Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 10

X.

Is amhlaidh táinig Colum Cille i n-Éirinn agus bréid ciartha tarsna ar a shúilibh go nach faicfeadh úir Éireann. Óir do bhí d'fhiachaibh air gan úir Éireann d'fhaicsin ón tráth do chuir Molaise do bhreith aithrighe air dul i n-Albain agus gan fonn na h-Éireann d'fhaicsin go bás, ionnus go dtáinig dhe sin gur chonghaibh an bréid ciartha ar a shúilibh an seal do bhí i n-Éirinn go tilleadh i n-Albain dó; gonadh ag faisnéis an chomhaill do rinne Colum Cille ar an mbreith sin, do rinne Molaise an rann-so:

    1. Gé tháinig Colum anoir,
      I n-eathar tar an mórmhuir,
      Ní fhacaidh ní i n-Éirinn áin,
      Iar dtigheacht is in mórdháil.

Is é adhbhar iomorro fá rug Molaise do bhreith ar Cholum Chille dul i n-Albain, mar tháinig do Cholum Cille trí catha do chur i n-Éirinn, mar atá Cath Cúile Dreimhne, Cath Cúile Rathan, is Cath Cúile Feadha. Is é adhbhar Catha Cúile Dreimhne do réir an tseinleabhair da ngairthear Uidhir Chiaráin: Feis Teamhrach do rinne Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil rí Éireann is do marbhadh duine uasal ar an bhfeis sin lé Cuarnán mac Aodha mic Eochach Tiormcharna; agus is uime do mharbh Diarmaid an Cuarnán-so tré mar do mharbh seisean an duine uasal ar an bhfeis i n-aghaidh


p.88

dhlighidh is tearmainn na feise. Agus sul do marbhadh Cuarnán do chuaidh ar chomhairce dá mhac Mic Earca .i. Fearghus is Domhnall is cuirid sin ar chomhairce Choluim Chille é, agus tar chomhairce Choluim marbhthar lé Diarmaid é tré choill reachta na Teamhrach; agus táinig dhe sin gur thionóil Colum Cille clanna Néill an tuaisceirt (tré n-a chomhairce féin is tré chomhairce chloinne Mic Earca do shárughadh) gur cuireadh Cath Cúile Dreimhne ar Dhiarmaid is ar Chonnachtaibh; gur bhriseadh dhíobh tré ghuidhe Choluim Chille.

Cuiridh Leabhar Dubh Molaga adhbhar oile síos fá dtugadh Cath Cúile Dreimhne, mar atá trés an gclaoinbhreith rug Diarmaid i n-aghaidh Choluim Chille an tan ro scríobh an Soiscéal a leabhar Fionntain gan fhios, agus adubhairt Fionntain gur leis féin an maicleabhar do scríobhadh as a leabhar féin. Uime sin do thoghadar leath ar leath Diarmaid 'n-a bhreitheamh eatorra; agus is í breath rug Diarmaid gurab leis gach boin a boinín, is gurab leis gach leabhar a mhaicleabhar; gonadh é sin an dara hadhbhar fá dtugadh Cath Cúile Dreimhne.

Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile Rathan do thabhairt ar Dhál nAruidhe is ar Ulltachaibh do thoisc iomrasain tarla idir Cholum Chille is Chomhghall mar do thaispeánadar Dál nAruidhe is Ulltaigh iad féin leathtromach san imreasan.

Is é adhbhar fá dtug Colum Cille fá deara Cath Cúile Feadha do thabhairt ar Cholmán mac Diarmada i ndíol a sháruighthe fá Bhaodán mac Ninneadha rí Éireann do marbhadh lé Comán mac Colmáin i Léim an Eich tar chomhairce Choluim.

Triallais iomorro Colum go n-a naoimhchléir a h-Albain, amhail adubhramar, go Éirinn, agus an tan do bhí ag teacht i ngar na comhdhála adubhairt an ríoghan, bean Aodha,


p.90

ré n-a mac Conall gan cádhas do thabhairt don choirrchléireach ná da bhuidhin; agus ar bhfagháil scéal air sin do Cholum sul ráinig an láthair is eadh adubhairt: ‘Is cead liom-sa an ríoghan go n-a hinnilt do bheith i riocht dá choirr i gcionn an átha-so thíos go dti an Bráth.’ Ag so deismireacht na h- Amhra ag aithfhriotal bhriathar Choluim san rann-so:
    1. Is cead di-se bheith 'n-a coirr,
      Ar an cléireach go ró-loinn,
      'S is cead da hinnilt go beacht,
      Bheith 'n-a coirr 'n-a coimhideacht.
Agus is uime do orduigh an innilt do bheith 'n-a coirr mar aon ris an ríoghain, do bhrígh gurab í tháinig i dteachtaireacht ón ríoghain go Conall ag a rádh ris gan cádhas do thabhairt don choirrchléireach ná da bhuidhin. Agus do chluinim ó n-a lán do dhaoinibh go bhfaicthear dá choirr do ghnáth ar an áth atá láimh ré Druim Ceat ó shoin ale.

Dála Choluim Chille, ar rochtain na comhdhála dhó is é oireacht Chonaill mic Aodha mic Ainmireach ba neasa dhó don chomhdháil; agus mar do chonnairc Conall na cléirigh greasais daoscarshluagh an oireachta fúthaibh, trí naonbhair a líon, gur ghabhadar do chaobaibh criadh orra, gur brúghadh is gur breodhadh na cléirigh leo. Is do fhiafruigh Colum cia do bhí ag a mbualadh amhlaidh sin. Do chualadh Colum gurab é Conall mac Aodha do bhí ag a ngreasacht ré déanamh an ghníoma soin, is cuiris Colum fá deara trí naoi gceoláin do bhuain an tráth soin ar Chonall gur heascaineadh lé Colum é, is gur bhean ríghe is aireachas ciall is cuimhne is a inntleacht de. Agus ó na clogaibh sin do beanadh air, ghairthear Conall Clogach dhe.

Do chuaidh Colum iar sin go hoireacht Domhnaill mic Aodha; is éirghis Domhnall 'n-a choinne is do fhear fáilte roimhe is tug póg da ghruaidh is do chuir 'n-a ionadh féin 'n-a shuidhe é. Tug Colum a bheannacht do Dhomhnall mac Aodha, is iarrais ar Dhia ríoghacht Éireann da rochtain, agus ráinig


p.92

fá dheireadh go raibhe trí bliadhna déag i bhflaitheas Éireann sul fuair bás.

Triallais Colum as sin go hoireachtas an ríogh is Domhnall 'n-a fhochair; agus ar rochtain do Cholum do láthair an ríogh fáiltighis roimhe—do ghabh eagla mhór an rí roimhe trés an ní do rinne ré Conall ris an ríoghain is ré n-a hinnilt, amhail adubhramar. ‘Do b'í m'fháilte mo riar,’ ar Colum. ‘Do-ghéabhair sin,’ ar an rí. ‘Maiseadh,’ ar Colum, ‘is é riar iarraim: trí hitghe iarraim ort, mar atá fastódh na bhfileadh ataoi do thathfann as Éirinn, is scaoileadh do Scannlán Mhór mac Cinnfhaolaidh rí Osruighe as an mbroid 'n-a bhfuil agat, is gan dul do chur bhuinchíosa ar Dhál Riada i n-Albain.’ ‘Ní toil liom,’ ar an rí, ‘ fastódh na bhfileadh, ar mhéid a n-ainbhreath is ar a líonmhaire atáid. Óir bíd tríochad i mbuidhin an ollamhan is a cúig déag i mbuidhin an anroth agus mar sin do na grádhaibh file oile ó shoin síos.’ Do bhíodh buidhean ar leith ag gach aon díobh do réir a chéime féin, ionnus go raibhe trian bhfear n-Éireann ré filidheacht beagnach.

Adubhairt Colum Cille ris an rígh go madh cóir mórán do na fileadhaibh do chur ar gcúl ar a líonmhaire do bhádar ann. Gidheadh adubhairt ris file do bheith 'n-a ardollamh aige féin ar aithris na ríogh roimhe, is ollamh do bheith ag gach rígh cúigidh, is fós ollamh do bheith ag gach tighearna triúcha chéad nó tuaithe i n-Éirinn; agus do cinneadh ar an gcomhairle sin lé Colum Cille, is aontuighis Aodh é; gonadh ag maoidheamh na commaoine sin do chuir Colum Cille ar na fileadhaibh do rinne Maolsuthain an rann-so:

    1. Ro saoradh dhe na filidh
      Tré Cholum an chaoimhdhlighidh;
      File gach tuaithe ní trom,
      Is eadh do orduigh Colom.


p.94

Táinig don ordughadh-so do rinne Aodh mac Ainmireach is Colum Cille go mbíodh ollamh cinnte ag rígh Éireann is ag gach rígh cúigeadhach is ag gach tighearna triúcha chéad, is fearann saor ag gach ollamh dhíobh ó n-a thighearna féin; agus fós saoirse choitcheann is tearmann ó fhearaibh Éireann ag fearann is ag maoin tsaoghalta gach ollamhan díobh. Do orduigheadar fós fearann coitcheann do na hollamhnaibh go cinnte, mar a mbiadh múnadh coitcheann aca amhail Universitie, mar atá Ráith Cheannait is Masruidhe Mhaighe Sléacht san m-Bréithfne, mar a mbíodh múnadh na n-ealadhan i n-aiscidh aca d'fhearaibh Éireann, gach aon do thogradh bheith foghlumtha i seanchus nó sna healadhnaibh oile do bhí ar gnáthughadh i n-Éirinn an tan soin.

Is é fá hardollamh i n-Éirinn an tráth soin Eochaidh Éigeas mac Oiliolla mic Eirc, agus is ris a deirthí Dallán Forgaill, is do chuir ollamhain uaidh ar chúigeadhaibh Éireann, mar atá Aodh Éigeas ar chrích Bhreagh is ar an Midhe, Urmhaol airdéigeas ar dá Chúigeadh Mumhan, Seanchán mac Cuairfheartaigh ar Chúigeadh Connacht agus Fear Firb mac Muireadhaigh mic Mongáin i n-ollamhnacht Uladh, agus fós ollamh i ngach triúcha chéad i n-Éirinn fá na hardollamhnaibh-se, is fearann saor ó n-a bhflaithibh fearainn dóibh agus tearmann, amhail adubhramar, is duasa cinnte ar son a nduan is a ndréacht da gach aon díobh.

An dara hathchuinghe do iarr Colum ar Aodh, scaoileadh do Scannlán Mhór rí Osruighe agus a léigean da chrích féin; do éimidh Aodh sin. ‘Ní leanamh tairis sin ort,’ ar Colum, ‘masa toil lé Dia é go raíbhe ag buain mh'iallchrann nó mo bhróg dhíom-sa anocht san iairmhéirghe mar a mbiad.’

‘An treas athchuinghe iarraim ort,’ ar Cholum Cille, ‘cairde do thabhairt do Dhál Riada gan dul da n-argain


p.96

go h-Albain do thabhach bhuinchíosa orra. Óir ní dlightheach dhuit d'fhagháil uatha acht airdchíos is éirghe shluagh ar muir is ar tír.’ ‘Ní thiubhrad cairde dhóibh gan dul da n-ionnsuighe,’ ar Aodh. ‘Maseadh’ ar Colum, ‘biaidh cairde go bráth uait’; agus fá fíor sin.

Leis sin ceileabhrais Colum Cille go n-a chléir don rígh is don chomhdháil; agus adeir Leabhar Ghlinne Dá Loch go raibhe Aodhán mac Gabhráin mic Domhanghuirt rí Alban san chomhdháil-se, is gur cheileabhair i n-aoinfheacht ré Colum Cille don rígh is don chomhdháil. Adeir an leabhar céadna go raibhe an chomhdháil-se Dhroma Ceat 'n-a suidhe bliadhain is mí ag ordughadh reachta is dligheadh chánach is cháirdeasa idir fhearaibh Éireann.