Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 13

XIII.

Do ghabh Suibhne Meann mac Fiachna mic Fearadhaigh mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Is i bhflaitheas t-Suibhne Meinn fuair Caoimhghin Ghlinne dá Loch bás i n-aois a shé fichid bhliadhan; Caoimhghin mac Caomhlogha mic Caoimhfheadha mic Cuirb mic Fearghusa Laoibdheirg mic Fothaigh mic Eochach Láimhdheirg mic Meisin Corb do shliocht Labhradha Loingsigh. Is fán am-so fuair Aodh Beannain rí Mumhan bás, agus an naomh Adhamnán mac Rónáin mic Tinne mic Aodha mic Coluim mic Séadna mic Fearghusa mic Conaill Gulban mic Néill Naoighiallaigh do bhí 'n-a abb Í i n-Albain. Róna inghean Dunghaile rí Ua dTurtaire bean t-Suibhne Meinn ríogh Éireann. Do marbhadh Suibhne Meann rí Éireann lé Conghal Claon mac Scannláin Sciathleathain.

Do ghabh Domhnall mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Agus is é an Domhnall-so thug Cath Dhúin Ceitheirn ar Chonghal Chlaon, áit ar bhris de féin is ar mharbh iomad da mhuinntir. Is i bhflaitheas Domhnaill fós fuair an naomh da ngairthí Munna bás, is do díbreadh Carrthach .i. Mochuda a Rathain go Lios Mór. Agus is ar sliocht Céir mic Fearghusa do bhí Mochuda.

Iar ndul iomorro do Mhochuda a Ciarraidhe ar oilithre go Rathain, do rinne mainistir ann agus cuiris comhthionól manach san mainistir, go rabhadar deichneabhar is seacht gcéad manach 'n-a fhochair ann do-bheireadh a mbeatha comh cráibhtheach agus sin as, go mbíodh aingeal ag labhairt ris an treas manach díobh, ionnus go dtáinig de sin gur fhás


p.120

clú is oirdhearcas mór naomhthachta ar chomhthionól Raithne. Uime sin do ghabh uiréad naoimh chloinne Néill is cuirid scéala go Mochuda da fhógra dhó Rathain do thréigean agus triall da dhúthaigh féin .i. don Mhumhain. Freagrais Mochuda do na teachtaibh táinig ris na haitheascaibh sin agus adubhairt nach tréigfeadh Rathain acht muna gcuireadh lámh easpuig nó ríogh as é. Agus ar rochtain na scéal soin go naomhaibh cloinne Néill, iarraid ar Bhláthmhac is ar Dhiarmaid Ruanuidh, dá mhac Aodha Sláine do bhí do chlannaibh Néill, dul do dhíbirt Mochuda as Rathain; agus lé greasacht na druinge sin téid Bláthmhac is Diarmaid Ruanuidh d'ionnsuighe Raithne agus drong do chléir an taoibhe thuaidh 'n-a bhfochair.

Ar n-a chlos do Mhochuda go dtángadar 'n-a ghar, do chuir tighearna do na Pictibh nó do Chruithneachaibh a h-Albain dar bh'ainm Constantín, do bhí 'n-a mhanach tuata san chomhthionól, do ghuidhe na n-uasal soin um chairde bliadhna do thabhairt do Mhochuda is da choimhthionól gan a ndíbirt a Rathain; agus fuair sé sin d'impidhe uatha. Agus ar gcaitheamh na bliadhna amach tigid na huaisle céadna i gcionn bliadhna go mbuidhin do na cléiribh céadna 'n-a bhfochair; agus ar rochtain i bhfochair Raithne dóibh cuiris Bláthmhac scéala go Mochuda aga iarraidh as an mainistir; agus leis sin cuiris Mochuda an Constantín céadna da nguidhe um chairde bliadna oile do thabhairt dó, agus do aontuigheadar sin, gér leasc leo é. Agus i gcionn an treas bliadhna gríostar lé ladrannaibh Ua Néill na huaisle is an chliar chéadna ré teacht do dhíbirt Mochuda an treas bliadhain a Rathain; agus ar dtigheacht i ngar don bhaile do chuireadar an chomhdháil sin d'aonaonta Diarmaid Ruanuidh agus airchinneach Chluana Conghusa is sochuidhe oile maille riú do thabhairt Mochuda ar láimh as an mainistir; agus ar rochtain na heagailse dhóibh, téid an t-airchinneach isteach is anais Diarmaid ré hursain an doruis don leith amuigh


p.122

Tig Mochuda, iar gclos Diarmada do bheith san dorus, d'fháiltiughadh roimhe agus iarrais san eaglais isteach é. ‘Ní rachad,’ ar Diarmaid. ‘An dom bhreith-se as an mainistir thángais?’ ar Mochuda. ‘Is eadh,’ ar Diarmaid, ‘gidheadh ní obraim a dhéanamh, agus is aithreach liom tigheacht san dáil-se ar mhéid do naomhthachta is d'onóra-sa ag Dia.’ ‘Onóir ar neamh is i dtalmhain duit-se,’ ar Mochuda, ‘is cumhacht is righe is flaitheas Éireann duit, is rath ar do shliocht dot éis; agus an tan fhillfeas tú san gcomhdháil do-bhéaraid na hóig atá ann Dairmaid Ruanuidh mar aithis ort. Gidheadh is i n-onóir duit-se is dot shliocht rachas an forainm sin.’ Leis sin tillis Diarmaid gus an gcomhdháil; agus ar rochtain do láthair dó, fiafruighis Bláthmhac dhe créad as nar chuir lámh i Mochuda da thabhairt as an mainistir. ‘Níor obras é,’ ar Diarmaid. ‘Is ruanuidh, a Dhiarmaid, an gníomh soin,’ agus ar n-a chlos sin don chomhdháil tugadar Diarmaid Ruanuidh d'ainm air. Ionann iomorro ruanuidh is deargthach, gonadh sliocht Diarmada Ruanuidh ghairthear da sliocht ó shoin i le.

Dála Bhláithmhic, téid go bhfuirinn leis don mhainistir, is cuiris lámh i Mochuda, agus tug go heasaontach as an mainistir amach é, mar aon ré n-a choimhthionól. Mallughis iomorro Mochuda Bláthmhac. Triallais iomorro Mochuda as sin mar aon ré n-a chomhtionól manach ag déanamh feart is míorbhal go ráinig na Déise; agus ar rochtain annsin dó, táinig rí na n-Déise 'n-a choinne is tug cádhas is onóir dó is do thiomain a chorp is a anam ar a chomairce; agus triallaid mar aon go Dún Scinne ré ráidhtear Lios Mór aniú. Comhnuidhis Mochuda is a choimhthionól ann sin is do-nídh eaglais ann ionnus go raibhe an áit sin onórach iomráidhteach i gcrábhadh is i bhfoghluim ó shoin i le. Gonadh é sin triall Mochuda a Rathain go Lios Mór go ró-so.


p.124

Is lé Domhnall mac Aodha mic Anmireach rí Éireann tugadh Cath Maighe Rath, áit ar marbhadh Conghal Claon do bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna. Agus is urusa a aithne as an stair-se da ngairthear Cath Maighe Rath gurab orduighthe an t-inneall is an t-ordughadh do bhíodh ar sluaghaibh Gaedheal ré hucht dola i n-iommbualadh nó do chur chatha dhóibh. Óir do bhíodh ardtaoiseach ar an sluagh uile, agus taoiseach ar gach sluaghbhuidhin da mbíodh fá n-a smacht, agus suaitheantas i mbrataigh gach taoisigh fá leith as a n-aitheantaoi gach sluaghbhuidhean díobh seoch a chéile leis na seanchaidhibh ar a mbíodh d'fhiachaibh bheith do láthair na n-uasal ré linn catha nó coinbhliocht do thabhairt da chéile, ionnus go mbiadh radharc súl ag na seanchaidhibh ar ghníomharthaibh na n-uasal ré faisnéis fhírinnigh do dhéanamh ar a ndálaibh leath ar leath. Agus is uime sin do bhí a sheancha féin i bhfochair Dhomhnaill mic Aodha ríogh Éireann ré hucht Catha Maighe Rath. Óir ar mbeith do Dhomhnall ag triall i gcoinne Conghail ríogh Uladh, agus iad da gach leith d'abhainn, agus ar bhfaicsin tsluagh a chéile dhóibh, fiafruighis Domhnall da sheancha gach meirge go n-a suaitheantas fá seach dhíobh, agus nochtais an seancha sin dó, amháil léaghthar san laoidh darab tosach: Tréan tiaghaid catha Conghail, mar a bhfuil an rann-so ar shuaitheantas ríogh Uladh féin:

    1. Leomhan buidhe i sróll uaine,
      Comhartha na Craobhruaidhe
      Mar do bhí ag Conchubhar cháidh,
      Atá ag Conghal ar congbháil.
Is imchian ó do thionnscnadar Gaedhil gnáthughadh na suaitheantas ar lorg chloinne Israel lér gnáthuigheadh san Égipt iad ré linn Ghaedhil do mharthain, an tan do bhádar clann Israel ag triall trés an Muir Ruaidh agus Maoise 'n-a ardtaoiseach orra. Dá threibh déag iomorro do bhádar ann, agus sluaghbhuidhean is suaitheantas ar leith ag gach treibh díobh fá seach.

p.126

    1. Treabh Ruben, mandragra 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Shimeon, ga 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Leui, an Airc 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Iuda, leomhan 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Isacar, asal 'n-a brataigh mar shuaitheantas:
      Treabh Stabulon, long 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Neptalem, dealbh dhaimh allaidh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Ghad, dealbh bhainleomhain 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Ioseph, tarbh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Beniamin, faolchú 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Dan, nathair neimhe 'n-a brataigh mar shuaitheantas;
      Treabh Aser, craobh oladh 'n-a brataigh mar shuaitheantas;

Ag so síos suidheamh an tseanchaidh ar shuaitheantasaibh chloinne Israel, amhail léaghthar i seanleabhar Leacaoin i n-Urmhumhain is i mórán do leabhraibh oile san laoidh-se síos:

    1. Aithne dhamh gach meirge mór,
      Ro baoi ag cloinn uallaigh Iacob,
      Tearc neach as a haithle ann
      Aga mbeith aithne a n-anmann;
    2. Treabh Ruben rath ros-cobhair,
      Ro b'é a meirge mandroghair;
      Ré bhuan ro chaith an treabh the,
      Ro lean sluagh maith a meirge.
    3. Treabh Shimeon, níor shir meirge
      Acht ga duaibhreach díbhfeirge;
      Simeon an críonna cealgach
      Um Dhíonna ba díbhfeargach.
    4. Treabh Leui, lucht na hÁirce,
      Iomdha a dtreoid 'sa dtromthainte;
      Ba taisce da sláinte so
      Faicsin no hÁirce aca.
    5. Meirge ag treibh Iuda amhra
      Samhail leomhain lanchalma;
      Treabh Íodais i n-uair fheirge
      Sluaigh dhíomais mun deighmheirge.
    6. Treabh Isacar an óir ghlain
      Meirge aice mar asain;
      Minic slógh go ndeirge ndreach
      Um an meirge mór maiseach.

    7. p.128

    8. Treabh Stabulon na stiall nglan
      Dealbh a meirge long luchtmhar;
      Ba gnáth for thonnaibh tana
      Cách 'n-a longaibh luchtmhara.
    9. Dealbh dhaimh allaidh mhásghirr mhir
      Ag treibh Neptalem neimhnigh;
      Don treibh ro chleacht fraoch feirge
      Níor thearc laoch mun luaithmheirge.
    10. Meirge ag treibh Ghad i ngleoghail
      Mar dheilbh bhíos ar bhainleomhain;
      Nochar thim ré fraoch feirge
      Gach laoch rinn mun ríghmheirge.
    11. Meirge mar tharbh go nós neirt
      Thoir ag treibh Ioseph oirdheirc;
      Suaithndh noshireadh badhbha
      An cineadh dán comhardha.
    12. Treabh Beniamin go mbrígh mir,
      Ro bhíodh a meirge ós meirgibh;
      Meirge mar an bhfaol bhfoghlach,
      Deirge san chaomh chomhordhach.
    13. Treabh Dan ba duaibhseach an dream,
      Oireacht neimhneach toighe tuaicheall;
      Tréan ré hathghoin ba dóigh dhe
      Mar nathruigh mhóir a meirge.
    14. Treabh Aser níor chruaidh um chradh
      Meirge dar lean mar lothar;
      Mar aon táruill a togha
      Is craobh áluinn fhionnola,
    15. Ro áirmhior thall a dtreabha
      Ro áirimh mé a meirgeadha;
      Mar táid diongna na dtreabh dte,
      Fear cá n-iomdha anaithne?
    16. Aithne.

Is i bhflaitheas Domhnaill mic Aodha ríogh Éireann ar a labhramaoid fuaradar na naoimh-se síos bás .i. Mochua do shliocht Oiliolla mic Cathaoir Mhóir do bheannuigh i d-Teach Mochua i Laoighis, agus Mochuda is Molaise Leithghlinne do bhí do shliocht Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh, agus


p.130

Comhdhán mac Da Cearda agus Cronán easpog Caondroma. Agus fuair Domhnall mac Aodha mic Ainmireach rí Éireann bás.