Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 37

XXXVII.

Do ghabh Eochaidh Airiomh mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Eochaidh Airiomh dhe, do bhrígh gurab é do thochail uaimh ar dtús i n-Éirinn. Airiomh, iomorro, ar uaimhe .i. treabhadh nó tochailt uaimhe; agus fá dheireadh do thuit an t-Eochaidh-se lé Siodhmall i bh-Fréamhuinn Teathbha.

Do ghabh Eidirsceol mac Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit lé Nuadha Neacht i n-Aillinn.

Do ghabh Nuadha Neacht mac Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Lóithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Fearadhaigh Finn mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin


p.230

ríoghacht Éireann leithbhliadhain. Is uime do gairthí Nuadha Neacht dhe, ón fhocal nix .i. sneachta. Óir do samhaltaoi gile a chneis ris an sneachta; agus do thuit an Nuadha-so lé Conaire Mór mac Eidirsceoil.

Do ghabh Conaire Mór mac Eidirsceoil mic Eoghain mic Oiliolla mic Iair mic Deaghaidh mic Sin mic Roisin mic Triuin mic Roithriuin mic Airndil mic Maine mic Forga mic Fearadhaigh mic Oiliolla Érann mic Fiachach Fir Mara mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, deich mbliadhna is trí fichid.

Is é an Conaire Mór-so céadduine lér tógbhadh éiric a athar .i. Eidirsceoil ar Laighnibh. Do thógbhadar an drong-so 'n-ar ndiaidh an éiric chéadna soin ar Laighnibh, mar atá Oilill Ólom, Eoghan mac Oiliolla, Fiachaidh Muilleathan, Oilill Flann Beag, Lughaidh mac Oiliolla Flann Big, agus Corc mac Luighdheach. Fá hí sium na héarca soin, trí céad bó fhionn; trí céad leann; trí céad torc; is trí céad cloidheamh órdha; agus tugadh Osruighe leis an Mumhain do roinn, mar atá ó Ghabhrán go Gréin Airbh láimh ré Móin Éile; agus tugadar rátha na n-uile dúl ré híoc na héarca soin go bráth, amhail adeir an seancha san rann-so:

    1. Osruighe ó Ghabhrán go Gréin
      Tugadh d'éiric Eidirscéil,
      Mumhain toghuidhe thoigh,
      Is Conaire ros ceangoil.
Tuig, a léaghthóir, gurab do shliocht an Chonaire-se Éarna Mhumhan agus Dál Riada i n-Albain, agus gurab i n-aimsir Duach Dallta Deaghaidh tángadar Éarna don Mhumhain; agus do réir Chormaic 'n-a Psaltair is iad clanna Rudhruighe do thathfainn don Mhumhain iad iar mbriseadh ocht gcatha orra; gur ghabhadar neart mór san Mhumhain da éis sin ó aimsir Dhuach Dallta Deaghaidh go haimsir Mhogha Nuadhat, ionnus gur ruagadar do réir an Leabhair Mhuimhnigh síol Éibhir siar

p.232

go reannaibh Ó Ráthach go himeall is go hoiléanaibh iarthair Mhumhán iar ngabháil cheannais na críche dóibh féin go haimsir Mhogha Nuadhat lér díbreadh iad. Agus fá dheireadh do thuit an Conaire Mór-so i m-Bruighin Da Bhearg lé h-Aingcéal Caoch mac ríogh Breatan.

Do ghabh Lughaidh Riabh nDearg mac na dtrí bhFinneamhna mic Eochach Feidhligh mic Finn mic Finnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamhain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Tuirbhigh Teamhrach do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, sé bliadhna fichead. Dearbhorgaill inghean Fargaill Ríogh Lochlonn fá bean do Lughaidh Riabh nDearg. Is uime do gairthí Lughaidh Riabh nDearg dhe do bhrígh go raibhe ciorcaill dearg timcheall a bhrághad is ciorcaill oile timcheall a mheadhóin; óir is iad na trí Finn do rinne ré n-a ndeirbhshiair é, Chlothra inghean Eochach Feidhligh a hainm, ar mbeith ar meisce dhóibh; gonadh ag faisnéis an ghníomha soin atá an rann seanchusa-so síos as a dtuigfidhear gurab í an Clothra-so lé rugadh Lughaidh Riabh nDearg da dearbhráthraibh rug Criomhthainn Nia Nár don Lughaidh chéadna soin fá mac di féin. Ag so an rann:

    1. Lughaidh Riabh nDearg do Chriomhthainn chain
      Fá athair is bráthair;
      Is Clothra an chrotha ghnáthaigh
      Da mac ro ba seanmháthair.

Do measadh an tráth soin gurab lé mac dhíobh dar bh'ainm Nár fá cosmhail a raibhe ón chiorcaill uachtair suas do Lughaidh Riabh nDearg agus ré Breas a raibhe idir an dá chiorcaill, agus ré Lotar a raibhe ón dá chrios síos. Is amhlaidh do thuit an Lughaidh-se .i. lingeadh ar a chloidheamh do rinne go ndeachaidh tríd.

Do ghabh Conchubhar Abhradhruadh mac Finn Fhileadh mic


p.234

Rossa Ruaidh mic Fearghusa Fairrge mic Nuadhat Neacht mic Séadna Siothbhaic mic Luighdheach Loithfhinn mic Breasail Bhric mic Fiachach Foibhric mic Oiliolla Ghlais mic Fearadhaigh Foghlais mic Nuadhat Fullóin mic Eallóit mic Airt mic Mogha Airt mic Criomhthainn Choscraigh mic Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhreoghamain mic Aonghusa Ollamhan mic Oiliolla Bracáin mic Labhradh Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aonbhliadhain amháin. Agus is uime do gairthí Conchubhar Abhradhruadh dhe, do bhrígh gurab fabhradha ruadha do bhí ag a shúilibh; agus fá dheireadh do thuit sé lé Criomhthann Nia Nár.