Do ghabh Laoghaire mac Néill Naoighiallaigh mic Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachrach Sraibhthine do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar fhichid; agus fá hí Ríoghnach a mháthair; agus is í an ceathramhadh bliadhain da fhlaitheas do chuir Coelestinus Pápa Pádraig i n-Éirinn do shíoladh an chreidimh, an tan fá haois don Tighearna 431 bliadhan. Agus bliadhain is trí fichid fá haois do Pádraig an tan soin. Óir an tan tugadh i mbroid é, an naomhadh bliadhain do fhlaitheas Néill, is sé bliadhna déag fá haois dó; agus do chaith na hocht mbliadhna déag do bhí roimhe do fhlaitheas Néill, ionnus go raibhe mar sin cheithre bliadhna déag ar fhichid; agus cuirthear
Dála Phádraig táinig i n-Éirinn i gcionn bhliadhna i ndiaidh Phaladius agus ceathrar ar fhichid do naoimhchléir 'n-a fhochair; nó do réir Henricus Antisiodorensis i m- Beathaidh S. Germanus, amhail léaghthar san 168 ca. go dtug Padraig tríochad easpog leis i n-Éirinn. Ag so
Leagthar fós san seanchus an tan do bhí Pádraig ag teacht i n-Éirinn, an mhéid fuair do chine Scuit ag a raibhe solus an chreidimh, go dtug leis i n-Éirinn iad, agus do bhí foghluim is creideamh is reacht ar coimhéad i n-Éirinn feadh cheithre céad bliadhan d'éis Phádraig do theacht go teacht Lochlonnach innte. Do bhíodh fós airgead da bhualadh i n-Ard Macha is i g-Caiseal an tan soin. Atá Henricus thuas san 174 ca. aga rádh gur roinn Pádraig Éire idir fhonn duine agus spréidh, agus gur bhean an deachmhadh mír dhíobh don eaglais, mar atá an deachmhadh cuid do na daoinibh don fhearann is don spréidh; agus do rinne manaigh do na fearaibh is cailleacha dubha do na mnáibh, agus do thógaibh mainistreacha dhóibh. Ag so mar adeir an t-ughdar céadna ag labhairt ar an druing úd ráinig san deachmhaidh: Do-níodh manaigh do na fearaibh uile is cailleacha dubha do na mnáibh is do thógaibh iomad mainistreach is do orduigh an deachmhadh mír don fhearann is an deachmhadh mír don spréidh ré cothughadh na druinge céadna. {Omnes ergo mares monachos, feminas sanctimoniales, efficiens, numerosa monasteria aedificavit, decimamque portionem terrarum ac pecudum eorum sustentationi assignavit.}
Adeir fós an t-ughdar céadna go dtáinig don ordughadh do chuir Pádraig síos nach raibhe cúil ná cearna ná fásach i n-Éirinn nachar lán d'aos crábhaidh is do naomhaibh, ionnus go dtáinig dhe sin gurab é ainm cinnte do bhíodh ar Éirinn feadh na gcríoch oile go coitcheann Oiléan na Naomh. Adeir Neinnius, ughdar Breathnach, i Stair na Breatan,
- A cúig lé caogad sruitheaspog
Ró oirnidh an cáidh,
Um thrí céadaibh crutharnaigh
Forsa dtormaigh gráidh.
Cibé do chuirfeadh i n-iongantas an líon easpog-so do bheith i n-aoinfheacht ré linn Phádraig i n-Éirinn, léaghadh an ní adeir S. Bearnard i m- Beathaidh Mhalachias ar ghnáthughadh na h-Éireann do leith a heaspog. Ag so mar adeir: Do-níthear malairt is iomadughadh ar easpogaibh do réir thoile an airdeaspuig, ionnus nach lór lé haoin easpogóideacht amháin aoin easpog amháin, acht bí beagnach easpog ag gach aoineaglais aca. {Mutantur et multiplicantur Episcopi pro libitu Metropolitani, ite ut unus episcopatus uno non esset contentus, sed singulae pene ecclesiae singulos haberent episcopos.}
As na briathraibh-se S. Bearnard is iontuigthe nar chuirthe i n-iongantas an lear easpog do luaidheamar do bheith i n-Éirinn ré linn Phádraig, ar mbeith don eaglais fá bhláth an tan soin. Is lughaide is ionchuirthe i n-iongantas an t-áireamh easpog do luaidheamar thuas mar léaghthar linn i seinleabhraibh go raibh easpog i n-Éirinn i n-aghaidh gach deagántachta da bhfuil innte.Is dearbh fós a hannálaibh Éireann go ndearna Pádraig dá airdeaspog i n-Éirinn, mar atá airdeaspog Ard Macha príomháidh Éireann, agus airdeaspog Caisil; príomháidh iomorro Ard Macha ós cionn Éireann uile is go cinnte ós cionn Leithe Cuinn; agus airdeaspog Caisil ós cionn Leithe Mogha go cinnte; agus ardchur ag an bphríomháidh air; agus is é adhbhar fá ndearnadh an t-ordughadh soin, do bhrígh go dtárla ardfhlaitheas Éireann i seilbh sleachta Éireamhóin, mar atá ag Laoghaire mac Néill; agus níor ghabh Eoghan is Conall is
An ní eile iomorro adeirid drong san aimsir-se go raibh Imleach Iobhair 'n-a cathaoir airdeaspuig, is amhlaidh is iontuigthe sin go raibhe airdeaspog is cliar Chaisil seal ar díbirt a Caiseal tré fhoirneart Lochlonnach an tan soin i n-aimsir Mhaoilsheachlainn mic Maolruanaidh do bheith i bhflaitheas Midhe, agus Néill Chaille 'n-a rígh Éireann, agus Olchobhair do bheith i bhflaitheas Mumhan, agus Turgesius an t-anfhlaith Lochlonnach do bheith ag buaidhreamh Éireann. Óir níor dóthcha Forannán príomháidh Éireann do thathfann a h-Ard Macha lé Turgesius, gur bha héigean dó teacht ar díbirt don Mhumhain, ioná airdeaspog Caisil go n-a chléir do thathfann a Caiseal lé Lochlonnaibh, agus dul da ndídean féin go h-Imleach Iobhair, mar a rabhadar coillte is bogach is móinte an tan soin. Agus do chaitheadar seal da n-aimsir ann sin ré linn leathtruim Lochlonnach do bheith orra.
Ní faghthar linn i n-annálaibh Éireann do bheith i n-Éirinn acht dá airdeaspog, mar atá airdeaspog Ard Macha agus airdeaspog Caisil go haimsir an Cháirdionál Ioannes