Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 34

XXXIV.

Ag so síos do bhás Cheit mic Mághach.

Ba tréinfhear an Ceat-so is fá biodhbha biothfhoghlach ar Ulltachaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá ndeachaidh an Ceat-so i n-Ulltachaibh do dhéanamh díbhfeirge mar fá gnáth leis; go dtarla sneachta mór fán am soin ann; agus ag tilleadh dhó is trí cinn laoch aige do marbhadh leis san turas soin, tig Conall Cearnach ar a lorg gur chuir fá ghreim ag Áth Ceit é, gur comhraicsiod re chéile gur thuit Ceat san chomhlann agus gur tromghonadh Conall, gur thuit i néall ar an láthair iar dtréigean iomad fola dhó. Agus leis sin, tig Béalchú Bréithfne tréinfhear do Chonnachtaibh go láthair an chomhraic mar a bhfuair Ceat marbh is Conall i gcrothaibh báis, agus adubhairt gur mhaith an scéal an dá onchoin sin da dtáinig aidhmhilleadh Éireann do bheith sna hainreachtaibh sin. ‘Is fíor sin’ ar Conall ‘agus i ndíol a ndearna mise do dhochar do Chonnachtaibh marbh-sa mé.’ Is uime iomorro adubhairt sin do bhrígh gomad fearr leis ioná flaitheas Éireann laoch éigin oile da ghoin ionnus nach biadh clú a mharbhtha ar aon laoch amháin do Chonnachtaibh. ‘Ní mhuirfead tú’ ar Béalchú ‘óir is geall ré bheith marbh dhuit an riocht 'n-a bhfuilir. Gidheadh béar liom tú agus cuirfead leigheas ort; agus ma's téarnódh ód othras duit do-dhéan comhrac aoinfhir riot, go ndíoghaltar liom ort gach dochar is gach díoth dar himreadh leat ar Chonnachtaibh.’ Agus leis sin cuiris iomchar faoi agus beiris leis da theach féin é, gur chuir leigheas air ann, go beith da chréachtaibh cneasuighthe.

Mar do mheas iomorro Béalchú eisean ag téarnódh agus a neart féin ag fás arís ann, do ghabh eagla ré g-Conall é, agus ollmhuighthear triúr laoch da chloinn lé Béalchoin ré marbhadh Conaill i bhfeall san oidhche ar a leabaidh. Gidheadh


p.208

fuair Conall dóigh ar chogar na ceilge sin. Agus an oidhche do bhí a bhara fán gcloinn teacht do dhéanamh na feille adubhairt Conall ré Béalchoin go gcaithfeadh malairt leaptha d'fhágháil uaidh nó go muirbhfeadh é. Agus leis sin luighis Béalchú, gér leasc ris é, i leabaidh Chonaill agus do luigh Conall i leabaidh Bhéalchon go dtángadar an triúr laoch soin fá clann do Bhéalchoin d'ionnsuighe na leaptha 'n-a mbíodh Conall, gur marbhadh a n-athair i riocht Chonaill leo. Mar do mhothuigh iomorro Conall iad-san ar marbhadh a n-athar 'n-a riocht féin, do ling orra is marbhthar iad a dtriúr leis, agus dícheanntar leis iad mar aon ré n-a n-athair, go rug ar n-a mhárach a gcinn da gcomhmhaoidheamh go h-Eamhain; gonadh ag maoidheamh an ghníomha-so atá an rann-so as an seanchus:
    1. Fá do cheardaibh Chonaill Chearnaigh
      Ionnradh Manann argain mogh
      Is goin trí mac Béalchon Bréithfne
      Iar ngoin Luighdheach mic trí gcon.

Gonadh é marbhadh Cheit mic Mághach is Bhéalchon Bréithfne go n-a trí macaibh go ró so. Gidheadh is iomdha éacht adhbhal leis so do féadfaidhe do chomhmhaoidheamh ar Chonall fhuigfeaim don chur so gan chur síos.

Ag so síos an ní da dtáinig bás Fheargusa mic Róigh.

Ar mbeith iomorra d'Fhearghus ar deoraidheacht i g-Connachtaibh, tarla i bhfochair Oiliolla is Meadhbha é i Maigh Aoi, áit a raibhe dúnphort comhnuighthe aca; agus lá n-aon dar éirgheadar amach ar bruach locha do bhí láimh ris an lios, iarrais Oilill ar Fhearghus dul do shnámh ar an loch, agus téid Fearghus ann. Ar mbeith cheana d'Fhearghus ag snámh do ghabh mian Meadhbh dul do chomhshnámh ris agus ar ndul san loch di i bhfochair Fhearghusa do ghabh éad Oilill agus tug ar bhráthair dó féin do bhí 'n-a fhochair dar bh'ainm Lughaidh Dailléigeas urchar sleighe do chaitheamh ré Fearghus go dtarla


p.210

tré n-a chliabh agus tig Fearghus i dtír lé goin an urchair sin, agus gaduis an tsleagh as féin, go dtug amus urchair go h-Oilill go dtarla tré mhíolchoin do bhí láimh ré n-a charbad í; agus leis sin tuitis Fearghus agus fuair bás, gur haidhnaiceadh ar bruach an locha céadna é. Is é an Fearghus-so do mharbh Fiachna mac Conchubhair agus an tréinfhear Geirrgheann mac Molladha agus Eoghan mac Durrthachta rí Fearnmhuighe is iomad curadh is caithmhíleadh ar cheana nach luaidhfeam annso. Is é fós tug an táin mhór leis a h-Ulltaibh da dtáinig iomad uilc is easaonta idir Chonnachta is Ulltaigh ionnus go rabhadar an dubhloingeas táinig ar deoraidheacht lé Fearghus a h-Ulltaibh seacht mbliadhna i g-Connachtaibh, nó deich mbliadhna do réir dhruinge oile, ag déanamh fíorluit is foghla ar Ulltachaibh tré bhás mac n-Usnuigh agus Ulltaigh mar an gcéadna ag déanamh díbhfeirge orra-san is ar fhearaibh Connacht trés an dtáin rug Fearghus uatha, agus trés gach dochar oile da ndearna an dubhloingeas .i. an sluagh deoraidheachta do chuaidh lé Fearghus i g-Connachtaibh, agus fir Chonnacht féin dóibh; ionnus go rabhadar na díotha is na dochair do rinneadar leath ar leath da chéile comh mór soin go bhfuilid leabhair scríobhtha orra budh liosta ré a luadh agus budh fada ré a bhfaisnéis annso.

Ag so síos an t-adhbhar fá dtáinig bás Laoghaire Bhuadhaigh.

File iomorro do bhí ag Conchubhar da ngairthí Aodh mac Ainninn do liamhnadh ar Mhaghain bean Chonchubhair; agus ar n-a fhionnochtadh sin dó, is í breath rug ar an bhfilidh a chur da bháthadh i Loch Laoghaire; agus tángadar drong leis ar fhógradh an ríogh gus an loch da bháthadh; agus ar n-a fhaicsin sin do reachtaire Laoghaire Bhuadhaigh téid go Laoghaire agus adubhairt nach raibhe i n-Éirinn áit 'n-a mbáithfidhe an file acht 'n-a dhoras san. Leis sin lingis Laoghaire amach is


p.212

tarla fardoras an tighe do chúl a chinn gur briseadh a sheicne, agus da éis sin lingis go dásachtach ar chách gur mharbh iad is gur fóireadh an file leis; agus éagais féin ar an láthair sin; gonadh í sin críoch Laoghaire Bhuadhaigh.