Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 8

VIII.

Is i n-aimsir Dhiarmada mic Fearghusa ríogh Éireann do bhí Béacán naomhtha ann. Adeirid drong ré seanchus go raibhe mac oile i n-éagmais Fhiachach Muilleathain ag Eoghan Óg .i. Diarmaid, agus is ar sliocht an Diarmada-so táinig Béacán naomhtha do bheannuigh i g-Cill Béacáin i Múscruidhe Chuirc; agus fós adeirid na seanchaidh go rabhadar triúr mac ag Fiachaidh Muilleathan féin .i. Oilill Flann Mór Oilill Flann Beag is Deachluath. Ag so deismireacht ar sin:

    1. Béacán ó Dhiarmaid naomh nár,
      Déanam clann Fhiachach d'iomrádh,
      Dream dar chomhaill tír is tuath,
      Dá Oilill díobh is Deachluath.

Is fán am-so do mheas Breasal mac Diarmada mic Fearghusa .i. mac ríogh Éireann, fleadh d'ollmhughadh da athair ag Ceanannus na Midhe, is níor mhaise leis aoinní da raibhe


p.68

aige i gcomhair na fleidhe sin gan mairtfheoil 'n-a mbiadh foirrcheas ré n-a dáil ar an bhfleidh sin da athair. Gidheadh ní fhuair a samhail sin do mhairtfheoil i gcomhfhoigse dhó acht aonmhart do bhí ag mnaoi riaghalta i g-Cill Ealchruidhe, agus iarrais Breasal an mart go háiseach umhal ar an mnaoi, is do thairg seacht mba is tarbh do chionn na haonbhó d'fhagháil dó. Éimghis an bhean é. Tairis sin tug seisean an bhó da haimhdheoin uaithe gur mharbh ar an bhfleidh í. Agus iar mbeith i n-áineas na fleidhe do rígh Éireann is da mhuinntir, tig an chailleach is do rinne casaoid ar Bhreasal ris an rígh. Ar gclos iomorro na casaoide sin do Dhiarmaid .i. an rí, do ghabh dásacht feirge é, is adubhairt go mbáiseochadh sé Breasal tré shárughadh chaillighe Chille hEalchruidhe, is beiris leis é ar bruach abhann Lorcaighe, gur báthadh leis Breasal amhlaidh sin. Gabhais aithreachas Diarmaid tré n-a mhac do bháthadh, is téid da cheisneamh sin ré Colum Cille, is adubhairt Colum ris teacht d'fhios an athlaoich Bhéacáin don Mhumhain, agus triallais féin is Colum Cille mar aon ris go rangadar Cill Bheacáin don leith thuaidh do Shliabh gCrot. Agus is amhlaidh fuaradar an naomh is é ag déanamh cloidh timcheall a reilge is a aibíd fliuch 'n-a thimcheall. Mar fuair Béacán amharc ar Dhiarmaid, is eadh adubhairt: ‘Fán dtalamh a fhionghalaigh,’ ar sé. Leis sin téid Diarmaid go glúinibh i dtalmhain. ‘D'iarraidh comairce ort-sa san ngníomh do rinne táinig sé’ ar Colum Cille: ‘agus ag iarraidh ort t'impidhe do chur go Dia fá n-a mhac d'aithbheodhadh.’ Leis sin guidhis Béacán Dia go dúthrachtach fá thrí ar fhoráileamh Choluim Chille; agus is mar sin do haithbheodhadh mac ríogh Éireann, .i. Breasal, tré ghuidhe Bhéacáin naomhtha; gur móradh ainm Dé is Bhéacáin trés an mhíorbhal soin.

Tarla Guaire mac Colmáin, fá fear comhaimsire don Diarmaid-se, is Cuimín Foda mac Fiachna is Cáimín Inse


p.70

Cealltrach i dteampull mór na hinse. Agus do cuireadh trí ceasta eatorra. Ar dtús adubhairt Cáimín, ‘Créad, a Ghuaire’ ar sé, ‘an ní budh mhaith leat agat?’ ‘Ór is ionnmhas ré a bhronnadh,’ ar Guaire. ‘Agus tusa, a Chuimín’ ar Guaire, ‘créad an ní budh mhian leat?’ ‘Iomad leabhar ré friotal na fírinne,’ ar Cuimín. ‘Agus tusa, a Cháimín,’ ar Cuimín, ‘créad do mhian-sa?’ ‘Iomad galar ar mo chorp,’ ar Cáimín. Agus fuaradar a dtriúr a miana, acht i ndeireadh a ré gur heascaineadh Cuimín lé Mochua, agus gur bhean gach rath dhe, ma's fíor don tseanchus.

Táinig Guaire mic Colmáin trí catha do shluagh Connacht d'argain Mhumhan go dtarla Díoma mac Ronáin mic Aonghusa fá rí Caisil an tan soin dó i n-Uíbh Fidhghinnte ré ráidhtear Clár Chonntae Luimnigh aniú, agus tug Díoma is Guaire cath da chéile ag Carn Fearadhaigh, gur briseadh do Ghuaire is do Chonnachtaibh ann. Agus do marbhadh an nuimhir dho-áirmhighthe dhíobh mar aon ré sé triathaibh d'uaislibh Connacht. Is é adhbhar fá dtáinig Guaire ar an sluagh soin ag éiliughadh a raibhe ó Shliabh Echtghe go Luimneach do bhí do sheanroinn Chonnacht nó go dtug Lughaidh Meann mac Aonghusa Tírigh seacht gcatha ar Chonnachtaibh mar ar mharbh seacht ríogha dhíobh, agus gan do sluagh aige acht amsuidh is giollanraidh go ndearnaidh sé fearann cloidhimh da bhfuil ó Bheirn trí gCarbad ag Carn Fhearadhaigh go Luchad .i. Bealach an Luchaide, agus ó Áth na Bóraimhe go Léim an Chon; gonadh da dhearbhadh sin do rinne Cormac mac Cuileannáin an rann-so:

    1. Fá hé sin an Lughaidh Láimhdheirg
      Tall ar Chóigeadh Chonnacht chain,
      Ó Charn Fhearadhaigh fá uchad,
      Go h-Áth Luchad lán do ghail.

Fá lucht comhaimsire dá chéile Mochua is Colum Cille,


p.72

agus ar mbeith i ndíthreibh an fhásaigh do Mhochua nó Mac Duach, ní raibhe do spréidh shaoghalta aige acht coileach is luchóg is cuil. Is é feidhm do-níodh an coileach dó, iarmhéirghe an mheadhóin oidhche do choimhéad. An luchóg iomorro ní léigeadh dó acht cúig uaire do chodladh san ló go n-oidhche, agus an tan do thogradh ní-sa mhó do chodladh do dhéanamh, ar mbeith tuirseach dó ó iomad croisfhidhiol is sléachtan, do ghabhadh an luchóg ag slíobadh a chluas go ndúscadh amhlaidh sin é. An chuil, cheana, is é feidhm do-níodh bheith ag siubhal ar gach líne da léaghadh 'n-a Psaltair, is an tan do-níodh scíoth ó bheith ag cantain a psalm do chomhnuigheadh an chuil ar an líne d'fhágbhadh go tilleadh arís do rádh a psalm dhó. Tarla go grod da éis sin go bhfuaradar na trí seoide sin bás; agus scríobhais Mochua leitir da éis sin go Colum Cille ar mbeith i n-Í i n-Albain dó, agus do-ní casaoid ar éag na healtan soin. Scríobhais Colum Cille chuige agus is eadh adubhairt: ‘A bhráthair’ ar se, ‘ní cuirthe dhuit i n-iongantas éag na healtan do chuaidh uait, óir ní bhí an tubaist acht mar a mbí an spréidh.’ Measaim ar an súgradh-so na bhfíornaomh nach raibhe suim aca sna sealbhaibh saoghalta, ní hionann is mórán do lucht na haimsire-se.

Da éis sin do marbhadh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil rí Éireann i Ráith Bhig i Maigh Line lé h-Aodh Dubh mac Suibhne Aruidhe, agus tugadh a cheann go Cluain Mic Nóis, is do hadhnaiceadh a cholann i g-Cuinnire.

Do ghabh Feargus is Domhnall dá mhac Muircheartaigh mic Earca mic Muireadhaigh, mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Duinnseach inghean Duach Teangumha ríogh Connacht máthair na mac-so. Is fán am-so tugadh Cath Gabhra Lithfe ar Laighnibh lé Fearghus is lé Domhnall, áit ar thuit cheithre céad do Laighnibh is do marbhadh Díomán mac Cairill mic Muireadhaigh Mhuindeirg, do bhí 'n-a rígh Uladh deich mbliadhna, lé bachlachaibh Boirne. Agus 'n-a dhiaidh sin fuair Fearghus is Domhnall bás.


p.74

Do ghabh Eochaidh mac Domhnaill mic Muircheartaigh mic Earca agus Baodán mac Muircheartaigh mic Earca do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann. Trí bliadhna dhóibh. Is fán am-so fuair Cairbre Crom mac Criomhthainn Sréibh mic Eochach mic Aonghusa mic Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan tríochad bliadhan bás. Tairis sin is é an Cairbre Crom-so ré n-a bhás tug Cath Feimhean ar Cholmán Bheag mac Diarmada, áit ar briseadh do Cholmán is ar marbhadh iomad da mhuinntir ann. Agus is uime do gairthí Cairbre Crom dhe ar n-a bheith da oileamhain nó da altrom i g-Cromghlaise, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Díreach é ó fhionn go bonn,
      Fear fírfhéata Cairbre Crom,
      Is air do ghabh ainm ré ais,
      Ar a altrom i g-Cromghlais.
Is é an Cairbre Crom-so do bhronn Cluain Uama do Dhia is do mhac Léinín.

Adeirid dream ré seanchus gurab fán am-so fuair Bréanainn Biorra bás. Gidheadh do mhair sé naoi bhfichid bliadhan do réir an tseanchusa san rann-so síos:

    1. Mairg nach roicheann mór a rath
      Bréanainn fá hálainn a rioth,
      Ceithre fichid agus céd,
      Is é méd baoi ar an mbioth.
Da éis sin tugadh Cath Tola is Forthola lé Fiachaidh mac Baodáin ar Éilibh agus ar Osruighibh, áit ar thuit iomad d'Éilibh is d'Osruighibh ann. Agus fuair Conall mac Comhghaill rí Dál Riada i n-Albain bás, ar mbeith sé bliadhna déag i bhflaitheas na h-Alban dó; agus is é an Conall-so do bhronn oiléan Í i n-Albain do Cholum Chille. Da éis sin do thuit Eochaidh is Baodán lé Crónán mac Tighearnaigh rí Ciannachta Ghlinne Geimhean.

Do ghabh Ainmire mac Séadna mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Brighid inghean


p.76

Chobhthaigh mic Oiliolla do Laighnibh Arda Ladhrann bean Ainmire máthair Aodha mic Ainmire. Da éis sin do thuit Ainmire lé Fearghus mac Néill ar earbadh Bhaodáin mic Ninneadha i g-Carraig Léime an Eich.

Do ghabh Baodán mac Ninneadha mic Fearghusa Ceannfhoda mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Cacht inghean ríogh Fionnghall bean Bhaodáin; agus is i bhflaitheas Bhaodáin fuair an naomh, Bréanainn Chluana Fearta, bás, agus Aodh mac Eochach Tiormcharna rí Connacht do marbhadh i gCath Bágha, is Baodán mac Cairill rí Uladh, is Ruadhán Lothra an naomh. Do shliocht Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain dó. Agus do marbhadh Baodán mac Ninneadha rí Éireann leis an dá Chuimín .i. Cuimín mac Colmáin Bhig is Cuimín mac Libhréin i g-Carraig Léime an Eich i n-Iomairg. Is í fá haois don Tighearna do réir Bheda, san cheathramhadh chaibidil don treas leabhar do Stair na Sacsan, ag dul do Cholum Cille i n-Albain 565.