Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 43

XLII.

Do ghabh Cormac Ulfhada mac Airt Aoinfhir mic Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear Cormac Ulfhada dhe, ulcha fhada .i. féasóg fhada do bhí air, nó ón bhfocal-so Ulfhada .i. Ulaidh i bhfad mar gur chuir na h-Ulltaigh ar deoraidheacht feadh sé mbliadhan ndéag a h-Ulltaibh tré n-ar imreadar d'ulc air sul ráinig flaitheas Éireann é. Agus is í fá máthair don Chormac-so Éachtach inghean Uilceathaigh an ghabhann. Agus is ré hucht Catha Maighe Muchruimhe do chur do rinne Art Aoinfhear Cormac ré hinghin an ghabhann agus í ar choibhche aige. Óir fá nós i n-Éirinn an tráth soin gibé rí nó mac ríogh do chuirfeadh dúil i n-inghin bhrughaidh nó bhiadhtaigh ré luighe nó leannánacht do dhéanamh ria, gur bha héigean dó a fagháil gan acht coibhche nó crodh nuachair do dháil di. Agus is ar an modh soin fuair Art máthair Chormaic, óir níor bh'í fá bean phósta dhó, acht Meadhbh Leithdhearg, inghean Chonáin Cualann, agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha láimh ré Teamhair.

Is iongnadh an aisling do chonnairc Éachtach úd .i. máthair Chormaic. Dar lé, iomorro, ar mbeith 'n-a codladh mar aon ré h-Art di, do teascadh a ceann da colainn agus do fhás bile mór as a muinéal do leathnuigh a ghéaga ós Éirinn uile, agus táinig an mhuir ós cionn an bhile sin, gur trascradh é; agus da éis sin fásais bile oile a préimh an chéidbhile go dtáinig sidhe gaoithe aniar lér leagadh é; agus ré faicsin na haislinge sin beadhgais an bhean agus músclais as a codladh, gur nocht suim na haislinge d'Art. ‘Is fíor sin,’ ar Art, ‘ceann gach mná a fear agus beanfuidhear


p.300

mise dhíot-sa i g-Cath Maighe Muchruimhe; agus is é bile fhásfas asad, mac bhéaras tú dhamh-sa bhus rí ar Éirinn; agus is é muir bháithfeas é, cnáimh éisc shluigfeas, agus tachtfuidhear ré n-a linn sin é. Agus is é bile fhásfas a préimh an chéidbhíle mac bhéarthar dó soin bhus rí ar Éirinn; agus is é sidhe gaoithe aniar leagfas é, cath cuirfidhear idir é féin agus an Fhian; agus tuitfidh sé leis an bh-Féin san chath soin. Gidheadh ní bhía rath ar an bh-Féin ó shoin amach.’ Agus táinig an aisling sin i gcrích do Chormac agus da mhac Cairbre Lithfeachair, óir is ré linn chnáimh éisc do shlogadh dhó do thachtadar na siabhradha é, agus is leis an bh-Féin do thuit Cairbre Lithfeachair i g-Cath Gabhra.

Is í Eithne Thaobhfhada inghean Chathaoir Mhóir do ba bean do Chormaic do réir dhruinge ré seanchus. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach agus a rádh go madh í an Eithne sin máthair Chairbre Lithfeachair. Óir do bhádar ocht mbliadhna is cheithre fichid ó bhás Chathaoir gur ghabh Chormaic flaitheas Éireann, mar atá an fiche bliadhan do bhí Conn Céadchathach i bhflaitheas Éireann, agus na seacht mbliadhna do bhí Conaire mac Mogha Lámha agus an tríochad bliadhan do bhí Art Aoinfhear agus an tríochad bliadhan do bhí Mac Con agus an aoin bhliadhain do bhíFearghus Duibhdhéadach i bhflaitheas Éireann gur ghabh Chormaic a ceannas.

Acht cheana is fíor gurab í Eithne Ollamhdha inghean Dúnlaing mic Éanna Niadh máthair Chairbre Lithfeachair; agus is í fá dalta do Bhuicead, brughaidh bóichéadach do bhí i Laighnibh, do choimhéadadh coire féile ar theinidh ré biathadh gach aoin d'fhearaibh Éireann tigeadh da thigh. Agus is amhlaidh do bhí an Buicead-so go n-iomad saidhbhreasa, óir do bhádar seacht n-airghe aige agus seacht bhfichid bó i ngach airghe dhíobh go n-a bhforthainn groidhe agus gach cinéal spréidhe oile, ionnus go dtigdís uaisle


p.302

Laighean go n-a mbuidnibh da theach, go mbeireadh drong dhíobh scaoi da bhuaibh uaidh, agus drong oile aicme da ghroidh, agus drong oile scor da eachaibh, go rugadar a mhaoin uile amhlaidh sin uaidh, ionnus nar an aige acht seacht mba agus tarbh; agus téid i n-éalódh oidhche é féin agus a bhean agus a dhalta Eithne, ó Dhún Buicead go doire choille do bhí láimh ré Ceanannus na Midhe, mar a ngnáthuigheadh Chormaic comhnuidhe an tan soin. Agus do thógaibh Buicead boith 'n-a gcomhnuigheadh féin agus a bhean agus a dhalta an tan soin. Agus do bhíodh Eithne ag timpireacht nó ag friotháileamh da hoide agus da buimigh amhail bhanóglaoich.

Lá n-aon iomorro dar éirigh Chormaic amach 'n-a aonar ar each do thaisteal an fhuinn timcheall an bhaile go bhfacaidh an inghean álainn Eithne ag bleoghan nó ag crúdh na seacht mbó soin Bhuicead. Agus is amhlaidh do bhí agus dá shoitheach aice, agus do chrúidh tosach an lachta ó gach boin san chéadshoitheach agus an dara lacht san dara soitheach; agus mar sin di go crúidh na seacht mbó dhi agus Chormaic ag a féachain ar mhéid a gheana uirre. Tig as sin don bhoith i raibhe a hoide agus fágbhais an bainne ann agus beiris dá shoitheach oile agus corn 'n-a láimh lé amach gus an sruth do bí láimh ris an mbaile nó ris an mboith, agus do líon leis an gcorn an céadshoitheach don uisce do bhí láimh ré port, agus an dara soitheach don uisce do bhí i lár an tsrotha; agus tillis ann séin don bhoith. Téid amach an treas feacht agus corrán lé do bhuain luachra, agus ar mbeith ag buain na luachra dhi do chuireadh gach scoith fhada úrluachra da mbeanadh ar leith agus an luachair ghearr don leith oile. Tarla cheana do Chormac ar mhéid a ghrádha dhi bheith ag a feitheamh ar feadh gach feadhma dhíobh sin. Agus fiafruighis Chormaic dhi cia da ndéineadh cinéal an uisce an lachta agus na luachra. ‘An tí ar a ndéinim,’ ar sí, ‘dlighidh dhíom-sa cinéal budh mó dá


p.304

mbeith ar mo chumas.’ ‘Gá hainm é?’ ar Chormaic. ‘Buicead brughaidh,’ ar sí. ‘An é sin Buicead biadhtach do Laighnibh atá iomráidhteach i n-Éirinn?’ ar Chormaic. ‘Is é,’ ar sise. ‘Maseadh, is tusa Eithne inghean Dúnlaing a dhalta,’ ar Chormaic. ‘Is mé,’ ar Eithne. ‘Maith tharla,’ ar Chormaic, ‘óir biaidh tú it aoinmhnaoi agam-sa.’ ‘Ní hagam féin atá mo dhíol,’ ar ise, ‘acht agam oide.’ Leis sin téid Chormaic mar aon ria go Buicead agus geallais cumhaidh dó tré Eithne d'fhagháil 'n-a mnaoi dhó féin. Aontuighis Buicead Eithne do dháil do Chormac 'n-a mnaoi. Agus tug Chormaic tuaith Odhráin go n-a forthainn spréidhe ré slios Teamhrach dhó feadh a ré. Agus leis sin luighis Chormaic ré h-Eithne gur toircheadh leis í, agus da éis sin rug sí mac oirdheirc dó da ngoirthí Cairbre Lithfeachair.

Do bhí iomorro an Chormaic-so ar na ríoghaibh is eagnaidhe do ghabh Éirinn riamh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an d-Teagasc Ríogh ro scríobh do Chairbre Lithfeachair agus ar mhórán do nósaibh agus do reachtaibh somholta da bhfuil uaidh iar n-a gcur síos san m-Breitheamhnas Tuaithe. Do bhí Chormaic fós ar na ríoghaibh ba flaitheamhla do thigheasach do ba mhó muirear agus muinntear da raibhe do ríghthibh i n-Éirinn riamh. Is córaide fírinne an neithe-se do mheas an tuarasgbháil do-bheir Aimhirgin mac Amhalghadha mic Maoilriain file Dhiarmada mic Cearbhaill ar Theagh Miodhchuarta do hathnuaidheadh agus do horduigheadh lé Chormaic féin; gidheadh is cian ria g-Chormaic do céadtógbhadh Teach Miodhchuarta. Óir is ann fuair Slánoll rí Éireann bás i bhfad ria n-aimsir g-Cormaic. Ag so mar léaghthar san leabhar n-Dinnseanchuis ro scríobh an t-Aimhirgin thuas .i. gurab i n-amsir Chormaic do rinneadh mar theach n-óla é. Trí chéad troigh 'n-a fhad, tríochad cubhad 'n-a airde, agus caogad cubhad 'n-a thura; lóchrann ar lasadh do shíor ann, cheithre dóirse déag air; trí chaogad leabhaidh ann mar aon ré leabaidh Chormaic; trí chaogad laoch i ngach


p.306

leabaidh dhíobh. Do bhádar trí chaogad reachtaire ag Chormaic. Caogad laoch 'n-a seasamh i bhfiadhnaise an ríogh ré mbeith ar a phroinn dó; trí chéad dáileamh san dún soin, trí chaogad corn do charrmhogal d'ór agus d'airgead ann. Caogad ar mhíle fear ré a n-aireamh líon an teaghlaigh sin uile; gonadh ar mhórdhacht agus ar mhaith Chormaic adeir an file an rann-so:
    1. Art nochar fhágaibh do chloinn
      Acht Chormaic chríche an Choroinn;
      Ré dáil shéad níor ghann a ghlac.
      Fearr 'ná céad do chloinn Chormaic.

Deichneabhar inghean agus triúr mac do bhí ag Chormaic, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Deich n-ingheana ag Chormaic gcáidh,
      Is triúr mac go méid gconáigh;
      Lucht airgne Chláire na gcreach,
      Dáire Cairbre 'gus Ceallach.

I n-Dubhros ós Bóinn i m-Breaghaibh do marbhadh Dáire, agus is é Aonghus Gaoibuaibhtheach do mharb Ceallach, amhail adeir an file:

    1. Aonghus Gaoibuaibhtheach go mbloidh,
      Ro mharbh Ceallach mac Cormoic;
      Bás Dáire is Taidhg mic Céin chain.
      I n-Dubhros Bóinne i m-Breaghaibh.

Agus ionnus gurab móide do tuigfidhe réim an neithe-se beagán do chraobhscaoileadh na druinge-se do chur síos annso, bíodh a fhios agat go rabhadar triar mac ag Feidhlimidh Reachtmhar mar atá Conn Céadchathach, Eochaidh Fionn agus Fiachaidh Suighdhe, amhail adubhramar thuas. Do bhádar sliocht Cuinn i d-Teamhraigh san ríoghacht, agus do chuaidh an dara bráthair do Chonn .i. Eochaidh Fionn go Laighnibh agus do shíolsad a shliocht ann; agus is ag a shliocht do bhádar na seacht bh-Fotharta atá i Laighnibh. Is ré n-a linn do bhí Cú Chorb mac Mogha Corb i ríoghacht Laighean. Is ag an


p.308

Eochaidh Fhionn-so do hoileadh agus do béasmhúineadh Laoighseach Ceannmhór mac Conaill Chearnaigh. Tarla fán am soin gur ghabhadar Muimhnigh neart mór i Laighnibh ionnus gur shealbhuigheadar Osruighe agus Laoighis go Mullach Maistean.

Mar do chonnairc iomorro Cú Chorb Muimhnigh ag gabháil treise i Laighnibh iarrais ar Eochaidh Fionn congnamh do thabhairt dó ré tathfann Muimhneach a Laighnibh. Aontuighis Eochaidh sin agus cuiris cruinniughadh ar a chairdibh do gach leith gur thionóil mar sin sluagh líonmhar go haonláthair, agus do rinne ceann sluaigh da dhalta .i. Laoighseach Ceannmhór, agus tug féin agus Cú Chorb rí Laighean go n-a sluaightibh ucht ar Mhuimhneachaibh, agus Laoiseach Ceannmhór i mbarántas tosaigh na sluagh, gur ruagadar Muimhnigh ó Mhullach Mhaistean go Bearbha, go dtugadar maidhm orra ag Áth Troistean ré ráidthear Áth Í ag Bearbha. Agus leanaid an mhaidhm go dtugadar an dara briseadh orra ag Coirtheine i Maigh Riada ré ráidhtear Laoighis Riada; agus leanaid an ruaig orra as sin go dtugadar an treas maidhm orra ag Slighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe, gur fóireadh leo ó bhruid na Muimhneach Cúigeadh Laighean mar sin. Agus fuair Eochaidh da bhíthin sin seacht bh-Fotharta Laighean dó féin agus da shliocht. Agus fuair a dhalta mar an gcéadna na seacht Laoighise dó féin agus da shliocht mar cheannach láimhe i ndíol an cheannais do rinne ag díbirt Mhuimhneach as na háitibh sin adubhramar.

Do orduigh fós rí Laighean uaidh féin agus ó gach rígh ar a lorg, mar churaidhmhír do rígh Laoighse, druim gacha mairt agus caruidh gacha muice da muirbhfidhe i dtigh ríogh Laighean do thabhairt dó, agus fear tuaighe do bheith i dtigh ríogh Laighean do shíor ar chostas an ríogh féin ré glacadh an dualgasa soin i gcomhair ríogh Laoighse. Do bhíodh fós rí Laoighse do


p.310

chomhairle ríogh Laighean, agus fá hé an ceathramhadh fear do b'fhoigse don rígh é i gcomhdháil. Agus is aige do bhíodh urlamhas gach bronntanais do-níodh rí Laighean ré a dháil d'uaislibh agus d'ollamhnaibh agus gach bronntanas do-níthí do rígh Laighean is do rígh Laoighse do dáiltí é da thoirbheirt do rígh Laighean.

Do bhíodh fós móirsheisear ó rígh Laoighse ar thuarastal ríogh Laighean féin, agus iad i bhfochair ríogh Laighean do shíor ré héideadh a chuirp; agus ar ndul ar siubhal sluagh do rígh Laighean ní bhíodh d'fhiachaibh ar rígh Laoighse do thabhairt do lón dó acht seacht mairt do chuireadh go fianbhoith an ríogh féin. Gidheadh dlighidh rí Laoighse seacht bhfichid laoch ar a chostas féin do chothughadh ar sluagh an ríogh, agus fós dlighidh sé tosach sluaigh ríogh Laighean ag dul i dtír námhad agus i mbearnaibh baoghail d'fhagháil. Gidheadh dlighidh rí Laoighse coimhéirghe ag comhdhálaibh coitcheanna ré rígh bh-Fotharta, do bhrígh gurab é Eochaidh Fionn mac Feidhlimidh Reachtmhair sinnsear ríogh Fotharta fá hoide múinte do Laoighseach Cheannmhór ó dtáinig rí Laoighse. Agus do coimhéadtaoi do shíor an nós-so eatorra go Gabháltas Gall.


p.312