Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 14

XIV.

Do ghabh Conall Caol is Ceallach dá mhac Maoilchobha mic Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna déag dóibh i gcomhfhlaitheas. Is 'n-a bhflaitheas fuair Cuanna mac Cailchín rí bh-Fearmaighe .i. Laoch Liathmhaine bás; agus fá fear comhaimsire do Ghuaire mac Colmáin an Cuanna-so, agus do bhí coimhmheas oinigh is daonnachta eatorra; gonadh uime sin do rinne an dá óinmhid .i. Comhdhán is Conall an rann leathach iomarbhádha eatorra araon, mar a n-abraid:

    1. Dáil gach neith dá mbí 'n-a láimh;
      Do-ní Guaire mac Colmáin;
      A mhian féin da gach nduine
      Dáiltear lé Laoch Liathmhuine.

Is 'n-a bhflaitheas fós do marbhadh Raghallach mac Uadach do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna ar fhichid lé Maoilbrighde mac Mothlacháin is lé n-a mhoghaibh. Is amhlaidh do bhí an Raghallach-so lán d'fhuath is d'fhormad ré mac dearbhráthar fá sine ioná féin, d'eagla go dtiocfadh fá n-a bhrághaid do bhuain ríghe Chonnacht de. Gidheadh ní bhfuair árach ar mhac a dhearbhráthar do mharbhadh; go dtáinig dhe sin gur ghabh seirglighe é tré neamhchaitheamh bídh tré fhormad ré mac a dhearbhráthar. Tairis sin do chuir teachta i ndáil a bhráthar 'ga iarraidh air teacht da fhéachain. Dála an bhráthar do thuig cealg Raghallaigh is do chuir tionól ar sluagh is téid i ndáil a bhráthar Raghallaigh, agus ar


p.132

ndul do láthair tug ar a mhuinntir a gcloidhmhe do bheith nocht fá n-a gcoimibh aca, agus mar do chonnairc Raghallach sin adubhairt, ‘Is truagh an tí is annsa liom san bhioth, agus is mian liom do bheith 'n-a oighre oram, nach taobhach leis mé, is mé ré hucht bháis.’ Mar do chuala iomorro an bráthair sin, táinig a chroidhe go mór air, agus táinig 'n-a uathadh ar 'n-a mhárach da fhios, is linghid muinntear Raghallaigh air gur marbhadh leo é. Leis sin do éirigh Raghallach slán an tráth soin is do ghabh ag fleadhughadh go subhach forbhfáilteach. Do fhiafruigh iomorro Muireann .i. bean Raghallaigh da draoi iar marbhadh a bhráthar do Raghallach an raibhe guais 'n-a cionn. Adubhairt an draoi ó do mharbh Raghallach a bhráthair go dtiocfadh a mbás araon da gcloinn féin go luath; agus fós gurab don ghein do bhí 'n-a broinn do thiocfadh a mbás. Do nocht sise sin do Raghallach, agus adubhairt ria iar mbreith na geine a marbhadh do láthair.

Rug Muireann inghean is do chuir i mála í, go dtugadh do mhuicidhe da muinntir da marbhadh í. Ó do chonnairc an muicidhe gnúis na naoidheine, táinig a chroidhe uirre, is do chuir san mála céadna 'n-a bhfuair ó n-a máthair í, is rug ós íseal go dorus mhná cráibhthighe do bhí 'n-a fhochair í, agus fágbhais ar beinn croise láimh ré teach na mná riaghalta an mála. Táinig an bhean riaghalta gus an mála, agus mar fuair an naoidhin ann grádhuighis í go mór is do oil go heaglusta í. Agus ní raibhe i n-Éirinn 'n-a comhaimsir gein ba sciamhdha ioná í, ionnus go dtáinig a clú go Raghallach, is do chuir teachta da hiarraidh ar a buimigh; is níor fhaomh an bhuimeach sin. Rugadh iar soin ar éigin chuige í, is mar do chonnairc í do líon da grádh, is do bhíodh aige 'n-a leannán leaptha. Gabhais iomorro éad a bhean féin .i. Muireann, is téid go rígh Éireann do chasaoid an ghníomha


p.134

soin. Ráinig trá míochlú an uilc sin fá Éirinn, is fá dochradh ré naomhaibh Éireann sin, agus táinig Feichin Fabhair d'ionnsuighe Raghallaigh da choiriughadh, is tángadar naoimh iomdha maille ris da iarraidh air scaradh ris an olc soin. Agus níor léig dhe orra uile é, cia do throiscsiod air. Gidheadh mar rabhadh do dhaoinibh ainmhianacha oile, do ghuidhsiod na naoimh Dia fá gan eisean do mharthain an Bhealltaine ba neasa dhóibh, agus a thuitim lé drochdhaoinibh, agus fós lé harmaibh dearóile agus i n-ionadh shalach; agus tarladar sin uile dhó ré hucht na Bealltaine. Fiadh allta iomorro iar n-a lot tarla ar siadhán san oiléan 'n-a raibhe Raghallach is é ag coimhéad na hinse, agus mar do chonnairc an fiadh do ghabh a gha is tug urchar don fhiadh gur chuir an ga thríd. Téid an fiadh ar snámh uaidh, agus do chuaidh-sean i gcoite 'n-a dhiaidh, is téid an fiadh seal ón loch go dtarla é ré moghaibh do bhí ag buain mhóna is marbhaid an fiadh is rannaid eatorra é. Táinig Raghallach da n-ionnsuighe is do rinne bagar orra tré roinn an fhiadha agus adubhairt riú an fheoil d'aiseag. Is eadh iomorro do cinneadh leis na moghaibh an rí do mharbhadh; agus leis sin do ghabhadar da rámhaibh is dá sásaibh oile air, gur mharbhadar é, amhail do tairrngiread leis na naomaibh dhó. Agus fuair Muireann .i. a bhean bás tré éad ré n-a hinghin féin.

Is fán am-so tugadh Cath Cairn Chonaill lé Diarmaid mac Aodha Sláine, áit ar marbhadh Cuan mac Amhalghuidh do bhí 'n-a rígh Mumhan deich mbliadhna, agus Cuan mac Conaill rí Ó bhFidhghinnte agus Talamonach rí Ó Liatháin; agus is tré ghuidhe choimhthionóil Chiaráin i g-Cluain Mic Nóis rug Diarmaid buaidh an chatha soin. Agus iar dteacht tar ais do Dhiarmaid go Cluain Mic Nóis do bhronn fearann don eaglais sin mar fhód ré haltóir. Agus is é ainm an fhearainn sin aniú Liath Mhancháin, agus is i g-Cluain Mic


p.136

Nóis do fhágaibh Diarmaid é féin d'adhnacal an tan do-ghéabhadh bás. Is fán am-so fuair Fursa naomhtha do shliocht Luighdheach Lámha dearbhráthar Oiliolla Óluim bás, agus Moicheallóg an naomh do bheannuigh i g-Cill Moicheallóg; agus is ar sliocht Chonaire mic Eidirsceoil do bhí an naomh-so. Da éis sin do thuit Ceallach san Bhrugh ós Boinn agus do marbhadh Conall Caol lé Diarmaid mac Aodh Sláine.

Do ghabh Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh dá mhac Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Créamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Eireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna i gcomhfhlaitheas; agus is 'n-a bhflaitheas tugadh Cath Pancti lé Hossa, áit ar thuit rí Sacsan mar aon ré tríochad tighearna da mhuinntir. Is fán am-so fuair Ulltán naomhtha bás agus Maodhóg Fearna mac Séadna mic Eirc mic Fearadhaigh mic Fiachrach mic Amhalghuidh mic Muireadhaigh mic Carrthainn mic Eirc mic Eochach mic Colla Uais, agus Cuimín Foda mic Fiachna, an naomh, agus Maonach mac Fínghin rí Mumhan. Fuair Diarmaid Ruanuidh is Bláthmhac bás don phláigh da ngairthear an Buidhe Conaill.

Do ghabh Seachnasach mac Bláithmhic mic Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna. Is i bhflaitheas an rígh-se tugadh Cath Feirt idir Ulltaibh is Cruithnigh, áit ar marbhadh iomad do dhaoinibh da gach leith. Is fán am-so fuair Baoithín abb Bheannchair bás. Da éis sin do thuit Seachnasach rí Éireann lé Dubh nDúin do Chinéal gCairbre.

Do ghabh Ceannfaolaidh mac Bláithmhic mic Aodha Sláine mic Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Créamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin


p.138

ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Agus is 'n-a fhlaitheas do loisceadh Bheannchair is do marbhadh a cómhthionól lé heachtrannchaibh. Agus is uime ghairthear Bheannchair don áit sin, Breasal Breac rí Laighean do chuaidh líon sluagh do chreachadh Alban, go dtug iomad buair is bótháinte leis i n-Éirinn, agus iar dteacht i dtír dó féin is da shluagh do rinneadh foslongphort leo san áit da ngairthear Bheannchair anois, is marbhthar iomad do na buaibh leo mar fheolmhach, go ráinig iomad d'adharcaibh na mbó nó da mbeannaibh feadh an mhachaire, go ráinig Magh Beannchair d'ainm ar an áit de sin. Agus aimsear imchian da éis sin an tan do thógaibh an t-abb naomhtha Comhghall mainistear san áit chéadna, tug fá deara a slonnadh ón áit ionar tógbhadh í, gonadh uime sin ráidhtear mainistear Bheannchair ria. Go grod i ndiaidh loiscthe na mainistreach-so d'allmhurrchaibh do marbhadh Ceannfaolaidh rí Éireann lé Fionnachta Fleadhach mac Donnchadha i gCath Cealltrach.

Do ghabh Fionnachta Fleadhach mac Donnchadha mic Aodha Sláine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is 'n-a fhlaitheas do-níthí iomad fleadh is féastadh i n-Éirinn, gonadh uime sin ghairthear Fionnachta Fleadhach dhe. Is 'n-a fhlaitheas fós fuair Colmán easpog Inse Bó Finne bás, agus Fionán do bheannuigh i n-Aird Fhionáin; agus is ar sliocht Fiachach Muilleathain do bhí an Fionán soin; agus fuair Arannán naomhtha bás. Is é Fionnachta do chuir Cath Locha Gabhair ar Laighnibh, áit ar thuit iomad do Laighnibh leis. Is 'n-a fhlaitheas fuair Ceannfaolaidh na foghluma bás, is do loisceadh Dúnghal mac Scannail rí Cruithneach, agus Ceannfaolaidh rí Ciannachta Ghlinne Geimhean, lé Maoldúin mic Maoilfhithrigh i n-Dún Ceitheirn. Is 'n-a fhlaitheas fós tugadar Breathnaigh ruaig i n-Éirinn, do réir Bheda san 26 cabaidil don cheathramhadh leabhar. Táinig taoiseach sluaigh ríogh do


p.140

Shacsaibh dar bh'ainm Egberthus, agus fá hé ainm an taoisigh Berthus, agus do hairgeadh mórán d'Éirinn leis, an tan fá haois don Tighearna 684. Ag so mar do-ní Beda eagnach ar an ngníomh-so. Dohairgeadh go truaghaigmhéil an cine neimhchionntach lé Berthus atá do shíor róghrádhach do chine nó do threibh na Sacsanach. {Berthus vastavit misere gentem innoxam et nationi Anglorum semper amicissimam.}’’

Agus tugadar Cath Rátha Móire i Maigh Line, áit ar mharbhadar Cumascach rí Cruithneach agus drong mhór do Ghaedhealaibh mar aon ris. Tugadar fós Breathnaigh ruaig as soin go h-Orcades, is do hairgeadh an t-oiléan soin leo. Tángadar drong dhíobh fós i dtír i n-oirthear Laighean is do hairgeadh cealla is tuatha leo, agus tillid tar a n-ais tar éis iomad creach is airgthe do dhéanamh dhóibh. Ag so rann do rinne Adhamnan d'Fhionnachta an tráth do mhaith an Bhóraimhe do Moling:
    1. Fionnachta mac Donnchadha,
      Ro mhaith mór do naomh,
      Trí chaogad céad bó shlabhra,
      Is gach bó go n-a laogh.
Is grod da éis sin gur marbhadh Fionnachta rí Éireann lé h-Aodh mac Dlúithigh is lé Conghalach mac Conaing i n-Greallaigh Doluidh.


p.142