Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 15

XV.

Do ghabh Loingseach mac Aonghusa mic Domhnaill mic Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna. Is 'n-a fhlaitheas táinig Adhamnán a h-Albain go h-Éirinn do sheanmóir, is fuair Moling Luachra bás, is do creachadh Magh MuirtheimhneBreathnachaibh. Is i bhflaitheas an rígh-se tarla bo-ár mór i Sacsaibh is i n-Éirinn, is tarla gorta trí mbliadhan i n-Éirinn, go mbídís na daoine ag ithe a chéile innte an tráth soin. Is fán am soin táinig Egberthus naomhtha do sheanmóir go h-Albain, agus fuair Muireadhach Muilleathan rí Connacht bás, is tugadh Cath Maighe Cuilinn lé h-Ulltachaibh ar Bhreathnachaibh, áit ar thuit iomad do Bhreathnachaibh ann. Is fán am-so fuair Adhamnán, abb Í, bás i n-aois a sheacht mbliadhan déag is trí fichid; agus do chuadar na Saracení sluagh líonmhar ré hucht Constantionopuil go ndearnadar foslongphort trí mbliadhan 'n-a timcheall. Tairis sin do thréigeadar an chathair gan a gabháil. Da éis sin fuair Coibhdhean easpog Arda Srath bás. Go grod 'n-a dhiaidh sin tugadh Cath Corainn lé Ceallach mac Raghallaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna, áit ar marbhadh Loingseach mac Aonghusa rí Éireann leis.

Do ghabh Conghal Ceannmhaghair mac Fearghusa Fánad mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiollaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is leis an g-Conghal-so do loisceadh Cill Dara uile idir eaglais is tuaith. Gidheadh tarla bás obann aonuaire dó féin trés an ngníomh soin.

Do ghabh Fearghal mac Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag. Ceacht inghean Ceallaigh mic Maoilchobha rí Cinéil gConaill fá máthair don Fhearghal-so. Is 'n-a fhlaitheas iomorro fuair


p.144

Baodán easpog Inse Bó Finne bás, agus tugadh cath idir Dhál Riada is Bhreathnaigh san áit da ngairthear Cloch Mhionnuirc, is do briseadh do Bhreathnachaibh ann. Is fán am-so do dhíbir Neachtain rí Alban comhthionól manach tar druim Breatan, tré bheith ag fagháil lochta 'n-a ainmhianaibh.

Is i bhflaitheas an rígh-se do fearadh na trí frasa ó ráidhtear Niall Frasach, do bhrígh gurab lé linn na bhfras nó na gceath soin do chur rugadh é; fras meala ar Fhothain Bhig is fras airgid ar Fhothain Mhóir, fras fola ar Mhaigh Laighean. Is fán am-so tugadh cath Almhuine idir Murchadh mac Brain do bhí 'n-a rígh Laighean cúig bliadhna déag agus Fearghal mac Maoiledúin rí Éireann, agus is é líon sluagh táinig rí Éireann gus an gcath soin .i. míle is fiche; agus is é líon táinig rí Laighean ann naoi míle, agus ocht bhfichid príomh-laoch i dtimcheall chuirp an rígh féin ag dul san chath. Bristear iomorro an cath ar rígh Éireann, is do chuadar dá chéad is naonbhar is trí fichid i ngealtacht da mhuinntir, agus marbhthar trí mhíle is dá chéad díobh; agus drong eile adeir gur marbhadh seacht míle dhíobh. Is é fáth fá dtáinig an míorath soin ar rígh Éireann, ré hucht triallta do thabhairt Catha Almhaine téid drong da mhuinntir d'argain eagailse da ngairthear Cillín, is beirid ar éigin leo aonbhó do bhí ag díthreabhach na heagailse sin, agus malluighis an díthreabhach soin an rí go n-a shluagh, agus da bhíthin sin tarla míorath catha dhóibh; is do thuit rí Éireann is iomad da mhuinntir ann, amhail adubhramar thuas.

Do ghabh Foghartach mac Néill mic Cearnaigh Shotail mic Diarmada mic Aodha Sláine do shíol Eireamhóin ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Cionaoth mac Iorghalaigh i gCath Beilge.

Do ghabh Cionaoth mac Iorghalaigh mic Conaing Churraigh


p.146

mic Conghail mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh taise Adhamnáin a h-Albain i n-Éirinn. Da éis sin tugadh Cath Droma Corráin lé Flaithbheartach mac Loingsigh ar Chionaoth mic Iorghalaigh, áit ar thuit Cionaoth rí Éireann agus iomad do dhaoinibh mar aon ris.

Do ghabh Flaithbheartach mac Loingsigh mic Aonghusa mic Domhnaill mic Aodha mic Ainmireach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Muireann inghean Cheallaigh máthair an Fhlaithbheartaigh-se. Is i bhflaitheas an rígh-se do réir Bheda tugadh Cath Droma Deirg i n-Albain idir Dhrust is Aonghus, dá rígh na g-Cruithneach, fá iomchosnamh na críche, agus do thuit Drust agus iomad da mhuinntir ann.

Agus go grod da éis sin tugadh Cath Murbhuilg idir Dhál Riada is na Pictibh .i. na Cruithnigh, áit ar marbhadh iomad do na Pictibh ann. Is fán am-so tugadh Cath Fotharta i Muirtheimhne lé h-Aodh Olláin is lé clannaibh Néill ar Ulltachaibh, áit ar marbhadh Aodh Róin do bhí 'n-a rígh Uladh tríochad bliadhan agus Conchadh mac Cuanach rí Cobha. Da éis sin fuair Flaithbheartach mac Loinsigh rí Éireann bás i n-Ard Macha.

Do ghabh Aodh Ollán mac Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Brighe inghean Orca mic Carrthainn máthair Aodha Olláin. Is i bhflaitheas an Aodha-so tugadh Cath Bealaigh Féile idir an Mumhain is Laighin, áit ar thuit iomad do Mhuimhneachaibh is do Laighnibh ann, mar aon ré Ceallach mac


p.148

Faolchuir rí Osruighe. Cathal mac Fionghaine rí Mumhan rug buaidh an chatha soin.

Da éis sin tug Aonghus mac Fearghusa rí na b-Pict ruaig is maidhm ar Dhál Riada i n-Albain, gur hairgeadh is gur creachadh leis iad is gur loisc Dún Creige; agus do gabhadh Donnghal is Fearghus, dá mhac Sealbhuidhe rí Dál Riada leis, agus do chuir i ngéibheann iad. Is fán am-so tarla dál idir Aodh Ollán rí Éireann is Cathal mac Fionghaine rígh Mumhan ag Tír dá Ghlas i n-Urmhumhain, mar ar horduigheadh reacht is dlighe is cíos Phádraig ar Éirinn leo. Is gearr 'n-a dhiaidh sin go dtugadh Cath Átha Seannaigh .i. Cath Uchbhaidh idir Aodh Ollán rígh Éireann is Aodh mac Colgan rígh Laighean, áit ar tromghonadh Aodh Ollán is ar marbhadh Aodh mac Colgan agus Bran Beag mac Murchadha leithrí Laighean is iomad d'uaislibh Laighean mar aon riú, gur thuiteadar naoi míle do Laighnibh ann. Da éis sin fuair Flann mac Cronnmhaoil easpog Reachruinne bás, agus Cathal mac Fionghaine, rí Mumhan, is Aodh Balbh mac Innreachtaigh do bhí 'n-a rígh Connacht seacht mbliadhna, agus do marbhadh Aodh Ollán rí Éireann i gCath Seiridmhidh .i. i g-Ceanannus, lé Domhnall mac Murchadha.

Do ghabh Domhnall mac Murchadha mic Diarmada mic Airmeadhaigh Chaoich mic Conaill Ghuithbhinn mic Suibhne mic Colmáin Mhóir mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is dá fhichid. Ailpín inghean Comhghaill do Dhealbhna Mhóir máthair Dhomhnaill mic Murchadha ríogh Éireann. Is 'n-a bhflaitheas do marbhadh Colmán easpog Laosáin lé h-Uíbh dTurtaire, agus fuair Cormac easpog Átha Truim bás. Is fán am-so do connarcas samhailt nathrach neimhe ar luamhain san aieor; agus


p.150

fuair Seachnasach mac Colgan rí Ua gCinnsealaigh bás, is do marbhadh Caitheasach mac Oiliolla rí Cruithneach i Raith Beitheach lé Laighnibh. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Suairleach easpog Fobhair bás agus Osbhrán easpog Chluana Créamhuidh.

Da éis sin tugadh Cath Bhealaigh Chró lé. Criomhthann mac Éanna, áit ár thuit Fionn mac Airb ag Tiobraid Fhinn agus tugadh ár Dealbhna uime, agus as an ngníomh soin ghairthear Loch an Bhealaigh Cró don loch atá san áit sin, agus Tobar Finn don tiobraid atá san áit cheadna. Is fán am-so do thuit Cumuscach rí Ó bhFáilghe lé Maoldúin mac Aodha Beannáin, rí Mumhan, agus fuair Aonghus, rí Alban, bás, is tugadh Cath Bealaigh Gabhráin lé Mac Coinchearca rí Osruighe ar Dhúnghal mac Laidhghein rí Ua gCinnsealaigh, áit ar marbhadh Dúnghal is iomad d'uaislibh Laighean mar aon ris; agus fuair Muircheartach mac Murchadha rí Laighean bás. Da éis sin fuair Domhnall mac Murchadha céidrí Éireann do chloinn Cholmáin bás.

Do ghabh Niall Frasach mac Fearghaile mic Maoiledúin mic Maoilfhithrigh mic Aodha Uairiodhnaigh mic Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Aithiochta inghean Chéin Uí Chonchubhair ríogh Ciannachta máthair Néill Fhrasaigh. Agus is uime ghairthear Niall Frasach dhe, trí ceatha do fearadh i n-Éireann an tan rugadh é, frais mheala ar Fhothain Bhig is frais airgid ar Fhothain Mhóir is frais fhola ar Mhaigh Laighean. Ionann iomorro frais agus cioth. Is i bhflaitheas an Néill-se fuair Duibhionnracht mac Cathail mic Muireadhaigh Mhuilleathain do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna bás; agus tarla maidhm talmhan is iomad gorta i n-Éirinn agus fuair Dúnghal mac


p.152

Ceallaigh rí Osruighe bás. Da éis sin tugadh Cath Achadh Liag idir Uíbh mBriuin is Uíbh Maine, áit ar thuit iomad da gach leith; agus fuair Cronnmhaol easpog Chille Móire bás, agus Ailpín rí na b-Picht agus Aolgnat easpog Arda Breacáin. Go grod da éis sin do chuaidh Artghaile mac Cathail da oilithre go h-Í Cholum Cille i n-Albain; agus fuair Fearghus easpog Daimhliag bás; agus tugadh cath i g-Corann idir Chinéal gConaill is g-Cinéal Eóghain, áit i rug Maoldúin mac Aodha Olláin rí an Fhochla buaidh, is do briseadh do Dhomhnall mac Aodha Muindeirg is do marbhadh iomad da mhuinntir ann. Da éis sin fuair Niall Frasach rí Éireann bás i n-Í Cholum Cille i n-Albain.