Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 48
XLVIII.
Do ghabh Niall Naoighiallach mac Eachach Muighmeadhóin mic
Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic Ulfhada mic Airt
Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol Eireamhoín
ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead. Cairionn Chasdubh inghean ríogh Breatan fá
máthair do Niall. Inne inghean Luighdheach bean
Néill máthair Fhiachach. Ríoghnach bean oile do Niall lé rugadh seacht
mic dó, mar atá Laoghaire agus Éanna, Maine, Eoghan,
dá Chonall agus Cairbre, amhail
adeir an file san rann-so:
- Faoilidh do bhí Ríoghnach réil
Iar mbreith Laoghaire mic Néill,
Éanna Maine monar nglé,
Eoghan, dá Chonall, Cairbre.
Is é an Niall-so do chuaidh go sluagh líonmhar maille ris do
neartughadh agus do phréamhughadh Dál Riada is chinidh Scuit i n-Albain do bhí fán am soin ag gabháil neirt ar
Cruithneachaibh da ngairthear Picti, agus is é céad duine tug
Scotia d'ainm ar Albain é, ar impidhe
Dhál Riada agus chinidh Scuit, ar choinghioll go madh Scotia
Minor nó
Scotia ba lugha do-bhéarthaoi uirre, agus Scotia Maior .i. Scotia is
mó do gairfidhe d'Éirinn. Agus is tré bháidh ré
Scota inghean Pharao Nectonibus fá bean do Ghalamh da ngairthí
Mílidh Easpáine, ór fhásadar féin, rugadar Dál Riada do
rogha Scotia do thabhairt ar Albain seoch Hibernia do
thabhairt uirre.
Atá Camden aga rádh n-a chroinic ar Breatain gurab Scotia Bheag ainm na h-Alban agus Scotia Mhór ainm na
h-Éireann, agus adeir nach faghthar scríbhne da fhaisnéis go
dtugthaoi Scuit ar Albanachaibh go haimsir an impir
p.374
Chonstaintin Mhóir. Is é ainm fós ghairmeas Camden d'Éireannchaibh Scotorum Attavi
.i. Seanaithreacha na Scot, da chur i gcéill gurab ó Éireannchaibh
tángadar cine Scuit na h-Alban. Ag so fós mar adeir ar an
ní gcéadna: On Spáinn, (ar sé) tángadar Scuiti n-Éirinn san cheathramhadh aos. {Scoti ex Hispania in Hiberniam quarta aetate venerunt.} Adeir fós Nennius, ughdar Breathnach, do réir Chamden, gurab san cheathramhadh aos don domhan do ghabhadar na Scítae .i. cine Scuit sealbh Éireann. Is follus fós a
hannálaibh Éireann gurab Alba fá
hainm don chrích sin go haimsir Néill Naoighiallaigh, agus mar
fuaradar Dál Riada Scotia do thabhairt ar Albain do leanadar féin agus a sliocht di. Roimhe sin iomorro Alba nó Albania fá hainm dhi ó Albanactus an treas mac do Bhrutus, óir
is i Alba do ráinig mar mhír ronna dó ó n-a athair.
Triúr mac iomorro do bhí ag Brutus, do réir Monomotensis, mar atá Laegrus Camber agus Albanactus;
agus do roinn Brutus oiléan na Breatan
Móire eatorra, agus tug do Laegrus Laegria atá ar n-a sloinneadh uaidh féin, agus is di ghairmthear
aniú Anglia; tug do Chamber Cambria da ngairthear Breatain aniú; agus an treas
mír do Albanactus ó dtugthar Albania ar
Albain.
Téid Niall da éis sin ó Albaingo Laegria líon a shluagh agus do rinne
foslongphort innte; agus cuiris cabhlach go Breatain na Fraingce da ngoirthear
Armorica d'argain na críche, go dtugadar dá chéad braighde do
leanbhaibh uaisle leo go h-Éirinn, agus is ann san bhroid soin tugadar
Pádraig leo i n-aois a shé mbliadhan ndéag, agus
dá shiair dó, mar atá Lupida agus Darerca agus iomad do bhraighdibh oile ar cheana.
Is iomdha ughdar ag a shuidhiughadh gur Scotia
fá hainm d'Éirinn agus gurab d'Éireannchaibh do
gairthí cine Scuit. Ag so mar adeir Ionas
abb ag labhairt ar Colum Chille, san dara caibidil. Colmán, (ar sé), ré ráidhtear
Colum, i
p.376
n-Éirinn rugadh é mar a n-áitighid cine
Scuít. {Columbanus qui et Columba vocatur in Hibernia ortus est; eam
Scotorum gens incoluit.} Atá fós Beda san chéadchaibidil don chéidleabhar do Stair na Sacsan
aga rádh gurab í Éire dúthaigh dhílis na
Scot. Ag so mar adeir: Is í Éire
dúthaigh dhíleas na Scot. {Hibernia
propria Scotorum patria est.} Adeir an t-ughdar céadna ag scríobhadh ar na
naomhaibh ní thig leis an ní gcéadna. Ag so mar adeir: A h-Éirinn oiléan na Scot, (ar sé),
táinig Kilianus naomhtha agus a dhá
chomhthach. {Sanctus Kilianus et duo socii eius ab
Hibernia Scotorum insula venerunt.} As so is iontuigthe go
dtugthaoi cine Scuit ar Éireannchaibh ré linn Beda do mhair i gcionn 700 bliadhan
d'éis Chríost. Tig fós Orosius do mhair don leith istigh do 400 bliadhan do Chríost leis an ní gcéadna. Ag so mar adeir san dara caibidil don
chéadleabhar: Is iad cineadha Scot áitigheas Éire. {Hibernia a Scotorum
gentibus colitur.} Agus an chríoch-so ré ráidhtear Éire is follus go coithcheann go dtugthaoi leis na hughdaraibh Scotia uirre. Ag so mar adeir Serarius ag scríobhadh
ar Kilianus naomhtha: Kilian
naomhtha do chine Scot &c. {Beatus
Kilianus Scotorum genere et rel(i)q(u)a.} Agus adeir go grod da éis sin na
briathra so: Scotia quae et Hibernia
dicitur. As so is iontuigthe gurab ainm d'Éirinn do
shíor Scotia amhail is eadh Hibernia. Tuigthear
fírinne na neithe sin a briathraibh Capgrauius ag
scríobhadh ar Cholum naomhtha. Ag so mar adeir: Do
gairthí i n-allód Scotia d'Éirinn
ó bhfuil cine Scot atá ag áitiughadh na h-Alban
is foigse don Breatain is mó, agus gairmthear den Albain
sin Scotia anois go teagmhaiseach ó Éirinn ó bhfuil a mbunadhas agus a ndáil.
{Hibernia enim antiquitus Scotia dicta est, de qua
gens Scotorum Albaniam Britanniae maiori
proximam quae ab eventu modo Scotia dicitur inhabitans, originem duxit et
progressum habuit.} Tig Marianus Scotus ughdar Albanach leis so ag
scríobhadh ar Kilian naomhtha. Ag so mar adeir: Tar
ceann go dtugthar go díleas Scotia d'ainm ar an gcuid úd don Bhreatain, atá don leith thuaidh do Sacsaibh táithte ria, maseadh
foillsighidh Beda go ngairthí an t-ainm
p.378
sin d Éirinn i n-allod, óir an tan adeir cine na b-Pict do
theacht ón Scitia i n-Éirinn, adeir gurab
iad cine na Scot fuaradar rompa innte. {Etiamsi hodie Scotia proprie vocetur ea Britanniae pars quae ipsi Angliae contingens ad Septentrionem vergit, olim tamen eo nomine Hiberniam notatam fuisse ostendit D.
Beda, cum e Scythia Pictorum gentem in Hiberniam venisse ait ibique Scotorum gentem invenisse.} Agus do
bhrígh gurab ó chine Scot do slonnadh an chríoch, is Scotia fá hainm di an tan soin.
Is iontuigthe fós a briathraibh Caesarius, do mhair don leith istigh do 500 bliadhan i ndiaidh Chríost, gur Scotia sá hainm d'Éirinn. Ag so mar adeir, Lib. 12. Dialogorum Ca. 38o:
Cibé chuireas conntabhairt í bPurgadóir, tríalladh go Scotia, éirgheadh isteach í bPurgadóir Naomh Pádraig, agus ní chuírfidh conntabhairt i bpiantaibh
Purgadóra ó
shoin amach. {Qui de Purgatorio dubitat, Scotiam pergat,
Purgatorim Sancti Patricii intret, et de Purgatorii poenis amplius non dubitabit.}
A briathraibh an
ughdair-se is iontuigthe gur bh'ainm coítcheann d'Éirinn san am soin
Scotia, óir ní fhuil aon áit. i n-Albain da ngairthear Purgadóir Phádraig,
agus is follus gurab i n-Éirinn atá an áit da ngairthear
í, agus da réir sin gurab ar Éirinn do-bheir Caesarius Scotia. Tig
Serarius leis an ní gcéadna ag
scríobhadh ar Bonifacius naomtha: Do bhí
fós Scotia d'ainm ar Éirinn. Gidheadh
cheana do bhrígh go dtáinig ón Éirinn chéadna
drong d'áirithe go hoirthear na Breataine, mar ar áitigheadar na Picti, do shuidheadar mar aon riú an dream-so cheana ar dtús ó n-a
dtaoiseach féin Rheuda (.i. Cairbre
Ríoghfhada) ráidhtear
Dalrheudini (.i. Dál Riada) riú, amhail adeir Beda. Gidheadh do ruagadar da éis sin na Picti féin, agus do ghabhadar an leath thuaidh don chrích sin uile, agus
tugadar seanainm a gcinidh féin uirre, ionnus gurab aoin chine amháin Scot atá ann.
Gidheadh atáid dá Scotia ann, a haon díobh atá
ársaidh díleas i n-Éirinn, agus an dara Scotia atá nua san leith thuaidh don Bhreatain. {Hibernia Scotiae sibi nomen etiam vindicabat, quia tamen ex Hibernia
ista Scotorum pars quaedam egressa est in eaque Britanniae ora quam Picti iam habebant consederunt; ii quidem principio a duce suo Rheuda Dalrheudini dicti fuerunt, ut
ait V. Beda; postea tamen Pictos inde ipsos
exegerunt, et boreale totum illud latus obtinuerunt, eique vetus gentis suae nomen indiderunt. Ita ut
Scotorum gens una fuerit, sed Scotia duplex facta sit, una vetus et
propria, recentior altera in septentrionali Britannia.}
Do-bheirim trí neithe dom aire a briathraibh an ughdair-se. An chéidní dhíobh
gurab iad na h-Éireannaigh go
p.380
fírinneach na Scuit. An dara ní, gurab do Dhál Riada do gairmeadh
Scuit i n-Albainar dtús, do bhrígh gurab iad do rinne
gabháltas ar na Pictibh i n-Albain ar dtús. An treas
ní mar adeir gurab í Éire Scotia
dhíleas shean, agus gurab í Alba Scotia
nua, agus gurab iad cine Scuit do gairm Scotia ar dtús di. Adeir
Buchananus ughdar Albanach, san dara leabhar do
Stair na h-Alban, ní thig leis an ughdar thuas. Ag seo mar
adeir: Scuit do gairmthí d'áitightheoribh na h-Éireann ar dtús, amhail fhoillsigheas Orosius,
agus ní haon uair amháin do thrialladar na Scuit a h-Éirinn i n-Albain, amhail
innisid ar n-annálacha féin é. {Scoti omnes Hiberniae habitatores initio vocabantur ut indicat Orosius,
nec semel Scotorum ex Hibernia transitum in Albiam factum nostri annales referunt.} As so is iontuigthe nach iad
Dál Riada amháin do chuaidh a h-Éirinn
d'áitiughadh i n-Albain acht dronga oile
líonmhara 'n-a n-éagmais ó aimsir go haimsir.
p.382