Tuig, a léaghthóir, dá gcuirinn síos annso mar do thuit Cú Chulainn lé clannaibh Cailitín agus Fear Diadh mac Damhain lé Coin g-Culainn agus na seacht Maine fá clann d'Oilill Mhór is do Mheidhbh agus iomad oile do churadhaibh calma nach áirmhighthear annso, go mbiadh eachtra adhbhal ré a hiomluadh orra. Gidheadh ma's maith leat a bhfios go foirleathan d'fhagháil léaghthar leat Brisleach Mhuighe Muirtheimhne, Oidhidh na g-Curadh, nó Táin Bó Cuailgne, nó Táin Bó Reaghamain, nó Deargruathar Chonaill Chearnaigh, nó Feis Eamhna, nó Táin Bó Fliodhais, nó a samhail oile so do stairibh atá ré a bhfaicsin i n-Éirinn aniú, agus do-ghéabhair luadh go líonmhar ar an druing thuas is ar iomad do churadhaibh is do chathmhíleadhaibh oilear a ndálaibh is ar a n-imtheachtaibh ionnta.
Acht cheana measaim nach indéanta dearmad do Choinrí mac Dáire annso gan fachain a bháis do chur síos, ar mbeith 'n-a thréinfhear dó is 'n-a fhior comhaimsire ag Conchubhar agus ag na curadhaibh. Morann Mhanannach máthair Chonraoi mic Dáire, amhail adeir an file san rann-so:
- Morann Mhanannach miadh nglé,
Inghean Ír mic Uinnsidhe;
Siúr Eochach Eachbheoil fá hí
Máthair Chonraoi mic Dáirí.
Trí haicmeadha iomorro do bhí do thréinfhearaibh i n-Éirinn i gcomhaimsir; agus ní raibhe rompa ná ó shin a leithéid do mhacaibh Míleadh ba mhó ba arrachta ba cródha ba cliste is ba calma i gcathláithribh is i gcleásaibh goile is gasceadh ioná iad, ó nár chomhmheasta Fian Laighean riú. An chéadaicme dhíobh curaidh na Craoibhe Ruaidhe fá Chonchubhar; an dara haicme Gamhanruidh Iorrais Domhnonn fá Oilill Fhionn,
Is é ní da dtáinig bás Chonraoi: coimhéirghe do chuadar curaidh na Craoibhe Ruaidhe d'argain oiléin mhara láimh re h-Albain da ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir is airgid is iolmhaoine agus iomad do sheoidibh uaisle oile, agus inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire i gcruth is i scéimh ag tighearna an oiléin. Blánaid fá hainm di. Agus mar do chuala Cúraoi na curaidh ag triall sán turas soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i mbréigriocht go ndeachaidh san chomhdháil; agus ar mbeith ar tí airgthe an oiléin dóibh i bhforbhais bhfear bhfalgha, do mheasadar docamhal mór do bheith i ngabháil an dúin do bhí san oiléan mar a raibhe Blánaid is seoide uaisle an oiléin uile, ar dhaingne an dúin is ar iomad draoidheachta na druinge do bhí ag a chosnamh. Is ann sin adubhairt Cúraoi do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna dá bhfaghadh rogha seoide da raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais Cú Chulainn sin dó agus leis sin tugadar ucht ar an dún agus fear an bhruit lachtna 'n-a dtosach gur fastadh an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhoras an dúnaidh leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leo, agus go dtugsad Blánaid agus a raibhe do sheoidibh uaisle ann as. Triallaid as sin i n-Éirinn go rochtain Eamhna dhóibh agus ar mbeith ag roinn na seod dóibh iarrais fear an bhruit lachtna rogha seoide amhail do gealladh dó. Do-ghéabhair ar Cú Chulainn. Maiseadh ar sé is í Blánaid mo rogha do na seoidibh. Do rogha do na seoidibh oile dhuit ar Cú Chulainn acht Blánaid amháin. Ní ghéabh a malairt ar fear an bhruit lachtna. Leis sin iarrais Cúraoi árach ar Bhlánaid d'fhuadach, go dtug amus ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta. Mar do mhothuigh Cú Chulainn easbhaidh na hinghine air do
Dála Bhlánaide, adubhairt ré Coinrí gur bh'oircheas dó cathair do dhéanamh dó féin do-bhéaradh barr ar ríoghphortaibh Éíreann uile; agus gurab amhlaidh budh éidir sin do dhéanamh clanna Deaghaidh do chur do chnuasach is do chruinniughadh a rabhadar do liagaibh cloch 'n-a seasamh i n-Éirinn do dhéanamh
Téid file Chonraoi, Feircheirtne a ainm, i ndiaidh Bhlánaide i n-Ulltaibh, i ndóigh go bhfuighbheadh árach ar Bhlánaid do mharbhadh i ndíoghail Chonraoi; agus ar rochtain i n-Ulltaibh dó, fuair Conchubhar is Cú Chulainn is Blánaid go gcomhdháil umpa ag rinn Chinn Bheara; agus mar do chonnairc an file Blánaid 'n-a seasamh ar bruach aille ann téid da hionnsuighe agus iadhais a lámha uimpe, gur chuir é féin agus í d'urchor ris an aill, gur marbhadh amhlaidh sin iad.