Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 33

XXXIII.

Ag so síos ar dtús go haithghearr éirim na heachtra da dtáinig bás Chonchubhair.

Nós iomorro do bhíodh fán am soin ann mar ghríosadh ar lucht gaiscidh ré mbeith calma i gcomhlannaibh dóibh, mar atá mír curaidh mar chomhartha buadha do thabhairt don tí ba foirtille i bhfeidhm aoinfhir, agus ag a mbíodh buaidh láithreach gaiscidh ar a chéile comhraic. Táinig cheana don nós-so go dtarla imreasan fán gcuraidhmhír idir Chonall Chearnach agus Choin g-Culainn agus Laoghaire Buadhach i n-Eamhain; gur iarr Conall inchinn Mheisceadhra .i. tréinfhear calma do Laighnibh do marbhadh leis féin i gcomhlann aoinfhir; agus ar dtáispeanadh inchinne an tréinfhir sin, do léig Laoghaire is Cú Chulainn da gcoimhmheas ré Conall, ar n-a mheas nach dearna ceachtar díobh féin a chomhmór soin do ghníomh goile ná gaiscidh riamh. Fá béas iomorro fán am soin cibé tréinfhear lé dtuitfeadh tréinfhear táscamhail oile, go mbeanadh a inchinn as a cheann is go gcumascadh aol tríthe go mbíodh 'n-a liathróid chruinn chruaidh aige aga taispeánadh ar aonaighibh is i gcomhdhálaibh coitcheanna mar chomhartha buaidhe gaiscidh. Agus mar do chonncadar dá óinmhid do bhí ag Conchubhar méad an cheana do bhíodh ag cách ar an inchinn, gadtar leo ar n-a mhárach as an g-Craoibh Dheirg Chonchubhair í. Trí háruis iomorro do bhíodh i n-Eamhain ré linn Chonchubhair mar atá Bróin Bhearg is Craobh Dhearg is Craobh Ruaidh. San chéidteach do bhídís a n-othair, agus is uime sin ráidhtear Bróin Bhearg ria, do bhrígh go mbídís na hothair do bhíodh innte fá bhrón is fá mhéala ó ghoimh na ngon is na ngalar do bhíodh orra innte. An dara teach da ngairthí Craobh Dhearg is ann do bhídís na hairm is na seoid uaisle i gcumhdach; agus is uime sin do cuireadh inchinn Mheisceadhra i dtaiscidh ann mar gach seod uasal oile. An treas teach do bhíodh ag


p.200

Conchubhar, an Chraobh Ruaidh do gairmthí dhi. Is innte do riarthaoi é féin mar aon ré líon a laochraidhe.

Dála an dá óinmhid iar mbreith inchinne Mheisceadhra as an g-Craoibh Dheirg amhail adubhramar, do chuadar ar faithche na h-Eamhna go rabhadar ag iomáin na hinchinne amhail liathróid ó láimh go láimh go dtáinig onchú uilc ar Ulltachaibh .i. Ceat mac Mághach tréinfhear do Chonnachtaibh, gur bhréag inchinn Mheisceadhra ó na hóinmhidibh is go rug leis i g-Connachtaibh í, agus gacha mhionca do thigeadh i n-iorghail nó i gcath i n-aghaidh na n-Ulltach do bhíodh inchinn Mheisceadhra ar a chrios aige i ndóigh éachta do dhéanamh ar Ulltachaibh. Óir do bhí i dtairrngire Meisceadhra da dhíoghail féin ar Ulltachaibh d'éis a bháis; agus do mheas gurab don inchinn do thiocfadh fíoradh na fáistine sin. Gonadh uime sin do chleachtadh Ceat inchinn Mheisceadhra do bheith ar iomchar aige do shúil ré neach éigin d'uaislibh Uladh do mharbhadh lé. Téid iomorro Ceat go sluagh líonmhar maille ris do chreachadh Uladh, go dtug táin mhór bó a Fearaibh Rois i n-Ulltaibh, agus leanaid drong mhór d' Ulltaibh é; agus cruinnighid fir Chonnacht don leith anoir d' fhortacht Cheit, agus Conchubhar don leith aniar d'fhortacht Ulltach. Mar do chualaidh trá Ceat go raibhe Conchubhar san tóraidheacht, cuiris fios go bantracht Chonnacht do bhí ar chnoc ag feitheamh an dá shluagh, ag iarraidh orra Conchubhar do bhréagadh da bhféachain féin, ar mbeith 'n-a dhuine shochma sholabhartha dhó, óir ní léigfidis Ulltaigh é san chath i gcoinne Chonnacht.

Ar n-a chlos iomorro do Chonchubhar go raibhe mian ar an mbantracht é féin d'fhaicsin, triallais 'n-a aonar ón tulaigh 'n-a raibhe d'fhios an bhantrachta; agus tig Ceat ós íseal don leith oile go raibhe i meadhón an bhantrachta d' oirchill ar Conchubhar do mharbhadh. Ar mbeith cheana do Chonchubhar ag tigheacht i ngar don bhantracht éirghis Ceat agus do-ní inchinn Mheísceadhra d' inneall 'n-a chranntabhaill ré Conchubhar


p.202

do mharbhadh. Ar bhfaicsin iomorro Cheit dó, triallais tar a ais i measc a mhuinntire féin; agus ag dul go Doire Dá Bhaoth dhó, tug Ceat urchar d' inchinn Mheisceadhra as a chranntabhaill 'n-a dhiaidh, gur bhuail 'n-a bhaitheas é, gur briseadh a sheicne don urchar soin, gur lean inchinn Mheisceadhra da bhaitheas; agus leis sin tigid a mhuinntear féin da fhóirthin ó Cheat. Cuirid fios an tráth soin i gcoinne Fínghin Fáithliaigh agus ar dtigheacht do láthair is eadh adubhairt dá mbeantaoi an meall soin as a cheann go bhfuighbheadh bás do láthair. ‘Is fearr linn,’ ar cách, ‘ar rí do bheith ainmheach ioná a éag.’ Leighistear lé Fínghin é, agus adubhairt ris ainnséin gan fearg do dhéanamh ná luighe ré mnaoi ná dul ar each ná feidhm foiréigneach do dhéanamh, agus da ndearnadh, lé gluasacht friothbhuailte a inchinne féin, go dteilgfeadh an meall as a cheann is go bhfuighbheadh bás.

Mar sin dó seacht mbliadhna gus an Aoine 'n-ar crochadh Críost do réir dhruinge ré seanchus; agus mar do chonnairc claochlódh neamhghnáthach na ndúl is urdhubhadh na gréine san éasca lán, fiafruighis do Bhacrach draoi do Laighnibh do bhí 'n-a fhochair, créad da dtáinig an mhalairt neamhghnáthach soin ar reannaibh nimhe is talmhan. ‘Íosa Críost mac Dé,’ ar an draoi, ‘atá ag a bhásughadh anois ag Iuduidhibh.’ ‘Truagh sin,’ ar Conchubhar, ‘dá mbeinn-se 'n-a láthair do mhuirbhfinn a raibhe timcheall mo Ríogh dá bhásughadh ’; agus leis sin tug a chloidheamh amach agus téid fá dhoire choille do bhí láimh ris gur ghabh ag a ghearradh is ag a bhuain; agus is eadh adubhairt dá mbeith i measc na n-Iuduidheach gurb é sin díol do bhéaradh orra; agus ar mhéid na dásachta do ghabh é do ling an meall as a cheann go dtáinig cuid da inchinn 'n-a dhiaidh, agus leis sin go bhfuair bás. Coill Lamhruidhe i bh-Fearaibh Rois ghoirthear don mhuine choille sin.

Ar mbeith marbh do Chonchubhar tairgthear ríoghacht Uladh don tí do bhéaradh corp Chonchubhair leis gan scíth go h-Eamhain. Tarla giolla ag Conchubhar ar an láthair sin dar bh'ainm


p.204

Ceann Bearroide agus i ndóigh ris an ríoghacht da rochtain féin tógbhais an corp go calma agus rug leis go h-Ardachadh Sléibhe Fuaid é, gur bhris a chroidhe agus go bhfuair bás ann sin. Gonadh trés an ngníomh-so atá an seanfhocal adeir gurb i ríoghacht Chinn Bearroide iarrais neach an tan chuireas roimhe go huaillmhianach céim do rochtain is aoirde ioná mar do fhéadfadh do ghreamughadh.

Acht cia chuirid ughdair an tseanchusa síos an stair-se Chonchubhair agus gurb fhear comhaimsire do Chríost é, do réir fírinne an tseanchusa ní rugadh Críost go haimsir imchian i ndiaidh Chonchubhair; agus is amhlaidh atá fírinne na staire-se gur thairrngir Bacrach draoi do Laighnibh tré fháistine go ngeinfidhe Críost an Tairrngirtheach Mac Dé; agus go ngéabhadh colann agus go n-imeoraidís na h-Iodhail bás air, agus gurab de do thiocfadh fuascladh an chinídh dhaonna a hanbhroid an aibhirseora. Agus ar n-a chlos sin do Chonchubhar do ghabh dásacht amhail adubhramar é; agus do ghabh tré chomhmbáidh ré Críost ag gearradh choille Lámhruídhe i ríocht na n-Iodhal go bhfuair bás don bhfeidhm sin. Cibé iomorro do chuirfeadh i n-iongantas go bhféadfadh Bacrach nó draoi oile da raibhe Págánta bás Chríost do thairrngire, ciodh fár chóra do na Sibillae do bhí Págánta Críost ria n-a ghein do réamhfhaicsin ioná do Bhacrach nó da shamhail oile? Uime sin ní díchreidte an stair mar so.


p.206