Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 45
XLV.
Adubhramar thuas do réir an tseanchusa gurab deichneabhar inghean do bhí ag Cormac. Gidheadh annso ní luaidhfeam acht dias díobh, mar atá
Gráinne do ba bean d'Fhionn
mac Cumhaill agus do chuaidh i n-éalódh ré Diarmaid
Ó Duibhne, agus Aillbhe inghean Cormaic do ba bean 'n-a
dhíaidh sin d'Fhionn.
Agus cibé adéaradh nach raibhe Fionn ná an Fian
ann, ní fíor dhó é. Óir atáid againn, ré suidhiughadh na
Féine do bheith ann, na trí neithe lé ndearbhthar fírinne gacha staire
san mbith leath amuigh don Bhíobla, mar atá béaloideas na
sean, seinscríbhne agus séadchomharthaidhe da ngoirthear i Laidin Monumenta. Óir atámaoid da chlos ó bhéal go béal
go raibhe Fionn agus an Fhian ann, agus fós atáid
scríbhne go foirleathan da fhaisnéis. Atáid mar an gcéadna
séadchomharthaidhe ar n-a n-ainmniughadh uatha, mar atá Suidhe
Finn ar Sliabh na m-Ban, ó Fhionn ua
Baoiscne, agus Gleann Gharaidh i n-Uíbh
Faithche, ó Gharaidh mac Mórna, agus Leabaidh Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe
Liabháin i n-Uíbh Fiachrach Eidhne, dá ngoirthear Dúthaigh Uí Seachnasaigh
p.326
aniú, agus mar sin do mhórán d'áitibh oile i n-Éirinn. Agus dá n-abradh aoinneach nach inchreidthe mórán dar
scríobhadh ar an bh-Féin, is deimhin gurab fíor dó é, óir
ní raibhe ríoghacht san bhith is nach scríobhthaidhe ré linn na
Pagántachta sceoil da ngairthí fabulae. Féach Ridire na
Gréine, Bevis of Hamton, Huon of Burdex, agus a samhail oile
sin do scríobhadh lé linn an Chreidimh féin. Gidheadh ní fhuil críoch san
bhith is nar scríobhadh staire fírinneacha inchreidthe. Mar an gcéadna, tar ceann gur
scríobhadh iomad d'fhinnscéalaibh filidheachta ar Fhionn agus ar an
bh-Féin, mar atá Cath Fionntrágha, Bruighean
Chaorthainn agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus a samhail oile sin
mar chaitheamh aimsire, tairis sin, is dearbh gur scríobhadh staire fírinneacha inchreidthe
orra. Agus is dearbh fós nach raibhe ainmhéid 'n-a bpearsanaibh acht mar an druing do mhair
ré n-a linn féin; agus ní raibhe ionnta acht buannadha
do ríoghaibh Éireann ré cosnamh agus ré caomhna na
críche dhóibh, amhail bhíd caiptíne agus saighdiuiridhe ag gach rígh
aniú ré cosnamh a chríche féin.
Agus is amhlaidh do bhídís an Fhian ag coinnmheadh ar
fhearaibh Éireann ó Shamhain go Bealltaine, agus iad ré
cosnamh córa agus ré cosc éagcóra do ríoghaibh agus do
thighearnaibh Éireann; agus fós ré caomhna agus ré
coimhéad chuan na críche ar fhoirneart eachtrann; agus ó Bhealltaine
go Samhain ré seilg agus ré fiadhach do dhéanamh, agus ris gach feidhm oile da
n-iarradh rí Éireann orra, mar atá cosc gada agus díol
cána, ré cosc díbhfeargach agus gach uilc oile da mbíodh san chrích ó shoin amach; agus tuarastail chinnte da chionn soin
dóibh, amhail bhíos anois ó gach rígh san Eoruip do na
caiptínibh agus do na ceannaibh feadhna bhíos ag déanamh feadhma faoi féin.
Fá héigean iomorro don Fhéin ó Bhealltaine go Samhain bheith taoibh
ré n-a seilg agus ré n-a bhfiadhach féin mar choinnmheadh agus mar thuarastal ó
p.328
ríoghaibh Éireann, mar atá an feolmhach do bheith mar bhiadh
aca, agus croicne na mbeathadhach n-allta mar thuarastal. Ní hithtí leo trá acht
aonphroinn san ló go n-oidhche, agus sin um thráth nóna. Agus is é
gnáthughadh do bhíodh aca gach sealg do-níthí leo ar maidin do chur timcheall
meadhóin laoi leis an ngiollanraidh go tulaigh d'áirithe mar a mbídís i gcomhgar
choille agus riasca, agus teinnte treathanmhóra d'adhnadh ann, agus dá chlais talmhan do
dhéanamh san riasc i gcriaidh bhuidhe, agus iomad do chlochaibh eimhir do chur san teinidh, agus cuid don fheolmhach do chur ar bearaibh
da bruith ris an dteinidh, agus cuid oile dhi do cheangal i ndlaoithibh seasca lé
suagánaibh agus a cur da bearbhadh san chlais fá mó don dá chlais, agus bheith
ag biathadh na gcloch do bhíodh san teinidh orra, go mbeantaoi fiucha minic asta go beith bearbhtha
dhóibh. Agus do bhíodh do mhéid na dteinnte-se go bhfuilid a láithreacha
dubhloiscthe i mórán d'áitibh i n-Éirinn aniú,
agus is díobh ghairmid na criadhaireadha Fulacht Fian aniú.
Dála na Féine, an tan do chruinnighdís gus an tulaigh
ar a mbíodh an teine, do nochtadh gach aon díobh é féin, agus
do cheangladh a léine fá chaol a chuim, agus do ghabhdaois timcheall an dara luig do
luaidheamar thuas, ag folcadh a bhfolt agus ag nighe a mball agus ag buain allais díobh;
agus ann sin ag suathadh a lúthach agus a gcuisleann, go gcuirdís amhlaidh sin a dtuirse
dhíobh, agus do hithtí a bproinn leo da éis sin. Agus iar gcaitheamh a bproinne
dhóibh do ghabhdaois ag tógbháil a bhfianbhoth agus ag córughadh a leapthach, go
gcuirdís inneall suain orra féin amhlaidh sin. Trí neithe da ndéineadh gach aon
díobh leabaidh dó féin, mar atá barrghalach chrann, caonach agus úrluachair; an bharrghalach i n-íochtar ré
lár, an caonach ós a chionn soin, agus an úrluachair i n-uachtar; agus is díobh
so gairmthear sna seinleabhraibh trí coilceadha na Féine.
Ag so síos d'Fhionn mac Cumhaill agus cia an sliocht do Ghaedhealaibh ó dtáinig sé. Agus adeir Campianus 'n-a chroinic go n-abraid cuid do na hughdaraibh gurab d'Fhionn
p.330
mac Cumhaill do gairmthí Roanus. Gidheadh ní fíor
dó sin. Bíodh a fhios agat gurab é Cumhall mac
Tréanmhóir an ceathramhadh glún ó Nuadha
Neacht rí Laighean fá athair dó, agus Muirn Mhunchaomh
inghean Thaidhg mic Nuadhat draoi Chathaoir Mhóir fá
máthair dó. Agus fá hi Almha Laighean fá fearann
díleas do Thadhg mac Nuadhat, agus is da bhíthin sin do
ráinig Almha Laighean d'Fhionn i gceart a mháthar. Gidheadh is é rí Laighean tug Formaoil na bhFian dó i n-Uíbh Cinnsealaigh mar a bhfuil Luimneach Laighean aniú.
Is éagcóir do-bheir Hector Boetius i Stair na h-Alban athach d'ainm ar Fhionn mac
Cumhaill, agus fós is bréagach adeir go raibhe cúig cubhaid déag ar airde
ann. Óir is follus a seinleabhraibh an tseanchusa nach raibhe ainmhéid ann tar a lucht chomhaimsire. Agus is
follas go rabhadar drong don Fhéin ba mó ba arrachta agus ba láidre
ioná é. Is uime iomorro do rinneadh Rí Féinnidh dhe ós cionn
laochraidhe Éireann, do bhrígh go raibhe a athair agus a sheanathair
i gceannas feadhna laochraidhe Éireann roimhe. Adhbhar oile
fós fá ndearnadh Rí Féinnidh dhe, do bhrígh
gur sháruigh a lucht comhaimsire i bhfios agus i bhfoghluim, i ngaois agus i ngliocas, agus
fós i gcríonnacht agus i gcródhacht i gcathláithribh,
ionnus gurab tríd sin do hoirneadh 'n-a Rígh Féinnidh
é, agus nach ar arrachtas a chuirp ná ar mhéid a phearsan seoch cách.
Is é gnáthshluagh do bhíodh ar buannacht fá Fhionn
trí catha na Gnáithfhéine, agus trí mhíle san cath, an tan
fá síodach fir Éireann ré chéile. Gidheadh an
tan do fhásadh easaonta idir aonlucht d' uaislibh Éireann agus an
t-airdrígh, nó an tan fá héigean sluagh do chur i n-Albain do neartughadh ré
Dál Riada i n-aghaidh allmhurrach, do bhíodh seacht gcatha agFionn, ionnus go mbíodh furthainn sluagh aige ré dul d'fhurtacht
Dál Riada i n-Albain agus ré h-Éirinn do choimhéad ó fhoirneart eachtrann mar an
gcéadna.
Is iomdha ardthaoiseach do bhíodh fá Fhionn ar an
bh-Féin,
p.332
mar atá caithmhileadh ós cionn chatha, amhail bhíos colonel
ós cionn regiment, ceann feadhna céid, amhail bhíos
caiptín anois, taoiseach caogaid, amhail bhíos lieutenant, agus
taoiseach trí naonbhar, amhail bhíos corporal, agus taoiseach
naonbhair, amhail bhíodh decurio ag an Rómhánach. Óir an
tan do-níthí deich gcipe nó deich rangca don chéad, do bhíodh
baránta ar gach rangc díobh, agus is de go gairthí taoiseach naonbhair. Agus an tan
luaidhtear i starthaibh na h-Éireann fear comhlainn céad nó
caogaid nó naonbhair nó a samhail oile sin do bheith don Fhéin, ní
headh is iontuigthe asta gurab da láimh féin do mhuirfeadh céad nó caogad
nó naonbhar, acht is eadh is iontuigthe as gur bharánta céad nó caogaid nó naonbhair é, agus go mbíodh ionchomhlainn go n-a
bhuidhin lé n-a shamhail féin do bharánta ag a mbíodh samhail na buidhne céadna aige. Do bhíodh cheithre neithe d'fhiachaibh
ar gach aon do gabhthaoi i bh-Fiannaidheacht do chómhlionadh. An céidní gan cradh do ghabháil ré mnaoi, acht a togha ar
a deighbhéasaibh agus ar a tréithibh. An dara ní gan bean do shárughadh. An treas ní gan duine d'éaradh um shéad
ná um biadh. An ceathramhadh ní gan aoinfhear dhíobh do theitheadh ré naonbhar laoch.
Ag so síos na coinghill oile do chuir Fionn mac Cumhaill sna grádhaibh gaisce fá héigean do gach aon do ghabháil sul
do glacfaidhe i bh-Fiannaidheacht é. An céadchoinghioll: ní gabhthaoi fear
san bh-Féin i mórdháil Uisnigh ná i n-Aonach Taillteann ná i bh-Feis Teamhrach, nó go dtugadh a athair agus a mháthair agus a chine agus a ghaolta slánadh uatha gan a bhás d'agradh ar neach oile go bráth, ionnus nach biadh
a shúil ré duine ar bith da dhíoghail acht é féin; agus dá
ndearntaoi uilc mhóra leis-sean gan a charaid d'agradh ann. An dara coinghioll: ní gabhthaoi neach san bh-Féin go beith 'n-a fhile dhó, agus go ndéineadh dá leabhar déag na filidheachta. An treas coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin
p.334
go ndearntaoi láthair logmhór do shoicheadh ós cionn a ghlún dó, agus do cuirthí innte é, agus a sciath leis, agus fad
láimhe laoich do chrann chuill 'n-a láimh; naonbhar laoch do thigheacht chuige go naoi sleaghaibh leo, agus naoi n-iomaire
eatorra agus é, agus do caithtí leo a naoi sleagha i n-aoinfheacht ris, agus dá
ngointí tar an scéith agus tar an gcrann gcuill é ní gabhthaoi i bh-Fiannaidheacht é.
An ceathramhadh coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin go ndearntaoi fighe fhuilt air agus go gcuirthí tré choilltibh iomdha é, go dtigdís
an Fhian uile 'n-a dhiaidh ar tí a ghona, agus ní bhiadh d'aghaidh eatorra acht aonchrann, agus dá mbeirthí air do gointí é.
An cúigeadh coinghioll: ní gabhthaoi fear san bh-Féin dá gcriothnuighdís a airm 'n-a láimh. An seiseadh coinghioll: ní gabhthaoi
fear ionnta dá dtugadh craobh san choill dlaoi da fholt as a fhighe. An seachtmadh coinghioll,
ní gabhthaoi fear ionnta dá mionuigheadh crann críon fá n-a chosaibh. An
t-ochtmhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta, muna lingeadh tar chrann
budh comhard ré n-a éadan agus muna gcromadh fá chrann
budh coimhíseal ré n-a ghlún, tré iomad lúith do bheith n-a chorp. An
naomhadh coinghioll, ní gabhthaoi fear san bh-Féin
muna dtugadh dealg as a chois lé n-a láimh gan toirmeasc a reatha uime. An deichmhadh
coinghioll, ní gabhthaoi fear ionnta muna dtugadh móid don Righ
Féinnidh fá bheith díleas
urramach dhó.
Tárla ré linn Chormaic do bheith i
bhflaitheas Éireann go dtugadar drong d'uaislibh Uladh ruaig fá imeall na h-Alban, go dtárla Ciarnait inghean ríogh Cruithneach
dhóibh, go dtugadar i mbroid tar muir í. Agus mar do chualaidh Cormac tuarasgbháil a scéimhe iarrais ar chách í, agus tug
leis da thigh féin í; agus do chinn sí ar mhnáibh a comhaimsire i scéimh,
agus grádhuighis Cormac tríd sin í. Mar do chualaidh iomorra
p.336
Eithne Ollamhdha, inghean Dúnlaing, bean phósta Chormaic, Ciarnait do bheith aige, adubhairt nach
beidís ar aon i n-aoinfheacht aige, agus fá héigean a fagháil d'Eithne, gur chuir do dhaoirse uirre naoi méich nó naoi gcearna arbhair do
bhleith nó do mheilt a bróin gach laoi. Acht tairis sin, tárla Cormac i n-uaigneas di, gur toircheadh leis í,
agus ar mbeith torrach di, níor fhéad bleith do dhéanamh agus téid ós
iseal go Cormac agus innisis sin dó. Cuiris Cormac fios go h-Albain i gcoinne saoir do dhéanadh
muileann. Tig an saor chuige agus do rinneadh an muileann lais do shaoradh Ciarnaite ar an daoirse 'n-a raibhe ag Eithne; gonadh de sin
do chan an file na rainn-se síos:
- Ciarnait cumhal Chormaic chóir,
Mór gcéad do bhiathadh a bróin;
Naoi méich gach laoi lé do bhleith,
Níor bh'obair dhuine dhéinmheich.
- Tarrastair uirre an ri rán,
Iona thoigh 'n-a haonarán;
Go rostoircheastair fo leith,
Iar sin ro fhéimidh róibhleith.
- Airchisis uirre ua Cuinn,
Tug saor muilinn tar mórthuinn;
Céadmhuileann Chormaic mit Airt,
Ro ba cabhair do Chiarnait.
p.338