Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 46

XLVI.

Is ré linn Chormaic do mhair Fitheal, agus is é fá hairdbhreitheamh dhó; agus ar mbeith d'Fitheal ré hucht bháis d'fhagháil, do chuir fios i gcoinne a mhic da ngairthí Flaithrí, agus do ba duine glic foghlumtha an Flaithrí sin. Do fhágaibh Fitheal a bheannacht aige, agus tug do chomhairle dhó cheithre neithe do choimhéad go friochnamhach, agus go madh sochar dhó sin do dhéanámh, mar atá gan mac ríogh d'altrom ná d'oileamhain, gan rún 'n-a mbeith guais do léigean ré n-a mhnaoi, gan mac moghaidh do mhéadughadh, gan a chiste nó a stór do thabhairt i dtaiscidh da shiair. Agus i ndiaidh bháis Fhithil do mheas Flaithrí fromhadh do dhéanamh ar gach ní dhíobh soin; agus mar dhearbhadh orra glacais Flaithrí mac do Chormac mac Airt ar daltachas, agus i gcionn aimsire 'n-a dhiaidh sin beiris an leanbh fá choill leis, agus tug do mhuicidhe da mhuinntir féin do bhí i ndiamhair na coille é, agus adubhairt ris an leanbh do cheilt go maith go gcuireadh féin comhartha cinnte chuige; agus leis sin tillis don bhaile da thigh féin, agus léigis tuirse agus dobrón mór air, agus fiafruighis a bhean fáth a thuirse agus a bhróin de. Adubhairt-sean nach raibhe a bheag. Gidheadh mar do chonnairc sise an brón ar marthain aige, do ghabh go liosta ag leadrán air ag lorgaireacht adhbhair a thuirse. Adubhairt-sean da ndéineadh rún air go nochtfadh fáth a bhróin di.

Do mhionnuigh sise go gceilfeadh gach ní do nochtfadh seisean tré rún di. ‘Maseadh,’ ar seisean, ‘ tarla dhamh-sa feilbheart anabaidh do dhéanamh, mar atá mo dhalta, mac an ríogh, do mharbhadh.’ Screadais an bhean ar n-a chlos sin di, agus gairmis muinntear an tighe agus adubhairt riú an fionghalach do cheangal tré mhac an ríogh do mharbhadh; agus do-níthear amhlaidh sin leo; agus beirthear ceangailte gus an rígh é. Tarla fós do Fhlaithrí gur mhéaduigh mac reachtaire da mhuinntir féin go raibhe 'n-a dhuine shaidhbhir. Tug


p.340

mar an gcéadna go grod i ndiaidh bháis a athar cuid da ionnmhus i dtaiscidh da shiair, ionnus nach rachadh éinní do na ceithre neithibh adubhairt a athair ris gan fromhadh uaidh. Mar fuair iomorro mac an reachtaire fá dhaoirse é, agus an rí ar tí a bhásuighthe, ní raibh duine dhíobh is truime agus is déine do bhí 'n-a aghaidh ioná mac an reachtaire, i ndóigh go bhfuighbheadh féin oighreacht Fhlaithrí ré a ceannach dó féin.

Cuiris Flaithrí, ar mbheith san éigean soin dó, fios i ndáil a sheathrach aga iarraidh uirre an mhéid ionnmhusa tug i dtaiscidh dhi do chur chuige, go ndéineadh caraid dó féin timcheall an ríogh, agus mar ráinig an teachtaire í, do shéan nachar ghlac féin a shamhail sin uaidh riamh. Agus mar ráinig an scéal soin Flaithrí agus é ré hucht a bhásuighthe iarrais a léigean do láthair an ríogh go ndéineadh comhrádh rúin ris; agus ar dteacht do láthair Chormiac dhó, do innis go raibhe an mac slán, agus adubhairt é féin do chongbháil san chuibhreach i raibhe go dtigheacht da dhalta do láthair. Cuirthear fios ar cheann an mhic, agus ar dtigheacht do láthair don leanbh ón muicidhe aga raibhe i gcoimhéad aige, mar do chonnaic sé Flaithrí cuibhrighthe, goilis nó gur scaoileadh dhe. Agus ar mbeith do Flaithrí scaoilte, fiafruighis Chormaic ós iseal de créad as ar fhulaing é féin do chur san ghábhadh soin. ‘Do fhromhadh na gceithre gcomhairleach tug mh' athair damh do rinneas é,’ ar Flaithrí, ‘agus fuaras ar n-a ndearbhadh gurab críonna na ceithre comhairleacha tug mh'athair dhamh. Ar dtús ní críonna do neach oileamhain mic ríogh do ghabháil ar a iocht, d'eagla faille do dhéanamh da dtiocfadh lot nó milleadh do theagmháil don dalta, agus beatha nó bás an oide do dhéanadh faill, ar chumas an rígh. An dara comhairle tug mh'athair dhamh, do réir nádúire ní bhí congbháil rúin ghuaiseachtaigh i mnaoi san bhith go coitcheann, agus uime sin ní críonna a shamhail do rún do léigean ré. An treas comhairle tug mh'athair dhamh, gan mac moghaidh nó dhuine uirísil do mhéadughadh


p.342

nó do thógbháil go hinnmhe, do bhrígh gurab gnáthach leo bheith dearmadach san chommaoin chuirthear orra, agus fós gurab olc leo fios na dearóile agus na huirísle ór fhásadar do bheith ag an druing mhéaduigheas iad. Is maith,’ ar sé, ‘an ceathramhadh comhairle tug mh'athair dhamh, gan mo stór do thabhairt dom shiair óir is eadh is dáil do na mnáibh éadáil do dhéanamh da gach ionnmhus da dtugaid a gcaraid i dtaiscidh dhóibh.’

Do horduigheadh ré linn Chormaic bheith d'fhiachaibh ar gach airdrígh da mbeith i n-Éirinn deichneabhar do bheith do shíor 'n-a fhochair gan scarthain ris do ghnáth, mar atá flaith, breitheamh, draoi, liaigh, file, seancha, oirfideach; agus triúr feadhmannach: an flaith mar ghuaillidhe don rígh, an breitheamh ré nochtadh nós agus reacht na críche do láthair an ríogh; draoi ré hiodhbarta do dhéanamh, agus ré tuar maitheasa nó uilc don chrích a los a ghaoise agus a gheintlidheachta; liaigh ré leigheas do dhéanamh don rígh agus da ríoghain agus don teaghlach ó shoin amach; file ré haoir nó ré hadhmholadh do dhéanamh da gach aon do réir a mhaitheasa nó a mhíghníomh; seancha ré coimhéad chraobh gcoibhneasa sceol agus imtheachta na n-uasal ó aimsir go haimsir; oirfideach ré seinm agus ré gabháil duan agus dréacht do láthair an ríogh; agus triúr feadhmannach ré freastal agus ré friothólamh an ríogh go n-a bhfurthainn do ronnairidhibh agus do dháileamhnaibh ré a n-ais. Do bhí an nós-so ar congbháil ó aimsir Chormaic go bás Bhriain mic Cinnéididh gan mhalairt acht amháin ó do ghabhadar ríghthe Éireann creideamh Chríost, gurab anmchara eagailse do bhíodh i n-áit an druadh ré friotal agus ré foillsiughadh reachta agus dlighthe Dé don rígh agus da theaghlach. Ag seo suidheamh an tseanchaidh ar an ní-se anuas:

    1. Deichneabhar cuibhreann an ríogh,
      Gan imreasain gan imshníomh;
      Eol damh a n-áireamh uile,
      Idir rígh is ró-dhuine.

    2. p.344

    3. Dleaghair i gcuibhreann ríogh raith,
      Breitheamh is file is flaith;
      An rí ag nach bia an tréidhe thall,
      Ní dhligh Féine a eineaclann.
    4. Anmchara ag foircheadal scéal,
      Seancha leasuigheas gach léan;
      Oirfideach ré téadaibh thall
      Dlighidh íoc is eineaclann.
    5. Liaigh an ceathramhadh duine
      D'fhios ghalair gach aoin uile;
      Triar friothólmha mbuidhneadh mbann
      Sloinnfead do shluaghaibh Éireann.
    6. An rí ag nach béid sin uile
      Ní dhligh i Réim Ríoghruidhe;
      I dtigh Teamhra ní bhia a sheal,
      An rí ag nach bia an deichneabhar.

Do bhí d'fheabhas ghníomh bhreath agus reachta Chormaic go dtug Dia solus an chreidimh dó seacht mbliadhna ré mbás. Agus uime sin do dhiúlt adhradh do láimhdhéibh, agus do ghabh ré a ais cádhas agus onóir do thabhairt don fhír-Dhia, ionnus gurab é an treas fear do chreid i n-Éirinn é sul táinig Pádraig: Conchubhar mac Neasa an céadfhear do ghabh creidheamh ar n-a chlos ó Bhacrach draoi go gcéasfaidhe Críost leis an gcine Iúdaidhe, Morann mac Maoin an dara fear, agus Cormac mac Airt an treas duine. Is i d-Teamhraigh do chleachtadh Chormaic áitiughadh ar lorg na ríogh roimhe nó gur milleadh a rosc lé h-Aonghus Gaoibuaibhtheach, amhail adubhramar thuas; agus ó shin amach i n-Achaill i dtigh Cleitigh agus i g-Ceanannus do bhíodh. Óir níor mhaise agus níor shonas lé fearaibh Éireann rí go n-ainimh d'áitiughadh i d-Teamhair; agus uime sin do rad Chormaic an ríghe da mhac .i. Cairbre Litfeachair, agus do léig Teamhair dó, agus do chuaidh féin i dtigh Cleitigh agus i n-Achaill i bhfochair Theamhrach.


p.346

Gonadh ionnta soin do rinne na Teagaisc Ríogh ag múnadh mar budh dual do rígh bheith, mar adubhramar thuas, agus cionnus do smachtfadh na tuatha 'n-a ndligheadhaibh. Agus ón tráth fár thréig Chormaic an ríghe níor chreid acht don aoin-Dia neamhdha.

Lá da raibh Chormaic i dtigh Cleitigh do bhádar na draoithe 'n-a fhiadhnaise ag adhradh an laoigh órdha, agus cách da adhradh ar lorg na ndruadh. Do fhiafruigh Maoilgheann draoi do Chormac créad as nach adhradh an laogh órdha agus na dée mar chách. ‘Ní dhéan’ ar Chormaic ‘adhradh don cheap do róine mo cheard féin, agus do b'fhearr an duine do rinne é d'adhradh, óir is uaisle é ioná an ceap.’ Greasais Maoilgheann draoi an laogh órdha go ro ling 'n-a bhfiadhnaise uile. ‘An bhfaice súd a Chormaic?’ ar Maoilgheann. ‘Cia do-chím,’ ar Chormaic, ‘ní dhéan adhradh acht do Dhia nimhe agus talmhan agus ifrinn.’

Do bearbhadh a chuid don rígh iar soin agus do ghabh ag ithe míre do bhradán on m-Boinn. Leis sin tángadar na siabhra iar n-a ngreasacht do Mhaoilgeann draoi agus marbhthar an rí leo. Fuireann oile adeir gur cnáimh bradáin do lean da bhrághaid agus do thacht é, óir is ag ithe éisc do bhí an uair do thachtsad na siabhra nó na deamhain aerdha é.

Iar dteacht d'airgheanaibh báis i ndáil an ríogh adubhairt ré n-a aos gráidh gan a chorp d adhnacal san Bhrugh mar a rabhadar ríoghraidh Theamhrach roimhe sin. Ar mbeith iomorro do chách ag breith a chuirp d'adhnacal don Bhrugh cuirid na siabhra i n-abhainn go dtuile mhóir trí huaire rompa é, óir níor bh'áil leo a chorp do léigean i reilg iodhal tré chreideamh don fhir-Dia dhó. Agus an ceathramhadh feacht rugadar lucht a iomchair san abhainn é, agus bearar uatha an corp ré sruth na Bóinne go ráinig Ros na Ríogh agus scarthar an corp ris


p.348

an bhfuad nó ris an gcróchar, gonadh de sin atá Áth Fuaid ar Bóinn. Do caoineadh ann sin é agus do rinneadh a uaigh agus do hadhnaiceadh ag Ros na Ríogh é. Táinig Colum Cille aimsear imchian da éis sin gus an ionadh soin, go bhfuair ceann an ríogh Cormaic ann, agus do hadhnaiceadh leis é. Anais Colum Cille san áit chéadna go ndubhairt tríochad aifreann ós a chionn, go bhfuil eaglais aniú san áit sin.

Ó tharla dhúinn labhairt ar na draoithibh annso, measaim gurab oircheas dúinn labhairt ar chuid da ndálaibh agus go háirithe ar a n-iodhbartaibh agus ar a ngeasaibh mar bhus follus i n-ar ndiaidh. Atáid iomorro ré a bhfaicsin i n-Éirinn aniú i n-áitibh iomdha 'n-a séadchomharthaidhibh ó aimsir na Págántachta iomad de leacaibh ró-leathna agus galláin chloch ag a n-iomchar, agus is díobh ghairmthear 'sna seinleabhraibh altóire iodhluidhe, agus leapthacha na Féine ghaireas an pobal coitchiann díobh, do bhrígh nach feas dóibh créad fár horduigheadh iad. Is ar na haltóiribh-se do cleachtaoi i n-allód leis na draoithibh a n-iodhbarta do dhéanamh maille ré marbhadh a mbocán a dtarbh agus a reitheadh, agus na draoithe féin do thigheacht ar a nglúnaibh fá shileadh fhola na hiodhbarta da nglanadh féin ó shalachar a gcean, amhail do-níodh an t-ardshagart i measc an chinidh Iúdaidhe an tan théidheadh fá dhroichead na hiodhbarta do léigean fhola na hiodhbarta do rith air féin. Gonadh de sin do gairthí Pontifex .i. droicheadóir dhe.

Dála na ndruadh is é feidhm do-nídís do sheicheadhaibh na dtarbh n-iodhbarta a gcoimhéad ré hucht bheith ag déanamh conjuration nó ag cur na ndeamhan fá gheasaibh, agus is iomdha céim ar a gcuirdís geasa orra, mar atá silleadh ar a scáile féin i n-uisce, nó ré hamharc ar néallaibh nimhe, nó ré foghar gaoithe nó glór éan do chlos. Gidheadh an tan do cheileadh gach áisig díobh sin orra, agur fá héigean dóibh a ndícheall do dhéanamh, is eadh do-nídís cruinnchliatha caorthainn do dhéanamh agus seicheadha na dtarbh n-iodhbarta do leathadh


p.350

orra agus an taobh do bhíodh ris an bhfeoil do chur i n-uachtar díobh, agus dul mar sin i muinighin a ngeasa do thoghairm na ndeamhan do bhuain scéal díobh, amhail do-ní an togharmach san chiorcaill aniú; gonadh de sin do lean an sean-fhocal ó shoin adeir go dtéid neach ar a chliathaibh fis an tan do-ní dícheall ar scéala d'fhagháil.

Dá phríomh-roilig iomorro do bhíodh i n-Éirinn i n-allód i n-aimsir na Págánachta, 'n-a gcuirthí urmhór ríogh na h-Éireann, mar atá Brugh na Bóinne agus Roilig na Ríogh láimh ré Cruachain. Is follus gur bh' ionadh adhnaicthe do ríoghaibh Teamhrach Brugh na Bóinne as an seanchus thuas, agus is dearbh gur bh'ionadh coitcheann adhnaicthe do ríoghaibh Éireann Roilig na Ríogh i g-Cruachain do réir Thorna Éigeas san laoidh-se síos:

    1. Atá fút-sa rí fionn Fáil,
      Dáthí mac Fiachrach fear gráidh;
      A Chruacha ro cheilis sain
      ar Ghallaibh ar Ghaedhealaibh.
    2. Atá fút Dúnghalach dian
      Tug na géill tar muir aniar;
      Atáid fút, foillsig an dath,
      Conn Tuathal agus Tomaltach.
    3. Trí mic Eochach Feidhligh finn,
      Atáid fád mhúr mar mhaoidhim;
      Atá Eochaidh Aireamh faon,
      Ar n-a mharbhadh do mhor-Mhaol.
    4. Atá Eochaidh Feidhleach flaith,
      Fút agus Deirbhrí deaghmhaith;
      Agus Clothra, ní céim asc,
      Agus Meadhbh agus Murasc.
    5. Éire Fódla agus Banbha,
      Trí hógmhná áille amhra,
      Atáid i g-Cruachain na gclann,
      Triar ban do Thuaith Dé Danann.

    6. p.352

    7. Trí mic Cearmada a Síth Truim,
      Agus Lughaidh a Liatdruim;
      Clann Aodha mic an Daghdha,
      Agus Midhir mórthalma.
    8. Atáid fád líg 'n-a luighe,
      Cobhthach Caol is Ughuine;
      Agus Badhbhcha, réim go rath,
      agus Ollamh ard uallach.
    9. Atá.

Do ghabh Eochaidh Gunnat mac Féigh mic Iomchadha mic Breasail mic Síorchadha mic Fiatach Finn ó ráidtear Dál bhFiatach mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shiol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin, gur thuit lé Lughna Feirtre.