Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 39

XXXIX.

Do ghabh Tuathal Teachtmhar mac Fiachach Fionnoladh mic Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Tuathal Teachtmhar dhe ó theacht gacha maitheasa ré n-a linn. Níor fhágaibh iomorro Fiachaidh Fionnoladh do chloinn acht aonmhac dá ngairthí Tuathal Teachtmhar. Agus i mbroinn Eithne inghine ríogh Alban do chuaidh ar éalódh a hargain Mhaighe Crú i g-Connachtaibh do bhí an mac soin an tan do mharbhadar an Athachthuaith Fiachaidh Fionnoladh is saorchlanna Éireann. Agus iar mbreith Thuathail i n-Albain do hoileadh is do béasmhúineadh ann é go beith i gcionn a chúig mbliadhan fichead dó; agus feadh na ré sin do bhí míorath ar Éirinn; agus ar mbeith i gcruadhdáil mhóir don Athachthuaith do chuadar do chinneadh chomhairle ré n-a ndraoithibh da fhios cionnus nó créad an modh da dtáinig an míorath do bhí ar Éirinn an tráth soin, nó cionnus do fóirfidhe uaidh í. Is eadh adubhradar na draoithe gurab uime do bhí an míorath uirre tré mar do rinneadar an feall ar ríoghaibh is ar shaorchlannaibh Éireann; adubhradar fós nach fillfeadh a rath féin ar Éirinn go ngabhadh neach éigin do shliocht na ríogh soin do marbhadh ceannas Éireann. Agus is fán am soin do chualadar an Athachthuaith go raibhe mac ag Fiachaidh Fionnoladh i n-Albain dar bh'ainm Tuathal Teachtmhar; agus do chuadar dronga móra don Athachthuaith i gcomhairle agus is eadh do cinneadh leo teachta do chur i gcoinne Tuathail go h-Albain. Do bhádar fós dronga d' iarmhar shaorchlann Éireann mar atáid clann an Duinn Déasa do Laighnibh Fiachaidh Casán is Fionnbhall a bhráthair agus sé céad foghluidhe mar aon riú ag argain Éireann i ndíoghail na feille


p.244

do rónsad an Athachthuaith ar ríoghaibh is ar shaorchlannaibh Éireann.

Ar gclos an sceoil sin do Thuathal Teachtmhar triallais féin is a mháthair .i. Eithne inghean ríogh Alban i n-Éirinn go sluagh líonmhar maille riú. Cúig bliadhna fichead do b'aois do Thuathal an tráth soin agus do ghabhadar cuan i n-Iorrus Domhnann go dtarla Fiachaidh Casán go n-a bhráthair riú ann sin. Triallaid as sin go Teamhraigh is tionóilid a rannta as gach aird d'Éirinn i ndáil Tuathail go Teamhraigh agus gairmthear leo rí Éireann de. Tig Eilim mac Connrach ó bhí i bhflaitheas Éireann an tráth soin ar n-a thogha lé Athachthuathaibh d' éis bháis Chairbre Chinn Chait do thabhairt Chatha Aichle i n-aghaidh Thuathail. Bristear d'Eilim is d'Athachthuathaibh is marbhthar é féin is urmhór a shluaigh san chath soin. Tug Tuathal is a rannta ucht ar Athachthuathaibh feadh Éireann ann sin gur bhris cúig catha fichead i n-Ulltaibh agus cúig catha fichead i Laighnibh is cúig catha fichead i g-Connachtaibh agus cúig catha déag is fiche san Mumhain orra.

Iar mbriseadh iomorro na gcath soin do Thuathal agus iar bhfóirithin saorchlann Éireanna hanbhroid na n-Athachthuath, do rinneadh Feis Teamhrach leis, amhail is gnáth ris gach rígh i dtús a fhlaithis ríoghdháil choithcheann do chruinniughadh is do choimhthionól ré hordughadh reacht is nós na críche. Tángadar uaisle Gaedheal as gach cúigeadh i n-Éirinn chuige iar sin; agus do ghabhadar mar rígh ris tré mar do shaor iad féin ó mhoghaine na ndaorchlann .i. na n-Athachthuath; agus tugadar rátha na ndúl ré ríoghacht Éireann do léigean dó féin is da chloinn, amhail do gealladh roimhe sin d' Ughaine Mhór.

Is ann sin fós fuair cheithre míre do na cúigeadhaibh da ndearna sé an Mhidhe-se ann anois mar fhearann cinnte do gach airdrígh da mbiadh i n-Éirinn. Óir tar ceann go raibhe


p.246

Midhe d'ainm ar an dtuaith fhearainn atá láimh ré h-Uisneach ó aimsir chloinne Neimhidh go haimsir Thuathail, maseadh ní raibhe Midhe d' ainm ar na míribh do beanadh do na cúigeadhaibh go haimsir Thuathail go ndearna críoch ar leith ó na cúigeadhaibh dhi.

Tar éis iomorro mar do chuir Tuathal na cheithre míre-se ré chéile go ndearna aoin chríoch amháin díobh da ngoirthear Midhe, do thógaibh sé cheithre príomhlongphuirt innte, mar atá longphort .i ngach mír dhíobh. Do thógaibh cheana Tlachtgha san mír don Mhumhain atá leis an Midhe, agus is ann sin do horduigheadh Teine Thlachtgha mar a gcleachtaoi leo draoithe Éireann do chruinniughadh is do chóimhthionól oidhche Shamhna do dhéanamh iodhbartha do na huile dhéibh. Is ann san teinidh sin do loiscthí a n-iodhbartha leo agus fá héigean i bpéin chánach teinnte Éireann do mhúchadh an oidhche sin, agus ní lámhadh neach d'fhearaibh Éireann teine d'adhnadh acht ón teinidh sin; agus gach teine do bhíodh ar n-a hadhnadh aiste i n-Éirinn do bhíodh screaball nó trí pinginne ag rígh Mumhan do chíos uirre do bhrígh gurab don mhír ráinig ón Mumhain don Mhidhe an fonn ar a bhfuil Tlachtgha.

Do rinne an dara longphort san mír ráinig do Chúigeadh Connacht é, mar atá Uisneach mar a mbíodh comhdháil choitcheann fhear n-Éireann ar a dtugtaoi Mórdháil Uisnigh; agus um Bealltaine do bhíodh an t-aonach soin ann mar a gcleachtaoi leo malairt a maoine is a n-earradh is a séad do dhéanamh fá seach. Do cleachtaoi leo fós iodhbartha do dhéanamh don airddia da n-adhradaois da ngairthí Béil, agus fá gnáth leo dá theine do dhéanamh i n-onóir do Béil i ngach tuaith i n-Éirinn, agus deibhléan da gach cinéal spréidhe da mbíodh san tuaith do thiomáin idir an dá theinidh mar urchosc da gcaomhna ar gach galar feadh na bliadhna soin; agus is ón teinidh sin do-níthí i n-onóir do Bhéil ghairmthear Bealltaine don fhéil


p.248

uasail ar a bhfuil lá an dá apstal mar atá Pilip agus Séamus; Bealltaine .i. Béilteine nó teine Bhéil. Do bhíodh fós each is earradh gach flatha tigeadh i mórdháil Uisnigh uatha do rígh Connacht mar chíos, do bhrígh gurab don mhír ráinig ó Chúigeadh Connacht ris an Midhe an áit 'n-a bhfuil Uisneach.

An treas longphort do thógaibh Tuathal, Taillte a ainm, atá san mír ráinig do Chúigeadh Uladh ris an Midhe agus is innte do-níthí aonach Tailltean mar a gceangladaois fir Éireann cleamhnas is cáirdeas ré chéile; agus is soibhéasach an nós do bhíodh eatorra san chomhdháil sin, mar atá na fir ar leith leo féin agus na mná ar leith don taoibh oile agus a n-aithreacha is a máithreacha ag snadhmadh eatorra go bpóstaoi ré chéile gach lánamhain díobh do roicheadh i n-eachtaibh is i gconnarthaibh a chéile, amhail adeir an file:

    1. Gan teacht fear i bhfarradh ban,
      Gan mná i bhfarradh bhfear bhfionnghlan,
      Acht cách i gcádhas ó a dtoigh
      I n-árus an ardaonoigh.

Tar ceann iomorro gurab é Lughaidh Lámhfhada do thionnscain aonach Tailltean ar dtús mar chuimhniughadh bliadhna ar a bhuimigh féin Tailltin inghin Mhaghmóir rí Easpáinne fá bean d'Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear m-Bolg amhail adubhramar thuas—ar mbeith trá do Thailltin ar n-a hadhnacal lé Lughaidh san tulaigh sin do commóradh aonach Tailltean leis mar násadh nó mar chuimhniughadh uirre, gonadh uime sin do gairthí Lughnasa, .i. násadh nó cuimhniughadh logha dhon chéadla d'August ar a bhfuil féil Ghéibheann Pheadair aniú—tar ceann go raibhe feart is aonach Tailltean ann ó aimsir Lughdheach Lámhfhada maseadh ní raibhe Taillte 'n-a ríoghphort go haimsir Thuathail Teachtmhair. Do bhrígh iomorro gurab


p.250

don mhír do beanadh do Chúigeadh Uladh an áit i bhfuil Taillte is ag rígh Uladh do bhíodh cíos aonaigh Thailltean. Ag so suim an chíosa soin, mar atá uinge d'airgead ar gach lánamhain do bhíodh ar n-a bpósadh ann.

An ceathramhadh ríoghphort Teamhair atá san mír ráinig do Laighnibh ris an Midhe mar a gcleachtaoi Feis Teamhrach do dhéanamh gacha treas bliadhain, iar ndéanamh a n-iodhbartha da n-uile dhéibh i d-Tlachtgha (amhail adubhramar) ré hucht na ríoghdhála soin da ngairthí Feis Teamhrach mar a gcleachtaoi leo reacht is nóis d'ordughadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus Éireann; ionnus an mhéid do bhíodh dearbhtha dhíobh go scríobhdaois ardollamhain iad i Rolla na Ríogh da ngairthí Psaltair na Teamhrach, agus gach nós nó gach seanchus oile da mbíodh i n-Éirinn nach bíodh do réir an phrímhleabhair sin ní bhíodh cion fírinne ortha. Ní luaidhfeam annso go cinnte na reachta ná na nóis do horduigheadh go cinnte i bh-Feis Teamhrach do bhrígh gurab lán leabhair an Breitheamhnais Tuaithe dhíobh. Acht amháin cuirfead síos annso an nós do horduighthí i bh-Feis Teamhrach ar shuidhiughadh na n-uasal is na laochraidhe ré linn bheith i gcomhdháil fleidhe 'n-a bproinntighibh ag caitheamh bídh dhóibh.

Ní bhíodh iomorro aonollamh ré seanchus i n-Éirinn nach scríobhadh i Rolla na Teamhrach anmanna na n-uasal do bhíodh 'n-a bhflathaibh fearainn, gach aon díobh do réir a chéime is a gharma féin, amhail do horduighthí i bh-Feis Teamhrach agus gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh i mbuannacht ag cosnamh is ag coimhéad críche na h-Éireann do bhíodh a ainm scríobhtha ag an ollamh mar an gcéadna; agus ní bhíodh aon díobh so idir fhlathaibh fearainn is cheannaibh feadhna gan fear iomchair scéithe ré a chois. Is amhlaidh fós do bhídís na proinntighe do bhíodh aca caol fada agus buird ré dá shlios an tighe agus ealchuing ar gach slios díobh agus a lán bacán ionnta ós cionn na suidheachán 'n-a mbídís an teaghlach 'n-a suidhe is gan acht


p.252

leithead scéithe idir gach dhá bhacán díobh. Agus is ar na bacánaibh do chuireadh an seancha sciatha na n-uasal is na laochraidhe ré suidhe dhóibh, gach aon díobh fá n-a scéith féin idir uasal is laoch. Gidheadh do bhíodh rogha sleasa ag na flaithibh fearainn agus an slios oile ag na ceannaibh feadhna, agus éadan an tighe ag na hollamhnaibh agus an t-éadan oile ag lucht freastail ré fritheolamh an teaghlaigh.

Do ba nós dóibh fós gan aoinneach do shuidhe i bhfiadhnaise acht gach aon do shuidhe druim ré froigh idir fhlathaibh fearainn is cheannaibh feadhna fá n-a scéith féin. Ní cleachtaoi leo fós mná do bheith 'n-a bproinntighibh acht árus ar leith do bheith aca féin mar a riarthaoi iad. Fá gnáthughadh aca fós ré hucht na comhdhála do riar foscardadh nó folmhughadh do dhéanamh ar an bproinnteach go nach anadh ann acht triúr, mar atá seancha is bollsaire .i. maruscál tighe agus fear stuic ag a mbíodh barr buabhaill nó adharc ré toghairm cháich don phroinnteach. Do shinneadh a stoc trí huaire. An chéadfheacht do shinneadh é do thionóildís lucht iomchair sciath na n-uasal timcheall doruis an phroinntighe agus do ghlacadh an bollsaire sciath gach uasail do réir a gharma agus do shuidheadh ar ordughadh an tseanchaidh gach sciath dhíobh 'n-a hionadh chinnte féin. Do shinneadh fear an stuic an dara feacht an barr buabhaill do bhíodh aige agus do thionóildís lucht iomchair sciath na laochraidhe go dorus an phroinntighe agus do ghlacadh an bollsaire na sciatha uatha agus do shuidheadh gach sciath dhíobh ar ordughadh an tseanchaidh ar slios oile an tighe ós cionn bhuird na laochraidhe. Do shinneadh cheana fear an stuic an barr buabhaill an treas feacht, agus leis sin do thionóildís na huaisle is na laochraidh san phroinnteach agus do shuidheadh gach aon díobh fá n-a scéith féin ionnus ná bíodh iomrasan ná easaonta fá ionadh suidhe eatorra.


p.254