Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 41

XLI.

Do ghabh Art Aoinfhear mac Cuinn Chéadchathaigh mic Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Agus is í ba bainchéile dhó .i. Meadhbh Leithdhearg inghean Chonáin Chualann, agus is uaithe ainmnighthear Ráith Meadhbha i dtaoibh Theamhrach. Is uime do gairthí Art Aoinfhear dhe do bhrígh nachar mhair do mhacaibh a athar acht é féin amháin ó do marbhadh a dhias dearbhráthar mar atá Connla agus Crionna lé h-Eochaidh Fionn dearbhráthair Chuinn. Dias iomorra dearbhrathar do bhí ag Conn, mar atá Eochaidh Fionn agus Fiachaidh Suighdhe, agus is leo do thuiteadar dá bhráthair Airt; gonadh da fhaisnéis sin atáid an dá rann-so as an seanchus:

    1. Dá bhráthair Chuinn gan choirthe,
      Eochaidh Fionn Fiachaidh Suighdhe;
      Do mharbhsad Connla is Crionna,
      Dá mhac Cuinn dá chaoimhghiolla.
    2. Eochaidh Fionn ba fuath lé h-Art,
      A haithle mharbhtha an dá mhac;
      Art Aoinfhear an t-ainm ros gabh
      D'aithle mharbhtha a dhá bhráthar.

p.270

Do bhádar trá seisear cloinne ag Conn mar atá Art Aoinfhear Connla agus Crionna, Maoin Sadhbh agus Sáruit, amhail léaghthar san duain darab tosach an rann-so síos:

    1. Eol damh seisear cloinne Cuinn:
      Maoin Sadhbh Sáruit síol Óluim;
      Fir Fhionna calma corp ngeal,
      Connla Crionna Art Aoinfhear.
Do marbhadh amhail adubhramar Connla agus Crionna lé h-Eochaidh Fionn agus lé Fiachaidh Suighdhe. Do pósadh SáruitConaire mac Mogha Lámha agus rug sí na trí Cairbre dhó mar atá Cairbre Rioghfhada agus Cairbre Baschaoin agus Cairbre Músc. Is iad sliocht Chairbre Rioghfhada do chuaidh i n-Albain agus is díobh ghairmthear Dál Riada. Dá mhac iomorro do bhí ag Eochaidh Muinreamhar do shliocht Chairbre Rioghfhadha mar atá Earc agus Olchú. Ar sliocht Earca atáid Dál Riada Alban agus ar sliocht Olchon atáid Dál Riada Uladh ó ráidhtear an Rúta. Do pósadh mar an gcéadna Sadhbh inghean Chuinn lé Maicniadh mac Luighdheach do sliocht Luighdeach mic Íotha agus rug sí mac dó dar bh'ainm Lughaidh .i. Mac Con mac Maicniadh. Agus tar éis bháis Mhaicniadh do pósadh ré h- Oilill Ólom í, agus rug sí naonbhar mac dó, mar atá an móirsheisear do thuit i g-Cath Maighe Muchruimhe, amhail adeir Oilill Ólom féin san rann-so:
    1. Mo sheacht mic do mharbh Mac Con,
      Is truagh mo ghoil gháibhtheach gharg;
      Eoghan Dubhmearchon Mogh Corb,
      Lughaidh Eochaidh Díochorb Tadhg,
agus an dá mhac ré h-Oilill táinig a Cath Maighe Muchruimhe mar atá Cormac Cas agus Cian. Bíodh iomorro go rabhadar naoi mic déag ag Oilill Ólom mar atá naonbhar ré Saidhbh inghin Chuinn agus deichneabhar ré mnáibh oile; maseadh

p.272

ní tháinig sliocht acht ar thriúr díobh, amhail adeir an file san rann-so:
    1. Naoi mic déag data ag an donn,
      Ag Oilill áluinn Ólom;
      Aointriar nár chríon cineadh ann,
      Ór síoladh sliocht na saorchlann.

Fá clann do Shaidhbh inghin Chuinn an triúr-so ar a dtáinig sliocht. An céidfhear dhíobh Eoghan Mór mac Oiliolla do thuit i g-Cath Maighe MuchruimheBéinne Briot> mac ríogh Breatan, agus fá mac don Eoghan soin Fiachaidh Muilleathan ór síoladh clann Charrthaigh agus síol Shúilleabháin go n-a ngabhlaibh geinealaigh; agus fá hí Moncha inghean Dil mic Dá Chreaga an draoi fá máthair dó. Agus is ag Áth Uiseal ar Siuir rugadh é agus do gairthí Fiachaidh Fear dá Liach dhe. Ionann iomorro liach agus scéal doiligh, agus is doiligh an dá scéal tarla dó-san, mar atá a athair do mharbhadh i g-Cath Maighe Muchruimhe go grod iar n-a gheineamhain i mbroinn, agus a mháthair d' fhagháil bháis do láthair iar n-a bhreith; gonadh de sin do lean Fiachaidh Fear dá Liach de. Ag so mar adeir Oilill Ólom féin ar an ní-se, amhail léaghthar i g- Cath Maighe Muchruimhe:

    1. Dá liach dhuit a n-éag
      Mar aon 's is scéal mór,
      T' athair is do mháthair,
      Ro dod bháthuidh brón.
    2. T' athair is do mháthair
      Dá móiréacht nár mheith,
      Gaod an fear i gcath,
      Marbh an bhean god bhreith.
Do gairthí fós Fiachaidh Muilleathan de óir ar dteacht d'ionbhaidh a bheirthe, mar adubhairt a sheanathair an draoi ré Moncha, dá gcongbhadh an mac gan bhreith go ceann cheithre n-uaire bhfichead go madh rí é; agus dá mbeireadh don leith istigh don ré sin é nach biadh acht 'n-a dhraoi. ‘Maseadh,’ ar

p.274

Moncha ‘i ndóigh go mbiadh mo mhac-sa 'n-a rígh ní bhéar é go ceann cheithre n-uaire fichead acht muna thí sé trém shlios.’ Agus leis sin téid san áth do bhí ar Siuir láimh ré dún a hathar agus suidhis ar chloich ann, gur an feadh cheithre n-uaire fichead 'n-a suidhe ar chloich ann; agus i gcionn na haimsire sin táinig as an abhainn, go rug sí mac agus fuair sí féin bás do láthair iar n-a bhreith. Is don mhac-so iaramh do gairthí Fiachaidh Muilleathan; agus is uime adeirthí Muilleathan ris ó mhullach leathan do bheith aige. Ar mbeith iomorro da mháthair 'n-a suidhe ar an leic san áth ré hucht a bheirthe do leathnuigh baitheas an leinbh i dteannta na leice ar a raibhe a mháthair 'n-a suidhe san áth; gonadh de sin do lean Fiachaidh Muilleathan de.

An dara mac d' Oilill Ólom ar a dtáinig sliocht mar atá Cormac Cas ó dtángadar Dál g-Cais agus síol Aodha .i. clann Mic na Mara agus síol Fhlannchuidhe. Is ag an g-Cormac g-Cas-so trá do fhágaibh Oilill Ólom oighreacht Mhumhan go bhfuair a fhios go raibhe Fiachaidh Muilleathan ar n-a bhreith d' Eoghan Mhór agus ar n-a chlos sin is é ordughadh do rinne an flaitheas d' fhágbháil da éis féin ag Cormac feadh a ré agus a bheith ag Fiachaidh Muilleathan d'éis bháis Cormaic feadh a ré sin arís; agus mar sin an flaitheas do bheith fá seach gach ré nglún idir shliocht Chormaic Cais agus Fiachaidh Muilleathain do shíor. Agus do chaitheadar seal glún ar an ordughadh soin i bhflaitheas Mumhan.

Do b'é an Cormac Cas-so mac Oiliolla Óluim an cúigeadh gaisceadhach is fearr do bhí i n-Éirinn 'n-a ré féin. An ceathrar oile Lughaidh Lámha, Fionn mac Cumhaill, Lughaidh Mac Con, Cairbre Gailin, agus Cormac Cas an cúigeadh gaisceadhach. Agus ní raibh aonduine i n-Éirinn ionchomhlainn ré haonduine dhíobh acht iad féin. Is é an Cormac Cas-so céadduine do chuir cíoscháin ar thuathaibh Mumhan ar dtús.


p.276

Is é thug naoi n-uinge agus cúig céad uinge d'airgead i n-aon ló d'éigsibh agus d'ollamhnaibh tré n-a mholadh. Is é thug tríocha creach a Breatain dia raibhe i loingeas ag iomluadh cogaidh for Laighnibh; gur ghiallsad Laighin dó.

An treas mac d'Oilill ar a dtáinig sliocht .i. Cian. Is ar sliocht an Chéin sin atá Ó Cearbhaill agus Ó Meachair Ó hEadhra agus Ó Gadhra agus Ó Cathasaigh agus Ó Conchubhair Ciannachta.

Is é Oilill Ólom céidrí ainmnighthear san Réim Ríoghruidhe dar ghabh sealbh flaitheasa dá chúigheadh Mumhan do shíol Éibhir. Trí bliadhna fichead do bhí Oilill i bhflaitheas Mumhan. Óir sul do dhíbhir Oilill Mac Con do bhádar dá shliocht i gceannas Mumhan mar atá sliocht Dáirine do shliocht Luighdheach mac Íotha ó dtáinig Mac Con agus sliocht Deirgthine do shíol Éibhir ó dtáinig Oilill Ólom. Agus an tan do bhíodh ríoghacht Mhumhan ag sliocht Dáirine do bhíodh breitheamhnas agus tainisteacht ag sliocht Deirgthine, agus an tan do bhíodh sliocht Deirgthine i bhflaitheas do bhíodh an ní céadna ag sliocht Dáirine, go ndeachaidh Mac Con tar bhreitheamhnas Oiliolla Óluim amhail is iontuigthe as an ní adéaram 'n-ar ndiaidh. Mar do orduigh Oilill dó gan páirt Neimhidh mic Sraibhghinn do ghabháil i gcoinne Eoghain mic Oiliolla a bhráthar féin agus na dtrí g-Cairbre; agus ionnus gurab móide do tuigfidhe fáth ionnarbtha Mic Con cuirfead síos annso an ní da dtáinig Mac Con do thathfann a h-Éirinn, mar atá tuitim Aingcéil mic Deighill do bhí i bhfochair Neimhidh mic Sraibhghinn, agus is leis do marbhadh Conaire mac Mogha Lámha ag cosnamh Éireann do Neimhidh, agus is do bhíthin Aingcéil do mharbhsad na trí Cairbre Neimhidh mac Sraibhghinn fear a máthar féin Sáruit inghean Chuinn. Óir is é Neimhidh do mharbh Conaire


p.278

hathair dóibh. Tarladar tríd sin trí mic Conaire i bhfochair Airt mic Cuinn.

Téid Cairbre Riada don Mhumhain go teach Neimhidh agus Sáruide inghine Cuinn a mháthar féin, óir is ag Neimhidh do bhí sí pósta d'éis Chonaire mic Mogha Lámha, agus tarla Aingcéal i dtigh Neimhidh an tráth soin; agus is amhlaidh do bhí agus gleacuidhe tréinfhir dar bh'ainm Dartadha 'n-a fhochair ann, agus gach drong anaithnidh tigeadh go teach Neimhidh fá héigean d'fhior díobh dul do ghleic ré Dartadha agus ar mbeith do Cairbre Riada ag teacht d'fhios a mháthar go teach Neimhidh do chuaidh do ghleic ré Dartadha, agus buailis ar ríoghchoire an tighe é, gur marbhadh leis amhlaidh sin é. Agus leis sin tillis go Teamhraigh agus ar nochtadh a dhál d'Art Aoinfhear adubhairt Art gur riata an toisc ré ndeachaidh siar ané agus tigheacht aniar aniú, gonadh de sin adearar Cairbre Riada ris.

Ar n-a chlos don dá Chairbre oile mar atá Cairbre Músc agus Cairbre Baschaoin Aingcéal ré raibhe a bhfala féin do bheith i dtigh Neimhidh is eadh a dubhradar ‘Is soirbhe sin ioná dul i m-Breathnaibh da thóraidheacht.’ Agus leis sin triallaid na trí Cairbre don Mhumhain go bhfuirinn laoch 'n-a bhfochair agus mar ráángadar go teach Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim téid Eoghan agus iad féin i gcoinne Neimhidh agus tig Neimhidh agus Mac Con 'n-a fhochair agus fearthar cath Feabhrad eatorra ann. Gonais Cairbre Músc Mac Con san chath soin, agus marbhthar Aingcéal ann, agus teithis Neimhidh go ráinig mar a raibhe Sáruit. ‘Comairce, a mhaca,’ ar sí, ag leathadh a lámh timcheall Neimhidh. ‘Biaidh comairce ag a bhfuil idir do dhá láimh dhe,’ ar Cairbre Músc, agus leis sin tug béim dó gur bhean a cheann de, agus tug an dara béim lér bhean a chosa dhe. ‘Is aisc mhór sin a


p.280

Chairbre,’ ar sí. Gonadh de do lean Cairbre Músc de .i. mó a áisc ionáid a bhráithre, óir is é do mharbh fear a mháthar.

Gonadh tré cheangal chomhmbáidhe do Mhac ConNeimhidh mac Sraibhghinn, agus tré chur i gcoinne Eoghain Mhóir agus a bhráithreach mar atáid na trí Cairbre, do hionnarbadh lé h-Oilill a h-Éirinn é, go raibhe seal ar deoraidheacht; agus ré linn a dheoraidheachta do rinne rannta agus caraid dó féin, go dtáinig féin agus Béinne Briot mac ríogh na Breataine Móire agus iomad eachtrann oile leo i n-Éirinn gur fhógradar cath ar Art AoinfhearÉireann tré bheith ag neartughadh lé h-Oilill Ólom, gur commóradh Cath Maighe Muchruimhe eatorra mar a dtáinig Art go líon a shluagh agus naoi mic Oiliolla go seacht gcathaibh Mumhan mar aon riú do chongnamh lé h-Art, agus Mac Con go n-a allmhurrchaibh don leith oile 'n-a n-aghaidh, gur fearadh cath Maighe Muchruimhe eatorra, gur briseadh d'Art is dá shluagh, agus gur marbhadh Art do láimh an tréinmhílidh Lughaidh Lámha bráthair Oiliolla Óluim do bhí ag congnamh lé Mac Con; agus do thuiteadar móirsheisear do chloinn Oiliolla Óluim ann.

Aonghus fá hainm ar dtús d'Oilill Ólom agus is uime tugadh Oilill Ólom air, feis do rinne sé ré h-Áine inghin Eoghabhail agus ar mbeith 'n-a codladh i bhfochair Oiliolla dhi do chreim sí a chluais ó n-a cheann i ndíoghail a héignighthe agus a hathar do mharbhadh dhó. Gonadh tríd sin ghairthear Oillioll Ólom .i. cluaslom dhe. Is uime fós ghairthear Oilill dhe: ionann iomorro Oilill agus oil oll .i. aithis mhór, agus tarladar trí aithise ainmheacha d'Oilill do lean de go bás, mar atá a bheith cluaslom dó agus a dhéad do dhubhadh agus a anál do bheith bréan. Is amhlaidh táinig sin, iar gcaill a chluaise lé h-Áine, amhail adubhramar, do ghabh fearg é, agus leis sin tug sáthadh sleighe tré Áine go talmhain go dtarla rinn na sleighe i gcloich gur fiaradh í, agus cuiris seisean fá n-a


p.282

dhéad da díorghadh an rinn, agus téid, an neimh do bhí i rinn na sleighe 'n-a dhéad gur dubhadh do láthair í, agus gur fhás bréantas anáile as sin dó do lean de go bás tré choill na dtrí ngeas do bhí ar an sleigh sin, mar atá gan a rinn do chur i gcloich, gan a rinn do chur fá dhéad, agus gan bainéacht do dhéanamh lé; gona ó na geasaibh sin do choill tarladar na haithise réamhráidhte dhó, agus gurab ó n-a haithisibh móra soin adubhradh Oilill .i. oil oll .i. aithis mhór ris mar forainm. Agus is i g-Cath Maighe Muchruimhe do marbhadh Art Aoinfhear.