Do ghabh Cairbre Lithfeachair mac Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair mic Fiachach Fionnoluidh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna ar fhichid, agus is uime ghairthear Cairbre Lithfeachair dhe, do bhrígh gurab láimh ré Lithfe i Laighnibh do hoileadh é. Agus Eithne Ollamhdha inghean Dúnlaing mic Éanna Niadh fá máthair dhó; agus is lé Simeon mac Cirb d'Fhorthuathaibh Laighean do marbhadh Cairbre i g-Cath Gabhra. Agus is é adhbhar fár cuireadh Cath Gabhra, Samhaoir inghean Fhinn mic Cumhaill fá bean do Cormac Cas mac Oiliolla Óluim, agus fá hí máthair Thinne agus Conla agus Mhogha Corb í, agus is trés an ngaol soin do chonghaibh Mogh Corb bráthair a mháthar .i. Oisín mac Finn agus Clanna Baoiscne tar sárughadh Cairbre Lithfeachair agus Aodha Caoimh mic Garaidh Ghlúnduibh do chlannaibh Mórna, agus is ag clannaibh Mórna do bhí buannacht Éireann an tráth soin. Agus do bhádar feadh seacht mbliadhan i n-easaonta ré Fionn agus ré clannaibh Baoiscne; gonadh uime sin do ghríosadar clann Gharuidh Ghlúnduibh Cairbre Lithfeachair agus cúigeadhaigh Éireann mar aon ris d'aithríoghadh Mogha Corb, i ndóigh go dtiocfadh de sin clanna Baoiscne d'ionnarbadh, gonadh de sin táinig tabhairt Catha Ghabhra.
Do chuaidh an Mogh Corb-so lucht 300 long go críoch Lochlonn mar aon ré dá bhráthair a mháthar (clann do rígh Lochlonn iad) do bhuain ceannais críche Lochlonn amach dóibh don rígh do bhí ar Lochlonnaibh dar bh'ainm Iarus mac Iarnmhóir, gur bhris cath ar an rígh, gur marbhadh leis é go n-a cheithre
Do ghabh Fothaidh Airgtheach agus Fothaidh Cairptheach dá mhac Mic Con mic Macniadh mic Luighdheach mic Dáire mic Fir Uillne do shliocht Luighdheach mic Íotha ríoghacht Éireann. Aoin bhliadhain dóibh araon i gcomhfhlaitheas; gur thuit Fothaidh Cairptheach lé Fothaidh Airgtheach, agus do thuit Fothaidh Airgtheach leis an bh-Féin i g-Cath Ollarbha.
Do ghabh Fiachaidh Sraibhthine mac Cairbre Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Coinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríogacht Éireann trí bliadna déag ar fhichid gur thuit leis na trí Collaibh i g-Cath Dubhchumair. Aoife inghean ríogh Gallghaedheal bean Fhiachach Sraibhthine máthair Mhuireadhaigh Thírigh; agus is uime do gairthí Fiachaidh Sraibhthine dhe do bhrígh gurab i n-Dún Sraibhthine i g-Connachtaibh do hoileadh é. Ionnus iomorro gurab móide do tuigfidhe an ní-se cuirfeam síos annso ó Psaltair Chaisil adhbhar Catha Dubhchumair agus seanchus ghaoil na g-Colla ré Fiachaidh Sraibhthine.
Ag Cairbre Lithfeachair trá scaraid Oirghialla .i. clannana g-Colla ré clannaibh Néill agus ré Connachtaibh. Fiachaidh Sraibhthine iomorro mac Cairbre Lithfeachair, is é seanathair Eochach Muighmheadhóin mic Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine é, agus is ón Muireadhach soin atáid clanna Néill agus fir Chonnacht. Eochaidh Doimhléan iomorro mac Cairbre Lithfeachair dearbhráthair d'Fhiachaidh Sraibhthine; agus do bhádar triar mac ag an Eochaidh sin .i. na trí Colla agus is uatha atá Uí Mac Uais, Uí Criomhthainn, agus Modhornaigh. Fá
- Trí mic Eachach, ard a mblaidh,
Na trí Colla adchualmair;
Colla Meann Colla fo Chrí,
Is Colla Uais an t-airdrí.- Is eol dam anmanna an trír,
Go ro mharbhsad an t-airdrígh
I san tír threabharghlain thall,
Aodh Muireadhach is Caireall.- Cairioll Colla Uais an rí,
Muireadhach, Colla fo Chrí;
Aodh, Colla Meann, mór a bhlaidh,
Tréan ós gach teann an triar sain.
Fá hí Aileach inghean Udhaire rí Alban bean Eochach Doimhléin máthair na dtrí g-Colla. Is ar Fhiachaidh Sraibhthine do rónsad na trí Colla fionghail, da dtáinig flaitheas Éireann do scarad riú féin. Ag so cheana fáth na fionghaile sin. Ar mbeith trá d'Fhiachaidh 'n-a rígh Éireann tárla mac maith aige .i. Muireadhach Tíreach; agus is é fá tuairgneach catha ag a athair, óir ní léigthí an rí féin i gcath. Téid Muireadhach aimsear d'áirithe go sluaghaibh leis don Mhumhain, agus tug géill agus airgne leis. Tárla Fiachaidh Sraibhthine i n-Dubhchumair láimh ré Tailltin andeas agus sluagh aige ann. Sluagh oile lé triar mac a dhearbhráthar .i. na trí Colla agus iad ag congnamh lé Fiachaidh Sraibhthine i n-Dubhchumair láimh ré Tailltin. Mar do chualadar áitheas d'éirghe do Muireadhach san Mhumhain, adeireadh gach aon i gcoithchinne gurab é adhbhar ríogh Éireann é. Créad do dhéanam ar na Colla dá raibhe Muireadhach d'éis Fiachaidh 'n-a rígh Éireann ?. Is eadh is maith dhúinn do dhéanamh ar siad cath do thabhairt don tseinrígh agus an tan mhuirbhfeam é féin go n-a shluagh ainnséin rachaidh ar a mhac againn an
Do ghabh Colla Uais mac Eochach Doimhléin mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna, gur hionnarbadh lé Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine é féin go n-a bhráithribh i n-Albain, mar a bhfuaradar congbháil bhuannachta ó n-a mbráithribh. Óir fá hí Aileach inghean Udhaire rí Alban bean Eochach Doimhléin fá máthair do na trí Collaibh. Is uime ghairthear Colla Uais do Chairioll ar a uaisle seoch na Collaibh oile, do bhrígh gur ghabh seisean ríoghacht Éireann, agus nar ghabhadar cách.
Do ghabh Muireadhach Tíreach mac Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfheachair mic Cormaic mac Airt Aoinfhir mic Cuinn Céadchathaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna déag ar fhichid, gur thuit lé Caolbhach mac Cruinn Bhadhraoi. Muireann inghean Fhiachach ríogh Chinéil Eoghain bean Mhuireadhaigh Thírigh máthair Eochach Muighmheadhóin. Dála na g-Colla ionnarbthar lé Muireadhach i n-Albain iad, amhail adubhramar; agus trí céad líon a sluagh, agus tug rí Alban cion mór agus buannacht dóibh ar a gcródhacht féin;
Adubhairt an rí riú gur mhithid dóibh fearann do dhéanamh da sliocht. Cia an tír n-ar mhaith leat-sa sinn do dhéanamh fearainn cloidhimh?ní rabhadar óig do b'urramhanta ioná iad 'n-a n-aimsir féin i n-Éirinn. Éirghidh ar Ulltaibh, ar sé. Óir atá fíor gcatha agaibh chuca do bhrígh gur loisc giolla ríogh Uladh féasóg nó folt Chormaic mic Airt lé coinnill i Maigh Breagh. Ar mbeith iomorro do Chormac 'n-a rígh Éireann táinig neart Uladh go mór 'n-a aghaidh gur hionnarbadh leo i g-Connachtaibh é, iar mbreith a ghiall; agus da éis sin cheangladar síoth ré Cormac agus ollmhuighid fleadh mhór dó i dtuaisceart Mhaighe Breagh. Agus is ann do loisceadh folt Chormaic lé giolla ríogh Uladh; agus atá sin gan díoghail fós.
Leis sin tug an rí Muireadhach sluagh líonmhar dhóibh. Triallaid na Colla as sin i g-Cúigeadh Chonnacht agus
Do ghabh Caolbhaidh mac Cruinn Bhadhraoi mac Eochach Cobha mic Luighdheach mic Rossa mic Iomchadha mic Feidhlimidh mic Cais mic Fiachach Aruidhe mic Aonghusa Gaibhnionn mic Fearghusa Foghlais mic Tiobraide Thírigh mic Breasail mic Feirb mic Máil mic Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha mic Cunnchadha mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachach Fionnamhnus mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Inneacht inghean Luighdheach fá máthair do Chaolbhaidh mac Cruinn Badhraoi; agus is lé h-Eochaidh Muighmheadhón do marbhadh é.
Do ghabh Eochaidh Muighmheadhon mac Muireadhaigh Thírigh mic Fiachach Sraibhthine mic Cairbre Lithfeachair mic Cormaic Ulfhada mic Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh ríoghacht
Is ar Eochaidh Muighmheadhón tugadh Cath Cruacháin Claonta lé h-Éanna Cinnsealach rí Laighean gur gabhadh ann Céadnathach file Eochach Muighmheadhóin. Agus mar ráinig Éanna do láthair, fiafruighis da mhuinntir créad as a ndearnadar anacal ar an draoi. An tulach-so ar a bhfuilim, ar an draoi, ní bhrisfeá-sa aiste go bráth dá madh beo mé. Leis sin tug Éanna sáthadh sleighe tríd; agus ré sonnadh na sleighe trés an draoi do mheabhuidh gean gáire ar Éanna. Uch, ar an draoi, is salach an gean soin, agus budh é bhus sloinneadh dod shliocht id dhiaidh go bráth, gonadh uime sin ghairthear Uí Cinnsealaigh don chine sin. Do ba neartmhar Éanna Cinnsealach 'n-a aimsir féin, amhail tuigthear as an duain do rinne Dubhthach mac Uí Lughair ardollamh Éireann ré linn Phádraig do theacht do shíoladh an chreidimh i n-Éirinn. Cath tugadh lé Laighnibh, is tosach don laoidh sin; agus ní chuireabh annso acht an dá rann-so dhi as a dtuigfidhear go raibhe Éanna neartmhar 'n-a aimsir féin. Ag so na roinn:
- Cáin tugadh do Éanna
A Leith Cuinn na gcuire;
Screaball gacha toighe
Do fhionndruine uile.- Cáin tugadh do Éanna
A Mumhain fri greasa;
Uinge d'ór gach leasa,
San bliadain ba neasa.
Agus do réir Psaltrach Caisil do bhris an t-Éanna-so trí catha déag ar chlannaibh Cuinn.
Do ghabh Criomhthann mac Fiodhaigh mic Dáire Chearb mic Oiliolla Flann Big mic Fiachach Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag. Fidheang inghean ríogh Connacht fá bean dó. Is é an Criomhthann-so do ghabh neart agus treise i n-Albain i m-Breatain agus san bh-Fraingc, amhail adeir an seancha san rann-so síos:
- Criomhthann mac Fiodhaigh fuair teann
Ar iaith Alban is Éireann;
Fuair da réir tar glasmhuir ghloin,
Sacsain féin agus Frangtoigh.
Is é Criomhthann mac Fiodhaigh iomorro tug ríghe Leithe Mogha nó Mumhan da dhalta .i. do Chonall Eachluaith mac Luighdheach Láimhdheirg agus do b'olc lé cloinn Fhiachach Muilleathain an ní sin, agus adubhradar nar mhaith an bráithreas do Chonall sin do ghlachadh agus adhbhar deighríogh do chlannaibh Fiachach an tan soin .i. Corc mac Luighdheach; agus is é breitheamhnas do rónsad daoine foghlumtha na Mumhan eatorra an tráth soin ríoghacht Mhumhan do bheith ar dtús ag Corc mac Luighdheach, óir is é fá sine ann, agus ag cloinn Chormaic Chais fá dheireadh. Tugadar clann Fhiachach Muilleathain cuir agus teannta uatha um ríghe Mumhan tar éis Chuirc do léigean do Chonall Eachluaith, nó da mhac muna maireadh Conall féin, amhail do orduigh Oilill Ólom a beith gach ré nglún ag an dá shliocht soin .i. sliocht Fhiachach Muilleathain agus sliocht Chormaic Cais. Is ar an gconnradh soin trá do léig Conall Eachluaith ríghe Mumhando Chorc mac Luighdheach, agus iar n-éag do Chorc do ghabh Conall
- Cáin Éireanndo ghabh Eachluaith,
Iar g-Criomhthann, fá cáin a n-all;
Acht nach deachaidh tar muir Manann,
Riamh ní rosgabh rí ba fearr.- A dtug Criomhthann mór mac Fiodhaigh
Do ghiallaibh lais tar muir láin,
Do rad i láimh churaidh chleathruaidh,
Chonaill oirdheirc Eachluaith áin.- Luidh Conall Eachluaith ar eachtra
I ngach crích iar g-Criomhthann Cas;
Go Dún Liamhna laoch fá hamhra,
I n-ar marbhadh madhma mas.- Leis Fearta Conaill i bh-Feimhion
Druim Chormaic Áine Dún Gair;
Caiseal Coincheann Ráith lonn Leamhna
Fochair Mhaigh Dún Cearmna cain.c.
Moingfhionn inghean Fhiodhaigh deirbhshiúr Chriomhthainn féin thug deoch neimhe dhó i n-Inis Dornghlais ar Muaidh i ndóigh na ríoghachta do rochtain da muirnín mic .i. Brian mac Eachach Muighmheadhóin; agus fuair Criomhthann mac Fiodhaigh bás do neimh na dighe sin ar Sliabh Uidhe an Ríogh don taoibh thuaidh do Luimneach, agus ba marbh Moingfhionn féin do neimh na dighe sin i n-Inis Dornghlais ar Muaidh, ar bhfromhadh na neimhe dhi do ghríosadh a dearbhráthar da h-ól.