Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 38

XXXVIII.

Do ghabh Criomhthann Nia Nár mac Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhuin Eamhna mic Bláthachta mic Laoghaire Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime do gairthí Criomhthann Nia Nár dhe óir is ionann nia is gaisceadhach nó tréinfhear. Agus is as tugadh Nár air do bhrígh gur bha nár leis a gheineamhain idir a dhearbhráthair is a mháthair. An dara bliadhain déag do fhlaitheas an Chriomhthainn Nia Náir-se rugadh Críost. Is amhlaidh do básuigheadh an Criomhthann-so .i. tuitim da each do rinne go bhfuair bás go grod da éis sin.

Do ghabh Fearadhach Fionn Feachtnach mac Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Nár Thuathchuach inghean Lóich mic Dáire do Chruitheantuaith máthair Fhearadhaigh Fheachtnaigh. Is uime


p.236

ghairthear Fearadhach Feachtnach dhe do bhrígh go raibhe ceart is fírinne dá gcoimhéad ré n-a linn i n-Éirinn. Ionann iomorro feachtnach is fírinneach. Is 'n-a réimheas do bhí Morann mac Maoin ann .i. an ceirtbhreitheamh ag a raibhe an iodh Morainn; agus do ba do bhuadhaibh na hidhe-se cibé do chuirfeadh fá n-a bhrághaid í ré linn breitheamhnais éigceirt do dhéanamh go n-iadhadh an iodh go daingean timcheall a bhrághad, agus go mbíodh ag fáscadh ar a bhrághaid go mbeireadh an bhreath chóir. Agus do-níodh mar an gcéadna ris an tí thigeadh do dhéanamh faisnéise bréige go hadmháil na fírinne dhó. Gonadh ón idh sin atá an seanfhocal mar a n-orduigheann neach an iodh Morainn do bheith fá bhrághaid an tí bhíos ag déanamh fiadhnaise i ndóigh go ndiongnadh fírinne. Agus fuair Fearadhach Feachtnach bás i Liath Druim.

Do ghabh Fiatach Fionn, a quo Dál bhFiatach, mac Dáire mic Dlúthaigh mic Deitsin mic Eochach mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Éarann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann trí bliadhna, gur thuit lé Fiachaidh Fionnoladh.

Do ghabh Fiachaidh Fionnoladh mac Fearadhaigh Fhinn Fheachtnaigh mic Criomhthainn Nia Náir mic Luighdheach Riabh nDearg mic na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Fiachaidh Fionnoladh dhe, oladh ainm do bhoin, agus fionn do bhádar urmhór bó Éireann ré n-a linn; gonadh de sin tugadh Fiachaidh Fionnoladh air. Tuig, do réir Chroinic Stoo, go rabhadar Scuit ag aithidhe i n-Albain Anno Domini 73 go grod i ndiaidh Fiachaidh Fionnoladh do bheith i bhflaitheas Éireann agus fá taosca sin ioná Cairbre Riada do mharthain. Agus is lé h-athachthuathaibh Éireann do marbhadh an Fiachaidh-se i bhfeall.

Do ghabh Cairbre Chinn Chait mac Dubhthaigh mic Rudhruighe


p.238

mic Díochon Uairiodhnaigh mic Táit Teadhmannaigh mic Luaighne Laidhcinn mic Oiris Eachlonnaigh mic Earnduilbh mic Rionnail Dagharmaigh mic Ríogh Lochlonn táinig mar aon ré Labhraidh Loingseach go buidhin Tuama Teannbhaoth agus adeirid drong oile gurab d'Fhearaibh Bolg é, ríoghacht Éireann. Cúig bliadhna i ríoghacht dó gur éag do thámh. Agus is uime ghairthéar Cairbre Chinn Chait de, do brígh gur bha cosmhail ré cluasaibh cait a chluasa amhail adeir an file san rann-so:
    1. Amhail do bhí Cairbre cruaidh,
      Do ghabh Éire theas is thuaidh:
      Dá chluais chait um a cheann cain,
      Fionnfadh cait tré n-a chluasaibh.
Is é cor ar a ráinig ríoghacht Éireann Cairbre, feall do hollmhughadh lé daorchlannaibh nó lé h-athachthuathaibh Éireann uile i gcoinne ríogh is uaisle Éireann; agus is é modh ar ar chuireadar rompa an feall-so do dhéanamh fleadh d'ollmhughadh ré n-a dáil do ríoghaibh is d'uaislibh Éireann; agus is é áit 'n-ar dáileadh an fhleadh soin i Maigh Crú i g-Connachtaibh agus do bhádar trí bliadhna ag a hollmhughadh; agus ar feadh na haimsire sin do choigilsiod trian a dtoradh i n-oirchill na fleide; agus tángadar saorchlanna Éireann mar aon ré trí ríoghaibh dá chaitheamh .i. Fiachaidh Fionnoladh rí Éireann is Eithne inghean ríogh Alban a bhean; Feig mac Fidheic Chaoich rí Mumhan agus Bearta inghean Ghoirtniad rí Breatan fá bean dó; Breasal mac Firb ri Uladh is inghean ríogh Sacsan fá bean dó; Áine a hainm, agus Cainneall ainm a hathar. Trí taoisigh do bhí ag an athachthuaith mar atá Monach, Buan is Cairbre Caitcheann; agus is é an Cairbre-se fá ceann ortha uile. Naoi lá do bhádar ag caitheamh na fleidhe sin agus fá dheireadh do lingsiod an athachthuaith ar shaorchlannaibh Éireann da marbhadh gur thuitsiod uile leo ar an láthair sin acht na trí geine do bhí i mbruinnibh an triar ban do bhí ag na trí

p.240

ríoghaibh do luaidheamar. Éaluighid iomorro na mná go h-Albain agus rugadar triar mac ann mar atá Tuathal Teachtmhar, Tiobraide Tíreach is Corb Ólom. Dála Éireann do fhás gorta mhór agus teirce toradh is iomad míoratha ar Éirinn agus do bhí sin uirre go beith do thriar mac na dtrí ríogh soin do mharbhsad i bhfeall ionairm. Agus ar n-a chlos d'fhearaibh Éireann gur mhaireadar triar mac na ríogh soin do chuireadar feasa is teachta 'n-a ndáil da iarraidh orra flaitheas a sean is a sinsear féin do ghlacadh arís agus do chuireadar grian is éasca i slánadh nó i gcoraidheacht orra féin fá umhlacht do thabhairt dóibh, is fá bheith díleas go bráth arís dóibh. Leis sin tángadar na macaoimh is do ghlacadar oighreacht a n-athrach go dtáinig a rath féin ar Éirinn arís de sin. Agus do éag Cairbre Chinn Chait do thámh.

Do ghabh Eilim mac Connrach mic Rossa Ruaidh mic Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorlaimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; gur thuit lé Tuathal Teachtmhar i g-Cath Aichle.


p.242