Dála na m-Breathnach, iar n-imtheacht na Rómánach uatha, tógbhuid cloidh fód ó mhuir go muir idir iad féin is Scuit is Picti. Agus ar n-a chlos do chine Scuit agus do na Pictibh gur thréigeadar Rómhánaigh na Breathnaigh, lingid ar na Breathnachaibh agus bristear an cloidh agus airgthear an tír leo, gur bh'éigin do na Breathnachaibh teachta do chur an treas feacht go Rómhánchaibh 'gá iarraidh orra gan a léigean dá námhaid bheith ag déanamh a luit go díbhfeargach, amhail do bhádar. Leis sin cuirid Rómhánaigh légion oile da bhfurtacht; agus ar rochtain na Breatan dóibh tugadar féin is Scuitis Picti iomad coinbhliocht da chéile, gur ruagadar Rómhánaigh tar teorainn an mhúir do luaidheamar amach iad. Agus ar bhfóirithin na m-Breathnach mar sin dóibh, adubhradar na Rómhánaigh riú nachar shochar dóibh féin teacht ar eachtra da bhfurtacht ní budh mhó, agus a fhéachain créad an modh 'n-a bhféadfadaois iad féin do chumhdach nó do dhíon orra. Ar n-imtheacht iomorro do shluagh na Rómhánach uatha do thionnscanadar an cloidh atá ó mhuir go muir idir Albain is Breatain do dhéanamh d'obair chloiche, agus ocht dtroighthe 'n-a thighe, agus dá throigh déag d'airde ann, do réir Bheda san 5 ca. den chéidleabhar do Stair na Sacsan. Mar do chualadar na Scuit agus na Picti gur chuireadar Rómhánaigh druim ré teacht d'fhurtacht na m-Breathnach arís, cuirid cruinniughadh is coimhthionól ar iomad sluagh, is tugadar ucht ar an múr soin gur lingeadh leo tairis, is go dtugadar deargruathar na Breatan uile, ionnus gur bh'éigin do Breathnachaibh a gcathracha is a n-áruis do thréigean is dul da ndídean féin fá choilltibh is fá fhoraoisibh fásaigh, go nach bíodh do bhiadh aca acht feolmhach na mbeathadhach n-allta do-níthí do sheilg leo; agus an t-iarmhar do mhair do Bhreathnachaibh do scríobhadar go truaghaigmhéil go consul do bhí san Róimh dar bh'ainm Boetius ag iarraidh furtachta air, agus
Dála na m-Breathnach do bhádar aimsear imchian gan oirleach is gan argain ag Scotaibh agus ag Pictibh iar n-a dtréigean do Rómhánchaibh. .Níor bh'í so amháin anfhochain na m-Breathnach an tan soin, acht do bhí eiriticeacht Phelagian ag saobhadh an phobail an tráth soin; agus is í comhairle ar ar cinneadh lé Breathnachaibh an tan soin, fios do chur go cléir na Fraingce aga iarraidh orra préaláide is lucht seanmóra do chur ón bh-Fraingc chuca do chlódh eriticeachta
Tar a ndubhramar do bhíodh cogadh gnáthach idir na Scuit is na Breathnaigh go haimsir Uortiger fá rí ar an m-Breatain an tan fá haois don Tighearna 447. Gidheadh táinig d'ainmhianaibh is d'uaill is do pheachaidhibh na m-Breathnach an tráth soin go dtug Dia an lámh i n-uachtar ag Scotaibh is ag Pictibh orra, ionnus gur bha héigean dóibh Horsus is Hingistus go n-a sluagh Gearmáineach do thabhairt do chongnamh leo i n-aghaidh na Scot is na b-Pict, go ndearna Dia sciuirseadha do na Gearmáinibh sin ré cur na m-Breathnach a flaitheas iomlán na Breatan ó shoin. Atáid croinice na Breatan aga fhaisnéis, amhail chuireas Stoo san treas leathanach is caogad san chéadrámh da Chroinic, do cuireadh i gclódh i Lonndain an tan fá haois don Tighearna 1614, gur marbhadh 480 d'uaislibh na Breatan i bhfeall lé Sacsaibh, gur chuir Aurelius Ambrosius rí na Breatan an tan soin fá deara na clocha rug Merlin go Breathnaibh ó Shliabh g-Cláire san Mhumhain do thógbháil mar shéadchomharthaibh ar an láthair 'n-ar marbhadh na huaisle sin. Agus fós is ann san áit chéadna do hadhnaiceadh é féin. Agus is é fá hainm don áit an tan soin Chorea Gigantum. Agus is é ainm na háite anois Stone Henge ar Maigh Salsburie; agus adeir an t-ughdar céadna gurab ón Afric tugadar Gaedhil na clocha céadna; agus adeir Monomotensis nach tugadh dá chloich a héinchrích dhíobh.
As so is iontuigthe go gcleachtaoi lé Gaedhealaibh dul don Aifric da hargain, agus da réir sin go rabhadar neartmhar i dtíribh oile ó Éirinn amach; agus cibé do chuirfeadh i n-iongantas na neithe-se nó ag a mbiadh díchreideamh orra, biadh a mhilléan aige air féin, tré gan na scríbhne d'fhaicsin nó do chuardughadh. Óir is minic bhíos ainbhfios na