Iar marbhadh iomorro Oiliolla lé Conall Cearnach do chuaidh Meadhbh do chomhnuidhe go h-Inis Clothrann ar Loch Ríbh agus ar mbeith 'n-a comhnuidhe ann sin di ba geis di í féin d'fhothragadh san tobar do bhí i ndoras na hinse gacha maidne; agus ar n-a chlos sin d'Fhorbuidhe mac Conchubhair táinig lá n-aon go huaigneach d'fhios an tobair, agus do thomhais lé snáth lín ó bhruach an tobair gus an leith oile don loch agus beiris an tomhas céadna leis i n-Ulltaibh; agus is eadh do ghníodh, dá chuaille do chur i dtalamh agus ceann an tsnáithe do cheangal da gach cuaille dhíobh agus ubhall do chur ar mullach cuaille aca agus é féin do sheasamh ag an gcuaille oile agus bheith ag síorlámhach as a chranntabhaill go dtugadh amus ar an ubhall do bhíodh ar bárr an chuaille oile go mbuaileadh é. Do cleachtadh leis iomorro an cluithche sin ionnus go raibhe cliste air go nach teibeadh aonurchar air gan an t-ubhall d'amus. Tárla trá go grod da éis sin comhdháil idir Ulltachaibh is Connachtaigh da gach leith don t-Sionainn ag Inis Clothrann agus tig Forbuidhe anoir i gcomhdháil na n-Ulltach. Agus maidean da raibhe ann do chonnairc Meadhbh ag a fothragadh féin amhail ro chleachtadh san tobar réamhráidhte; agus leis sin do-ní cloch d' inneall 'n-a chranntabhaill go dtug urchar da hionnsuighe gur amuis 'n-a héadan í, go bhfuair bás ar an láthair sin iar mbeith ocht mbliadhna déag si cheithre fichid i gceannas Connacht di, amhail adubhramar thuas.
Tugamar anuas annso gabhlán ar na curadhaibh ar mbeith 'n-a lucht comhaimsire ag Meidhbh dhóibh. Gidheadh
- Trí hingheana Eochach Feidhlioch,
Fuaim ar fochla
Eithne Uathach Meadhbh chaoin Chruachan
Agus Clothra.
Do-dhéanam athchasadh arís ar Chonchubhar agus cuirfeam síos annso cuid da dhálaibh. Fá hí iomorro inghean Eochach Sálbhuidhe do Chonnachtaibh a mháthair dar bh'ainm Neasa, agus do gairthí uaithe é. Gidheadh fá hé Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe do shliocht Ír mic Míleadh fá hathair dó; agus an tan do bhádar na cúigeadhaigh ag iarraidh teorann gacha cúigidh fá leith, is ann tug Cairbre Nia Fear rí Laighean i gcommaoin inghine Chonchubhair d'fhaghbháil 'n-a mnaoi dhó féin, an mhír atá ó Loch an Chúigidh i m-Breaghaibh agus ó Theamhair go fairrge do Chúigeadh Uladh, agus trí triúcha céad iomlána na míre sin, amhail adeir an file:
Feidhlim Nuachrothach ainm na hinghine lé bhfuair an sochar-so; agus do chuaidh go hainmhianach ar éalódh lé Conall Cearnach ó rígh Laighean.
- Dia rannta chóig cóigidh Éireann
Idir dá mhuir, mór an cead,
Rug trí triúcha céad lé a chuibhreann
Conchubhar, níor chaoileang bheag.
Dála Chonchubhair tárla mac is fiche aige agus do rinne corbadh do dhruim mheisce ré n-a mháthair féin go rug sí Cormac Conluingeas dó. Ionann iomorro Cormac is Corbmac do bhrígh gurab tré chorbadh do rinne Conchubhar Cormac ré n-a mháthair féin, Neasa fá hainm dhi. Agus is i ndíol an mhíghníomha soin do chuadar a mhic uile gan sliocht acht triúr
Is é an Conchubhar-so mac Fachtna Fáthaigh agus a bhráithre tug Cath Aonaigh Macha do Dhabhall Dianbhuilleach mac airdríogh Lochlonn. Ba dío-áirimh trá an sluagh baoi mar aon ré mac ríogh Lochlonn an tan soin ag teacht do ghabháil Éireann. I g-Cúigeadh Uladh is ann tángadar i dtír, agus triallaid rompa iar sin go Magh Macha. Do thionóilsiod clanna Rudhruighe um Chonchubhar i n-aghaidh na n-allmhurrach do thabhairt chatha dhóibh. Adubhairt Geanann Gruadhsholus mac Cathbhaidh ria a mhuinntir an tan soin. Is tearc bhar sluagh, a Ullta, ar sé, agus is óg amhulchach gach aon agaibh. Créad do-dhéanam uime sin, ar cách; Maseadh, ar Geanann, tabhraidh iomad d'olainn léith libh agus cruaidhcheanglaidh an olann da bhar n-aighthibh ionnus go madh móide gráin is eagla na n-allmhurrach romhaibh an ní sin amhail budh ríoghlaoich sibh. Do rinneadar uile comhairle Gheanainn gach aon ba hamhulchach .i. gach aon ar nach raibhe féasóga aca. Tugadh an cath iar soin, is do briseadh do na hallmhurrchaibh agus do cuireadh a n-ár ann; gonadh ón gcath soin Aonaigh Macha adeirtear Ulaidh riú.
Is é ní iomorro da dtáinig a bhás, Cú Chulainn do chuaidh d'fhoghluim chleas ngoile go Scáthaigh, banghaisceadhach do bhí i n-Albain; agus tárla inghean álainn i n-Albain an tan soin dar bh'ainm Aoife inghean Airdghéime tug grádh éagmaise do Choin g-Culainn ar a airdscéalaibh go dtáinig da fhios gur chumaisc sí féin is Cú Chulainn ré chéile go dtárla mac 'n-a broinn. Agus ar mbeith ag triall i n-Éirinn do Choin g-Culainn iar bhfoghluim na gcleas lúith ó Scáthaigh, téid do