirsiod tra naoimh Éireann olc do theacht ar Éirinn tre uabhar a dtriath is tré na n-aindlighe, go dtáinig leis sin foirneart Lochlonnach orra ré linn Airtre mic Cathail do bheith i gceannas Mumhan is Aodha Oirndighe do bheith i bhflaitheas Éireann uile. Agus is leis an anfhlaith Tuirgeis tángadar Lochlonnaigh arís i n-Éirinn an tan fá rí Mumhan Feidhlimidh mac Criomhthainn; agus is é an Tuirgéis-se do dhíbir Faramán an príomháid go n-a chléir a h-Ard Macha, amhail adubhramar, is do shuidh féin 'n-a n-áit gur gabhadh lé Maoilseachlainn é, da éis sin, gur bháidh i Loch Ainninn amhail adéaram 'n-a dhiaidh so. Is i bhflaitheas Aodha Oirndighe ar Éirinn do hairgeadh Inis Pádraig is mórán do na hoiléanaibh atá idir Éirinn is Albainn lé Lochlonnaibh.

Is fán am soin do cuireadh cíos Phádraig ar Chonnachtaibh lé Gormghal mac Dín Dáthaidh agus do roinn Aodh


p.160

Oirndighe an Mhidhe idir dá mhac Donnchadha mic Domhnaill, .i. Conchubhair is Oilill, agus do loisceadh Í Cholum Chille i n-AlbainLochlonnaibh an tráth soin; is do hairgeadh Laighin fá dhó i n-aonmhí lé h-Aodh Oirndighe rí Éireann. San bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhí tóirneach mhór is teinnteach i n-Éirinn d'éis fhéile Pádraig, gur marbhadh deichneabhar is míle do dhaoinibh idir fhior is mhnaoi lé idir Chorca Bhaiscinn is muir, agus do roinn Inis Fíde í féin i dtrí rannaibh gur folchadh ithir dá bha déag d'fhearann na háite sin iar dteacht na mara tairsi.

Is fán amso do chuaidh Aodh Oirndighe rí Éireann go sluagh líonmhar mar aon ris i Laighnibh go Dún Cuair agus do roinn Cúigeadh Laighean idir dhís, .i. idir Mhuireadhach mac Ruarach is Mhuireadhach mac Brain. Da éis sin do loisceadh Inis Muireadhaigh lé Lochlonnaibh. Is fán am-so fuair Eochaidh easpog Tamhlachta bás, is tugadar Lochlonnaigh ár mór ar fhearaibh Umhaill, áit ar marbhadh Corcrach mac Floinn Abhradh agus Dúnadhach rí Umhaill; is fuair Eidirsceol mac Ceallaigh easpog Ghlinne dá Loch bás is Siadhal easpog Rosa Commáin. Da éis sin do marbhadh Aodh Oirndighe rí Éireann i gCath dá Fhearta lé Maolcanaigh.


p.162