Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 32

XXXII.

Lá n-aon iomorro da ndeachaidh Conchubhar rí Uladh do chaitheamh fleidhe go tigh Fheidhlimidh mic Daill, scéaluidhe Conchubhair, agus ré linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh inghean álainn, agus do rinne Cathbhadh draoi tarla san chomhdháil an tan soin tuar is tairrngire don inghin go dtiocfadh iomad dochair is díotha don chúigeadh da toisc. Ar n-a chlos sin don laochraidh do thogradar a marbhadh do láthair. ‘Ní déantar’ ar Conchubhar ‘acht béaraidh mise liom í agus cuirfead da hoileamhain í go raibhe 'n-a haonmhnaoi agam féin.’ Deirdre do ghairm an draoi Cathbhadh dhi. Do chuir Conchubhar i lios ar leith í agus oide is buimeach da hoileamháin; agus ní lámhadh neach don chúigeadh dul 'n-a láthair acht a hoide is a buimeach is bancháinteach Chonchubhair da ngairthí Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair dhi, agus gur chinn ar mhnáibh a comhaimisire i scéimh. Tarla iomorro da hoide laogh do mharbhadh ré proinn d'ollmhughadh dhisi lá sneachta; agus iar ndortadh fhola an laoigh san sneachta cromais fiach dubh da hól. Agus mar thug Deirdre sin da haire adubhairt ré Leabharchaim gomadh maith lé féin fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha adchonnairc mar atá; dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, is dath an tsneachta ar a chneas. ‘Atá a shamhail sin d'fhior ré ráidhtear Naoise mac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san teaghlach.’ ‘Maseadh, a Leabharcham,’ ar sí, ‘guidhim-se thusa a chur dom agallmha gan fhios.’ Agus nochtais Leabharcham an ní sin do Naoise. Leis sin táinig Naoise ós íseal i ndáil Deirdre, agus cuiris i suim méad a seirce dhó agus iarrais air í féin do bhreith ar éalódh ó Chonchubhar. Tug Naoise aonta leis sin, gér leasc leis d'eagla Chonchubhair é.


p.192

Triallais féin is a dhá bhráthair .i. Ainle is Ardán agus Deirdre is trí caogad laoch mar aon riú, go h-Albain, áit i bhfuaradar congbháil buannachta ó rígh Alban go bhfuair tuarasgbháil scéimhe Deirdre is gur iarr 'n-a mnaoi dhó féin í. Gabhais fearg Naoise go n-a bhráithribh uime sin, agus triallaid a h-Albain i n-oiléan mhara ar teitheadh ré Deirdre, tar éis iomad coinbhliocht do thabhairt do mhuinntir an ríogh is dóibh féin da gach leith roimhe sin. Acht cheana ar n-a chlos i n-Ulltaibh go rabhadar mic Uisneach san éigcandáil sin adubhradar móran d'uaislibh an chúigidh ré Conchubhar gur thruaighe clann Uisneach do bheith ar deoraidheacht tré dhrochmhnaoi, agus gomadh cóir fios do chur orra is a dtabhairt don tír. Do-bheir Conchubhar aonta ris sin ar impidhe na n-uasal agus tug Fearghus mac Róigh is Dubhthach Daol Uladh is Cormac Conluingeas i slánadh air féin fá bheith díleas dóibh. Ar na heachtaibh sin cuiris Fearghus mac Róigh Fiachaidh a mhac féin i gcoinne chloinne hUisneach go dtug leis i n-Éirinn iad go n-a mbuidhin agus Deirdre mar aon riú; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh go rochtain fhaithche na h-Eamhna dhóibh.

Tarla Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhaighe orra ar an bhfaithche go sluagh líonmhar maille ris ré feall do dhéanamh ar chloinn Uisneach ar fhoráileamh Chonchubhair; is mar rángadar clann Uisneach do láthair téid Eoghan d'fháiltiughadh ré Naoise, agus ris an bhfáilte cuiris sáthadh sleighe thríd. Mar do chonnairc Fiachaidh mac Fearghusa sin lingeas idir Eoghan is Naoise go dtug Eoghan an dara sáthadh ar Fhiachaidh gur mharbh mar aon ré Naoise é; agus da éis sin lingis Eoghan is a shluagh ar chloinn Uisneach, gur marbhadh leo iad, agus go dtugadar deargár a muinntire.

Mar do chualaidh iomorro Fearghus is Dubhthach marbhadh chloinne hUisneach tar a slánadh féin triallaid d' ionnsuighe na h-Eamhna, agus tugadar féin is muinntear Chonchubhair coimheascar da chéile gur thuit Maine mac Conchubhair leo


p.194

agus trí chéad laoch da muinntir mar aon ris. Loiscthear is airgthear Eamhain is marbhthar bantracht Chonchubhair leo; agus cruinnighid a rannta da gach leith iad féin is Cormac Conluingeas; agus fá hé líon a sluagh an tan soin, trí mhíle laoch; agus triallaid as sin i g-Connachtaibh go Meidhbh is go h- Oilill mar a bhfuaradar fáilte is fastódh. Ar rochtain ann sin dóibh ní bhídís aonoidhche gan lucht foghla uatha ag argain is ag loscadh Uladh. Mar sin dóibh gur loisceadh críoch Chuailgne leo—gníomh da dtáinig iomad dochair is díbhfheirge idir an da chúigeadh; is do chaitheadar seacht mbliadna ar an ordughadh soin gan osadh aonuaire eatorra; agus is don leith istigh don ré sin do chumaisc Fearghus ar Mheidhbh, gur toircheadh leis í, go rug sí triúr mac d'aontoirbheart dó, mar atá Ciar is Corc is Conmhac, amhail adeir an file:
    1. Torrach Meadhbh i g-Cruachain chaoin
      Ó Fhearghus nar thuill tathaoir;
      Go rug triar gan locht nar lag
      Ciar is Corc is Conmhac.
Is ón g-Ciar-so ráidhtear Ciarraidhe Mumhan, agus is ar a shliocht atá Ó Conchubhair Ciarraidhe. Ó Chorc atá Corca Moruadh agus Ó Chonmhac ráidhtear gach Conmhaicne da bhfuil i g-Connachtaibh; agus cibé léighfeas an duain do rinne Lughair file Oiliolla darab tosach: Clann Fhearghusa clann ós cách: do-ghéabhaidh go follus gurab mór an t-arrachtas is an neart do ghabhadar an triúr mac soin Meidhbhe i g-Connachtaibh agus san Mumhain. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na tíorthaibh atá ainmnigthe uatha san dá chúigeadh soin.

Dála Dheirdre da dtángadar na gníomha do luaidheamar, do bhí i bhfochair Chonchubhair feadh bliadhna d'éis mharbhtha chloinne hUisneach; agus ge madh beag tógbhail a cinn nó gean gáire do thigheacht tar a béal, ní dhearnaidh ris an ré sin é. Mar do chonnairc Conchubhar nar ghabh cluiche ná caoineas greim dhi, agus nach tug adhbhacht ná áineas ardughadh


p.196

ar a haigneadh, do chuir fios ar Eoghan mac Durrthachta flaith Fearnmhuighe; agus ar dtigheacht d'Eoghan 'n-a láthair adubhairt ré Deirdre ó nach fuair féin a haigneadh do chlaochlódh ó n-a cumhaidh go gcaithfeadh dul sealad oile lé h-Eoghan, agus leis sin cuirthear ar cúlaibh Eoghain 'n-a charbad í. Téid Conchubhar da dtiodhlacadh, agus ar mbeith ag triall dóibh do-bheireadh sise súil fhraochta ar Eoghan roimpe agus súil ar Chonchubhar 'n-a diaidh, óir ní raibhe dias ar talmhain is mó da dtug fuath ioná iad araon. Mar do mhothuigh iomorro Conchubhar ise ag silleadh fá seach air féin is ar Eoghan, adubhairt ria, tré adhbhacht, ‘A Dheirdre,’ (ar sé), ‘is súil chaorach idir dá reithe an tsúil sin do-bheir tú oram-sa is ar Eoghan.’ Ar n-a chlos sin do Dheirdre do ghabh beadhgadh ris na briathraibh sin í, go dtug baoithléim as an gcarbad amach gur bhuail a ceann fá chairthe chloiche do bhí ar an lár roimpe, go ndearnadh míre míonbhruithte da ceann, gur ling a hinchinn go hobann aiste; gonadh amhlaidh sin táinig díbirt Fhearghusa mic Róigh is Chormaic Conluingeas mic Conchubhair, Dubhthaigh Daoil Uladh, agus bás Deirdre.

Do bhrígh gurab i n-aimsir Chonchubhair is na gcuradh do bhí Meadhbh i bhflaitheas Chonnacht agus gur mhair deich mbliadhna i ndiaidh bháis Tinne mic Connrach an céidfhear pósta do bhí aice, agus cheithre fichid bliadhan da éis sin 'n-a mnaoi ag Oilill Mhór, agus i ndiaidh bháis Oiliolla ocht mbliadhna i n-aontumha gur marbhadh lé Forbhuidhe mac Conchubhair í, cuirfeam síos annso bás na druinge is dearscnaidhthe do na curadhaibh do bhí ann ré linn Meidhbhe, is cuid dá ndálaibh go cumair.


p.198