Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 5

V.

Do rinneadh Feis Teamhrach lé h-Oilill Molt. Trí comhdhála coitcheanna iomorro do bhíodh i n-Éirinn i n-allód mar atá Feis Teamhrach, Feis Eamhna, agus Feis Chruachan. Do chuireamar síos roimhe so na neithe do luaidhtí i bh-Feis Teamhrach. Anois cheana is é adhbhar cruinnighthe is mó do bhíodh ag Feis Eamhna agus ag Feis Chruachan ré fromhadh do dhéanamh ar lucht daoircheard i n-Éirinn, mar atá an drong do bhíodh ré gaibhneacht nó ré ceardacht nó ré saoirseacht nó ré n-a samhail oile do dhaoircheardaibh. Agus do toghthaoi leis na huaislibh is leis na hollamhnaibh do bhíodh san dá chomhdháil sin trí fichid saoi ris gach ceird as gach comhdháil díobh, is do roinntí fá Éirinn da éis sin iad; agus ní lámhadh fear comhcheirde dhóibh feidhm na ceirde sin do dhéanamh gan chead


p.44

don tsaoi ris an gceird sin do bhíodh san tír, go bhfromhadh an tsaoi an mbíodh cliste ré déanamh na ceirde. Agus do gairthí ioldánaigh do na saoithibh-se. Ionann iomorro ioldánach is ilcheardach, do bhrígh gurab ionann dán is ceard.

Is ar Oilill Molt do-bheir an Leabhar Irsi rí na Scot. Is ré n-a linn fuair Benignus comhorba Pádraig bás. Is ar Oilill mar an gcéadna tugadh Cath Dumha Aichir lé Laighnibh, áit ar thuit iomad do dhaoinibh da gach leith. Is fán am-so do bhí cogadh idir Ambrosius rí Breatan agus Picti is Scoti. Is i bhflaitheas Oiliolla fós fuair Conall Créamhthainne bás, agus Iarlaithe an treas easpog i n-Ard Macha i ndiaidh Phádraig. Simplisius fá Pápa an tan soin. Is ar Oilill Molt rí Éireann tugadh cath Ocha lé Lughaidh mac Laoghaire is lé Muircheartach mac Earca is lé Fearghus Ceirrbheoil mac Conaill Chréamhthainne is lé Fiachaidh Lonn mac Caolbhaidh rí Dál nAruidhe, amhail adeir an file:

    1. Lughaidh is lé Fiachaidh Lonn,
      Is lé Muircheartach móroll,
      Agus lé Fearghus gan locht,
      Do marbhadh Oilill saor-Mholt.

Fiche bliadhain i ndiaidh an chatha soin do chur do chuadar seisear mac Eirc mic Eochach Muinreamhair i n-Albain, mar atá dá Aonghus dá Lodharn agus dá Fhearghus. Trí chéad is seacht mbliadhna ó aimsir Chonchubhair mic Neasa go haimsir Chormaic mic Airt. Dá chéad is cheithre bliadhna ó aimsir Chormaic go dtugadh Cath Ocha. Agus fiche bliadhan da éis sin do chuadar clanna Eirc mic Eochach Muinreamhair i n-Albain. Duach Teangumha mic Fearghusa mic Muireadhaigh Mháil mic Eoghain Sreibh mic Duach Galaigh mic Briain mic


p.46

Eochach Mhuighmheadhóin fá rí Connacht seacht mbliadhna an tan soin gur thuit lé h-Eochaidh Tiormcharna.

Do ghabh Lughaidh mac Laoghaire mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhain. Anghus inghean Tasaigh do Uíbh Liatháin máthair Lughaidh. Is é Fraoch mac Fionnchadha fá rí Laighean an tan soin. Is fán am-so tugadh Cath Ceall Osnadh i Maigh Fea i gConntae Cheithearlach, cheithre mhíle ó Leithghlinn soir, mar ar thuit Aonghus mac Natfraoich do bhí 'n-a rígh Mumhan sé bliadhna déag ar fhichid, agus Eithne Uathach inghean Criomhthainn mic Éanna Chinnsealaigh a bhean mar aon ris lé Muircheartach mac Earca is lé h-Oilill mac Dúnluing; gonadh uime sin adeir an file an rann-so:

    1. Atbath craobhdhos bhile mhóir
      Aonghus Molbhthach mac Natfraoich
      Fágbhaidh lá h-Oilill a rath
      I gcath Ceall Osnadha claoin.

Da éis sin fuair Fraoch mac Fionnchadha a mharbhadh i gCath Gráine lé h-Eochaidh mac Cairbre. Felix an treas Pápa don ainm sin, an deachmhadh bliadhain do fhlaitheas Luighdheach mic Laoghaire do rinneadh Pápa dhe. Is fán am-so tugadh cath Sleamhna Midhe lé Cairbre mac Néill ar Laighnibh, agus tugadh Cath Seaghsa, mar ar marbhadh Duach Teangumha rí Connacht lé Muircheartach mac Earca, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Cath Dealga, Cath Muchromha,
      Agus Cath Tuama Drubha,
      Agus fós Cath na Seaghsa,
      A dtorchair Duach Teangumha.
Is fán am-so tugadh Cath LochmhaigheLaighnibh ar Uíbh Néill, áit ar thuit iomad do dhaoinibh ann; agus do chuaidh Fearghus Mór mac Earca i n-Albain mar aon ré Dál Riada agus do ghabhadar flaitheas innte. An naomhadh bliadhain déag do fhlaitheas Luighdheach mic Laoghaire fuair Pádraig

p.48

bás, iar gcaitheamh dá bhliadhain is sé fichid ar an saoghal-so, amhail adubramar thuas. Da éis sin fuair Lughaidh mac Laoghaire bás i n-Achadh Fharcha lé caoir theinntighe do thuit ó neamh air tré mhíréir Phádraig do dhéanamh dó. An bhliadhain déidheanach do fhlaitheas Luighdheach do bhí Gelasius 'n-a Phápa.

Do ghabh Muircheartach mac Earca mic Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill Naoighiallaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna ar fhichid. Earc inghean Lodhairn rí Alban máthair Mhuircheartaigh mic Earca; agus is i dtosach a fhlaithis rugadh Ciarán mac an tSaoir do bhí do shliocht Chuirc mic Fearghusa mic Róigh. An ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas Muircheartaigh do rinneadh Pápa do Anastasius an dara Pápa don ainm sin. Is fán am-so rugadh an naomh Comhghall Bheannchair, an t-abb naomhtha, an tí ag a rabhadar dá fhichid mile manach fá n-a óighréir nó fá n-a smacht, amhail leágthar i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin; agus is córaide so do chreideamhain go léaghthar ag ughdar bharántamhail .i. ag S. Bearnard i m- Beatha Mhalacias go dtáinig deisciobal dar bh'ainm Soanus ón Abb Comhghall lér tóghbhadh céad mainistir; agus is ar sliocht Íriail mic Conaill Chearnaigh mic Aimhirgin do chlannaibh Rudhruighe atá an Comhghall-so. Ag so mar adeir an duain naoimhsheanchais da dhearbhadh sin:

    1. Comhghall Bheannchair mac Séadna,
      Ar nar cheist uamhan éaga,
      Fréamh Uladh ar nach fríoth faill
      Do shíol Íriail mic Conaill.
Is fán am-so fuair Anastasius impir bás agus Cainneach Achaidh Bó, an naomh; agus is do shliocht Fhearghusa mic Róigh an naomh-so; agus rugadh Colum Cille mac Feidhlimidh mic Fearghusa mic Conaill Ghulban mic Néill Naoighiallaigh. Is fán am-so fuair Brighid (inghean Dubhthaigh mic Dreimhne mic Breasail mic Déin mic Connla mic Airt mic Cairbre Niadh mic Cormaic mic Aonghusa Mhóir mic Eochach Finn Fuath

p.50

nAirt mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin bás i n-aois a seacht mbliadhan is cheithre fichid; nó do réir dhruinge oile i n-aois a deich mbliadhan is trí fichid. Ionann iomorro Brighid is breo-shaighead .i. saighead teine; agus ní héigcneasta sin do ghairm dhi, do bhrígh go raibhe 'n-a teine ar lasadh do ghrádh Dé ag diubhrogadh a guidhe do ghréis go Dia. Agus do réir an Fhélire, is í do rinne an rann-so:
    1. Mírín aráin eorna áin,
      Is í mo chuid-se don chlár:
      Gas bhiorair is uisce te,
      Is í mo chuid gach n-oidhche.