Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 44

XLIV.

Dála an dearbhráthar oile do Chonn mar atá Fiachaidh Suighdhe láimh ré Teamhair fuair fearann .i. Déise Teamhrach, agus níor ghabh sé ríogacht Éireann.

Gidheadh tarladar triúr mac aige .i. Rossa agus Aonghus da ngoirthear Aonghus Gaoibuaibhtheach agus Eoghan an treas mac. Acht cheana do sháruigh Aonghus Gaoibuaibhtheach i gcródhacht a lucht comhaimsire. Agus tárla an tan soin neach cumhachtach 'n-a bhíodhbhadh ag Chormaic, agus níor ghabh aon oile i slánadh dhó ó Chormac acht Aonghus Gaoibuaiabhtheach, agus tug an rí Aonghus san slánadh soin dó. Do ghabh Aonghus an duine uasal-so ré a ais. Tarla da éis sin gur ghabh Ceallach mac Cormaic an duine uasal-so tar slánadh Aonghusa, gur bhean a shúile as gan chead don rígh. Ar n-a chlos sin d'Aonghus Gaoibuaibhtheach téid go Teamhraigh go sluagh líonmhor leis agus marbhais Ceallach d'urchar da shleígh ar chúlaibh an ríogh Chormaic san longphort, agus gonais rosc an ríogh féin gur fhágaibh taoibh ré leathshúil é. Tionólais Chormaic sluagh mór agus ionnarbais Aonghus go n-a bhráithribh.

Is iomdha gleo tugsad an sliocht soin Fiachach Suighdhe do Chormac. Gidheadh do dhíochuir Chormaic go Laighnibh íad agus anaid bliadhain innte, agus as sin dóibh go h-Osruighibh, agus tigid as sin go h-Oilill Ólom ag a raibhe Sadhbh, inghean Chuinn, fá siúr dóibhsean, 'n-a mnaoi. Tug Oilill na Déise san Mhumhan dóibh, óir fá hiad Déise Teamhrach fá dúthaigh dhóibh sul do díbreadh lé Chormaic iad.

Roinníd an triar mac soin Fiachach Suighdhe an chríoch soin i dtrí rannaibh eatorra agus goirthear sliocht Oiliolla Éarann agus Éarna dhíobh. Gidheadh ní hiad Éarna iad acht sliocht Chonaire mic Mogha Lámha is díobh do gairthí Éarna.


p.314

Is é Corc Duibhne mac Cairbre Múisc do rinne ceannas ar sliocht Fhiachach Suighdhe do tharraing don Mhumhain agus is don tsliocht soin do gairthí na Déise. Agus is é Aonghus mac Eochach Finn mic Feidhlimidh Reachtmhair do ba taoiseach orra ag triall don Mhumhain dóibh agus trí mic Fhiachach Suighdhe mar aon ris, mar atá Rossa Eoghan agus Aonghus. Tárla fán am soin gur ghabh Cairbre Músc neart mór san Mhumhain agus go dtárla míorath agus meath talmhan ré n-a linn san Mhumhain; agus do ba neimhiongnadh sin, óir is tré chorbadh agus tré chol do rinne sé Corc ré Duibhfhinn do ba deirbhshiúr dhó féin. Clann iomorro do Chonaire mac Mohga Lámha agus do Sháruit inghin Chuinn Chéadchathaigh iad. Mar thugadar maithe Mumhan da n-aire an míorath do bhí ré linn Chairbre, fiafruighid de créad do bhean a toirthe agus a rath don chrích. Adubhairt Cairbre gurab col do rinne féin ré n-a dheirbhshiair .i. Duibhfhionn; agus rug sí dias mac dó .i. Corc agus Chormaic. Agur mar do chualadar maithe Mumhan sin do iarradar na mic ré a milleadh—go loiscthí leo iad, agus go gcuirdís a luaith ré sruth. ‘Déantar sin libh ré Chormaic,’ ar Dineach Draoi; ‘gidheadh ná marbhthar Corc libh acht tugthar damh-sa é go mbeirinn a h-Éirinn é.’ Do faomhadh sin dó, agus rug leis ar muir é go h-Inis Baoi go bhfuair teach san oiléan, agus cailleach ann da ngairthí Baoi, agus cuiris an draoi Corc ar a comairce, agus anais 'n-a fochair feadh bliadhna; agus i gcionn bliadhna tug an draoi Corc leis ar chomairce Sháruite inghine Cuinn do ba seanmháthair don Chorc chéadna do leith a athar agus a mháthar.

Dála na n-Déise do fhiafruigheadar da bhfileadhaibh an raibhe fos ná comhnuidhe i gcinneadh dhóibh féin san Mhumhain. Tugadar na fileadha do fhreagra orra fuireach san tír agus go raibhe bean Chriomhthainn mic Éanna Chinnsealaigh rígh


p.316

Laighean, Congain a hainm, agus toircheas aice, agus gurab inghean do bhéaradh, agus an inghean d'iarraidh ré a hoileamhain, agus luach do thabhairt do chionn a faghála. Rugadh an inghean iar sin, agus do hoileadh leis na Déisibh í. Eithne Uathach fá hainm don inghin, agus is ar fheoil naoidhean do biathadh leis na Déisibh í, ionnus gurab luathaide do fhásfadh é; óir do thairrngir draoi d'áirithe dhóibh fearann d'fhagháil ón fhior ré mbeadh sí pósta. Agus ar mbeith ionnuachair dhí, do pósadh ré h-Aonghus mac Natfraoich .i. rí Mumhan í. Agus tug Aonghus dóibh-sean Magh Feimhean, mar atá Trian Chluana Meala agus an Trian Meadhónach, i gcommaoin na mná d'fhagháil dó féin iar n-ionnarbadh Osruigheach as na tíribh sin. Agus aimsear imchian da éis sin do marbhadh Aonghus agus Eithne lé Laighnibh i g-Cath Ceall Osnadh, cheithre míle ó Léithghlinn soir.

An sliocht-so Fhiacach Suighdhe da ngiorthear Déise, ní raibhe aca acht an dúthaigh ré ráidhtear Déisi Dheisceirt mar atá ón t-Siuir go fairrge budh dheas, agus ó Lios Mór go Ceann Criadáin gus an am fár pósadh Eithne Uathach ré h-Aonghus mac Natfraoich rí Mumhan. Óir is fán am soin tug Aonghus Déise Thuaisceirt dóibh, mar atá ón t-Siuir chéadna go Corca Athrach ré ráidhtear Machaire Caisil. Agus is é Ó Faoláin táinig don chine sin fá rí ar Dhéisibh Tuaisceirt; agus is é áit i n-a raibhe a dhúnphort ar bruach na Siuire don leith thiar d'Inis Leamhnachta agus is ris ráidhtear aniú Dún Uí Fhaoláin. Do ghabh comhmbráthair oile dhó Déise Dheisceirt agus is de do gairthí Ó Bric agus is é áit 'n-a mbíodh a dhúnphort láimh ré fairrge theas san áit da ngoirthear aniú Oiléan Uí Bhric. Agus do bhádar na Déise mar sin leathach idir an dá shliocht soin, go ndeachaidh báthadh ar sliocht Uí Bhric, go ráinig ceannas an dá chríoch Ó Faoláin, agus go rabhadar aimsear imchian da éis sin 'n-a sheilbh, gur bheanadar


p.318

síol Éibhir Déise Thuaisceirt de, go nach raibhe 'n-a sheilbh ré dteacht Ghall i n-Éirinn acht Déise Dheisceirt amháin.

Tuig gurab é Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn do ghabh treise i Maigh Feimhean da ngoirthí Déise Thuaisceirt, agus gurab iad an sliocht-so Fhiachach Suighdhe do thathfainn a Maigh Feimhin Aonghus Osruighe go n-a fhuirinn; gonadh ón mbriseadh tugadar ar Aonghus ráidhtear Baile Orluidhe agus Mullach Inneona i Maigh Feimhean aniú; Baile Orluidhe iomorro ó urluidhe na laoch san chomhlann, agus Mullach Inneona ón tathfann aimhdheonach do rinneadh ar Osruighibh as go Laighnibh.

Tarla fán am soin teirce feola ar Chormac mac Airt rí Éireann, agus é ar gcaitheamh chíosa na gcúigeadh tré líonmhaire luchta a theaghlaigh, agus cinnis comhairle ré n-a airdfheadhmannach cionnus do-ghéabhadh ní lé riar a mhuirir go ham a chíosa do thógbháil, agus is í comhairle thug an feadhmannach dhó, sluagh líonmhar do thionól agus triall don Mhumhain do thabhach rúrachais chíosa ríogh Éireann. ‘Óir ní díoltar leo,’ ar sé, ‘acht cíos aoinchúigidh ribh-se, agus atá dá chúigeadh san Mhumhain agus téid cíos cúigidh do rígh Éireann as gach cúigeadh dhíobh.’ Cinnis Chormaic ar an gcomhairle sin agus cuiris teachta go Fiachaidh Muilleathan fá rí ar an Mumhain an tan soin do thabhach chíosa an dara chúigidh air. Freagrais Fiachaidh do na teachtaibh, agus adubhairt nach díolfadh barr cíosa ré Chormaic nachar díoladh ris na ríoghaibh táinig roimhe. Agus mar ráinig an scéal soin Chormaic, cuiris tionól ar sluagh líonmhar agus triallais leo agus ní dheárnaidh comhnuidhe go ráinig Druim Dámhghaire san Mhumhain, áit dá ngairmthear Cnoc Luinge aniú. Agus suidhis i bhforbhais nó i bhfoslongphort ann; agus tig Fiachaidh Muilleathan rí Mumhan don leith eile ucht ré hucht dó.

Is amhlaidh do bhí Chormaic an tráth soin agus draoithe


p.320

Albanacha 'n-a fhochair ann, agus iad ag imirt iomaid draoidheachta ar rígh Mumhan agus ar a mhuinntir; agus go háirithe níor fágbhadh aon bhraon uisce láimh ré longphort ríogh Mumhan, ionnus go rabhadar daoine agus áirnéis i nguais bháis d'easbhaidh uisce, ionnus gur bh'éigean do rígh Mumhan fios do chur i ndáil Mhogha Ruith draoi do bhí i g-Ciarraidhe Luachra; agus do mhair an Mogh Ruith-se ré linn naoi ríog deag, amhail adeir an file san rann-so:
    1. Ré naoi ríogh déag diaidh i ndiaidh
      Saoghal Mhogha Ruith ré róighliaidh
      Ó Roth mac Rioghaill mór bloidh,
      Go Cairbre lonn Lithfeachoir.

Agus mar tháinig Mogh Ruith fá héigean don rígh dá thriúcha céad Fhearmuighe da ngoirthear críoch Róisteach agus críoch Chondúnach do thabhairt dó. Agus leis sin scaoilis Mogh Ruith an glas do bhí ar an uisce ag a chongbháil ó shluagh ríogh Mumhan maille ré ga geintlidhe do bhí aige do theilgean san aer suas, agus san áit 'n-ar thuirling an ga, do ling tobar fíoruisce aiste lér fóireadh fir Mhumhan ón éigean tarta i n-a rabhadar. Agus leis sin lingis rí Mumhan go n-a shluagh ar Chormac agus ar a mhuinntir, gur ruagadar as an Mumhain iad gan cath do thabhairt gan creich do dhéanamh dóibh. Agus do bhádar ag tóraidheacht orra go h-Osruighe gur bha héigean do Chormac cuir agus teannta do thabhairt uaidh ré braighdibh do chur ó Theamhraigh go Ráith Naoi ré ráidhtear Cnoc Rathfonn go Fiachaidh Muilleathan i ngioll ré cúitiughadh do thabhairt i ngach dochar da ndearna san Mhumhain don turas soin; gonadh da fhaisnéis sin do rinne an file an rann-so:

    1. Fiachaidh Muilleathan, maith rí,
      A hiath Aibhle i Leitribh Craoi;
      Tugadh géill dó a Teamhraigh thréin
      Go Ráthfoinn réil go Ráith Naoi.

Do bhádar dias mac ag an bh-Fiachaidh-so mar atá Oilill Flann Mór agus Oilill Flann Beag. Ní raibhe sliocht ar


p.322

Oilill Flann Mór agus a maireann do shliocht Fhiachach Muilleathain is ar sliocht Oiliolla Flann Big atáid; gonadh uime sin adeir an file an rann-so:
    1. Mic Fhiachaidh Muilleathain mhóir,
      Oilill Flann Mór an miodhóil,
      Oilill Flann Beag na slógh soin;
      A chlann is mór san Mhumhoin.

Ar mbeith iomorro d'Oilill Flann Mór gan shliocht, do ghabh ré n-a dhearbhráthair Oilill Flann Beag mar mhac agus do fhágaibh a mhaoin shaoghalta agus a oighreacht aige, ar eacht go mbeith d'fhiachaibh air féin agus ar a shliocht a ainm féin do chur san chraobhscaoilcadh idir é féin agus Fiachaidh Muilleathan; agus is mar sin atá sé i Psaltair Chaisil agus i seinleabhraibh oile. Gidheadh ní hé is iontuigthe asta go madh é Oilill Flann Mór b'athair d'Oilill Flann Beag. Acht is uime do gnáthuigheadh leis na seanchaidhibh Oilill Flann Mór do chur i ngéig gheinealaigh Fhiachach Muilleathain mar chuimhniughadh ar an eacht do bhí idir é féin agus Oilill Flann Beag, amhail adubhramar thuas. Is é Connla Clamh mac Taidhg mic Céin sinnsear shíl g-Cearbhaill agus shíl Meachair do mharbh Fiachaidh Muilleathan i bhfeill ag Áth Uiseal, ré ráidhtear Áth Aiseal ar Siuir an tan-so. Agus is é ní da dtáinig é do dhéanamh na feilbheirte sin, ar mbeith iomorro do Chonnla agus é 'n-a mhacaomh óg i bhfochair Chormaic mic Airt ag foghluim béas agus tréitheadh, tarla lubhra nó claimhe dhó, agus níor ghabh leigheas san bhioth greim dhe. Is ann sin adubhairt Chormaic ris nach raibhe leigheas i gcinneadh dhó, go ndearnadh é féin do nighe i bhfuil ríogh, agus da ndearnadh soin go madh slán ó n-a chlaimhe é. Go grod da éis sin ceileabhrais Connla do Chormac, agus triallais don Mhumhain d'fhios a bhráthar Fhiachach Muilleathain fá rí Mumhan an tan soin. Agus is é áit 'n-a raibhe Fiachaidh Muilleathan 'n-a chomhnuidhe an tráth soin i Ráith Rathfainne, ré ráidhtear


p.324

Cnoc Rathfonn aniú, i bhfochair a bhuimighe dar bh'ainm, Rathfonn; agus ar rochtain Chonnla 'n-a láthair fáiltighis roimhe. Lá n-aon iomorro go grod da éis sin éirghis Fiachaidh go líon a theaghlaigh láimh lé Siuir, agus Connla ag iomchar a shleighe ré a chois, agus téid go h-Áth Aiseal go ndeachaidh do shnámh ar an linn, agus smuainis Connla ar theagasc Cormaic. Agus leis sin téid ar bruach an phuirt go dtug sáthadh sleighe ar Fhiachaidh agus é ag snámh, gur marbhadh amhlaidh sin é. Gidheadh sul fuair sé bás do rinne anacal ar Chonnla agus do fhógair da theaghlach gan a mharbhadh, agus éagais do láthair da éis sin. Gonadh mar sin do críochnuigheadh beatha Fiachach Muilleathain.