Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 49

XLIX.

Léaghthear imorro i seanchus na h-Éireann go ndeachadar na dronga-so síos i n-Albain diaidh i ndiaidh do ghabháil neirt na h-Alban.

Ar dtús do chuaidh Aonghus Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne do chur airdchíosa ríogh Éireann i n-áirithe ar Cruithneachaibh i gcionn dá chéad go leith bliadhan iar dteacht mhac Míleadh i n-Éirinn. Do chuaidh aimsear imchian da eis sin Reachtaigh Ríghdhearg rí Éireann do chur chíosa ortha. Do chuaidh mar an gcéadna Cairbre Ríoghfhada go n-a fhuirinn do ghabháil neirt i dtuaisceart Alban, agus is do shliocht Chairbre Ríoghfhada ghairmeas Beda Dalrheudini na h-Alban. Do chuaidh Mac Con do ghabháil neirt na h-Alban agus na Breatan agus is asta táinig i n-Éirinn do cur Catha Muighe Muchruimhe, áit ar thuit Art Aoinfhear, gur ghabh Mac Con flaitheas Éireann uile, amhail adubhramar. Da éis sin téid Fathaidh Canann mac Mic Con i n-Albain gur ghabh fearann innte, gonadh da shliocht Mac Cailín go na ghabhlaibh geinealaigh. Téid arís Colla Uais go n-a bhráithribh i n-Albain agus gabhaid fearann mór innte; gonadh ón g-Colla Uais sin tángadar clann nDomhnaill na h-Alban agus na h-Éireann. Téid Criomhthann mac FiodhaighÉireann do ghabháil neirt i n-Albain, agus Earc mac Eochach Muinreamhair mic Aonghusa Firt do shliocht Chairbre Ríoghfhada, agus is da shliocht ghairmthear clann Eirc agus Cinéal Gabhráin i n-Albain, agus fós Cinéal Lodhairn Cinéal Comhghaill agus Cinéal nAonghusa agus Cinéal Con Críche an Íle go n-a ngabhlaibh geinealaigh.

Téid Corc mac Luighdheach go sluaghbhuidhin lais i n-Albain agus is é fáth fá ndeachaidh ann, leasmháthair iomorro ro bhaoi ag Corc dar bh'ainm Daol inghean Fhiachach mic Néill (rí Éile deisceirt) agus tug sí grádh éagmais dó. Agus mar do dhiúlt Corc luighe ria, téid dá éagnach ré n-a athair Lughaidh,


p.384

agus do-ní caoi da láthair, agus fiafruighis créad adhbhar caoi na hinghine. ‘Corc dom shárughadh,’ ar sí. Gabhais éad Lughaidh uime sin, agus do-ní Corc d'ionnarbadh i n-Albain mar a bhfuair fáilte ó Fhearadhach Fionn nó ó Fhionn-Chormac, rí Alban, mar a bhfuair iomad ceana tré na dheighbhéasaibh. Agus do phós a inghean féin ris da ngairthí Moingfhionn, agus rug sí triúr mac dó i n-Albain, mar atá Maine Leamhna ó bhfuilid Leamhnaigh Alban, agus Cairbre ó bhfuilid Eoghanacht Mhuighe Geirrghinn i n-Albain, agus Crónán ó bhfuilid Cuircnigh i n-Iarthar Midhe. Agus anais Crónán thall go haimsir Laoghaire mic Néill, agus ráinig go h-Éirinn ann sin. Agus tug Laoghaire a inghean féin dar bh'ainm Cairche dhó, gonadh uaithe atá Machaire Chuircne, agus tarladar ceathrar oile do chloinn Chuirc 'n-a ngiallaibh ag Niall mac Eochach. Anmanna na gceithre mac, Corc, Greagha, Dula, agus Maine. Éagais Corc óg san mbroid-se, agus fuasclais an t-athair an triúr oile, agus tug leis don Mhumhain iad. I n-aimsir Néill Naoighiallaigh do chuaidh Corc mac Luighdheach i n-Albain agus is cian d'éis Néill do chuadar seisear mac Muireadhaigh mic Eoghain mic Néill i n-Albain, mar atá dá LodharnAongus agus dá Fearghus.

Conall fá céadainm do Chorc mac Luighdheach, agus bancháinteach da ngairthí Bolgbhain Breathnach a mháthair, agus níor bh'í sin bean phósta a athar, óir Daol inghean Fhiachach mic NéillÉile deisceirt a bhainchéile. Ag so rann deismireachta ó Ghiolla an Choimdhe Ó Coráin ar an ní sin:

    1. Taosca Conall ioná Corc
      Ar mhac Luighdheach, líoth gan locht;
      Teine choigle locht iar ló
      Is eadh ro chorc a chaomh-ó.
Agus is uime ráinig Corc air, dá amaid do bhí san Mhumhain ré milleadh naoidhean, agus tugadar amus ar an áit 'n-a raibh Conall ré a ráidhtear Corc, ré a mhilleadh, agus cuirthear i bhfolach fá bhéal choire é, agus fuaradar na

p.386

hamaide dóigh air, is do thógbhaid an coire dhe, agus loiscthear cluasa an leinbh leo, gonadh ón chorcradh tugsad ar a chluasaibh ghairthear Corc de.

Téid trá Maine Leamhna mac Cuirc mic Luighdheach a h-Éirinn i Albain agus gabhais fearann innte da ngoirthear Magh Leamhna ó n-abairthear Mórmhaor Leamhna i n-Albain, agus is de ghairthear anois diuice of Linox, agus is ón Maine Leamhna-so mac Cuirc do shíol Éibhir tángadar cineadha uaisle tighe Linox. Is ó dhearbhráthair don Maine-se dar bh'ainm Cairbre Cruithneachán tángadar EoghanachtEoghnacht Mhuighe Geirrghinn i n-Albain; agus is d'éis aimsire Néill Naoighiallaigh do chuadar ann.

Mar sin do gach aicme oile do Ghaedhealaibh i n-Albain, is ó Ghaedhealaibh Éireann tángadar a n-uaisle. Acht cheana an fhuireann is foigse do Shacsaibh díobh ag ar díbreadh lé h-Uilliam Concúr tar teorainn na Sacsan i n-Albain iad, agus go bhfuilid a sliocht diaidh i ndiaidh ag sealbhughadh Ghalldachta na h-Alban, ní do Ghaedhealaibh iad acht do shliocht na Sacsanach; agus fuireann oile chuirfeam síos i n-ar ndiaidh do réir Stoo 'n-a annálaibh, pagina 153. Tig leis an ní gcéadna-so mar a n-inniseann gur gabhadh Uilliam rí Alban leis an dara Henrí rí Sacsan, gur cuireadh leis a láimh é go cathair Roan san Normandie, mar a raibhe i mbraighdeanas ag an rígh Henrí, gur bha héigean dó cheithre chéad púnt do thabhairt d'fhuascloghadh air féin. Agus ré tilleadh i n-Albain dó, agus é síothach ris an rígh, rug leis mórán d'ógaibh uaisle na Sacsan, ó n-a bhfuair caidreamh muinnteardha ré linn a dheoraidheachta, go h-Albain, is tug iomad críoch is fearann dóibh agus da sliocht da n-éis, go bhfuil mórán díobh ag áitiughadh i n- Galldacht na h-Alban aniú. Ag seo cuid do shloinntibh na druinge do chuaidh leis an tan soin atá ag áitiughadh i n-Albain aniú, agus is díobh ghairmthear Galldacht na h-Alban, ag so cuid do na sloinntibh sin: Baliol, Brus, Soully, Mowbri, Sentcler, Hay, Gifford,


p.388

Ramsey, Landell, Bisey, Barclay, Wellegen, Boys, Montgomery, Walley, Collomille, Frizer, Grame, Gurlay, is mórán oile; an tan fá haois don tighearna 1174.

Atá Buccananus ag teacht leis an ní gcéadna thuas san 34 leathanach san dara leabhar do Stair na h-Alban, mar a n-abair: Do bhrígh, (ar sé), go ngairthí ar dtús Scuit d'áitightheoiribh na h-Éireann agus don fhuirinn do chuaidh uatha d'áitiughadh na h-Alban, ionnus lé heidirdhealughadh éigin go mbiadh deithfir eatorra leath ar leath, do thionnscnadar ó thús Scoit-Éireannaigh do ghairm do dhruing dhíobh agus Scot-Albanaigh don fhuirinn oile. {Principio cum utrique, id est Hiberniae incolae et coloni eorum in Albiam missi, Scoti appellarentur, ut discrimine aliquo alteri ab alteris distinguerentur, initio coepere alteri Scoti Ierni, alteri Scoti Albani, vocari.}’’

As na briathraibh-se Bhuchananus tuigthear dá ní. An chéidní gurab a h-Éirinn do chuadar Scuit d'áitiughadh na h-Alban; agus an dara ní gur ghnáthainm d'Eireannchaibh Scuit ó thús.

Ag so síos neithe do beanadh a hannálaibh chroinic Stoo do neartughadh lé fírinne gach neithe da ndubhramar romhainn sul laibheoram ar Niall Naoighiallach, do bhrígh go measaim gurab móide is inchreidthe gach a luaidhfeam a seanchus Éireann ar Niall na neithe-se síos do chur a croinic choigcríche. Ag so mar adeir Stoo: An tan fá rí Breatan Marius mac Aruiragus, Anno Domini 73, táinig Rudhruighe rí na b-Pictphobal ón Scitia mar aon lé cine Scuit do ghabháil na Breatan agus da hargain lé cloidheamh is lé teinidh; go dtug an Marius thuas cath dhóibh gur marbhadh Rudhruighe agus iomad da shluagh lé Marius, agus an dream do mhair dhíobh tug Marius fearann dóibh i dtuaisceart Alban ré áitiughadh, agus do iarradar mná ar na Breathnachaibh. Gidheadh níor bh'áil leo mná do thabhairt dóibh. Iarraid mná ar Éireannchaibh agus fuaradar mná uatha.’’

An ní-se scríobhas Stoo ar Rudhruighe rí na b-Pict, is é am tarla do thaoiseach na b-Pict mná do bhreith a h-Éirinn i n-aimsir Éireamhóin, amhail adubhramar thuas. Agus do

p.390

bhí sin tuilleadh is trí chéad déag bliadhan sul do bhí Marius i ríoghacht na Breatan.

Adeir an t-ughdar céadna gurab san mbliadhain thuas d'aois an Tighearna do hoirneadh Uespasian 'n-a impir, is gurab deich mbliadhna roimhe sin do rinneadh fundation ar mhainistir Glastenburi. Adeir fós gurab i gcionn 276 bliadhan iar ngein Chríost do chuir an t-impir dar bh'ainm Aurelianus coróin impireachta fá n-a cheann ar dtús, agus is é céidimpir do ghabh coróin impireachta é.

Anno Domini 395, do thionnscain Pelagius Breathnach eiriticeacht do shíolradh ar dtús; agus is san am-so do bhádar cine Scuit agus na Picti ag argain agus ag milleadh na Breatan Móire, agus cuirid na Breathnaigh teachta go Honoriusimpir d'iarraidh cabhra air, agus ní dhearna acht scríobhadh chuca da iarraidh ortha a ndicheall do dhéanamh dóibh féin. Agus táinig de sin go rabhadar na Breathnaigh aimsear imchian da éis sin fá leathtrom na Scot agus na b-Pict, agus da éis sin cuirid na Breathnaigh teachta arís don Róimh, agus do-níd casaoid truaighaigmhéil ar chruadháil na Scot is na b-Pict orra. Cuirid Rómhánaigh léigion do shluagh armtha da bhfurtacht, agus ar rochtain na Breatan dóib, tugadar féin agus na Scuit agus na Picti iomad coinbhliocht da chéile; agus ar mbeith tuirseach don tsluagh Rómhánach adubhradar ré Breathnachaibh múr nó cloidh do dhéanamh eatorra féin agus na droch-chomharsain do bhí aca is ná raibh ar breith dóibh féin gan tilleadh don Róimh.


p.392