Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 11

XI.

Dála Choluim Chille iar gceileabhradh don chomhdháil triallais go Duibheaglais i n-Inis Eoghain; agus iar dtigheacht na hoidhche da éis sin táinig lasair dheallruightheach theineadh san chomhdháil ar an bhforfhaire do bhí ag coimhéad an chraoi 'n-a raibhe Scannlán Mór i mbroid ag Aodh, is dá shlabhra dhéag iarnuidhe do chuibhreach air, go dtugadar an fhorfhaire a ngnúise ré lár ar mhéid an lonnraidh do chonncadar. Agus táinig dlúimh dheallruightheach sholusta go Scannlán san áit chéadna 'n-a raibhe, agus adubhairt an guth san dlúimh ris: ‘Éirigh, a Scannláin, is fágaibh do shlabhradha is do chró is tar amach is lean mise is tabhair do lámh im láimh.’ Tig Scannlán amach iar sin agus an t-aingeal roimhe. Do mhothuighsiod lucht an choiméada é agus do fhiafruigh siad cia do bhí ann. ‘Scannlán,’ ar an t-aingeal. ‘Dá madh é ní inneosadh,’ ar iad-san. Gluaisis an t-aingeal is Scannlán i ndiaidh Choluim Chille iar sin; agus an tráth do bhí Colum ag an iairmhéirghe ag dul tar crann saingeal siar is é Scannlán do bhí ag buain a bhróg dhe; is do fhiafruigh Colum Cille cia do bhí ann; is do innis.


p.98

seisean gur bh'é féin Scannlán. An tan do fhiafruigh Colum Cille scéala dhe, ‘deoch’ adeireadh seisean, ar mhéid a tharta, óir feoil shaillte do-bheirdís dó san chró, is gan deoch 'n-a diaidh; agus ar a mhionca do-bheireadh sin do fhreagra ar Cholum Cille do fhágaibh Colum Cille righneas labhartha ar gach rígh da shliocht da mbeith i n-Osruighe. Tairis sin tug Colum Cille fá deara ar Bhaoithín trí deocha do thabhairt do Scannlán; ann sin nochtais Scannlán a scéala do Cholum, amhail adubhramar thuas. Adubhairt Colum Cille ré Scannlán triall i n-Osruighe. ‘Ní fhéadaim,’ ar Scannlán, ‘d'eagla Aodha.’ ‘Ní heagail duit,’ ar Colum, ‘beir mo bhachall féin mar chomairce leat, agus fágaibh agam chomthionól i n-Durmhaigh i n-Osruighibh í.’ Leis sin triallais Scannlán i n-Osruighibh is do ghabh ceannas a chríche féin feadh a ré; óir níor léig eagla Cholum Chille d'Aodh buaidhreamh do dhéanamh air ó shoin amach.

Do cheangail Scannlán i gcúitiughadh a shaortha mar sin screaball nó trí pinginne ar gach teach muinntire 'n-a dhúthaigh ó Bhladhma go muir gacha bliadhna do choimhthionól Choluim Chille i n-Durmhaigh i n-Osruighibh, amhail léaghthar i n- Amhra Choluim Cille ag athfhriotal an gheallaimh tug Scannlán do Cholum:

    1. Do riar om thuathaibh om thoigh,
      Cia budh lir luachair is luibh,
      Screaball gacha hadhbha soin,
      An mír ó Bhladhma go muir.

Tug fós Colum Cille a bheannacht d'Osruighibh uile, ar choinghioll go mbeidís féin is a rí umhal dó féin is da choimhthionól i n-Durmhaigh ó aimsir go haimsir fá dhíol na cánach do cheangail Scannlán orra féin agus ar a sliocht, amhail léaghthar san Amhra:

    1. Beannacht ar Osruighibh uaim,
      Ar a mbosghlaine go gcéill,
      Beannacht do mhuir is do thír,
      Uaim tré bheith da rígh dom réir.


p.100

An Colum Cille atámaoid do luadh annso is é fá hainm baiste dhó Criomhthann, agus Axal fá hainm don aingeal choimhdeachta do bhí aige, agus Demal an deamhan do bhíodh go cinnte ar tí a bhuaidheartha, amhail léaghthar san Amhra. Ag so mar adeir:

    1. Criomhthann Ua Cuinn, comhall ngle,
      Ainm baiste Choluim Chille;
      Axal ainm a aingil gan on
      Agus Demal a dheamhon.

Is uime trá do lean Colum Cille d'ainm air, an tan do bhí 'n-a leanbh ag a mhúnadh ag Dubhghlaise i d-Tír Luighdheach i g-Cinéal Chonaill, do léigthí lá gacha seachtmhaine fán mbaile amach é do reabhradh i measc a luchta comhaoise, mar shaordháil ar mbeith don fhuil ríoghdha dhó; agus mar do chleachtadh dul amach lá san tseachtmhain mar sin, do thionóldaois leinbh an cheanntair 'n-a choinne an lá do chleachtadh éirghe amach; agus ar mbeith ar aon láthair dhóibh ag feitheamh ris, an tan atchídís ag triall ón mainistir chuca é do thógbhadaoís a lámha tré lúthgháir ag a rádh d'aongháir ‘ag súd Colum na Cille chugainn.’ Agus mar do chualaidh a oide go gcleachtaoi ris na leanbhaibh Cholum Cille do ghairm dhe, do mheas gur thoil ré Dia an t-ainm sin tarla i mbéalaibh na leanbh neamhurchóideach do ghairm do shíor de, agus an t-ainm baiste, mar atá Criomhthann, do thabhairt i ndearmad. Agus is minic tarla a shamhailt sin do mhalairt ar anmannaibh na naomh; bíodh a fhiadhnaise sin ar Mhochuda dar bh'ainm Carrthach ar dtús, is ar Chaomhán naomhtha, dalta Phádraig, dar bh'ainm ar dtús Mac Neise, is ar Phádraig féin dar bh'ainm baiste Sochet, is ar a dtug Germanus Magonius air an tan do rinne lámhchur air is mar tug Coelestinus Pápa Pádraig d'ainm air ré hucht a chuirthe i n-Éirinn do shíoladh an chreidimh, is ar Fhionnbharr Corcaighe dar bh'ainm baiste Luan, is ar easpog Iobhair dar bh'ainm Loichead do


p.102

bheannuigh i m-Beig-Éirinn i n-íochtar Laighean, is ar Chonnlaoch naomhtha easpog Chille Dara dar chéadainm Roincheann, is ar Moling dar chéadainm Dairchill, is mar sin do mhórán da n-ionntsamhlaibh oile, ionnus nach cuirthe i gconntabhairt gurab Criomhthann fá hainm baiste do Cholum Chille, tar ceann gur lean Colum Cille d'ainm coitcheann de do réir an adhbhair thuas.

Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab fír-Éireannach Colum Cille do leith a athar is a mháthar agus nach Albanach, amhail adeirid cuid do na h-Albanchaibh. Óir is follus gurab Éireannach do thaoibh a athar é, do bhrígh go léaghthar i naoimhsheanchus Éireann gurab é Feidhlimidh mac Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do ba airdrí ar Éirinn fá hathair do Cholum Chille. Ag so dearbhadh an tseanchaidh air sin, amhail léaghthar san duain darab tosach: Naoimhsheanchus naomh Inse Fáil:

    1. Colum Cille críche Cuinn,
      Mac Feidhlimidh uas gach druing,
      Mic Fearghusa an ghníomha ghairg,
      Mic Conaill Ghulban ghlanaird.
Is dearbh fós gurab Éireannach Colum Cille do leith a mháthar, do réir sheanschusa na hAmhra mar a n-abair gurab í Eithne inghean Díoma mic Naoi do shliocht Chairbre Nia Fear rí Laighean a mháthair. Ag so mar adeir an Amhra:
    1. Eithne aircachta nodbí,
      An ríoghan, do Dhál gCairbrí,
      Máthair Choluim diadha dhe,
      Inghean Díoma mic Noe.

Do ciorrbhadh a chorp lé Colum Cille comhmór soin lé troscadh lé hurnuighthibh is lé sléachtanaibh, ionnus gur shearg comhmór soin lé cruas crábhaidh, gur léir a easnach tré n-a aibíd, an tan do luigheadh san ghainimh 'n-a dhúrbhoith re séideadh na gaoithe ar a chorp trés an bhfroigh, amhail adeir an Amhra san rann-so:


p.104

    1. Glé do luigheadh is in ngaineamh,
      I n-a lighe fá mór saoth,
      Sliocht a easnach tré n-a éideadh,
      Fá léir lé séideadh na ngaoth.
Do b'é aois Cholum Chille, an tan fuair sé bás, seacht mbliadhna déag is trí fichid, amhail adeir Dallán Forgaill i n- Amhra Cholum Chille féin, do scríobhadh lé Dallán go grod d'éis bháis Choluim Chille:
    1. Colum gein baoi san mbioth mbán,
      Saothrach ón gcuing a chorpán,
      Téid go hainglibh as a chacht
      Iar seacht mbliadhnaibh seachtmhoghat,
mar atá, trí bliadhna is dá fhichid do chaith da aimsir i n-Éirinn, is da éis sin cheithre bliadhna déag ar fhichid i n-Albain, amhail adeir an Amhra san rann-so:
    1. Trí bliadhna ceathrachad díobh
      Dó i n-Éirinn gan imshníomh;
      Cheithre bliadhna tríocad teann,
      I n-Albain d'aithle Éireann.

Ag so na trí háite 'n-a gcleachtadh Colum Cille comhnuidhe, i n-Í i n-Albain, i n-Doire, is i n-Dún dá Leathghlas, mar ar hadhlaiceadh é, mar adeir sé féin san rann-so mar a nochtann a ionmhaine do na trí háitibh sin:

    1. Mo rath i n-I gan choire,
      Agus mh'anam i n-Doire,
      Agus mo chorpán fán lic
      Fá dtá Pádraig is Brighit.

An tráth do bhíodh Colum Cille ag rádh aifrinn nó ag psalmaireacht nó ag seanmóir, do cluintí míle go leith a ghuth, agus ní fhulaingeadh deamhan a ghuth gan teitheadh roimhe, amhail adeir an Amhra san rann-so:

    1. Soin a ghotha, Choluim Chille,
      Lór a binne ós gach cléir,
      Go ceann chóig céd dég céimeann,
      Aidhbhle réimeann eadh ba réil.


p.106

Do bhí sagart i d-Tír Chonaill i n-aimsir Cholum Chille do chumhduigh nó do thógaibh eaglais do chlochaibh uaisle agus do rinne altóir ghloine innte, agus do chuir dealbh ghréine is éasca da ndealbhughadh san eaglais sin. Go grod da éis sin táinig anbhfainne mhór ar an sagart is táinig deamhan chuige iar sin go rug leis san aieor é. Agus an tráth rángadar i ngar do Cholum Chille ós a chionn, fuair amharc orra is do rinne comhartha na croiche ós a chionn san aieor, gur thuit an sagart leis sin anuas. Agus da bhíthin sin do iodhbair an sagart an eaglais do rinne do Cholum Chille tré n-a fhóirithin a lámhaibh an deamhain is do chuaidh féin i n-ord manach, gur chaith a aimsear go maith ó shoin amach.

Do bhí naomh i n-Uíbh Faircheallaigh i n-Osruighe dar bh'ainm Coisfhionn is téid Cholum Cille aimsear da fhios i ndóigh go dtiubhradh radharc a leabhar dó, óir do ba duine ró-fhoghlumtha ag a raibhe iomad leabhar é. Agus do héimgheadh leis a radharc do thabhart do Cholum Chille; agus guidhis Colum Dia aga iarraidh air gan aoinleabhar dhíobh do bheith inléaghtha do neach 'n-a bheathaidh; agus níor féadadh focal do léaghadh ionnta ó shoin amach gur chríonadar.

Do chonnairc Baoithín d'aislinge trí cathaoire ar neamh mar atá cathaoir óir, cathaoir airgid is cathaoir ghloine; is nochtais Colum Cille dhó gurab i gcomhair Chiaráin mic an tSaoir do bhí an chathaoir óir, ar mhéid a oinigh d'aoidheadhaibh, ‘agus an chathaoir airgid id comhair-se féin a Bhaoithín atá, ar ghloine do chrábhaidh; an chathaoir iomorro ghloine im chomhair-se atá, óir ciodh glan mo chrábhadh, is aibrisc codluidhe go minic mé.’

Ag so cheithre cána Éireann .i. cáin do chuir Pádraig gan cléirce do mharbhadh; cáin Adhamnáin gan mná do mharbhadh; cáin Doire Cholum Chille gan ba bleachta do mharbhadh; agus cáin Domhnaigh gan aistear do dhéanamh ann.


p.108