Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 52

LII.

Ar mbeith íomorro d'Eochaidh san deoraidheacht soin i n-Albain, adeirid drong go dtarla bean Ghabhráin, Ingheanach a hainm, is bean Eochach Feidhlim, inghean Chobhthaigh mhic Dáthi, torrach i n-aoinfheacht, agus is i n-aonoidhche do bhádar ré niodhnaibh. Cuirthear an dias ban i n-aointeach, gan 'n-a bhfochair acht iad araon, agus forfhaire ó Ghabhrán da gcoimhéad don leith amuigh. Dála na mban, rug bean Ghabhráin inghean agus bean Eochach dias mac. Ní bheireadh iomorro bean Ghabhráin do shíor acht clann inghean; agus mar tharla dias mac ag mnaoi Eochach iarrais bean Ghabhráin mac don dá mhac ar mhnaoi Eochach, agus aontuighis bean Eochach sin. Mar do mhothuigheadar lucht an teaghlaigh do bhí san bhforaire na mná ar mbreith chloinne, fiafruighid don ríoghain créad an ghein rug. Nochtais sise go rug mac is inghean is go rug bean Eochach mac. Fá lúthgháireach cách de sin. Agus an mac soin ráinig an ríoghan ó mhnaoi Eochach, do baisteadh é agus tugadh Aodhán mac Gabhráin d'ainm air; agus an dara mac d'Eochaidh, tugadh Brandubh mac Eochach d'ainm air. Agus da éis sin táinig Eochaidh agus a mhac leis i n-Éirinn gur ghabh ríghe Laighean dó féin.

Tréimhse fhada iomorro da éis sin, fuair Gabhrán taoiseach Dál Riada, fá rí Alban, bás; is gabhais Aodhán flaitheas Alban da éis, agus táinig d'ionnradh is d'argain Éireann is d'iarraidh a gabhála, ar mbeith do shliocht Chairbre Ríoghfhada dó féin. Tigid fuireann mhór d'fhearaibh Sacsan Alban is Breatan leis, agus ar rochtan i dtír i n-Éirinn dóibh, tugadar ucht ar Laighnibh do lot ar dtús. Tarla iomorro


p.410

Brandubh mac Eochach fán am soin i ríghe Laighean; agus cuiris Aodhán teachta chuige d'iarraidh giall air ré bheith fá chíoscháin dó féin nó go ndiongnadh críoch Laighean uile d'argain. Ar mbeith do Bhrandubh imshníomhach fán dáil sin, adubhairt a mháthair ris meisneach do bheith aige agus go gcoiscfeadh féin Aodhán de. Leis sin téid an mháthair go foslongphort Aodháin is iar rochtain ann sin di, fiafruighis d' Aodhán créad as a dtáinig do lot Laighean. ‘A chailleach,’ ar sé, ‘ní dleaghair díom scéala do thabhairt duit-se ar sin.’ ‘Masa cailleach mé,’ ar sise, ‘is cailleach do mháthair; agus atá cómhrádh cogair agam ré a dhéanamh riot.’ Leis sin téid i bhfód fá leith ria. ‘A Aodháin,’ ar sí, ‘do innis mé dhuit gur chailleach do mháthair, agus innisim anois duit gur mé féin í, agus da réir sin gurab dearbhráthair dhuit Brandubh. Uime sin cuir fios i n-Albain ar an máthair atá id leith, is aidmheochaidh sí im láthair-se gurab mé féin do mháthair; agus go rochtain a chéile dhúinn, gabh iomat gan milleadh Laighean do dhéanamh.’

Do-níthear leis a ndubhairt an bhean; is ar rochtain do láthair a chéile do na mnáibh admhuighis ríoghan na h-Alban gurab í máthair Bhranduibh do rug Aodhán agus ar n-a chlos soin dhó, do cheangail ar na mnáibh rún maith do dhéanamh ar an gcúis d'eagla go gcaillfeadh féin ríoghacht Alban ag Dál Riada da mbeith fios na dála aca. Leis sin cuiris fios i ndáil Branduibh gur cheangladar araon cáirdeas ré chéile; is fágbhais Aodhán an tír gan díoth do dhéanamh innte. Gidheadh cheana níor bha mac don Eochaidh-se mac Éanna Cinnsealaigh an Brandubh-so fá rí Laighean, amhail bhus follus san dara leabhar don stair-se.

Dála Néill, ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, is líonmhar atáid a shliocht i n-Éirinn ón ochtar mac táinig uaidh. Gidheadh ní hinneosfam annso iad, do bhrígh gurab mian linn go foirleathan labhairt orra i ngabhlughadh chloinne Míleadh. Is uime iomorro ghairmthear Niall Naoighiallach don rígh-se, do bhrígh gur ghabh sé naoi ngéill, nó naoi mbraighde, a cúig díobh


p.412

ó chúigeadhaibh Éireann, agus a ceathair a h-Albain; gonadh aire sin do rinne an file na roinn-se síos:
    1. Mac Eochaidh ard n-ordan,
      Niall nár i ngach ardbhladh;
      Gabhais ríghe reimeann
      Éireann agus Alban.
    2. Gabhais giall gach cóigidh
      I n-Éirinn tré ardghoil;
      Tug fá a réir gan tárbhrath
      Cheithre géill a h-Albain.
    3. Gonadh de baoi dhó-san,
      I dtoraibh na bhfiatach,
      Ré hór na ríogh rathach,
      Niall Naoighiallach niatach.

Do ghabh Dáthí mac Fiachrach mic Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Tírigh mic Fiachrach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann 23 bliadhna. Fial inghean Eochach ó ráidhtear Cruachán Féile an chéidbhean do bhí aige. An dara bean Eithne inghean Órach máthair Oiliolla Muilt. An treas bean do bhí aige da ngairthí Ruadh inghean Airtigh Uichtleathain mic Fir Chonga máthair Fiachrach Ealgaigh, agus is da bhreith fuair bás. Fearadhach fá hainm díleas dó ar dtús; agus is uime do gairthí Dáthí dhe, ionann iomorro dáthí is tapaidh; agus is ar a thapacht do ghabhadh a arm air do lean an forainm Dáthí dhe. Agus is amhlaidh do marbhadh Dáthí .i. saighnéan teintighe do thuitim 'n-a mhullach ó neamh ar mbeith ag déanamh congcais ar an bh-Fraingc dó; agus is láimh ré Sliabh Alpa do marbhadh é, tré dhíoghaltas Dé, mar gur hairgeadh leis dúirtheach díthreabhaigh naomhtha dar bh'ainm Parmenius lér malluigheadh é. Agus ar n-a mharbhadh amhlaidh sin, tugadar a mhuinntear a chorp leo i n-Éirinn, gur hadhlaiceadh i Roilig na Ríogh i g-Cruachain é.

Finis Libri Primi.

p.2

Foras Feasa ar Éirinn