Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 6

VI.

An seiseadh bliadhain do fhlaitheas Mhuircheartaigh mic Earca do rinneadh Pápa do Shimmachus agus do bhí 'n-a Phápa cúig bliadhna déag agus ocht mí; agus an t-aonmhadh bliadhain ar fhichid do fhlaitheas an Mhuircheartaigh chéadna do rinneadh Pápa do Hormisda agus do bhí 'n-a Pápa naoi mbliadhna. Is fán am-so do fríoth go míorbhaileach naoimhchorp Antonius manach agus rugadh go h-Alexandria é agus do cumhduigheadh i nEaglais Eoin Baiste é. Tug Muircheartach mac Earca na catha-so síos i n-aonbhliadhain do réir mar adeir an file san rann-so:

    1. Cath Cinn Eich, Cath Almhaine,
      Lé haimsir oirdheirc amhra,
      Orgain Chliach, cath Eibhlinne,
      Agus Cath Maighe Ailbhe.
Go grod d'éis na gcath-so do chur, fuair Muircheartach bás i dtigh Cleitigh ; agus fuair Ailbhe Imligh bás.

Do ghabh Tuathal Maol Garbh mac Cormaic Chaoich mic Cairbre mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag. Is uime ghairthear Tuathal Maol Garbh dhe, Comáin inghean Daill Bhrónaigh a mháthair,


p.52

agus an tan rugadh Tuathal lé, do bhuail a cheann ar chloich mar gheasaibh ag tuar sonais dó, go ndearna an chloch claig 'n-a cheann, agus ní fhásadh gruag san gclaig sin; gonadh de sin tugadh Tuathal Maol Garbh air.

Is i bhflaitheas Tuathail fuair Moctaeus deisciobal Phádraig bás, agus do mhair sé trí chéad bliadhan; agus do rugadh Baoithín dalta Choluim Chille agus clann an deise dearbhráthar Baoithín agus Colum Cille, agus fuair ComhghallAlban bás, agus fuair Mobhí da ngairthí Bearchán na Fáistine do shliocht Fhiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir bás. Is i bhflaitheas Tuathail fós tugadh Cath Tortan lé Laighnibh, áit ar marbhadh Earc mac Oiliolla Muilt; agus is uaidh sin tángadar Fir Cheara. Is fan am-so tugadh Cath Sligighe lé Fearghus is lé Domhnall, dá mhac Muircheartaigh mic Earca, mar ar thuit Eoghan Béal do bhí 'n-a rígh Connacht cúig bliadhna déag ar fhichid leo; agus fuair Odhrán naomh Leathraighe, do shliocht Chonaire mic Mogha Lámha, bás, agus Ciarán mac an tSaoir i n-aois a aoinbhliadhna déag ar fhichid, agus Béoaidh fá hainm da athair agus Dáirearca ainm a mháthar, amhail adeir sé féin san rann-so:

    1. Dáirearca mo mháthair-se,
      Níor bho banscáil bhocht,
      Béoaidh an saor fós mh'athair-se,
      Ó Latharnaibh Molt.

Is fán am-so do thuit a cheann d'Abacuc i n-Aonach Tailltean tré láimh Chiaráin do thabhairt i n-éitheach; agus do mhair sé cheithre bliadhna mar sin gan cheann idir na manchaibh. Da éis sin do marbhadh Tuathal Maol Garbh rí Éireann lé Maol Mór mac máthar do Dhiarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil i n-Greallaigh Eilte.

Is i bhflaitheas Tuathail fós do ghabh Guaire mac Colmáin ceannas Connacht i ndiaidh Eoghain Béil; agus tarla an tráth soin an mac fá sine ag Eoghan 'n-a dhalta foghluma ag Ciarán ar tí bheith 'n-a mhanach. Ceallach fá hainm do, agus


p.54

bréagthar lé caraid Eoghain a coimhthionól Chiaráin é ré ceannas feadhna do dhéanamh orra féin i n-aghaidh Ghuaire. Gidheadh ar dtigheacht amach do Cheallach, thug Ciarán a mhallacht dó, is iarrais ar Dhia bás foiréigneach da bhreith. Ar mbeith iomorro sealad mar sin dó, do thuig gurab olc do rinne míréir Ciaráin do dhéanamh. Agus téid d'fhios an naoimh Ciaráin agus ciontuighis é féin dó, agus geallais go n-anfadh ar a thoil feadh a ré. Tug Ciarán a bheannacht dó; gidheadh adubhairt gurab bás foiréigneach do-bhéaradh é. Anais Ceallach san chóimhthionól ó shoin amach, go ndearnadh i gcionn aimsire easpog dhe, agus ar mbeith 'n-a easpog san tír dhó, do bhí ag déanamh rannta agus carad do dhearbhráthair fá hóige ioná é féin, i ndóigh go roichfeadh leis ríoghacht Chonnacht do bhuain amach dhó; agus ar a chlos soin do Ghuaire ollmhuighthear leis triúr do mhuinntir dhílis Cheallaigh féin; gur marbhadh leo é; gonadh mar sin do fíoradh an tuar do rinne Ciarán dó, mar do thairrngir gurab bás foiréigneach do-ghéabhadh Ceallach.

Do ghabh Diarmaid mac Fearghusa Ceirrbheoil mic Conaill Chréamhthainne mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche. Corbach inghean Mhaine bean do Laighnibh máthair Dhiarmada mic Fearghusa. Is i bhflaitheas an rígh-se fuair Tighearnach easpog Chluana Eoais, do shliocht Dáire Bharraigh mic Cathaoir Mhóir, bás, agus Oilill mac Muireadhaigh do bhí 'n-a rígh Laighean naoi mbliadhna. Agus do bhí Cormac mac Oiliolla mic Eochach mic Dáire Cearb mic Oiliolla Flann Big n-a rígh Mumhan.

Is fán am-so tugadh Cath Cúile Conaire i g-Ceara lé Fearghus is lé Domhnall dá mhac Mic Earca, áit ar marbhadh Oilill Anbhann rí Connacht is a bhráthair Aodh Fortamhail; agus is i bhflaitheas an Diarmada-so tarla pláigh i n-Éirinn


p.56

da ngairthí an Chrom Chonaill, is do éagadar iomad do naomhaibh ria, is go háirithe Mac Táil Chille Cuilinn. Is fán am-so tugadh Cath Cúile, áit ar thuiteadar iomad do lucht Corcaighe tré ghuidhe Mhidhe .i. bannaomh uasal do shliocht Fhiachach Suighdhe mic Feidhlimidh Reachtmhair da dtugadar an dream soin míochádhas.

Is fán am-so fuair Eochaidh mac Connlo mic Caolbhaigh mic Cruinn Badhraoi mic Eochach Cobha mic Luighdheach mic Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic Cais mic Fiachach Aruidhe do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadhain ar fhichid bás, agus do b'é céidrí Dál nAruidhe é. Agus fuair Cormac mac Oiliolla rí Laighean bás agus Beag Mac Dé an fáidh; agus rugadh Molua naomhtha mac Sinill mic Aimhirgin mic Éirnín mic Duach mic Briain mic Eochach Mogha; agus fuair Cathfuidh easpog Achadh Chuinnire bás is an naomh Neasán Lobhar; is do thógaibh Bréanainn naomhtha do shliocht Céir mic Fearghusa Eaglais Chluana Fearta; agus fuair Gabhrán rí Alban bás; agus tug Gruige mac Maolchon rí Cruithneach maidhm is ruaig ar Albanchaibh.

Is fán am-so tugadh Cath Cúile Dreimhne lé Fearghus is lé Domhnall dá mhac Muircheartaigh Mic Earca ar Dhiarmaid mac Fearghusa, gur cuireadh i raon madhma é féin is gur marbhadh urmhór a mhuinntire tré ghuidhe Choluim Chille. Óir do mharbh seisean, tar chomhairce Choluim, Cuarnán mac Aodha mic Eochach Tiormcharna, is do dhíoghail Dia sin air san chath-so. Do briseadh Cath Cúile Uinnseann i d-Teathbha ar Dhiarmaid lé h-Aodh mac Bréanainn rí Teathbha, áit ar marbhadh iomad da mhuinntir; agus da éis sin do chuaidh Colum Cille i n-Í i n-Albhain, i n-aois a trí bliadhna is dá fhichid; agus tugadh Cath Móna Doire i n-Albainclannaibh Néill an tuaisceirt, mar ar thuiteadar seacht minríogha do Chruithneachaibh leo. Is fán am-so fuair Colmán Mór mac


p.58

Cairbre mic Oiliolla mic Dúnlaing, do bhí 'n-a rígh Laighean tríochad bliadhan, bás.

Is i n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhaill do bheith i bhflaitheas Éireann táinig file Albanach dar bh'ainm Labhán Draoi i n-Éirinn; agus do chualaidh iomrádh ar oineach Eochach Aontsúla sinnsear síl Súilleabháin, agus táinig da ionnsuighe d'iarraidh tabhartais air, agus ní ghéabhadh bronntanas oile uaidh acht a leathshúil; agus d'uamhan a cháinte don draoi do rad Eochaidh a leathshúil dó. Tárla fán am soin Ruadhán Lothra ar an láthair, agus mar do chualaidh an itghe aindlightheach, iarrais ar Dhia súile Labháin do chur i gceann Eochach, agus an feidhm do-nídís do Labhán do dhéanamh dó; agus táinig d'aithchuinge an naoimh go ndeachadar súile Labháin i gceann Eochach agus go ndeinidís an feidhm sin dó feadh a ré.