Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 9

IX.

Do ghabh Aodh mac Ainmireach mic Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid. Brighid, inghean Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh, máthair an Aodha-so. Is é Aodh mac Ainmireach tug Cath Béal Dáthí, mar ar thuit Colmán Beag mac Diarmada agus cúig míle mar aon ris tré fháistine Choluim Chille. Is fán am-so fuair Seanach easpog Chluana hIoraird bás, is Fiachaidh mac Baodáin mic Cairill mic Muireadhaigh Mhuindeirg do bhí 'n-a rígh Uladh cúig bliadhna ar fhichid, gur thuit an tráth-so i


p.78

gCath Beatha lé Fiachaidh mic Déamáin. Agus fuair Feidhlim mac Tighearnaigh rí Mumhan bás.

Is lé h-Aodh mac Ainmireach do commóradh mórdháil Droma Ceat mar a raibhe comhdháil uaisle is eagailse Éireann. Agus is trí hadhbhair prinnsiopálta do bhí ag Aodh ré cruinniughadh na comhdhála soin. An céadadhbhar díobh do dhíbirt na bhfileadh a h-Éirinn ar a méid do mhuirear is ar a dheacracht a riar. Óir do bhíodh tríochad i mbuidhin an ollaimh agus cúig fhir déag i mbuidhin an anroth .i. an té fá goire céim san bhfilidheacht don ollamh. Agus do bhádar fán am soin, beagnach, trian bhfear n-Éireann ré filidheacht, is do bhídís ó Shamhain go Bealltaine ar coinnmheadh ar fhearaibh Éireann. Ar n-a mheas d'Aodh mac Ainmireach gur throm an t-ualach d'Éirinn iad, do chuir roimhe a ndíbirt as an ríoghacht uile. Adhbhar oile fós do bhí ag Aodh ré díbirt na bhfileadh, mar do chuadar d'iarraidh deilg óir do bhí i mbrat Aodha. Dealg sin trá do fhágbhadh gach rí mar shéadchomhartha ag gach rígh thigeadh 'n-a dhiaidh; agus is é iarraidh an deilg go ainmhianach dóibh do ghríosuigh Aodh ré n-a n-athchur gur hionnarbadh go Dál Riada Uladh iad. Do bhí díochur roimhe sin ar na fileadhaibh ré linn Chonchubhair mic Neasa Ríogh Uladh tré n-a n-ainbhreathaibh féin.

Do thionóladar fileadha Éireann an tráth soin i gcoinne is i gcomhdháil a chéile; agus do b'é a líon ar an gcomhdháil sin deich gcéad d'fhileadhaibh ag a raibhe buidhean; agus do bhádar an tráth soin ag cinneadh chomhairle ar dhul i n-Albain; agus mar do chualaidh Conchubhar sin téid Cú Chulainn 'n-a ndáil, agus tug congbháil seacht mbliadhan dóibh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach, Eamhain Uladh ionmhain leam:

    1. Éirghid Ulaidh, amhra an sluagh,
      Um Chonchubhar chloidheamhruadh:
      Coinnmheadh sheacht mbliadhan go mblaidh,
      Uainne do na fileadhaibh.

p.80

Da éis sin do scaoilsiod na fileadha fá Éirinn is ní raibhe díochur ortha ó shoin amach go haimsir Fhiachna mic Baodáin ríogh Uladh, ná ó aimsir Fhiachna go haimsir Mhaoilchobha mic Déamáin mic Cairill ríogh Uladh, ná ó aimsir Mhaoilchobha go haimsir Aodha mic Ainmireach. Fá thrí iomorro do dhiúltadar fir Éireann do na fileadhaibh gur fhostuidheadar Ulaidh gach uair díobh soin iad. An chéaduair do díbreadh iad fá hé a líon míle; gur ro fhost Conchubhar go maithibh Uladh seacht mbliadhna iad, amhail adubhramar. An dara díbirt do rinneadh orra ro fhost Fiachna mac Baodáin rí Uladh bliadhain iad, agus seacht gcéad a líon um Eochaidh Ríghéigeas, amhail adeir an file san duain réamhráidhte:

    1. Eochaidh Ríghéigeas reacht rán,
      Luidh go Fiachna mac Baodáin,
      Fofríoth fáilte dhíomhor dhe
      Na filidh ros fostaighthe.

An treas feacht do díbreadh iad go ro fhost Maolcobha rí Uladh iad, dá chéad déag a líon, um Dhallán Forgaill is um Sheanchán, amhail adeir an file san duain chéadna. Ag so mar adeir:

    1. Feacht do Mhaolcobha na gcliar,
      Ré h-Iobhar Chinn Tráchta aniar;
      Dá chéad déag file fosfuair
      Fris an Iobhar aniar-dtuaidh;
    2. Do rad dóibh Maolcobha, an cing,
      Coinnmheadh teora mbliadhan mbinn,
      Méaraidh go ló an bhrátha bháin
      Do chine dhealbhdha Dhéamáin.

An dara hadhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat, i ndóigh go gcuirfeadh Aodh buinchíos ar Dhál Riada i n-Albain, agus gan do chíos aige orra roimhe sin acht éirghe shluagh ar muir is ar tír is íoc éarca lé rígh Éireann, amhail do


p.82

orduigh Colmán mac Coimhgheallaigh, do réir mar adeir sé féin san rann-so:
    1. Sluaigheadh la fonnaibh do ghrés,
      Cobhlach ar muir go mbithbhés—
      Mo bhreath bheilghlic gan bhine—
      Is éiric lá deirbhfhine.

An treas adhbhar fár commóradh mórdháil Droma Ceat, do dhíochur Scannláin Mhóir mic Cinnfhaolaidh a flaitheas Osruighe, tré gan buinchíos d'íoc ré h-Aodh, agus ar tí a mhic Iollainn mic Scannláin do ríoghadh ar Osruighibh tré bheith umhal san mbuinchíos d'Aodh. Gonadh iad soin na trí fátha fár horduigheadh mórdháil Droma Ceat, amhail adeir Dallán Forgaill san rann-so:

    1. Trí fátha fríotha don dáil,
      Ar tí aithríoghtha Scannláin,
      Um Dhál Riada, ríodhgha an treas,
      Is um dhíochur na n-éi eas.

Ag so na ríogha cúigeadhach is na flatha fearainn do bhí i mórdháil Droma Ceat. Ar dtús Criomhthann Cearr rí Laighean; Iollann mac Scannláin mic Cinnfhaolaidh rí Osruighe; Maoldúin mac Aodha Beannáin rí iarthair Mhumhan; Finghin mac Aodha Duibh mic Criomhthainn rí Mumhan uile; Criomhthann Deilgneach rí deisceirt Éireann; Guaire mac Colmáin i ríghe chloinne Fíachrach theas is thuaidh; Raghallach mac Uadach do ba rí ar Thuathaibh Taidhion is ar Bréithfne Uí Ruairc go Cliabhán Modhairn; Ceallach mac Cearnaigh mic Duibh Dhothra ar Bhréithfne Uí Raghallaigh; Conghalach Chinn Maghair ar Thír Chonaill 'n-a rígh; dá righ Óirghiall .i. Daimhín mac Aonghusa ó Chlochar Deasa go Fionncharn i Sliabh Fuaid; Aodh mac Duach Galaigh ó Fionncharn Sléibhe Fuaid go Bóinn.

An tan fá clos do Cholum Chille i n-Albain cruinniughadh


p.84

na comhdhála soin agus na trí hadhbhair fár tionóileadh í, mar atá, aithríoghadh Scannláin, díbirt na bhfileadh is cur bhuinchíosa ar Dhál Riada, do thriall féin a h-Í go h-Éirinn mar aon ré coimhthionól naoimhchléire; agus is é líon cléire do bhí 'n-a fhochair ag teacht fá thuairim na comhdhála soin: dá fhichid sagart, fiche easpog, caoga deochan is tríochad maiccléireach, amhail adeir Amhra Choluim Chille san rann-so:
    1. Dá fhichid sagart a líon,
      Fiche easpog uasal bríogh,
      Fri gabháil psalm, clú gan acht,
      Caoga deochan tríochad mac.

Do féadfaidhe go mbiadh díchreideamh ag an léaghthoir ar an ní chuirthear síos annso, mar atá go mbeidís easpuig i gcoimhdeacht abbadh. Gidheadh dá léaghthar an dara caibidil do Stair na Sacsan do scríobh Beda mar a labhrann ar phribhiléid oiléin Í i n-Albain, is follus go mbídís easpuig na h-Alban umhal d'abbaidh Í i n-allód. Ag so iomorro mar adeir: Fá gnáth (ar sé) ris an oiléan-so do shíor uachtarán do bheith air do bhiadh 'n-a abb is 'n-a shagart ag a mbíodh an chríoch uile fá n-a smacht agus fá n-a dhligheadh, agus fós fá dlightheach do na heaspogaibh féin, gér nós neamhghnáthach é, bheith umhal dó, do réir shompla an chéaddoctúra do bhí ar an oiléan nach raibhe 'n-a easpog acht 'n-a shagart is 'n-a mhanach. {Habere autem solet (inquit) ipsa Insula rectorem semper Abbatem presbiterem cuius iuri et omnis provincia et ipsi etiam episcopi ordine inusitato debeant esse subiecti iuxte exemplum primi doctoris illius qui non episcopus sed presbiter extitit et monachus.}’’

Agus is follus gurab é Colum Cille an céaddoctúir fuair an phribhiléid ar dtús i n-Í, amhail adeir Beda san deachmhadh caibidil don chúigeadh leabhar don Stair chéadna. Fá hé Colum (ar sé) céaddoctúir an chreidimh Chatoilice do na Pictibh san aird thuaidh ar na sléibhtibh is an céadduine do thógaibh mainistear i n-oiléan Í do bhí cádhasach cian d'aimsir ag iomad do phoibleachaibh na Scot is na b-Pict. {Columba erat primus doctor fidei Catholicae Transmontanis Pictis ad aquilonem primusque fundator monasterii quod in Hii Insula multis diu Scotorum Pictorumque populis venerabile mansit.}’’

As na briathraibh-se Beda is iontuigthe gurab

p.86

é Colum Cille an céaddoctúir do chuaidh do shíoladh an chreidimh do na Pictibh i dtuaisceart Alban, is gurab uime sin ní headh amháin do ghabhadar na sagairt is na manaigh orra féin bheith umhal do Cholum Chille is d'abbaidh Í da éis, acht fós do ghabhadar na heaspuig féin orra é, do bhrígh gurab é Colum Cille tug solus an chreidimh ar dtús dhóibh. Agus is uime sin tángadar easpuig i n-Éirinn i gcoimhdeacht Choluim Chille go mórdháil Droma Ceat.