Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 7

VII.

An seachtmhadh bliadhain do fhlaitheas an Diarmada-so ríogh Éireann táinig cailleach dhubh dar bh'ainm Sineach Chró do chasaoid ar Ghuaire mac Colmáin ré Diarmaid tré bhreith na haonbhó do bhí aice uaithe. Do thionóil Diarmaid sluagh líonmhar ré dul do bhuain díolaidheachta i mboin na caillighe do Ghuaire, agus triallais go Sionainn don chur soin. Do bhí iomorro tionól sluagh is sochuidhe ag Guaire ar a chionn don leith oile; agus do chuir Guaire Cuimín Foda mac Fiachna da iarraidh ar Dhiarmaid gan dul go ceann cheithre n-uaire bhfichead tar Sionainn siar. ‘Ní mór an athchuinge dhuit-se sin d'fhagháil’ ar Diarmaid, ‘agus do-ghéabhthá ní budh mhó dá madh é do iarrfá.’ Do bhádar trá leath ar leath don t-Sionainn, an rí Dhiarmaid don leith thoir is Guaire don leith thiar, go maidin ar n-a mhárach. ‘Is iongnadh liom’ ar Cuimín, ‘laighead an tsluaigh-se agat is méad an tsluaigh atá id aghaidh.’ ‘Tuig a chléirigh,’ ar Diarmaid, ‘nach


p.60

iomad curadh chuireas cath acht mar is toil ré Dia; agus ma's dímheas atá agat ar ar sluagh-ne, tuig nach iad na crotha caomha acht na croidheadha cruaidhe chuireas cath.’

Do commóradh an comhrac eatorra, an rí go n-a shluagh do thaoibh, agus Guaire go neart Connacht is Mumhan don leith oile. Gidheadh do briseadh do Ghuaire is da shluagh, gur marbhadh mórán do mhaithibh Connacht is d'fhearaibh Mumhan ann. Agus is do ghuidhe Cháimín naomhtha do bheannuigh i n-Inis Cealltrach táinig buaidh gcatha do bhreith ar Ghuaire; óir do throisc Cáimín trí thráth air fá díommbuaidh gcatha do bheith ar Ghuaire. An naomh-so Cáimín is do shliocht Fiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir é. Táinig trá Guaire go Cáimín is tug umhla is óighréir dó, agus do shléacht 'n-a láthair. ‘Ní fhuil breith air gan díommbuaidh gcatha do bheith ort,’ ar Cáimín.

Iar gcur iomorro an chatha ar Ghuaire táinig 'n-a aonar go mainistir bhig a raibhe aoinbhean amháin riaghalta, is do fhiafruigh an bhean cia hé. ‘Fear gráidh do Ghuaire mé’ ar sé. ‘Is truagh linn’ ar ise, ‘maidhm do bheith ar an rígh sin is mó déirc is daonnacht is eineach da bhfuil i n-Éirinn, agus deargár a mhuinntire do thabhairt.’ Téid an bhean riaghalta gus an sruth do bhí láimh ria is atchí bradán ann; tillis go Guaire ris na scéalaibh sin. Téid Guaire amach gus an sruth is marbhais an bradán is rug buidheachas ré Dia bheith taoibh ris an mbradán an oidhche sin, is a mhionca do bhádar deich mairt oidhche oile aige. Téid Guaire ar n-a mhárach i ndáil a mhuinntire is do-ní comhairle riú an dtiubhradh cath oile do rígh Éireann nó an ngiallfadh do rinn ghai dhó. Is air do chinn Guaire is a mhuinntear dul go Diarmaid agus gialladh dhó. Gidheadh is é modh ar ar ghiall dó, rinn ghai nó chloidhimh an ríogh do chur 'n-a bhéal idir a fhiaclaibh agus é faon ar a ghlúinibh. Agus ar mbeith do


p.62

Ghuaire mar sin, adubhairt an rí lé lucht da mhuinntir féin ós íseal, ‘Fionnfam’ ar sé, ‘anois an tré ghlóir dhíomhaoin do-ní Guaire an t-eineach mór úd.’ Tug ar dhraoi da mhuinntir ní d'iarraidh air a los ealadhna, is ní tug Guaire aire dhó. Cuiris lobhar d'iarraidh déirce air ar son Dé. Tug an dealg óir do bhí 'n-a bhrat don bhocht. Téid an bocht uaidh, is tarla duine do mhuinntir an ríogh Dhiarmada ris is beanais an dealg óir de, is do-bheir do Dhiarmaid é. Tig an bocht arís go Guaire da chasaoid sin ris, is tug Guaire an crios óir do bhí tairis dó, agus beanaid muinntear Dhiarmada an crios don bhocht, agus tig arís go Guaire agus rinn chloidhimh Dhiarmada idir a fhiaclaibh; agus mar do chonnairc Guaire an bocht go tuirseach do thuit sruth déar uaidh. ‘A Ghuaire’ ar an rí, ‘an ar a thruaighe riot bheith fám chumhachtaibh-se ataoi ag caoi mar sin?’ ‘Do-bheirim briathar nach eadh,’ ar sé, ‘acht ar a thruaighe liom bocht Dé do bheith gan ní.’ Is ann sin adubhairt Diarmaid ris éirghe is nach biadh ó shoin amach fá n-a smacht féin, agus go raibhe rí na n-uile dhúl ós a chionn dá ngiallfadh, is gur leor leis sin uaidh. Ceanglaid síoth eatorra féin agus adubhairt Diarmaid ris teacht go h-aonach Tailltean i bhfiadhnaise fhear n-Éireann, ‘agus do-bhéar féin mo thighearnas óm lá féin amach dhuit,’ ar sé.

Téid Guaire iar sin go h-aonach Tailltean agus miach nó mála airgid ré n-a chois i gcoinne a bhronnta d'fhearaibh Éireann. Tug iaramh Diarmaid ar fhearaibh Éireann gan aon díobh d'iarraidh aoinneithe ar Ghuaire san aonach. Dá lá dhó amhlaidh sin; an treas lá iomorro adubhairt Guaire ré Diarmaid fios do chur ar easpog chuige go ndearnadh a fhaoisidin is a ongadh. ‘Créad sin?’ ar Diarmuid. ‘Bás


p.64

atá im ghar’ ar Guaire. ‘Cionnus tuigeas tú sin ?’ ar Diarmaid. ‘Tuigim’ ar Guaire, ‘fir Éireann ar aon láthair agus gan neach dhíobh ag iarraidh neithe orm.’ Tug Diarmaid ann sin cead bronntais do Ghuaire. Gabhais Guaire ag bronnadh neithe do gach aonduine an tan soin; agus ma's fíor, ba faide an lámh lé ndáileadh ní do na bochtaibh ioná an lámh lé dtiodhlaiceadh ní don éigse. Do rinne Diarmaid síoth is síothcháin ré Guaire an tráth soin do láthair fhear n-Éireann is do bhádar muinnteardha da chéile ó shoin amach.

Tarla go raibh duine naomhtha cráibhtheach do dhearbhráthar ag Guaire dar bh'ainm Mochua; agus aimsir da ndeachaidh do dhéanamh an chorghais go tobar fíoruisce atá láimh ré Buirinn siar budh dheas, cúig mhíle ó Dhurlus Guaire, is gan 'n-a fhochair acht aon mhaiccléireach amháin do bhíodh ag friothólamh an aifrinn dó. Is ní chaitheadh féin ná an maiccléireach san ló go n-oidhche acht aonphroinn, is ní caithtí ann sin leo acht beagán d'arán eorna is biorar is fíoruisce. Agus iar dteacht laoi Cásca is iar rádh aifrinn do Mhochua do ghabh mian feola an maiccléireach, is adubhairt ris an naomh Mochua go rachadh go Durlus d'fhios Ghuaire d'fhagháil a shásuighthe feola. ‘Ná déin,’ ar Mochua,‘an agam-sa go nguidhinn Dia d'iarraidh feola dhuit.’ Agus leis sin léigis a ghluine ré lár is do ghéaruigh ar a ghuidhe go Dia ar iarraidh feola don mhaiccléireach. I n-aoinfheacht sin is biadh da fhreastal go bordaibh tighe Guaire, táinig do ghuidhe Mochua gur sciobadh na miasa is an fheoil do bhí orra a lámhaibh an luchta do bhí ag a bhfreastal, is trialltar leo tar sleasaibh an mhúir amach go ndearnadar go réimdhíreach gus an bhfásach 'n-a raibhe Mochua; is téid Guaire go líon a theaghlaigh ar marcuidheacht i dtóiruidheacht na mias. Agus nuair rángadar na miasa do láthair Mhochua do ghabh ag moladh is ag móradh anma Dé, agus adubhairt ris an maiccléireach a shásadh don fheoil d'ithe.


p.66

Leis sin tug súil seacha is atchí an machaire lán do mharcshluagh, is adubhairt nár shochar dó féin an fheoil d'fhagháil is méad na tóire sin do bhí 'n-a diaidh. ‘Ní heagal duit,’ ar Mochua, ‘mo dhearbráthair go n-a theaghlach atá ann, is guidhim-se Dia gan neach dhíobh do léigean tairis siúd go beith sáthach dhuit-se.’ Agus leis sin leanaid buinn na n-each don talamh go nach raibhe neart dóibh triall tairis sin go beith sáthach don mhaiccléireach. Is ann sin do ghuidh Mochua Dia 'ga iarraidh air scaoileadh da dhearbhráthair is da theaghlach. Scaoiltear leis sin díobh is tigid do láthair Mhochua. Léigis Guaire ar a ghlúinibh é féin do láthair an naoimh Mochua is iarrais maithmheachas air. ‘Ní heagal duit a dhearbhráthair; gidheadh ithtear an biadh libh annso.’ Agus iar gcaitheamh a phroinne do Ghuaire is da mhuinntir ceileabhraid do Mhochua is tillid go Durlus ar a n-ais. Is dearbhadh ar fhírinne an sceoil-se gurab Bóthar na Mias ghairthear do na cúig mhílibh do shlighe atá ó Dhurlus gus an dtobar 'n-a raibhe Mochua an tan soin.