Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 3

III.

Ar mbeith do Phádraig ag síoladh an chreidimh i n-Éirinn i n-aimsir Laoghaire, is é Aonghus mac Natfraoich fá rí Mumhan; agus ré triall do Phádraig do sheanmóir don Mhumhain, tig Aonghus mac Natfraoich céadna i gcoinne Phádraig d'fháiltiughadh roimhe go Maigh Feimhean i n-Déisibh tuaisceirt, is beiris go ríoghphort Caisil é i n-Eoghanacht ré ráidhtear an Trian Meadhónach aniú; agus do ghabh Aonghus creideamh is baisteadh uaidh ann. Ag so mar adeir seinbheatha Phádraig do haithléaghadh linn ag tráchtadh ar Niall thuas: Ré mbeith ag triall don Mhumhain dó, tig rí Mumhan, Aongus mic Natfraoich, 'n-a dháil go Magh Feimhean i dtalamh na n-Déise is do threoruigh go lúthgháireach don ríoghchathair da ngairthear Caiseal i gcrích Eoghanachta é, agus is ann sin do chreid an rí Aonghus is do ghabh baisteadh. {Dum vero in Momoniam proficisceretur, venit obviam ei Rex Momoniae, Aonghus mac Natfraoich in campo Feimhean in terra na nDéise, eumque duxit gaudens in civitatem regalem nomine Caiseal, quae est in regione Eoghanacht, ibique credidit rex Aonghus et baptisatus est.}’’

Agus san áit chéadna luaidhtear gurab tré bhonn Aonghusa do chuir Pádraig los a bhaichle. Ag so an ní léaghthar ann: Iar mbeith do Naomh Pádraig 'n-a sheasamh ag beannachadh an ríogh do sáthadh leis rinn a naomhbhaichle i gcois an ríogh. {Cumque Sanctus Patritius regem stando benedixisset cuspis baculi Sancti fixa est in pede regis.}’’

As so is iontuigthe gurab tré chois ríogh

p.26

Mumhan, Aonghusa mic Natfraoich, do chuir Pádraig rinn a bhaichle, is nach tré chois Eoghain mic Néill ríogh Uladh. Tig saoi ré seanchus do Leith Cuinn féin leis an ní thuas san laoidh darab tosach: Buaidh n-easpog ar fhuil n-Éibhir, .i. Torna mac Muiris Uí Mhaoilchonaire. Ag so mar adeir:
    1. Tré bhonn Aonghuis anba an bhroid,
      Do chuaidh rinn bhaichle b-Pádroig;
      Gur líon an t-urlár da fhuil,
      An gníomh ní cómhrádh coguir.

Do bhádar cheithre mic fichead is cheithre hingheana fichead ag an Aonghus-so, agus do bhronn dá mhac déag is dá inghin déag don Eaglais díobh. Is é an Aonghus-so fós do orduigh screaball baithis Pádraig ar gach neach da ngabhadh baisteadh san Mhumhain, .i. trí pinginne; agus is mar so síos do díoltaoi an cháin sin, mar atá cúig céad bó, cúig céad caor iarainn is cúig céad brat, cúig céad léine is cúig céad caora gacha treas bliadhain do chomhorba Pádraig mar chíos ó ríoghaibh Mumhan; agus do bhí an cíos soin 'ga dhíol go haimsir Chormaic mic Cuileannáin. Léaghthar fós i Leabhar Ruadh Mic Aodhagáin go gcleachtadh Aonghus mac Natfraoich dias easpog is deichneabhar sagart is dá mhaiccléireach dhéag is trí fichid do bheith mar ghnáthmhuinntir 'n-a fhochair féin do shíor, ré rádh aifreann is ré guidhe Dé.

Ré linn Phádraig do bheith ag síoladh an chreidimh i n-Éirinn i n-aimsir Laoghaire, do bhádar cheithre mic fichead ag Brian mac Eochach Muighmheadhóin, agus fá lucht comhaimsire do Laoghaire mac Néill iad, agus ar mbeith do Phádraig ag beannachadh Éireann, téid i g-Connachtaibh agus triallais i ndáil an mhic dhíobh soin do ba taoiseach orra, Eichen fá hainm dó. Mar do chonnairc an fear soin Pádraig ag teacht 'n-a láthair téid ar a each agus gabhais ag a slatadh, agus adubairt re a bhráthraibh an ní céadna do déanamh, agus gan cádhas do thabhairt don chléireach: agus do-níd


p.28

amhlaidh sin acht an mac fá hóige dhíobh, dar bh'ainm Duach Galach. Anais an fear soin da chois is téid i gcoinne Phádraig is cuiris fáilte roimhe is do-bheir umhla is onóir dó. Leis sin triallais Pádraig roimhe go ndeachaidh do láthair Eichen, fá taoiseach orra, is fiafruighis de nar bh'é Eichen é. ‘Ní mé,’ ar Eichen. ‘Masa tú’ ar Pádraig, ‘beanaim-se rath is ríghe dhíot féin is don mhéid dot bhráithribh atá id fhochair acht an t-aonmhacaomh dhíobh tug cádhas is onóir damh féin ar son mo Thighearna.’ Agus adubhairt an macaomh soin dá madh é féin budh rí orra go ndéanadh réir Pádraig. ‘Maseadh’ ar Pádraig, ‘do-bheirim-se beannacht duit-se, is budh rí thusa, is biaidh an righe agat shíol id dhiaidh;’ agus do fíoradh fáistine Phádraig, óir do bhí Pádraig is dá easpog dhéag 'n-a fhochair ag ríoghadh Duach Galaigh, agus do gnáthuigheadh lé ríghthibh Connacht comhorbaidhe an dá easpog dhéag soin is dá thaoiseach dhéag shíol Muireadhaigh agus Ó Maoilchonaire do bheith 'ga ríoghadh ó shoin i le ar chnoc dá ngairmthear Carn Fraoich.

Aoinbhliadhain déag ar fhichid ar cheithre céad ó ghein Chríost go tigheacht Phádraig i n-Éirinn, an ceathramhadh bliadhain do fhlaitheas Laoghaire mic Néill, amhail adubhramar; agus bliadhain is trí fichid do Phádraig i n-Éirinn sul fuair bás; agus dá gcuirthear an t-áireamh soin leis an áireamh thuas, do-níd cheithre céad nochad is dá bhliadhain; gonadh da dhearbhadh soin adeir an seancha an rann-so:

    1. Ó geanair Críost, áireamh ait,
      Cheithre céad ré taobh nóchait,
      Is dá bhliadhain saor iar soin,
      Go bás Phádraig phríomh-apstoil.

Léaghthar i m- Beathaidh Phádraig gurab bliadhain is trí fichid do bí Pádraig i n-Éirinn iar dteacht 'n-a easpog innte, ag síoladh is ag seanmóir na soiscéal, is ag déanamh


p.30

feart is míorbhal do réir mar léaghthar i m- Beathaidh Phádraig do réir ughdair d'áirithe. Ag so mar adeir:
    1. Trí fichid bliadhan is bliadhain,
      Is tearc neach ar nach diamhair.
      I n-Éirinn go n-iomad bhfeart
      Do bhí Pádraig ag proicheapt.
Agus cibhé adéaradh nach fuil an rann-so i m- Beathaidh Phádraig, bíodh a fhios aige gur léaghadh linn i bprímhleabhar sheanchusa gur scríobhadh 64 beatha Phádraig, gach aon díobh ar leith ris féin. Agus is cosmhail gur scríobh gach neach ní nua ar Phádraig nachar scríobh neach oile do chách. Uime sin ní cuirthe i n-iongantas don tí do léigh beatha Phádraig ag aonughdar amháin, da dteagmhadh scéal nó míorbhal ar Phádraig i leabhar oile nachar léigh san bheathaidh sin.

Is ré linn Laoghaire tug Dubhthach hUa Lughair is Fearghus File is Ros mac Trichim seanchus Éireann da fhromhadh is da ghlanadh do Phádraig. Agus táinig de sin gur cuireadh i gcead Laoghaire comhdháil choitcheann do dhéanamh, mar a mbíadh cruinniughadh ríogh cléire is ollamhan Éireann ré glanadh an tseanchusa; agus iar rochtain ar aonláthair dhóibh uile do toghadh asta naonbhar ré glanadh an tseanchusa, mar atáid trí rígh, trí heaspuig is trí ollamhain ré seanchus. Na trí rígh, Laoghaire mac Néill rí Éireann, Dáire rí Uladh, is Corc mac Luighdheach rí Mumhan. An triúr easpog, Pádraig, Beinén is Cairneach. Na trí hollamhain ré seanchus, Dubhthach, Fearghus is Ros. Agus do glanadh is do cuireadh i n-eagar is i n-ordughadh an seanchus leis an naonbhar soin, agus is de do gairthí an Seanchus Mór. Atá an duain darab tosach Aimhirgin glúingheal ag fíoradh an neithe-se. Ag so síos na roinn as an duain gcéadna ag suidheamh an neithe-se:

    1. Ughdair an t- Seanchusa Mhóir
      Naonbhar ros cóirigh go cóir,
      Naoimhfhios a ainm caomda cain
      Lé fios naomhtha an naonbhair sain.

    2. p.32

    3. Pádraig Beinén Cairneach cain,
      Laoghaire mac Néill neartmhair.
      Fearghus File, gáire glan,
      Agus Daire rí Uladh.
    4. Agus rí Mumhan gan mheirg,
      Corc mac Luighdheach go láimhdheirg,
      Dubhthach Ua Lughair don linn,
      Saoi an Bhéarla Ros mac Trichim.
    5. Naoi saoithe nar shaobh a snas,
      Lér riaghluigheadh an Seanchas,
      Iar na thúr dhóibh tré ghaois ghil,
      I ngach aois ó Aimhirgin.