Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 4

IV.

Iar nglanadh iomorro an t- Seanchusa mar sin is eadh do horduigheadh lé huaislibh Éireann urlamhas an t- Seanchusa do chur ar choimhéad préaláideadh na h-Éireann; agus tugadar na préaláide céadna fá deara a scríobhadh 'n-a bprímheagailsibh féin. Agus atáid cuid do na seinleabhraibh ar marthain aniú, nó na micleabhair do scríobhadh asta, mar atá Leabhar Ard Macha, Psaltair Chaisil, Leabhar Glinne dá Loch, Leabhar na hUa Chongmhála, Leabhar Cluana Mic Nóis, Leabhar Fionntain Chluana hEidhneach, Leabhar Buidhe Moling, is Leabhar Dubh Molaga, agus prímhleabhair Éireann ó shoin amach, mar ar coimhéadadh an Seanchus gan leathtrom do dhéanamh ar neach seoch a chéile d'uaislibh Éireann.

Do bhíodh fós suim seanchusa na leabhar-so uile i Psaltair na Teamhrach; agus do-níthí fromhadh orra gacha treas bliadhain i bh-Feis Teamhrach, amhail adubhramar thuas ag labhairt ar fhlaitheas Chormaic. Gidheadh ré linn na Págántachta, is iad so síos na príomh-ughdair do bhí ris an seanchus ó aimsir go haimsir, mar atá Aimhirgin Glúingheal, Sean mac Áighe, Bridhe banughdar ó ráidhtear Briathra


p.34

Bridhe, Connla Caoinbhriathrach saoi Chonnacht, Seancha mac Cúil Chlaoin, Fachtna a mhac soin, Seancha mac Oiliolla, Morann mac Maoin, Fearghus Fiannaithe a crích Chiarraidhe Luachra, Feircheirtne File, Néidhe mac Adhna, Aithirne, Amhnas, Fearghus File mic Aithirne, Neara mac Fionnchuill a Síodhaibh, Seadhamus mac Morainn, Fearadhach Fionn Feachtnach ríoghughdar gaoise Éireann, Fitheal, Fearghus File, Ros mac Trichim is Dubhthach mac hUa Lughair, agus is iad an triúr déidheanach-so tug an Seanchus do Pádraig da fhromhadh is da ghlanadh.

Ré linn iomorro na Págántachta do bheith i n-Éirinn, ní bhíodh cion ollamhan ná ughdair san seanchus ar aoinneach ré seanchus ar a bhfionntaoi claonadh seanchusa do dhéanamh aoin fheacht amháin. Ní bhíodh fós cion breitheamhan ar an tí do-bheireadh claoinbhreath; do bhíodh mar an gcéadna geasa ar dhruing dhíobh ré linn na Págántachta. Ar dtús an tan do-bheireadh Sean mac Áighe claoinbhreath do fhásadaois boilgléasa ar a dheasghruaidhe; agus an tan do-bheireadh an fhíorbhreath ní fhásadaois.

Ní rug Connla Caoinbhriathrach bréigbhreath riamh, óir do ba duine iodhan fírionnraic do réir sholuis na nádúire é. Ní bheireadh Seancha mac Cúil Chlaoin breath choidhche gan troscadh an oidhche ria n-a breith. An tan do-bheireadh Fachtna a mhac soin bhréigbhreath, madh i n-aimsir an fhoghmhair do-bheireadh í, do thuiteadh meas na tíre a mbíodh an oidhche sin. Gidheadh an tan do-bheireadh fírbhreath do anadh an toradh go hiomhlán ar na crannaibh; nó madh i n-aimsir an bhlátha do-bheireadh an bhréigbhreath, do shéandaois na ba a laoigh san tír sin. Ní bheireadh Morann mac Maoin breath gan an iodh Morainn um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh bréigbhreath do theannadh an iodh um a bhrághaid; agus an tan do-bheireadh an fhírbhreath do shíneadh an iodh tar a ghuaillibh amach, amhail adubhramar thuas. Mar sin iomorro do mhórán d'ughdaraibh Págánta oile, do bhídís geasa ortha da


p.36

dtoirmeasc ó chlaonadh seanchusa nó breitheamhnais do dhéanamh. As a ndubhramar is inchreidthe do sheanchus Éireann mar sheanchus gacha críche oile, do bhrígh go bhfuil ar n-a dhearbhughadh lé scríbhnibh seanughdar bPágánta is lé fromhadh naoimhchléire agus préaláideadh eagailse Éireann.

Do commóradh Feis Teamhrach lé Laoghaire d'aithnuadhadh nós is reachta Éireann, amhail fá gnáth ris na ríoghaibh roimhe do dhéanamh i bh-Feis Teamhrach. An tan iomorro do coimhthionóldaois uaisle is ollamhain Éireann don chomhdháil sin, do bhíodh príomhlongphort ar leith ag airdrígh Éireann go n-a fhuirinn, mar atá Teach Miodhchuarta. Do bhíodh fós príomhlongphort ag gach rígh cúigeadhach i n-Éirinn, mar atá an Long Mhuimhneach ag rígh Mumhan; ionann iomorro long is teach, amhail adeir an file:

    1. Ní móide is doichlioch Donn Cuan
      Droichtheach 'ga shluagh nó long lán;
agus is uaidh sin adeirthear longphort .i. port na dteach ris an mbaile 'n-a mbí áitiughadh; agus an Long Laighneach ag rígh Laighean, agus an Chóisir Chonnachtach ag rígh Connacht, agus an Eachrais Uladh ag rígh Uladh. Do bhídís fós trí teallaighe oile i d-Teamhraigh an tan soin, mar atá Carcair na nGiall, mar a mbídís géill nó bhraighde an ríogh i gcoimhéad. An dara teach da ngairthí Réalta na bhFileadh, mar a mbídís breitheamhain is filidhe Éireann ré cumadh cánach ar an druing do sháruigheadh reacht is riaghail na críche. An treas teach da ngairthi Grianán na nInghean, mar a mbídis bainríoghna na gcúigeadhach, agus áitreabh ar leith san longphort soin ag gach ríoghain díobh go n-a bantracht. Gidheadh an tan do shuidheadh an chomhdháil uile ré cinneadh is ré críochnughadh reacht is nós na críche, is é Teach mór Miodhchuarta fá teach coitcheann comhairle dhóibh.

Ag so iomorro an suidhiughadh do bhíodh orra san teach soin. Do shuidheadh rí Éireann féin 'n-a ríoghchathaoir ar


p.38

dtús i gceirtmheadhón an áruis is a aghaidh siar, agus rí Mumhan don leith theas de, óir soir agus siar do bhádar dá éadan an tighe, rí Laighean 'n-a fhiadhnaise, rí Connacht ar a chúl, agus ollamhain Éireann ar cúlaibh ríogh Connacht; agus rí Uladh don leith adtuaidh dhe ar a dheasláimh, agus fuireann d'fhíoruaislibh a chúigidh féin ré hais gach ríogh dhíobh. Ag so deismireacht an tseanchaidh go cumair ar an suidhiughadh-so theallaigh Theamhrach:
    1. Fir Mhumhan don leith andeas,
      Gan ainbhfíor gan anoircheas.
      Agus Laighin, lór do bhríogh,
      Aghaidh ar aghaidh ria 'n airdríogh.
    2. Connachtaigh ar cúl an ríogh,
      Ré coimhéad seanchuis go fíor.
      Uirrígh Aruidhe i maille,
      I n-airdiomdha áiridhe.
    3. Láimh dheas ríogh Teamhrach tréine
      Gan ainbhfíor gan ainfhéile,
      Oirghiallaibh sonna sain,
      Gan fhuigheall gan imreasain.

Is ar Laoghaire tugadh Cath Átha Dara lé Laighnibh agus lé Criomhthann mac Éanna, mar ar gabhadh Laoghaire leo, go dtug grian is éasca is reanna nimhe i gcoraidheacht air féin fá chomhall dóibh gan agra na Bóraimhe orra; agus níor chomhaill sin dóibh. Gidheadh i ndíoghail na bréige sin, go grod da éis sin do marbadh Laoghaire le saighnéan teinntighe i n-Greallaigh Dhabhaill láimh ré Lithfe, amhail adeir an file:

    1. Atbath Laoghaire mac Néill,
      Lámh ré Lithfe, glas a tír.
      Dúile Dé atragaid ráith
      Tugsad Dál Bháis for an rígh.

Anghus inghean Tasaigh, rí Ó Liatháin, bean Laoghaire, máthair Luighdheach mic Laoghaire; agus, ní hionann is


p.40

Laoghaire, do ghabh sí creideamh ó Phádraig. Lá n-aon iomorro da dtáinig Pádraig d'fhios na bainríoghna, fáiltighis roimhe agus ré n-a choimhthionól cléire, agus cuiris biadh da ollmhughadh dhóibh, agus do ghabh Lughaidh mac Laoghaire, a mac oighearachta, ag ithe an bhídh leo go hairceasach, go dtarla greim 'n-a bhrághaid lér tachtadh é; go bhfuair bás do láthair. Beadhgais an bhainríoghan, is cuiris an mac ar chomairce Phádraig. Téid Pádraig i n-árus uaigneach agus tug fá deara corp an leinbh do bhreith 'n-a fhochair; is do ghéaruigh féin ar a ghuidhe go Dia, agus anais san ngnáthghuidhe sin gan bhiadh gan chodladh feadh trí lá, go dtáinig i gceann an treas lá Míchéal Archaingeal i gcruth choluim 'n-a láthair san árus 'n-a raibhe, agus beannchais do Phádraig agus adubhairt gur thoil ré Dia an leanbh d'aithbheodhadh ar impidhe Phádraig. Leis sin ar mbeith don leanbh agus a dhruim faoi agus a bhéal osluigthe téid an t-Archaingeal, do bhí i gcruth choluim, is cuiris a ghob i mbrághaid an leinbh, is do tharraing an greim aiste, go dtáinig anam do láthair leis sin ann. Agus do láthair leis sin do chuaidh an t-aingeal ar ceal uatha, agus do éirigh an leanbh Lughaidh. Agus mar do chualaidh an bhainríoghan an leanbh do bheith beo tig go lúthgháireach d'fhios Phádraig is sléachtais ar a glúinibh 'n-a fhiadhnaise, is gabhais ag breith buidheachais ris tré aithbheodhadh a mic. ‘A bhanfhlaith’ ar sé, ‘ní riom-sa is beirthe dhuit buidheachas do mhic, acht lé Míchéal Archaingeal lér aithbheodhadh do mhac’; agus nochtais di éirim an sceoil amhail adubhramar. Mar do chualaidh an bhainríoghan gurab é Míchéal do rinne an mac d'aithbheodhadh, do ghabh mar chuing uirre féin caora as gach tréid da raibhe aice do thabhairt gacha bliadhna agus mír as gach proinn da n-íosadh feadh a ré do bhochtaibh Dé i n-onóir Mhíchíl Archaingeal; agus fós do orduigh mar nós feadh na h-Éireann é, ar gach

p.42

ndruing dar gabh baisteadh is creideamh ó Phádraig; gonadh uaidh sin atá gnáthughadh caorach na féile Míchíl agus na míre Míchíl i n-Éirinn ó soin.

Do ghabh Oilill Molt mac Dáthí mic Fiachrach mic Eochadh Mhuighmheadhóin do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Uichtdhealbh inghean Aonghusa mic Natfraoich bean Oiliolla Muilt, agus is uime do gairthí Oilill Molt de, .i. mian feola muilt do bhí ar a mháthair Eithne inghin Orach ar mbeith torrach ar Oilill di, agus tug bean uasal do bhí 'n-a fochair, dar bh'ainm Fial inghean Eochach Séididh, Oilill Molt mar fhorainm air iar 'n-a bhreith. Is i bhflaitheas Oiliolla fuair Amhalghuidh mac Fiachrach mic Eochach Muighmheadhóin do bhí 'n-a rígh Connacht fiche bliadhan bás agus fuair Muireadhach Muindearg mac Feargna mic Dalláin mic Dubhthaigh mic Mianaigh mic Luighdheach mic Aonghusa Finn mic Fearghusa Duibhdhéadaigh mic Iomchadha mic Fionnchadha mic Oghamhail mic Fiataigh Finn a quo Dál bhFiatach do bhí 'n-a rígh Uladh dá bhliadain déag bás.