Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 42

XLII.

Do ghabh Lughaidh .i. Mac Con mic Maicniadh mic Luighdheach mic Dáire mic Fir Uillne mic Éadbhuilg mic Dáire mic Síothbhuilg mic Fir Uillne mic Deaghamhraigh mic Deaghaidh Deirg mic Deirgthine mic Nuadhat Airgthigh mic Luchtaire mic Logha Feidhligh mic Éireamhóin mic Eadamain mic Gosamain mic Sin mic Maitsin mic Logha mic Eadamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Is í Sadhbh inghean Chuinn fá máthair do Mhac Con amhail adubhramar romhainn. Is uime do gairthí Mac Con do Lughaidh mac Maicniadh .i. cú do bhí ag Oilill Ólom da ngairthí Ealóir Dhearg, agus an tan do bhí Mac Con 'n-a naoidhin i dtigh Oiliolla do thrialladh an leanbh ar a lámhaibh d'ionnsuighe na con agus do ghlacadh an chú 'n-a glotain é agus níor féadadh a theasargain gan teacht n-a dáil do ghnáth, gonadh uime sin go gairmeadh Mac Con de.

Ar ngabháil arrachtais do Mhac Con agus iar dteacht ó n-a dheoraidheacht agus iar gcur Chatha Maighe Muchruimhe amhail adubhramar thuas ag tráchtadh ar Art Aoinfhear, do


p.284

bhean flaitheas Éireann amach ré haoinsheachtmhain, agus do chothuigh tríochad bliadhan é, amhail léaghthar san duain darab tosach: Cnucha cnoc ós cionn Lithfe. Ag so mar adeir san dá rann-so:
    1. Ré seacht láithibh, líth nach gann,
      Do ghabh Lughaidh iath n-Éireann;
      Táinig da ríghe neartmhair
      Táth Éireann ré haoinsheachtmhain.
    2. Tríochad bliadhan gan míne,
      Do Mhac Con i n-airdríghe;
      Nó go dtorchair an cur cas,
      Gan léan for a aireachas.

An Mac Con-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh, ní do shliocht Éanna Munchaoin do shíol Éibhir é, mar adeir an duain darab tosach Conaire caomh cliamhain Chuinn, acht do sliocht Luighdheach mic Íotha mic Breoghain. Fá clann iomorro dá dhearbhráthar Lughaidh mac Íotha mic Breoghain agus Mílidh Easpáinne, dá ngairthí Galamh mac Bile mic Breoghain, ionnus tar ceann gurab d'fhine Ghaedhil sliocht Lughaidh mic Íotha, nach do chlannaibh Míleadh iad acht cómhmbráithre dhóibh amhail adeir an file ag labhairt ar thrí aicmeadhaibh do shliocht Luighdheach mic Íotha san rann-so:

    1. Ó Cobhthaigh na gcorn bhfleadh-óil,
      Ó Floinn Arda, Ó hEidirsceoil;
      Triar nach facaidh fiadh a sean,
      Triar nach do mhacaibh Míleadh.
Ag so fós cuid do na sloinntibh oile táinig ó Lughaidh mac Íotha, mar atá Ó Laoghaire Ruis, Ó Báire Arann i Rinn mhuinntire Báire i g-Cairbreachaibh is Ó Cuirnín is Mac Ailín i n-Albain táinig ar sliocht Fathaidh Canann mac Mic Con mic Maicniadh. Is é an Mac Con-so an treas rí do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh ceannas Éireann. An ceidrí

p.286

dhíobh .i. Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic Eadamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain do ghabh ceannas Éireann cheithre bliadhna, gur thuit le Cearmna mic Eibric; an dara fear Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla do ghabh ceannas Éireann naoi mbliadhna gur thuit le Fionn mac Brá; an treas fear do shliocht Luighdheach mic Íotha do bhí i bhflaitheas an Mac Con-so ar a bhfuilmíd ag labhairt anois; gonadh dá dhearbhughadh sin atá an rann-so as an seanchus:
    1. Trí rígh ó mhac Íotha ard
      Eochaidh Lughaidh lángharg;
      Nocha gníomhradh nach líoth linn
      mar do díoghladh Íoth aoibhinn.

Is é Feircheas mac Comáin Éigeas ar fhoráileamh Chormaic mic Airt do mharbh Mac Con leis an nga da-ngairthí ringcne agus a dhruim ré cairthe cloiche ar Ghort an Óir láimh ré Deargráith i Maigh Feimhean don leith thiar d'Áth na g-Carbad agus é ag bronnadh óir agus airgid d'éigsibh agus d'ollamhnaibh ann. Ar n-a chlos sin d' Fheircheas mac Comáin Éigeas agus é 'n-a chomhnuidhe i n-Ard na n-Geimhleach ré ráidhtear an Chnocach aniú tig san chomhdháil i measc cháich agus an ringcne leis. Agus iar rochtain do láthair Mhic Con dó, tug sáthadh don tsleigh sin tríd i dteannta an chairthe ré raibhe a dhruim gur éagaibh Mac Con do láthair de sin. Gort an Óir ghairthear don Mhaigh ar ar marbhadh Mac Con ón am soin ale ó n-ar bronnadh d'ór lais-sean d'éigsibh agus d'ollamhnaibh ann. Is é fáth fá dtáinig Mac Con don Mhumhain do bhrígh gur thairrngirsiod a dhraoithe dhó nach mairfeadh i bhflaitheas Éireann leithbhliadhain muna bhfágbhadh Teamhair. Uime sin táinig d'iarraidh comhmbáidhe ar a bhráithribh .i. sliocht Oiliolla Óluim; gidheadh do chuimhnigheadar an tseanfhala dhó, mar atá marbhadh Eoghain Mhóir agus a


p.288

bhráithreach i g-Cath Maighe Muchruime. Agus is de sin táinig a bheith ag tilleadh go Laighnibh an tan do marbhadh é.

Do ghabh Fearghus Duibhdhéadach mac Fionnchadha mic Oghamain mic Fiatach Finn mic Dáire mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain amháin. Is uime do gairthí Fearghus Dubhdhéadach dhe .i. dá dhéad mhóra dhubha do bhí aige. Is é an Fearghus-so táinig fá bhrághaid Chormaic mic Airt i bhflaitheas Éireann iar n-ionnarbadh Chormaic lé h-Ulltaibh i g-Connachtaibh iar mbreith a ghiall agus iar ndéanamh na fleidhe dhóibh do Chormac i dtuaisceart Maighe Breagh mar a dtug giolla ríogh Uladh an choinneal fá fholt Chormaic gur loisc go mór é.

Trí mic iomorro Fionnchadha mic Oghamain mic Fiatach Fhinn .i. Fearghus Dubhdhéadach Fearghus Caisfhiaclach is Fearghus Fuiltleabhair do imir an t-anfhorlann-so ar Chormac; agus téid Cormac d'iarraidh conganta ar Thadhg mac Céin do bhí neartmhar an tráth soin i n-Éilibh. Is eadh adubhairt Tadhg ris go dtiubhradh congnamh dó dá bhfuigheadh fearann uaidh. ‘Do-bhéar duit,’ ar Cormac, ‘a dtimcheallfaidh do charbad do Mhaigh Breagh san ló iar mbriseadh catha ar na trí Fearghusaibh.’ ‘Maseadh,’ ar Tadhg, ‘braithim-se dhuit cá bhfuighbhir an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair mo sheanathar, agus dá dtugair san chath é is cosmhail go muirbhfidh sé na trí Fearghuis, agus is é áit i n-a bhfuighfir é i n-Eatharlaigh láimh ré Sliabh g-Crot.’ Triallais Cormac leis sin go h-Eatharlaigh mar a bhfuair Lughaidh Lámha i bhfianbhoith 'n-a luighe. Cuiris Cormac a gha trés an bhfianbhoith agus gonais Lughaidh 'n-a dhruim. ‘Cia ghonas mé?’ ar Lughaidh. ‘Cormac


p.290

mac Airt,’ ar sé. ‘Maith fuarais mise do ghoin,’ ar Lughaidh, ‘óir is mé do mharbh th'athair .i. Art Aoinfhear.’ ‘Éiric dam ann,’ ar Cormac. ‘Ceann ríogh i gcath dhuit,’ ar Lughaidh. ‘Maseadh,’ ar Cormac, ‘tabhair ceann ríogh Uladh .i. Fearghus Dubhdhéadach dhamh atá ag cur im aghaidh féin fá fhlaitheas Éireann.’ ‘Do-ghéabhair sin,’ ar Lughaidh. Leis sin triallaid go Tadhg mac Céin i n-Éilibh agus gluaisid féin agus Tadhg go líon a sluagh go Brugh mic an Óig i g-Crionna Chinn Chomair mar ar commóradh Cath Crionna idir Chormac agus na trí Fearghusa.

Do bhí fós fáth oile ag Tadhg mac Céin fá dhul i n-aghaidh Uladh, do bhrígh gurab é an Fearghus Duibhdhéadach-so do mharbh a athair i g-Cath Samhna. Gidheadh níor léig Tadhg Cormac san chath, acht do fhágaibh ar chnoc ar chúl an chatha é agus giolla n-a fhochair ann. Tug iomorro Tadhg agus Lughaidh. Leis sin triallaid go Tadhg mac Céin Lámha aghaidh ar na trí Feargusaibh go n-a sluagh, gur thuit Fearghus FuiltleabhairLúghaidh Lámha, gur bhean an ceann de, agus triallais gus an dtulaigh 'n-ar raibhe Cormac ris an gceann. Is eadh iomorro do rinne Cormac ré hucht cháich do dhul san chath éadach Deilionn Drúit, a ghiolla, do chur uime féin agus a éadach-san ar an ngiolla; óir fá dearbh leis an tan do fhásfadh lonn laoich Luighdheach agus do-ghéabhadh confadh catha é, nar bh'iontaobhtha do neach é.

Dála Luighdheach tig leis an gceann do bhí aige do láthair an giolla do bí i ríocht Cormaic agus fiafruighis de nar bh'é sin ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh. ‘Ní hé,’ ar an giolla, ‘acht ceann a bhráthar.’ Leis sin téid Lughaidh fán gcath arís agus beanais a cheann d' Fhearghus Chaisfhiaclach agus tug 'n-a láimh gus an dtulaigh i raibhe an giolla i riocht Chormaic é. ‘An é so ceann ríogh Uladh?’ ar Lughaidh.


p.292

‘Ní hé,’ ar an giolla, ‘acht ceann a bhráthar oile.’ Téid an treas feacht fán gcath go dtug ceann Fearghusa Duibhdhéadaigh leis, agus do fhiafruigh an céadna don ngiolla. Do fhreagair an giolla agus adubhairt gur bh'é ceann ríogh Uladh é. Leis sin tug Lughaidh urchar don cheann don ghiolla gur bhuail 'n-a bhrollach é, gur éag an giolla do láthair; agus téid Lughaidh féin i néall iar dtréigean iomad fola dhó tré líonmhaire a chréacht.

Dála Thaidhg mic Céin do chuir an briseadh ar sluagh Uladh ionnus go dtug seacht madhmanna orra san ló gcéadna ó Chrionna go Glais Neara i dtaoibh Droma Ineasclainn, amhail adeir Flannagán file san rann-so síos:

    1. Tadhg mac Céin thuaidh i Ráith Cró.
      Ro bhris seacht gcatha i n-aonló,
      For Ulltaibh go rionna réin
      Ó Áth Crionna go h-Ard-Céin.

Téid Tadhg iar sin 'n-a charbad agus trí créachta ó thrí sleaghaibh air; agus adubhairt ré n-a ghiolla an carbad do dhíorghadh d'ionnsuighe na Teamhrach go dtugadh múr Teamhrach don leith istigh do thimcheall a charbaid an lá soin. Triallaid go réimdhireach rompa agus Tadhg ag dul i néall go minic ó thréigean fhola as a chréachtaibh; agus ar rochtain láimh lé h-Áth Cliath dóibh do fhiafruigh Tadhg don ghiolla an dtugadar Teamhair leo san timcheall soin. ‘Ní thugamar,’ ar an giolla. Leis sin buailtear agus marbhthar lé Tadhg é; agus iar marbhadh an ghiolla tig Cormac mac Airt do láthair, agus mar do chonnairc na trí créachta móra do bhí ar Thadhg tug ar an liaigh do bhí 'n-a fhochair dias eorna do chur i gcréacht do chréachtaibh Taidhg, agus doirbh bheo i gcréacht oile, agus scolb do rinn ghai san treas créacht, agus cneasughadh tar ghoimh do dhéanamh orra ionnus go raibhe Tadhg feadh bliadhna dá bhíthin sin i seirglighe, go ndeachaidh Lughaidh Lámha don Mhumhain ar ceann an táithleagha. Táinig an liaigh go n-a thrí daltadhaibh go gcualadar éagcaoine


p.294

Thaidhg ag tigheacht gus an dún dóibh. Fiafruighis an táithliaigh don chéaddalta don triúr ar gclos na eéadmhairge ó Thadhg créad é fáth na mairge sin. ‘Cnead so,’ ar sé, ‘do cholg, ar mbeith do cholg eorna 'n-a chréacht.’ Ar gclos an dara mairge fiafruighis don dara dalta créad é adhbhar na mairge sin. ‘Cnead do mhíol bheo so,’ ar an dara dalta‘ ar mbeith do dhoirbh beo san dara chréacht.’ Ar gclos an treas mairge don táithliaigh fiafruighis don treas dalta créad é adhbhar na cneide sin. ‘Cnead do rinn airm so,’ ar an treas dalta. Agus ar rochtain don tigh 'n-a raibhe Tadhg don táithliaigh is eadh do rinne colltar iarainn do chur san teallach go ndearna caoir dhearg dhe agus a thabhairt dá inneall ar bhruinnibh Thaidhg iar sin. Mar do chonnairc Tadhg an t-iarann dearg dá inneall ré a sháthadh 'n-a chorp do ghabh criothnughadh croidhe é, ionnus go dtáinig don uathbhás soin gur theilg go foiréigneach an dias, an doirbh agus an scolb do rinn ghai as a chréachtaibh; agus leis sin do-ní an táithliaigh cneasughadh iomlán ar a chréachtaibh gur bha slán Tadhg gan fuireach dá éis sin.

Do rinne an Tadhg-so gabháltais mhóra i Leith Cuinn da éis sin. Dá mhac iomorro do bhí ag Tadhg mac Céin mic Oilliola Óluim, mar atá Connla agus Cormac Gaileang. Ó Iomchaidh mac Connla táinig Ó Céarbhaill, agus ó Fhionnachta mac Connla táinig Ó Meachair. Ó Chormac Gaileang mac Taidhg mic Céin táinig Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus Ó Conchubhair Ciannachta. Ag so na tíre do ghabhadar, mar atá Gaileanga thoir agus thiar, Ciannachta theas agus thuaidh, Luighne thoir agus thiar.

Do ghabhsad fós drong oile do shíol Éibhir críocha oile i Leith Cuinn, mar atáid sliocht Cochláin mic Lorcáin mic Datháin mic Treachuire mic Tréin mic Sidhe mic Ainbhile


p.296

mic Big mic Aodháin mic Dealbhaoith mic Cais mic Conaill Eachluaith mic Luighdheach Meinn (do rinne fearann cloidhimh da bhfuil ó Luimneach go Sliabh Echtghe) mic Aonghusa Tírigh mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cormaic Cais mic Oiliolla Óluim. Ag so na fearainn, mar atáid na seacht n-Dealbhna .i. Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag, Dealbhna Eathra, Dealbhna Iarthair Mhidhe, Dealbhna Shithe Neannta, Dealbhna Chúile Fabhair agus Dealbhna Thíre dá Loch i g-Connachtaibh. Gonadh da fhoillsiughadh sin chuireas an file na roinn-se síos as an seanchus:
    1. Na seacht n-Dealbhna fá donn sleagha,
      Síol an Dealbhaoith dhonnarmaigh;
      Táid i Leith Cuinn an chómhóil,
      Nach bheag onóir d' ollamhnaibh:
    2. Dealbhna Mhór, Dealbhna Bheag Breaghdha.
      Dealbhna Eathra rinnreamhair;
      Aicme fá mearrdha modha,
      Dealbhna an Bhrogha báirrleabhair;
    3. Dealbhna Shithe niamhghlain Neannta,
      Dealbhna Nuadhat neamhdhochruigh;
      Dealbhna Chúla fionnghlain Fobhair,
      Nár dhealuigh ré deaghlochaibh.

Tuig gurab lé Lughaidh Lámha ar fhoráileamh Chormaic mic Airt do thuit an Fearghus-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh agus gurab i g-Cath Críonna do marbhadh é.