Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 40

XL.

Is é an Tuathal Teachtmhar-so ar a bhfuilmíd ag tráchtadh do cheangail an Bhóraimhe ar Laighnibh mar cháin i ndíol bháis a dhá inghean .i. Fithír is Dáirine a n-anmanna. Rí iomorro do bhí ar Laighnibh dar bh'ainm Eochaidh Aincheann agus tug sé Dáirine inghean Tuathail Teachtmhair do mhnaoi, agus rug leis i Laighnibh da longphort féin .i. i Maigh Luadhat í. Agus i gcionn aimsire da éis sin téid go Teamhraigh agus nochtais do Thuathal go bhfuair Dáirine bás, agus iarrais an deirbhshiúr oile .i. Fithír air, go dtug Tuathal dó í, agus beiris leis go Laighnibh da longphort féin í. Agus mar do chonnairc Fithír a deirbhshiúr Dáirine roimpe beo do ling a hanam go hobann aiste tré náire; agus táinig Dáirine da caoineadh agus fuair bás do láthair da cumhaidh; gonadh da fhaisnéis sin do rinne an file an rann-so:

    1. Fithír agus Dáirine,
      Dá inghin Tuathail turaidh,
      Marbh Fithír do náirighe,
      Marbh Dáirine dia cumhaidh.

Mar do chualaidh iomorro Tuathal bás na deise ban, do ghabh fearg mhór é, agus do chuir teachta uaidh do gach leith go huaislibh Éireann do chasaoid na feilbheirte do rinne rí Laighean air; agus uime sin tugsad uaisle Éireann congnamh sluagh is sochaidhe do Thuathal ré díoghail an mhíghníomha soin; agus mar do bhreathnuigh Tuathal Laighin d'argain is do chreachadh agus gan iad ionchathuighthe ris, do aomhadar cáin do dhíol uatha féin is ó n-a sliocht 'n-a ndiaidh i n-íoc bháis na mban soin do Thuathal is da gach rígh da dtiocfadh ar a lorg.

Ag so suim na cána do díoltaoi lé Laighnibh do ríoghaibh Éireann gacha dara bliadhain i ndíol bháis chloinne Tuathail


p.256

mar atá trí fichid céad bó; trí fichid céad uinge d'airgead; trí fichid céad brat; trí fichid céad torc; trí fichid céad molt; is trí fichid céad coire umha. Agus is í roinn do bhíodh ar an gcáin sin, a trian d'fhearaibh Connacht, a trian d'Oirghiallaibh, agus a trían do Uíbh Néill. Ag so mar adeir an Stair da ngoirtear Bóraimhe Laighean sna rannaibh-se síos:
    1. Trí fichid céad bó shlabhra,
      Tugtha gan mheath,
      La trí fichid céad uinge
      D'airgead as deach
    2. La trí fichid céad leann Líoghdha
      Léire a dtoimhse,
      La trí fichid céad ró-thorc
      Fá róid roimhse
    3. La trí fichid céad do mholtaibh,
      Tugadh umne,
      La trí fichid céad coire n-umha
      Do chumhdach lase
    4. A trian do Chonnachtaibh,
      A ndligheadh ó chéin,
      A trian do Oirghiallaibh,
      A trian do Uíbh Néill.

Is don cháin sin do gairthí Bóraimhe Laighean agus do bhí sí ag a tabhach ré linn dá fhichead ríogh dar ghabh flaitheas Éireann mar atá ó aimsir Thuathail Teachtmhair go haimsir Fhionnachta do bheith i bhflaitheas Éireann amhail adeir an file san rann-so:

    1. Ceathracha rígh do rala
      Lé rugadh an Bhóramha
      Ó aimsir Thuathail Tlachtgha
      Go haimsir Fhir Fhionnachta.

Is é Moling fuair maitheamh uirre san chairde fuair ó Fhionnachta go Luan, agus is é Luan do thuig Moling Luan Laoi an Bhrátha. Do bhíodh iomorro an cháin sin seal 'ga díol go humhal ag Laighneachaibh; agus uair eile nach aomhdaois


p.258

a díol, go dtigeadh de sin iomad cogaidh is coinbhleacht do bheith eatorra leath ar leath gur thuiteadar mórán d'uaislibh Éireann ar gach taoibh ann. Agus is lé Mál mac Rochruidhe do thuit Tuathal Teachtmhar.

Do ghabh Mál mac Rochruidhe mic Cathbhaidh mic Giallchadha Finn mic Fionnchadha mic Muireadhaigh mic Fiachna Fionnamhnais mic Iriail Ghlúnmhair mic Conaill Chearnaigh mic Aimhirgin Iairghiúnaigh mic Cais Thrillsigh mic Cais mic Fachtna mic Capa mic Gionga mic Rudhruighe Mhóir ó ráidhtear clanna Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cheithre bliadhna gur thuit lé Feidhlimidh Reachtmhar.

Do ghabh Feidhlimidh Reachtmhar mac Tuathail Teachtmhair mic Fiachach Fionnoladh mic Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Báine inghean Scáil Bhailbh bean Tuathail Teachtmhair máthair Fheidhlimidh Reachtmhair; agus is uime do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe tré fheabhas na mbreath reachta do beirthí i n-Éirinn ré n-a linn. Is é iomorro reacht do orduigh Feidhlimidh ré n-a linn féin i n-Éirinn samhail an dlighidh da ngairthear i Laidin lex talionis. Ionann sin agus samhail an dochair nó an luit do-ní neach do dhuine oile a shamhail sin d'imirt ar féin 'n-a dhíol, mar atá cion san chion, bó san bhoin, lámh san láimh, cos san chois, súil san tsúil, agus mar sin do gach lot oile ó shin amach. Agus táinig don reacht soin fir Éireann do leasughadh a ngníomh ré linn Fheidhlimidh, gonadh uime sin do gairthí Feidhlimidh Reachtmhar dhe. Agus fá dheireadh is bás le hadhart fuair an fear-so.

Do ghabh Cathaoir Mór mac Feidhlimidh Fíorúrghlais mic Cormaic Gealta Gaoth mic Nia Corb mic Con


p.260

Corb mic Mogha Corb mic Conchubhair Abhradhruadh mic Finn Fhileadh mic Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic Nuadhat Neacht mic Séadna Síothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Breodhamhain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna. Do bhádar iomorro tríochad mac ag Cathaoir, amhail adeir an file san rann-so:
    1. Tríochad mac, fá maith an chlann,
      Do chinn ó Chathaoir Chualann;
      Trí deichneabhair, fá scéimh scol,
      'N-a bh-Féin chleithreamhair churadh.
Gidheadh do chuadar fiche don chloinn sin gan tsliocht, agus táinig sliocht ar an deichneabhar oile dhíobh. Ag so anmanna na mac ar a dtáinig sliocht: Rossa Fáilgheach sinnsear na cloinne ar a dtáinig sliocht, Dáire Barrach, Breasal Einiochghlas, Fearghus, Oilill, Criomhthann, Deargmhosach, Eochaidh Teimhin, Aonghus is Fiachaidh Aiceadha sóisear na cloinne tar ceann gurab ag a shliocht fá gnáthaighe ríoghacht Laighean. Ar sliocht Fiachach Aiceadha mic Cathaoir Mhóir atá Ó Broin is Ó Tuathail. Ar sliocht Breasail Bhéalaigh mic Fiachach Aiceadha atá Mac Murchadha. Ar sliocht Rossa Fáilghigh mic Cathaoir Mhóir atá Ó Conchubhair Fáilghe agus Ó Díomasaigh agus Ó Duinn agus clann Cholgan amhail adéaram da éis-so ag craobhscaoileadh mac Míleadh; agus is lé Conn Céadchathach do thuit an Cathaoir Mór-so i g-Cath Maighe hAgha.

Do ghabh Conn Céadchathach mac Feidhlimidh Reachtmhair mic Tuathail Teachtmhair do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan gur thuit le Tiobraide Tíreach mac Máil mic Rochruidhe i bhfeall i dtuaith Theamhrach agus é uaigneach


p.262

ann. Caogad iomorro laoch do chuir Tiobraide i reachtaibh ban da mharbhadh agus is a h-Eamhain do thrialladar do dhéanamh na feille sin. Úna, inghean ríogh Lochlann, fá máthair don Chonn-so. Is don Chonn-so do bhean Mogh Nuadhat leath Éireann iar mbriseadh deich gcath ar Chonn dó. Síoda inghean Fhloinn mic Fiachach do Éarnaibh máthair Mhogha Nuadhat. Is amlaidh iomorro tarla iomrasan idir Mhogh Nuadhat agus Chonn mar tharla d'Éarnaibh do shliocht Fiachach Fir Mara do shíol Éireamhóin treise do ghabháil san Mhumhain ar shíol Éibhir, ionnus go rabhadar triúr díobh i n-aoinfheacht i gceannas na Mumhan uile mar atá Lughaidh Eallaightheach Dáire Dornmhar agus Aonghus. Agus mar do chonnairc Mogh Nuadhat síol Éireamhóin i gceannas Mumhan triallais go Laighnibh mar ar hoileadh é ag Dáire Barrach mic Cathaoir Mhóir go dtug sluagh líonmhar leis do chongnamh ó Dháire ré flaitheas Mumhan do ghabháil amhail fá dual dó; agus tug ucht ar dtús ar deisceart Mumhan i n-Uíbh Liatháin mar ar ghabh an t-Aongus thuas treise, agus brisis Mogh Nuadhat de agus ionnarbais as an dtír é, go ndeachaidh as sin d'iarraidh conganta ar Chonn agus tug Conn cúig catha dhó .i. cúig míle deag fear infeadma. Triallais leis an sluagh soin go crích Liathain mar a dtug Mogh Nuadhat Cath Arda Neimhidh dhó mar ar bhris de agus mar a dtug ár a mhuinntire.

Da éis sin do thathfainn Mogh Nuadhat Éarna as Mumhan, an méid nach raibhe umhal dó féin díobh gur fhás dá bhítin cogadh mór idir Mhogh Nuadhat agus Chonn gur bhris Mogh Nuadhat deich gcatha ar Chonn mar atá Cath Brosnaighe agus Cath Samhpaite Cath Sléibhe Musaigh Cath Gabhrain Cath Suama agus Cath Gréine agus Cath Átha Luain agus Cath Maighe Cróich mar ar thuit Fiachaidh Rioghfhada


p.264

mac Feidhlimidh Reachtmhair; Cath Asail agus Cath Uisnigh. Agus do bhí an t-iomreasan-so eatorra gur bhean Mogh Nuadhat leath Éireann do Chonn mar atá a bhfuil ón Ghaillimh agus ó Áth Cliath budh dheas d'Éirinn agus Eiscir Riada 'n-a teorainn eatorra; agus is é ainm ghairmthear don leath soin Leath Mogha ó Eoghan da ngairthí Mogh Nuadhat. Agus Leath Cuinn gairthear don leith budh thuaidh ó Chonn Chéadchathach; gonadh ag faisnéis na ronna-so do rinne file éigin an rann-so:
    1. Eoghan Mór fá mór a rath
      Comhard ré Conn Chéadchathach;
      An dias sin fá caomh a gclú,
      Roinnid Éire eatorru.

Fáth oile fár bhean Mogh Nuadhat leath Éireann do Chonn mar tharla gorta mhór seacht mbliadhna i n-Éirinn lé n-a linn; agus sul táinig aimsear na gorta soin ann do thairrngir draoi Eoghain cian ré an ngorta do theacht go dtiocfadh sí ar Éirinn uile agus is eadh do rinne Eoghan air sin i n-oirchill na gorta caitheamh ar fheolmhach agus ar iarcach agus an t-arbhar do choigill; agus fós gach cíos agus gach cáin da roicheadh dhó is ar arbhar do-bheireadh é, gur líonadh a iothlanna leis, agus mar rug an aimsear ghann air tángadar as gach leith mórán d'fhearaibh Éireann 'n-a dháil agus do ghabhadar cíos agus cáin orra féin d'Eoghan tré n-a mbeathughadh feadh na haimsire cruaidhe sin, amhail léaghthar san duain darab tosach, Eoghan Mór fá mór a rath:

    1. Do dhearscnuigh Eoghan tar Conn,
      Ní ar líon gcath ná ar chomhlann—
      Fá lia biadh Eoghain eachtraigh
      Da sheoladh ar shíthreachtaibh.
    2. Doirtis orra an ghorta ghann—
      Fá maith d'Eoghan a tadhall—
      Go n-itheadh cách a chéile
      Ar fud Éireann aighmhéile.

    3. p.266

    4. Ód chualaidh cách—cian ro char—
      Lionn is biadh iomdha ag Eoghan,
      Rosdaorsad féin, féata an modh,
      D'Eoghan ar n-a mbeathughodh.

Do bhádar iomorro cheithre hanmanna ar Mhogh Nuadhat, mar atá Eoghan Fidhfheacach, Eoghan Mór, Eoghan Taoidhleach agus Mogh Nuadhat amhail adeir an file san rann-so:

    1. Cheithre hanmanna gan bhrón
      Do bhádar for Eoghan Mhór:
      Eoghan Fidhfheacach fial, gart,
      Eoghan Taoidhleach Mogh Nuadhat.

Ma's maith leat iomorro fios fátha gach foranma da luaidhtear san rann-so d' fhagháil léigh an Chóir Anmann agus do-ghéabhair innte iad. Is í fá bainchéile d'Eoghan Mhór .i. Beara inghean Éibhir Mhóir mic Modhna rí na Castile agus rug sí mac agus dias inghean dó. Oilill Ólom an mac agus Scoithniamh agus Coinneal anmanna an dá inghean. Ag so deismireacht an tseanchaidh ar an ní-se:

    1. Beara inghean Éibhir uill,
      Máthair Óiliolla Óluim;
      'S máthair na deise déine
      Choinnle agus Scoithnéimhe.

Is lé Conn Céadchathach fós do marbhadh Mogh Nuadhat 'n-a leabaidh tré fheall (do réir dhruinge ré seanchus), ar dtabhairt ionnsuighthe maidne air, agus iad ré hucht catha do thabhairt da chéile ar Maigh Léana. Is uime ghairthear Conn Céadchathach ar an rígh-se ar a bhfuilmíd ag tráchtadh ó na céadaibh cath do chuir ar chúigeadhaibh Éireann amhail nochtas an rann-so:

    1. Céad cath ar an Mumhain mhóir,
      Do bhris Conn Céadchathach cóir;
      Céad cath ar Ulltaibh go ngoil,
      Seascad cath ar Laighneachoibh.

Is lé Tiobraide Tíreach do marbhadh Conn i bhfeill i d-Teamhraigh.


p.268

Do ghabh Conaire mac Mogha Lámha mic Luighdheach Allathaigh mic Cairbre Chroimchinn mic Dáire Dhornmhair mic Cairbre Fionnmhóir mic Conaire Mhóir mic Eidirsceoil do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé Neimhidh mac Sraibhghinn. Eithne inghean Luighdheach mic Dáire máthair an Conaire-se. Is ar sliocht an Chonaire-se atáid Dál Riada Alban agus Uladh, Baiscnigh ó Léim Chon g-Culainn, agus Múscruidhe, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Albanaigh Riada don roinn,
      Baiscnigh ó Léim Chon g-Culoinn,
      Múscruidhe gan aoir a le,
      Cineadh an chaoimh-Chonaire.