Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 12

XII.

Is i bhflaitheas an Aodha-so mic Ainmireach fuair Colum Cille bás. Tuig, a léaghthóir, gurab é Colum Cille mac Feidhlimidh mic Fearghusa an Colum ar a bhfuilim ag labhairt go ró-so. Adeir iomorro Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin is naoimhsheanchus naomh Éireann go rabhadar iomad do naomhaibh is do bhannaomhaibh Éireann 'n-a lucht comhanmann. Óir adeirid go rabhadar dá Cholum is fiche naomhtha i n-Éirinn, agus fá hé Colum Cille an céad-Cholum dhíobh. Agus fos is mar chuimhniughadh ar naomhthacht Cholum Cille tugadh Colum ar gach aon do chách. Do bhádar cúig Ciaráin is fiche naomhtha i n-Éirinn, agus fá díobh Ciarán Chluana Mic Nóis is Ciarán Saighre is Ciarán Tiobraide Naoi. Do bhádar dá Aodhán déag is fiche naomhtha i n-Éirinn; do bhádar seacht m-Bairrfhinn i n-Éirinn is fá díobh sin Bairrfhionn nó Fionnbharr Corcaighe. Agus fá mac an Fionnbharr soin d'Aimhirgin mac Duibh Dhuibhne mic Ninneadha mic Eochach mic Cairbre Aird mic Briain mic Eochach Muighmheadhóin fá rí Éireann. Do bhádar iomorro seacht naoimheaspuig déag is seacht gcéad duine riaghalta i gcomthionól Corcaighe i bhfochair Fhionnbhairr. Do bhádar cheithre Baoithín naomhtha i n-Éirinn, mar atá Baoithín mac Bréanainn, Baoithín mac Fionnaigh, Baoithín mac Allaidh is Baoithín mac Cuanach. Do bhádar cúig Brighid déag naomhtha i n-Éirinn, is fá díobh sin Brighid inghean Dubhthaigh do Laighnibh atá iomráidhteach feadh na h-Eorpa; agus is follus gurab do shliocht Eochach Finn Fuath nAirt í; agus fá dearbhráthair do Chonn Chéadchathach fá rí Éireann an t-Eochaidh Fionn soin. Ag so dearbhadh naoimhsheanchais Éireann air sin, amhail léaghthar san duain darab tosach: Naoimhsheanchas naomh Inse Fáil:


p.110

    1. Brighid inghean Dhubhthaigh Duinn,
      Mic Dreimhne, mic Breasail Bhuirr,
      Mic Dein mic Connla mic Airt,
      Mic Cairbre Nia mic Cormaic,
    2. Mic Aonghusa Mhóir miadh ngart,
      Mic Eochach Finn Fuath ré h-Art,
      Mic Feidhlimidh Reachtmhair ráin,
      Mic Tuathail Teachtmhair thioghnáir.

Ag so síos na ceithre Brighid déag naomhtha do bhí i n-Éirinn i n-éagmais na Brighde thuas: Brighid inghean Díoma, Brighid inghean Mhianaigh, Brighid inghean Mhomáin, Brighid inghean Éanna, Brighid inghean Cholla, Bhrighid inghean Eachtair Aird, Brighid Inse Brighde, Brighid inghean Damhair, Brighid t-Seanbhotha, Brighid inghean Fhiadhnat, Brighid inghean Aodha, agus Brigid ingean Luinge.

Is ré linn Aodha mic Ainmireach ar a bhfuilmíd ag trácht agus Aodháin mic Gabhráin ríogh Alban do bhí cianaosta an tan soin do léigeadar Gaedhil Manainn díobh.

Is ré linn Aodha mic Ainmireach, fós, fuair an naomh Cainneach Achadh Bó bás i n-aois a cheithre mbliadhan ar cheithre fichid; agus is ar sliocht Fhearghusa mic Róigh do bhí an Cainneach-so. Is fán am-so tug Colmán Rímhidh Cath Sleamhna, áit ar briseadh ar Chonall mac Aodha, agus Cath Cúile Caoil lé Fiachaidh mic Baodáin, áit ar briseadh d'Fhiachaidh mic Déamáin, is i dtugadh ár a mhuinntire.

Da éis sin tug Conall mac Suibhne briseadh i gcath ar na trí h-Aodhaibh i n-aonló, mar atá Aodh Sláine is Aodh Buidhe rí Ó Maine is Aodh Róin, rí Ó bhFáilghe. I m-Bruighin dá Choga do bhris orra, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Ba ró-mhór an ruachuma,
      Ar ríoghruidh Éireann uile,
      Aodh Sláine go sochuidhe,
      Aodh Róin agus Aodh Buidhe


p.112

Do bhíodh iomorro easaonta ghnáthach idir an dá Fhiachaidh do luaidheamar go grod romhainn, mar atá Fiachaidh mac Baodáin agus Fiachaidh mac Déamáin; agus táinig do ghuidhe Chomhghaill naomhtha buaidh do bheith go minic ag mac Baodáin; agus an tan do chuir mac Déamáin sin i leith an naoimh do fhiafruigh Comhghall de-sean cia budh fearr leis neamh is a mharbhadh d'fhagháil, ioná bhuaidh do bhreith is bheith seal beo agus ifreann fá dheireadh. Adubhairt mac Déamáin go madh fearr leis buaidh do bhreith ar a námhaid, ionnus na háir is na héachta do-bhéaradh orra go mbeidís da n-aithris i gcomhdhálaibh coitcheanna ó aimsir go haimsir. Ba holc ré Comhghall an roghain rug; agus rug an Fiachaidh oile neamh do roghain is diommbuaidh gcatha do bheith air; agus fuair sin tré ghuidhe Chomhghaill.

Do bhíodh trá céile comairce naoimh ag gach airdaicme d'uaislibh Gaedheal Éireann. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na drongaibh-se síos: óir do bhíodh Caoimhghin Glinne dá Loch ag Tuathalachaibh is ag Branachaibh; Maodhóg Fearna ag Uíbh gCinnsealaigh; Moling ag Caomhánachaibh; Fionntain Chluana hEidhneach ag síol Mhórdha; Cainneach Achadh Bó ag Osruighibh; Ruadhán Lothra ag síol gCinnéididh; Deaglán ag na Déisibh; Séanna ag cloinn Bhriain Eatharlach; Gobnuid i Múscraidhe mic Diarmada; Colmán i n-Uíbh Mac Coille; agus mar sin ní bhíodh críoch ná cine i n-Éirinn gan coimairce chinnte naoimh nó bannaoimh aca da dtugaid cádhas is onóir. Gidheadh atáid naoimh oile ann is coitchinne ioná an drong do luadhamar, mar atá Colum Cille, Finnén Mhuighe Bile, Ciarán Cluana, Comhghall Bheannchair, Brighid Chille Dara, Ailbhe Imligh, agus Naomh Pádraig, amhail adeir Aonghus Céile Dé san Leabhar da ngairthear Psaltair na Rann. Ag so mar adeir:

    1. Uí Néill uile ar cúl Choluim,
      Ní ar scáth muine:
      Ar cúl Fhinnéin Mhuighe Bile,
      Ulaidh uile;

    2. p.114

    3. Clanna Connacht ar cúl Chiaráin.
      Gion nach comhroinn;
      Dál nAruidhe uasal imghrinn,
      Ar cúl Chomhghoill;
    4. Bíd Laighin ar cúl Bhrighde,
      Clú go saidhbhre;
      Mumha uile gona toirthe,
      Ar cúl Ailbhe;
    5. Ardnaoimh Éireann go n-a manchaibh,
      Is é a n-uidhe
      Gach raon 'n-a dtéid a mbeith fo scéith
      Phádraig uile.

Is ré linn Aodha mic Ainmireach do bheith i bhflaitheas Éireann do bhaoi Brandubh mac Eochach mic Muireadhaigh mic Aonghusa mic Feidhlimidh mic Éanna Cinnsealaigh 'n-a rígh Laighean aoinbhliadhain amháin. Agus is leis féin is lé Laighnibh do marbhadh Aodh mac Ainmireach i gCath Bhealaigh Dhúin Bolg. Adeirthear fós gurab iad Laighin féin do mharbh Brandubh i gCath Camchluana, nó gurab lé Sárán Saoibhdhearg airchinneach Seanbhoithe Sine do thuit sé, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Sárán Saoibhdhearg seol amne,
      Airchinneach Seanbhoith Sine,
      Ní dalbh, gér bh'annamh i gcath,
      Do mharbh Brandubh mac Eochach.
Is fán am-so fuair an naomh Colmán Eala bás.

Do ghabh Aodh Sláine mac Diarmada mic Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Niall Naoighiallaigh is Colmán Rímhidh mac Muircheartaigh Mic Earca do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Sé bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh. Mughainn inghean Choncharainn mic Duach do Chonnachtaibh máthair Aodha Sláine; agus Eithne inghean Bréanainn Daill do Chonnachtaibh fá bean dó; is rug seisear mac dó .i. Diarmaid, Donnchadh, Maolbreasail, Maolodhar, Comhghall , is Oilill. Is uime tugadh Aodh Sláine d'ainm air .i. ar


p.116

an abhainn darab ainm Sláine rugadh é. Is i bhflaitheas na deise-se do chuir Gréaghóir Mór na Rómha S. Augustine manach mar aon ré comhthionól naoimhchléire do shíoladh an Creidimh Catoilice i m-Breatain. Do thuit Colmán Rímhidh lé Lóchán Diolmhain. Do marbhadh Aodh Sláine lé Conall nGuithbhinn mac Suibhne.

Do ghabh Aodh Uairiodhnach mac Domhnaill mic Muircheartaigh mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid. Brigh inghean Orca mic Eirc mic Eochach máthair Aodha Uairiodhnaigh. Agus is uime ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe, .i. readhga fuara tinnis do ghabhadh é, agus dá madh leis maitheas an domhain do-bhéaradh do chionn fortachta aonuaire d'fhagháil dó. Ionann iomorro uara eidhnigh is readhg fuar, gonadh aire sin ghairthear Aodh Uairiodhnach dhe. Is i bhflaitheas an Aodha-so tugadh Cath Odhbha lé h-Aonghus mac Colmáin, áit ar thuit Conall Laoghbhreagh mac Aodha Sláine. Agus do thuit Aodh Uairiodhnach rí Éireann i gCath dá Fhearta.

Do ghabh Maolcobha mac Aodha mic Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna. Cróinseach inghean Aodha Finn rí Osruighe bean an Maoilchobha-so. Do thuit Maolcobha lé Suibhne Meann i gCath Sléibhe Bealgadáin.


p.118