Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 51

LI.

Léaghthar linn i m- beathaidh Phádraig, fuaramar scríobhtha i seinleabhar meamruim, mar aon lé beathaidh Mochuda agus Abbáin agus naomh oile, gurab Breathnach Pádraig. Ag so briathra an tseinleabhair: Pádraig, (ar sé), Breathnach iar n-a bhreith san bhaile darab ainm Nemptor i Maigh na bh-Fianbhoth ó thuismheidhtheoiribh cráibhtheacha diadha. {Patricius Brito natus in oppido Nemptor in Campo Taburno .i. tabernaculorum, ex parentibus devotis et religiosis ortus.}’’

Adeir arís san áit chéadna na briathra-so síos: Iar n-argain iomorro iomad críoch san m-Breatain do Scotaibh ó Éirinn, mar aon ré n-a rígh féin, Niall Naoighiallach, i n-aghaidh fhlaithis na Rómha, do hairgeadh go mór an Breatain leo ar dtús an leith thuaidh dhi, agus iar ndíbirt na sean-fhoirne aiste, do áitigheadar Éireannaigh féin innte. {Cum Scoti de Hibernia sub rege suo Niall Naoighiallach diversas provincias Britanniae contra Romanum imperium multum devastabant, contendere incipientes aquilonalem Britanniae plagam tandem, ejectis veteribus colonis, ipsi Hibernenses eam occupaverunt et habitaverunt.}’’

Adeir an t-ughdar céadna san áit chéadna. go dtáinig de so trí ríoghachta do bheith san m-Breatain Móir mar atá Scotia Anglia is Britannia. Adeir an t-ughdar céadna gurab fán am-so, ar mbeith do Niall Naoighiallach san eachtra-so ag plandughadh Dál Riada i n-Albain, do chuaidh cabhlach Éireannach don áit iona raibhe Pádraig 'n-a chomhnuidhe. Ag so briathra an ughdair: Do chuaidh, (ar sé), fán am-so cabhlach Éireannach do chreachadh na críche 'n-a raibhe an Naomh Pádraig agus mar fá gnáth lé h-Éireannchaibh tugadar iomad do bhraighdibh leo agus Naomh Pádraig mar aon riú i n-aois a shé mbliadhan ndéag, agus dá shiair dó, mar atá Lupida is Darerca, agus tugadh Naomh Pádraig 'n-a bhrághaid i n-Éirinn an naomhadh bliadhain de fhlaitheas Néill ríogh Éireann do bhí go neartmhar seacht mbliadhna fichead i bhflaitheas Éireann is lér hairgeadh an


p.402

Breatain is Sacsa gus an muir atá idir Shacsaibh is an bh-Fraingc. {Hoc autem tempore quaedam classis Hibernica depredavit patriam in qua morabatur D. Patricius et, consueto Hibernorum more, multi inde captivi ducti sunt, inter quos erant D. Patricius aetatis suae anno decimo sexto et duae eius sorores Lupida et Darerca; et ductus est Patricius in Hiberniam captivus anno nono Néill regis Hiberniae qui potenter 27 annis regnavit ac Britanniam et Angliam usque ad mare quod est inter Angliam et Galliam devastavit.}’’

As na briathraibh réamhráidhte is inchreidthe go ndeachaidh Niall Naoighiallach don Breatain Móir is gur ghabh neart innte.

Measaim fós gurab ré linn Néill do bheith ag gabháil neirt san m-Breatain Mhóir, do chuir cabhlach d'argain imill na Fraingce don chrích ré ráidhtear Armorica, da ngairthear anois an Bhreatain Bheag, agus gurab aiste tugadh Pádraig go n-a dhá shiair i mbroid. Is móide mheasaim fírinne an neithe-se máthair Phádraig do bheith 'n-a siair ag Mártain do bhí 'n-a easpog Toron san bh-Fraingc, is mar léaghthar linn i seinleabhar 'n-a bhfuil beatha Phádraig i n-Gaedhilg gurab ó Armorica tugadh Pádraig agus a dhá shiair i mbroid.

Is cosmhail fós ar mbeith do Niall an tan soin ag gabháil neirt na Breataine Móire, gurab as an m-Breatain do chuir cabhlach go himeall na Fraingce mar a raibhe Pádraig agus an drong táinig i mbroid leis. Agus fós léaghthar linn i seinleabhraibh an tseanchusa go dtugadh géill as an bh-Fraingc go Niall, agus measaim gurab díobh sin Pádraig.

Dála Néill iomorro iar dtabhairt iomad do bhraighdibh na Breataine leis tig i n-Éirinn go sluagh mór do Breatnachaibh agus d'Éireannchaibh 'n-a fhochair; is do-ní tionól, tuilleadh sluagh, agus cuiris scéala go h-Albain go taoiseachDál Riada da rádh ris é féin go líon a shluaigh da leanmhain don Fraingc.

Triallais iomorro Niall leis sin don Fhraingc go sluagh líonmhar maille ris, agus ar mbeith ag argain na Fraingce láimh lé sruth Loor dhó, is ann rug taoiseach Dál Riada air go n-a shluagh. Agus tarla fán am soin rí Laighean ar ionnarbadh ó Niall i n-Albain ar chomairce Ghabhráin mic Domhanghuirt taoiseach Dál Riada; agus an tan do chuaidh an Gabhrán céadna i ndiaidh Néill don Fhraingc, do chuaidh Eochaidh mar aon ris ann. Gidheadh níor lámh Eochaidh dul


p.404

do láthair Néill, agus iar suidhe do Niall ar bruach an innbhir, téid Eochaidh don leith oile don abhainn i ndoire coille do bhí ann, agus do-ní soighead d'inneall 'n-a bhogha, go dtug urchar do Niall, gur chuir tré n-a chorp í, go bhfuair bás do láthair.

Is é adhbhar imreasain tarla idir Eochaidh is Niall, mar do thogair Eochaidh suidhe i d-Teamhraigh 'n-a rígh fá bhrághaid Néill, agus ar mbeith naoi dtráth i d-Teamhraigh dó, táinig draoi deigheolach 'n-a láthair is adubhairt ris nar dhlightheach dó geasa na Teamhrach do choill. ‘Óir is da geasaibh,’ ar sé, ‘gan rí do shuidhe innte ré flaitheas Éireann do ghabháil go ngabhadh nasc niadh fá n-a bhrághaid.’ Ionann sin ré a rádh agus go ngabhadh grádha Ridire Gaiscidh. Óir amhail adeirthear miles torquatus ré ridire gaiscidh, is mar sin adeirthear nia naisc i n-Gaedhilg ris an ngaisceadach do ghabhadh nasc nó slabhra fá 'n-a bhrághaid. Ionann iomorro nia is gaisceadhach nó tréinfhear, agus is ionann nasc is slabhra.

Dála Eochach mar do chualaidh teagasc an druadh, tréigis Teamhair is léigis an ríghe dhe. Tig Niall da éis sin agus suidhis i d-Teamhraigh is gabhais flaitheas Éireann, agus do hionnarbadh Eochaidh go h-Albain leis i ndiaidh iomad coinbhleachta do theagmháil eatorra; gonadh tríd sin do marbhadh Niall lé h-Eochaidh, amhail adubhramar thuas. Adhbhar oile fós easaonta do bhí aca, ar mbeith d'Eochaidh ag triall ó Theamhraigh go Laighnibh tarla go teach Laidchinn mic Bairrcheadha draoi Néill é, agus ar mbeith ann sin dó, do rinne mac an druadh iomarbháidh chainnte ré h-Eochaidh is marbhais Eochaidh tríd sin é.

Téid iomorro an draoi da chasaoid sin ré Niall, agus iarrais air teacht do dhíoghail a mhic ar Laighnibh; agus ré greasacht an druadh tig Niall tromshluagh tairpeach d'airgean Laighean; agus ar rochtain Laighean dóibh, ní ghéabhadh an draoi ó Niall cumhaidh ná ceathra do ghabháil


p.406

ó Laighnibh, gan corp Eochach d'fhagháil ar urlamhas Néill. Agus do sheachna Laighin do lot tig Eochaidh ar urlamhas Néill; agus tug an draoi fá deara Eochaidh do cheangal don chairthe chloiche atá ré a fhaicsin don leith thiar don t-Sláine idir Chill Bhrighde is Tulaigh Ó bhFeidhlimidh, agus is amhlaidh atá an cairthe sin 'n-a sheasamh agus í ard leathan is í tollta 'n-a hiomuachtar; agus fá héigean d'Eochaidh a dhruim do chur ris an gcloich agus é 'n-a sheasamh, agus slabhra iarnaidhe fá n-a chom, agus dá cheann an tslabhra trés an bpoll do bhí san chairthe, agus luirgfhearsad imreamhar iarnaidhe trés an dá lúib do bhí ar cheann an tslabhra. Agus mar do mhothuigh an draoi ar an ordughadh soin é, ollmhuighthear leis naonbhar laoch da mharbhadh.

Mar do chonnairc Eochaidh an laochraidh da ionnsaighe ar tí a mharbhtha, tug criothnughadh curaidh go calma air féin, agus leis sin sníomhthar an slabhra is bristear an luirgfhearsad leis, agus téid ar éigin ón laochraidh iar marbhadh druinge dhíobh; is ní haithristear a bheag da scéalaibh go rochtain i n-Albain dó, ar chomairce Ghabhráin mic Domhanghuirt, amhail adubhramar; gonadh é sin an dara fáth faltanais do bhí aige ré Niall.


p.408