Adeir Sanderus san chéidleabhar do Shiosma na Sacsan go dtugadar Gaedhil do láthair iar ngabháil chreidimh iad féin agus an mhéid do bhí aca ar chumas is fá smacht Easpuig na Rómha, is nach raibhe airdphrionnsa oile orra acht Easpog na Rómha go rochtain flaithis Éireann do Ghallaibh. Ag so briathra an ughdair: Tugadar Éireannaigh (ar sé,) do láthair iar ngabháil chreidimh dóibh, iad féin agus a raibhe aca ar chur is fá smacht Easpuig na Rómha, is ní raibhe admháil aca ar airdphrionnsa oile do bheith ar Éirinn acht Easpog na Rómha amháin gus an aimsir úd, {Hiberni initio statim post Christianum Religionem acceptam se suaque omnia in Pontificis Romani ditionem dederant, nec quemquam alium supremum principem Hiberniae ad illud usque tempus praeter unum Romanum Pontificem, agnoverant.}
.i. go Gabháltas Gall. Gidheadh ní fíor an ní-se adeir Sanderus, mar is follus a Psaltair Chaisil, mar a labhrann ar Írial Fáidh mac Éireamhóin, is mar a bhfoillsigheann an t-áireamh ríogh do shíol Éireamhóin do ghabh Éire ré b-Pádraig do shíoladh an chreidimh i n-Éirinn agus da éis. Do ghabh Írial Faidh flaitheas Éireann deich mbliadhna, agus sul do síoladh riaghail Chríost lé Pádraig i n-Éirinn do ghabhadar 57 rígh do shíol an ríogh chéadna flaitheas Éireann agus fós doAg so mar thig Policronicon ar an ní gcéadna-so, mar a n-abair: Ó thigheacht Phádraig go haimsir Fheidhlimidh rígh (.i. rí Mumhan) do bhádar 33 rígh i bhflaitheas Éireann feadh cheithre céad bliadhan; i n-aimsir iomorro Fheidhlimidh tángadar Fionnlochlonnaigh ré ráidhtear Noruaegienses mar aon ré n-a dtaoiseach Turgesius go h-Éirinn. {Ab adventu Sancti Patricii usque ad Feldemidii Regis tempora triginta tres reges per quadringentos annos in Hibernia regnaverunt; tempore autem Feldemidii Noruaegienses duce Turgesio terram hanc occuparunt.}
As sin is iontuigthe go rabhadar ríghthe ar Éirinn do Ghaedhealaibh i ndiaidh aimsire Phádraig. Agus adeir an t-ughdar céadna na briathra céadna-so síos san áit chéadna: Ó aimsir Thuirgéis gus an rígh ndéidheanach Ruaidhrí righ Connacht do bhádar 17 rígh ar Éirinn. {A tempore Turgesii usque ad ultimum monarchum Rodericum Conatiae Regem septemdecem reges in Hibernia fuerunt.}As gach ní dhíobh so is follus nach fíor a rádh nach raibhe rí ar Éirinn ó aimsir Phádraig go Gabháltas Gall. Agus tig leis so an ní léaghthar san 36 eipistil do scríobh Anselmus naomhtha, airdeaspog Chanterburie, mar a scríobhann go Muircheartach Ó Briain rí Éireann, amhail léaghthar ag Doctúir Usser san deascán do chnósaigh sé do leitreachaibh naoimhchléire Éireann is Sacsan go aroile; agus do réir an ughdair chéadna mar a scríobhann Anselmus gus an Muircheartach gcéadna an tan fá haois don Tighearna 1100, mar a n-abair: Anselmus óglách eagailse Chanterburie go Muircheartach ghlormhar tré ghrásaibh Dé rí Éireann. {Moriardacho glorioso gratia Dei Regni Hiberniae, Anselmus servus Ecclesiae Cantuariensis.}
; agus mar scríobhas airdeaspog Canterburie, Lanfrancus go Toirrdhealbhach Ó Briain rí Éireann an tan fá haoís don Tighearna 1074, do réir Dhoctúír UsserAtá ag neartughadh lé fírinne an neithe-se an ní léaghthar san 41 eipistil san leabhar chéadna mar a scríobhann an céid-Henrí rí Sacsan go Radulphus airdeaspog Canterburie ag a iarraidh air grádha do thabhairt do shagart dar bh'ainm Gregorius agus a oirneadh 'n-a easpog i n-Áth Cliath tré fhoráileamh ríogh Éireann. Ag so briathra ríogh Sacsan an tan fá haois don Tighearna 1123: Do fhoráil rí Éireann orm-sa lé 'n-a scríbhinn agus buirghéisigh Dhuibhlinne gur thoghadar an Greagóir-se 'n-a easpog, is do chuireadar chugat-sa é da oirneadh. Uime sin foráilim-se ort-sa, ionnus go dtugthá a n-iarraidh dóibh, cóimhlíonadh gan chairde do dhéanamh ar a oirneadh. {Mandavit mihi Rex Hiberniae per breve suum et Burgenses Dublinae quod elegerunt hunc Gregorium in Episcopum et eum tibi mittunt consecrendum. Unde tibi mando ut petitioni eorum satisfaciens eius consecrationem sine dilatione expleas.}
As gach ní da ndubhramar is follus nach fíor ré a rádh nach raibhe rí ná arduachtarán ar Éirinn go Gabhaltas Gall; agus is follus fós nach raibhe cur cinnte ag Pápa na Rómha ar Éirinn riamh, acht mar do bhí ar an Spáinn nó ar an bh-Fraingc nó ar chríochaibh oile go haimsir Dhonnchadha mic Briain Bhóraimhe do chuaidh don Róimh tuairim is seacht mbliadhna déag ar thrí fichid sul tángadar Gaill i n-Éirinn. Gidheadh ar ndul do Dhonnchadh mac Briain don Róimh, amhail adubhramar thuas, tug féin agus uaisle Éireann aonta ré cur do bheith ag Easpog na Rómha orra, do bhrígh go mbídís féin easaontach ré chéile fá iomchosnamh Éireann. Óir tar ceann go scríobhaid ughdair go coitcheann gur bhronn Constantinus impir iar ngabháil bhaiste dhó oiléin iarthair Eorpa do Shilbhester Pápa, níor shealbh don Phápa ar Éirinn sin, do bhrígh nach raibhe sealbh na h-Éireann ag aoin-impir da raibhe riamh san Róimh ná ag Constantin. Da
Cuirfeam síos annso as an seanchus, sul laibheoram ar ríoghaibh Éireann iar gcreideamh, an modh ar a ndéintí ríogha d'ordughadh i n-Éirinn, agus créad fá n-orduighthí iad, idir airdrígh is rígh cúigidh is phríomhfhlaith fearainn. Tuig nach bíodh do ghairm i n-Éirinn i n-allód acht gairm ríogh ag a bhflathaibh fearainn, amhail fá nós don chine Iúduidheach (acht amháin go mbídís diuicidhe ag an gcine Iúduidheach) agus do mhórán de chineadhaibh oile, amhail do bhíodh taoiseach i n-Albain ag Dál Riada nó gur ríoghadh Fearghus Mór mac Earca orra.
Is é fáth iomorro fá ríoghthar aon duine amháin ós cionn na bpuibleach is na gcríoch ionnus go mbiadh gach aon 'n-a fhlaitheas féin umhal dó, is gan ar breith do neach dhíobh freasabhra ná cur 'n-a aghaidh feadh a fhlaithis féin, agus a thuigsin gurab ó Dhia is codhnach agus is cumhachtach ós cionn cháich do horduigheadh 'n-a rígh ós cionn na bpuibleach é da bhfollamhnughadh, agus da réir sin go ndleaghair dóibh umhla do thabhairt dó is a thuigse gurab é an t-aoin-Dia céadna is codhnach ar neamh ar talmhain is ar ifreann tug an smacht soin dó, is gurab uaidh fuair flaitheas; agus is minic gurab iad na daoine is glioca agus is foghlumtha do bhíodh i n-Éirinn do toghthaoi i bhflaitheas do smachtughadh an uilc is do choimhcheangail na cána is do shnadhmadh na síothchána, mar atá Sláinghe mac Deala mic Loich fá airdbhreitheamh i n-Éirinn 'n-a aimsir féin, Ollamh Fódla do bhí foghlumtha agus Tighearnmhus a mhac do bhí feasach mar
Ré linn iomorro gharma do ghlacadh dhóibh tigeadh an croinice agus an leabhar da ngairthear an Teagasc Ríogh leis, mar a mbíodh suim chumair nós is reacht na críche, agus mar a mbíodh foillsiughadh an luaidheacht bhíos ó Dhia is ón phobal tré mhaith do dhéanamh, agus an díoghaltas bhíos ós a chionn féin is ós cionn a shleachta tré neamhchomhall ceirt is córach, amhail orduigheas Leabhar na Ríogh is an Teagasc Ríogh do dhéanamh.
Is minic fós do beantaoi urruidhe da gcáirdibh do dhruing díobh fá choimhlíonadh reachta na críche do réir Teagaisc na Ríogh, nó an righe do léigean díobh gan imreasan, amhail do bheanfadh Tuatha Dé Danann do Bhreas mac Ealathan i n-aimsir ríoghachta Éireann do thabhairt dó.
Is é an croinice do-bheireadh slat i láimh gach tighearna ré linn garma do ghabháil; agus d'éis na slaite do dháil dó, do chuireadh i gcéill do na tuathaibh nach rígheadh an tighearna nó an rí a leas arm do ghlacadh ó shoin amach do smachtughadh a thíre, acht bheith umhal da shlait amhail scoláire da mháighistir. Óir amhail do-bheir an scoláire críonna
Is amhlaidh bhíos an tslat do-bheir an t-ollamh i láimh an ríogh geal go hiomlán, do chomartha na fírinne lé dtuigthear an ghile bhíos san slait, do bhrígh go samhailtear an geal ris an bhfírinne is an dubh ris an mbréig.
Is í cúis fá mbí an tslat díreach, da chur i gcéill do na puibleachaibh is do na tuathaibh gurab díreach glan gan chlaon dhligheas an rí bheith 'n-a bhriathraibh is 'na bhreathaibh idir charaid is námhaid, idir thréan is anbhfann, do réir mar do bheith imreasan idir a dhá láimh.
Is uime orduighthear an tslat soin gan fhadhb gan chnapán uirre acht coimhréidh uile, da chur i gcéill do na tuathaibh gurab amhlaidh dhlighid na tighearnaidhe bheith gan anshocracht gan ghairbhthean acht coimhréidh fá chúis cheirt is chomhthruim do gach aonduine, do charaid is do námhaid, do réir a gcóra, &rl.
I d-Teamhraigh do gairthí gach rí do ríoghaibh Éireann riamh ag a mbíodh ríoghacht Éireann uile, do thoil na n-ollamhan is na n-uasal ria gcreideamh, agus do thoil eagailse uaisle is ollamhan ó shoin anuas, ar Leic na Ríogh.
I d-Tulaigh Óg do gairthí Ó Néíll; agus Ó Catháin is O hÁgáin do ghaireadh é. Ó Donnghaile a mharuscál sluaigh is muinntear Bhrisléin is clann Bhiorthagra breitheamhain fhéineachais Uladh uile.
I g-Cill mic Creannáin do gairthí Ó Domhnaill; agus Ó Fiorghail do ghaireadh é, agus Ó Gallchubhair a mharuscál sluaigh.
Ar Maigh Adhar do gairthí Ó Briain ; Mac na Mara do ghaireadh é; Ó Duibhidhir Choill na Manach agus Mag Cormáin a mharuscáil sluaigh; muinntear Flannchuidhe a
Ar Lios Beannchair do gairthí Mac Carrthaigh; Ó Súilleabháin Mór agus Ó Donnchadha Mór do ghaireadh é; muinntear Ruairc a mharuscáil sluaigh; clann Aodhagáin a bhreitheamhain; muinntear Dhálaigh a ollamhain ré dán, agus muinntear Dhuinnín a ollamhain ré seanchus.
Ar Chnoc an Bhogha do gairthí Mac Murchadha; agus Ó Nualláin do ghaireadh é; a each is a earradh do Nualláin; Ó Deoradháin a bhreitheamh, agus Mac Eochadha a ollamh ré dán.
Ar Leic mic Eochadha do gairthí tighearna Cinnsiolach; agus Mac Eochadha do ghaireadh é.
Ar Dhún Caillighe Béirre do gairthí Ó Brain, agus Mac Eochadha do ghaireadh é.